Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ach bíonn siad ag éirí ar 7 a.m. Táim ag caint idir shúgradh is dáiríre. Tá an ceart ag na finnéithe. Téann siad ina gcodladh ar 11.30 p.m. nó meán oíche ach bíonn rudaí beaga le déanamh ina dhiaidh sin. Táimid ag caint ar lá an-fhada. Níl aon amhras faoi sin ón gcur síos atá déanta ar an obair. Is obair fíorchrua í. Is é an t-aon bhuntáiste amháin a bhíonn léi ná, cé go bhfuil an teach lán ón gcéad lá go dtí an lá deiridh, nuair a imíonn na daltaí, bíonn siad imithe. Níl sé cosúil le bed and breakfast. B'fhéidir gur fearr é seo. Is é an bua atá ann. Tá sé éirithe i bhfad níos casta. Mar shampla, tá i bhfad níos mó gasúr ina bhfeoilséantóirí nach n-itheann feoil ar bith. Is veigeáin iad cuid acu. Tá an ceart sin acu. Tá an t-uafás acu anois. Ní cuimhin liom é seo a bheith ina chnámh spairne nuair a bhí mé féin ag an gcoláiste Ghaeilge i bhfad ó shin ach tá ailléirgí de chuile chineál ann anois agus caithfidh tú faire amach dóibh sin. Tá dua ollmhór ag baint leo.

Luafaidh mé rud amháin a thugaim faoi deara. Thosaigh an coláiste Ghaeilge i gCorr na Móna in 1977 agus bhí mé leis go dtí gur fhág mé an comharchumann in 1990. D'athraigh muid am éigin sna 1980idí. Tá sé coitianta i gConamara go mbíonn bricfeasta ag na scoláirí, go réitíonn siad lón le bean an tí agus go mbailíonn siad leo go dtí 5 p.m. Bíonn an lá ag bean an tí nó fear an tí nó cibé duine atá á dhéanamh. Is mná is mó atá i gceist. Bíonn an lá acu dóibh féin le dul ag siopadóireacht nó rudaí a dhéanamh. Dá mbeadh orthu rud éigin eile a dhéanamh, tá an deis sin acu. Feictear dom agus chonacthas dom riamh go bhfuil sé míréalaíoch ar fad go dtagann na scoláirí ar ais ag am lóin. Ní túisce go raibh tú ag réiteach béile amháin go raibh siad istigh sa mhullach ort arís le haghaidh an chéad bhéile eile. Déarfaidh mé é sin.

Tagaim go hiomlán leis na finnéithe maidir leis an riail seo faoi 16 duine. Níl aon bhrabach as scoláire mura bhfaightear deontas na Roinne. Íocann an coláiste an méid a íocann sé ach ní chlúdaíonn sé sin ach na barrchostais nuair atá chuile shórt curtha san áireamh. Táim ag caint faoi níochán, glanadh tí, rudaí briste, na rudaí ar fad a tharlaíonn agus beatha. Braitheann sé ar an ngasúr ach itheann go leor acu go leor. Bail orthu; is rud maith é sin. Caithfear é a laghdú go 12 agus níos mó a íoc nó é a fhágáil ag 16 agus íoc as chuile scoláire. Is é an rud a bhí ag tarlú i gcuid de na coláistí, go mórmhór sna ceantair bheaga Ghaeltachta, ná go raibh brú ar na coláistí le bheith inmharthana agus go n-iarradh ar mhná tí 16 a choinneáil fiú mura bhfheileann sé sin di toisc go raibh an coláiste ag iarraidh go mbeadh 100 nó 150 gasúr ar an gcoláiste. Ba cheart deireadh a chur leis sin láithreach.

Tá an ceart ag na mná tí faoin gceist seo faoin mbulaíocht freisin. Tá sé spéisiúil na nósanna éagsúla a chur i gcomparáid. Níl a fhios agam faoi Choláiste na bhFiann ach, i go leor de na coláistí, tógtar na fóin ó na daltaí. Tugtar uimhir an choláiste do na tuismitheoirí agus sin sin. Tá na daltaí saor ó na fóin ar feadh trí seachtaine, nó is é sin an cur síos atá ag na coláistí air sin. Dar liom, cothaíonn sé sin fadhbanna mar tá fadhb na bulaíochta ann sa lá atá inniu ann agus tá na gasúir as baile. Chomh maith leis sin, is rud a fuair muidne amach ná go mbeadh na gasúir ag caoineadh le cumha agus iad ag teacht. Bhí uaigneas orthu. Ansin, bíonn siad ag caoineadh agus iad ag dul abhaile le cumha de chineál eile agus iad ag fágáil slán leis na cairde ar fad atá déanta acu. Bheadh sé spéisiúil na coláistí ar fad a fháil le chéile le comparáid a dhéanamh idir na rialacha agus a fháil amach cé acu is fearr agus cé acu is fearr do mhná tí.

