Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Beidh dhá sheisiún againn inniu toisc go bhfuil moill ar roinnt de na finnéithe muid a shroicheadh. Sa chéad seisiún, beimid ag éisteacht le hionadaithe ó Mhná Tí Thír Chonaill. Thugamar cuireadh do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus do mhná tí Chiarraí freastal ar an seisiún seo ach ní raibh siad in ann glacadh leis ag an staid seo. Sa dara seisiún, tá súil agam go mbeidh muid ag éisteacht le hionadaithe ó Choláiste na Mumhan agus Comharchumann Ráth Chairn. Thugamar cuireadh do Chomhairle Ceantar na nOileán Teoranta, Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla agus Comhlucht Forbartha na nDéise ach arís ní raibh siad in ann glacadh leis an gcuireadh ag an staid seo. B'fhéidir go bhfillfidh muid orthu amach anseo. Leanfaidh an cruinniú seo, an dá seisiún san áireamh, ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn ó aon chomhalta go dtí seo.

Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh Máire Uí Choilm, bean an tí agus urlabhraí, agus roimh Sally Uí Rabhartaigh. Tá siad anseo mar ionadaithe thar ceann Mná Tí Thír Chonaill. Táimid ag súil go mbeidh Diarmuid Ó Dálaigh, cisteoir agus ball comhaltais, agus Grett O'Connor, ball de bhord comhairliúcháin, linn thar ceann Choláiste na Mumhan. Tá súil againn go mbeidh Úna Ní Fhaircheallaigh, cathaoirleach, agus Brídóg Ní Chonaire, bainisteoir, linn mar ionadaithe thar ceann Chomharchumann Ráth Chairn. Tá an Teachta Aindrias Moynihan tar éis teacht isteach sa seomra chomh maith. Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra choiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Tá píosa eile le léamh agam sula dtosaíonn an cruinniú i gceart. Meabhraím do chomhaltaí agus d’fhinnéithe a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Ba chóir an físeán a bheith ar siúl an t-am ar fad agus go mbeidh an fhuaim múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.