Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is coicís a bhíonn ann i gcoláiste Mháire Uí Choilm ach trí seachtaine agus lá a bhíonn i gceist i gConamara. Ba cheart go mbeidh an íocaíocht ar fáil le haghaidh cúrsaí deireadh seachtaine, cúrsaí seachtaine agus cúrsaí ag aon am den bhliain. Fad is atá cúrsa, caighdeán agus margadh ann, ba cheart go mbeidh an íocaíocht ar fáil.

Is é an dara rud ná go gcreidim gur cheart dúinn breathnú ar ghrúpaí eile. Tá margaí nua ag teacht aníos. Tá margaí ann le haghaidh teaghlaigh, is é sin, athair, máthair, páistí agus mar sin de. B'fhéidir go bhfeilfeadh tithe eile dóibh ach go mbeadh cúnamh le fáil dá mbeadh teaghlaigh á iarraidh, go mór mór le fás na nGaelscoileanna. Bheadh sé sin ina chuidiú mór.

Chomh maith leis sin, níor thosaigh na coláistí Gaeilge le gasúir. Nuair a thosaigh siad, siar sa bhliain 1904, is ábhar oidí amháin a bhí i gceist mar bhí siad ag iarraidh múinteoirí a oiliúint le dul ag múineadh na Gaeilge ag Conradh na Gaeilge. Mar sin, ba cheart go mbeadh níos mó béime á tabhairt ag daoine fásta. D'fhéadfadh na coláistí, mná tí agus ceantair éagsúla a shocrú amach cén margadh a bheadh ann, nó d'fhéadfadh meascadh de mhargaí a bheith ann, agus gan an rud a bheith chomh rinn teannta ach go mbeadh cúnamh Stáit ar fáil le pacáistí leathan de roghanna.

Tá tithe ann lena bhfeileann an córas atá ann faoi láthair ach tá tithe eile ann lena bhfeilfeadh cuid den obair eile. Is bed and breakfast accommodation a bheadh i gceist le daoine fásta nó bed and breakfast accommodation and evening meal. Ní bheadh an cúram céanna i gceist. Go fadtéarmach, caithfimid smaoineamh taobh amuigh den rud atá ann anois. Go gearrthéarmach, caithfimid feabhas a chur ar an rud atá ann anois agus go sciobtha. Ní rud ar bith atá ráite againn nach dtagann leis an taithí a bheadh agam agus thiocfainn leis na finnéithe faoi na rudaí éagsúla atá luaite acu.

Tá caipiteal agus cóiríocht ollmhór i gceist le teacht ar réiteach do Ghaeilgeoirí anois le hais mar a bhí in 1970 nó 1950. Caithfear cúnamh a thabhairt dó sin. Tá ollchostas i gceist mar tá ollchaighdeán idir fhuinneoga, dhoirse agus chórais foláireamh tine agus caighdeán na leapacha agus gach uile shórt. Caithfidh an Stát é sin a aithint agus infheistíocht a dhéanamh sa tionscal. Dá mbeadh factory ag teacht, thabharfaí cúnamh dó; seo é an factory is fearr a tháinig chun na Gaeltachta riamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.