Tá sé spéisiúil go bhfuil na finnéithe ag lua na brúnna. In áiteanna a bhfuil lag ó thaobh daonra de - bheadh an áit ina bhfuil mé féin ar cheann acu - ní bheadh aon todhchaí ann mura mbeidh brúnna móide na mná tí. Nílim ag caint ar bhrúnna gan mhná tí ach ar bhrúnna móide mná tí. Téann na brúnna siar i bhfad. Nuair a chuaigh mise chun na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh, d'fhan mé sa bhrú an chéad dhá bhliain agus i dteach sa tríú bhliain. Ceapaim go bhfuil sé athraithe ó shin ach bhí an socrú sin ann ag an am. Is cinnte gur mar sin a thosaigh sé i gColáiste na Rinne. Ceapaim gur rith an coláiste as mná tí ach gur féidir leis tosú le mná tí arís. Beidh sé deacair coinneáil inmhartana sna pócaí beaga Gaeltachtaí, is cuma céard a dhéantar, mura mbeidh brúnna ann. Ba cheart plé oscailte a dhéanamh air sin.

Bheadh mise go mór i bhfabhar ligean do ghasúir ón nGaeltacht fanacht sna tithe agus íocaíocht a fháil mar chinnirí. Tá sé go maith do ghasúir na Gaeltachta mar fheiceann siad go bhfuil rud acu nach bhfuil ag an dream atá ag teacht, is é sin Gaeilge líofa. Táim ag caint faoi dhream a bheadh tar éis an ardteistiméireacht a dhéanamh. Tá fadhb leis sin, áfach, sa dóigh is go gcaithfear seomra faoi leith a thabhairt d'éinne os cionn 18 bliain. Is fadhb é sin ach fadhb dosháraithe ó thaobh cúraim leanaí agus sábháilteachta gasúr.

Ba cheart athruithe láithreach a chur ar an rud. Mar shampla, ó cuireadh deireadh le híocaíocht na Roinne Oideachais, tá brú ar na coláistí níos mó airgid a choinneáil mar tá poll ina bpóca. Ciallaíonn sé sin go bhfuil brú ann maidir le híocaíocht do mhná tí. Thóg mise isteach riail go gcaithfidh an coláiste 1.2 oiread an méid ón Roinn a íoc. An fáth a bhí leis sin ná nár theastaigh uaim go mbeadh airgead na gcoláistí ag dul síos de réir mar a bhí airgead na Roinne ag dul suas ach níl aon amhras ach go gur chuir sé sin brú ar na coláistí. Ba cheart don choiste seo breathnú arís ar bhrú a chur ar an Roinn Oideachas an deontas a chur ar ais.

Táim den tuairim go mba cheart athruithe gearrthéarmacha a dhéanamh, go mórmhór chun é a dhéanamh tarraingteach do mhná tí sa saol nua atá ann. Tá rud luaite anseo atá ábhartha faoi mhná tí atá os cionn 70 bliain d'aois. Ba cheann de na bealaí timpeall air sin ná ainm duine níos óige, b'fhéidir iníon bhean an tí, a chur síos don teach cé go raibh bean an tí ag déanamh na hoibre. Ní raibh aon dochar ansin fad is go raibh baint éigin leis an mbeirt chun go mbeadh an íocaíocht cheart. Ba cheann de na rudaí a bhí ag tarlú ná go raibh cuid den dream óg ag obair agus, fad is a bhí siad amuigh, bhí an duine níos sine ag déanamh cuid mhaith den réiteach agus den obair. D'oibrigh siad amach é eatarthu. Téann chuile rud ar ais ag íocaíocht. Go gearrthéarmach, ba cheart athruithe a chur ar rudaí. Tá rudaí gur chóir iad a dhéanamh comhthreomhar leis sin agus gan chuile shórt a chur ar an méar fhada go ceann bliain nó dhó chun athbhreithniú mór millteach agus athbhreithniú ar an athbhreithniú - tuigtear an rud a tharlaíonn - a bheith agat. Is é an t-athbhreithniú anois an leithscéal is mó sa chóras gan aon rud a dhéanamh. Ba cheart athruithe a dhéanamh láithreach ar na rudaí a bhfuil aontú orthu. Ansin caithfear breathnú go fíorleathan ar cá bhfuil ár dtriail. Tá roinnt rudaí gur mhaith liom a fheiceáil ar an gclár nach bhfuil pléite inniu. Glacann na finnéithe leis gurb ionann coláiste Gaeilge agus gasúir ar an meánscoil den chuid is mo, nó b'fhéidir sa séú rang sa mbunscoil, ag dul chun na Gaeltachta ar feadh trí seachtaine agus lá amháin. Nach hin é?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.