Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Níl ceist agam ach tá cúpla pointe agam. I dtús báire, fearaim fáilte mhór roimh ár bhfinnéithe go dtí an cruinniú, ní hamháin roimh mhuintir Thír Chonaill ach roimh na daoine ó na háiteanna eile sa tír fosta. Tá suim mhór agamsa san ábhar seo. Nuair a bhí mé i mo shean-ról in 2014, cha raibh an t-airgead ann ag an am. Nuair a tháinig an iarAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, isteach, thosaigh an t-athrú maidir leis an airgead ina dhiaidh sin.
Léigh mé na ráitis ó Sally Uí Rabhartaigh agus ó Úna Ní Fhaircheallaigh. Bhí siad ag labhairt faoin todhchaí agus faoin ról lárnach atá ag an teanga, ag an chultúr agus ag an oidhreacht. Sin an teachtaireacht is mó agus gabhaim buíochas leo as sin. Bhí Máire Uí Choilm ag labhairt fosta faoin ról lárnach fá choinne an todhchaí fosta. Is léir sna blianta a d'imigh thart thar Covid go raibh bearna mór ann chun an teanga a choimeád, agus tá an teanga ag streachailt i gcónaí, ach tá ról ag na mná tí agus tá na torthaí as sin á bhaint amach achan bhliain. Inniu táimid ag labhairt faoi bhearna ceithre mhí agus liosta feithimh leis an íocaíocht a fháil ach níl sin ceart.
I ndiaidh an chruinniú seo b'fhéidir go mbeidh seans againn labhairt leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, faoi na cúrsaí seo mar tá bearna ann. Tá imní ormsa faoin todhchaí fosta agus thar na blianta bhí na mná tí ag croílár an teanga a choimeád agus a choinneáil beo. I mo chontae féin, mar a dúirt Máire Uí Choilm agus Sally Uí Rabhartaigh, tá brú ag teacht ó na Airbnbs. Tá na lóistín ar fud an chontae faoi bhrú ar chúiseanna éagsúla agus tá imní ormsa maidir leis an phlean don todhchaí.
Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís fá choinne na sonraí, an eolais agus an tiomantais faoi na cúrsaí seo. Arís, dá mbeadh aon bhealach ann nó aon bhrú go bhféadfaimis a chur ar an Roinn faoi na cúrsaí seo, ba cheart dúinn é sin a dhéanamh mar tá imní ormsa faoin todhchaí maidir leis an easpa tacaíochta faoin phlean a chur le chéile nó rudaí mar sin. Sin an pointe atá ar m'intinn inniu. Gabhaim aitheantas agus mo bhuíochas le achan duine atá ag obair go crua ar an cheist seo. Tá sé iontach tábhachtach fá choinne an teanga a choinneáil beo.
No comments