Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Mr. Diarmuid ? D?laigh:
Bheadh muid an-oscailte cabhrú le Tithe an Oireachtais agus rudaí a thriail amach. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta faoi sin amach anseo. Bheadh muid an-oscailte oibriú le haon ghrúpa gur mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh nó a chur chun cinn.
Ó thaobh áiseanna teagaisc, is breá liom dul go Gaoth Dobhair gach aon samhradh i gcomhair trí seachtaine nó mar sin agus éisteacht leis an nGaeilge. Bhíos páirteach i gcúrsaí ann le linn na mblianta agus tá aithne mhaith agam ar Chonamara chomh maith. Ní bhíonn na háiseanna teagaisc chomh maith is atá siad sna scoileanna ag na coláistí samhraidh ach amháin i gcorr áit. Ba cheart dúinn infheistiú a dhéanamh ansin mar, mar a luaigh Grett O’Connor ansin, tá taithí ag daoine óga ar theicneolaíocht atá d’ardchaighdeán agus ar an spota. Caithfimid féachaint air sin sa todhchaí chun go mbeadh saotharlann teanga nó language lab d’ardchaighdeán ar fáil dóibh chun go mbeadh sé an-phroifisiúnta.
I dtaca le brú nó óstán a bheith againn i gcomparáid le mná tí, bíonn sé níos deacra an Ghaelainn a chur chun cinn an t-am ar fad ach tá na múinteoirí ar fad timpeall na háite agus tá roinnt mhaith ceannairí timpeall na háite ag cabhrú leo. Ar shlí amháin, cé go bhfuil sé beagáinín níos deacra, tá sé an-sábháilte. Tá feitheoireacht an-mhaith ann an t-am ar fad. Tá buntáistí ann. Is breá le daoine óga áirithe a bheith mar chuid de ghrúpa mór agus na déagóirí óga go háirithe a bheith mar chuid den pack, mar a déarfá. Tá áiseanna spóirt den scoth againne ar an gcampas so tá gach rud lárnach, cosúil le scoil chónaithe. Bhíos féin ar scoil i mBaile Bhúirne, i gColáiste Íosagáin, fadó agus is ann a fuair mise síol an ghrá don Ghaeilge agus inar osclaíodh mo shúile go raibh saíocht, saibhreas agus seodra sa teanga. Tá sé sin tar éis mo shaol a athrú. Anois tá cúigear páistí á dtógáil agam le Gaeilge toisc gur chuir duine éigin an síol sin fadó agus gur casadh daoine iontacha orm ar m’aistear. Sin an rud gur cheart a bheith i lár aon choláiste samhraidh. Tá sé go smior ag na mná tí. Sin go díreach an rud a dúirt an Teachta. Más féidir leo bheith níos baintí leis, bheadh gach duine ag imeacht le breis fuinnimh agus bheadh na súile oscailte don síol sin. Má thosaítear sin táim cinnte go dtiocfaidh siad ar ais nuair a chífidh siad an stair agus an seanchas, ar shlí atá oiriúnach dóibh - ní chun iad a mharú leis. Is deis iontach é seo inniu chun na rudaí sin a plé.
Ó thaobh na samhla nó an model atá againn don bhrú don todhchaí, bheadh seisear nó seachtar in aon seomra nó árasán beag. B’fhéidir go mbeadh cillíní beaga ann. D’fheidhmeodh sé mar chill bheag na Gaeilge agus bheadh ceannaire leo ansin. Tá sé cosúil le bean tí agus muirear páistí mórthimpeall uirthi; is an rud ceannann céanna atá muidne ag iarraidh a bheith ann don todhchaí. Tá an model sin á dréachtú againn. Tá súil againn nuair a bheidh tithe nua á dtógáil againn go mbeidh saghas árasáin, ar nós árasáin ollscoile, ann. Bheadh siad mar residences ar ardchaighdeán go bhféadfadh daoine fásta nó daoine óga dul isteach ann, le cúigear nó seisear in aon áit.
D’fhéadfadh ceannaire nó múinteoir a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge ar siúil. Bheadh sé sin i bhfad níos fearr ná fadó nuair a bhíodh 40 duine i seomra mór fada. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag an Teachta Ó Dálaigh air.
No comments