Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Ms M?ire U? Choilm:
Tá mé i mo bhean tí i nDún Luiche i bparóiste Ghaoth Dobhair. Tá mé fosta i m'urlabhraí do Mhná Tí Thír Chonaill. Coláiste an Phiarsaigh is ainm don choláiste atá anseo i nDún Luiche.
Inseoidh mé rud beag don choiste faoi mo shaol mar bhean tí. Tá mo chroí istigh sa teanga agus sa chultúr agus tá mé i mo bhean tí le 30 bliain anuas. Caithfidh mé a rá go bhfaca mé athruithe móra anuas trí na blianta. Ag dul ar ais 30 bliain ó shin, ní raibh an oiread roghanna bia de dhíth agus atá anois. Ní raibh oiread éadaí ag na paistí agus mar sin ní raibh an oiread níochán agus a mhacasamhail le déanamh. Ní raibh ollmhargaí móra thart faoin gceantar agus bhí orainn taisteal amach as baile le dul chuig na hollmhargaí seo. Sa lá inniu, cé go bhfuil sé rud beag níos fusa bia a ullmhú agus a cheannach, bíonn muid ag níochán gach lá, agus na hinnill triomaigh agus níocháin ag dul thart ar an gclog. Tá costas ard leis sin, go háirithe i mbliana. Bíonn paistí an lae inniu ag cuardach Wi-Fi agus teilifís fosta, agus sin costas eile sa bhreis. Bíonn fadhbanna eile ann, ar nós bulaíocht ar líne. Cé go dtógann muid na fóin phóca gach oíche ag a 10 a chlog, caithfidh tú a bheith ar d’airdeall i gcónaí.
I lá i saol mná tí, bíonn tú i do shuí roimh 8 a chlog ar maidin agus an bricfeasta le hullmhú. Nuair a imíonn na scoláirí amach, tá na seomraí agus seomraí folctha le glanadh. Bíonn ort an lón a bheith réidh thart ar 1 a chlog. Nuair a théann siad amach ansin, caithfidh tú siopadóireacht a dhéanamh fá choinne am dinnéir. Téann siad síos an bóthar arís ag céilí nó spóirt thart ar 8 a chlog tráthnóna agus ní thagann siad isteach go dtí a 10 a chlog. Nuair atá an suipéar thart agus na páistí socair, tá sé a 12 nó a 1 a chlog nuair is féidir leat féin socrú síos don oíche.
Nuair a bhristear síos na huaireanta a oibríonn muid sa lá, tá tú ag caint ar 17 nó 18 uair sa lá. Níl muid ag fáil ach €2 san uair do gach scoláire nó páiste a choinníonn muid. Cé go bhfuair muid dhá ardú i mbliana - tugadh 10% ag tús an tsamhraidh agus fógraíodh go raibh 10% eile á thabhairt dúinn anois - níl ansin ach 20%. Shílfeá gur ardú ar dóigh é sin ach fós níl ann ach €2.20. Ní íocfadh sé ar loaf aráin. Tá sé ocht nó naoi mbliana ó fuair muid an t-ardú deireanach. Níl seo maith go leor.
Tá róil eile ag mná tí sa lá inniu. Tá cuid mhór cúramaí breise orainn anois ná mar a bhí roimhe seo. Tá Covid fós amuigh ansin, agus bulaíocht, ailléirgí ar chuid mhór páistí anois, tinnis, imní agus tinneas baile. Má bhíonn páiste tinn agat sa teach bíonn ar bhean an tí fanacht sa teach an t-am iomlán leis nó léi, agus bíonn uirthi brath ar dhuine eile sa teaghlach nó béal dorais leis an tsiopadóireacht uilig a dhéanamh di.
Cé go gcuirimid fáilte roimh an deontas de €6,000 atá ar fáil anois do mhná tí úra atá ag tosú amach, caidé faoi na mná tí atá anseo le blianta fada? Tá athnuachan le déanamh ar chuid mhór rudaí inár dtithe anois, mar na haláraim dhóiteáin a athrú mar go bhfuil siad as dáta. An bhfuil airgead ar bith ar fáil dúinne dó seo? Bhí orainn cuid mhór airgid sa bhreis a chaitheamh i mbliana tar éis trí bliana gan scoláirí. Bhí orainn éadach agus tochtanna nó mattresses úra a cheannach do na leapacha. Bhí ar chuid againn cúpla leaba úr a cheannach. Bhí díghalrú le déanamh agus tharla ardú sa chostas árachais le scoláire a choinneáil. Cé gur iarr muid airgead breise dó seo agus muid ag tosú suas i mbliana, ní bhfuair muid pingin sa bhreis. Sílim gur cheart airgead a chuir ar fáil do na mná tí uilig le hathnuachan a dhéanamh ar a gcuid tithe.
Pointe eile atá iontach tábhachtach ná go gcaithfidh mná tí éirí as nuair atá siad 70 bliain d’aois. Níl seo ceart. Tá go leor mná tí ag tarraingt ar 70 bliain agus tá siad sásta na scoláirí a choinneáil go fóill ach tá an Roinn ag rá nach dtig leo. Má tá an Roinn le seo a dhéanamh, beidh níos lú mná tí ar fáil. I mo thuairimse, ba cheart ceannairí a chur isteach sna tithe le cuidiú leis na mná tí. Thabharfadh sé seo blaiseadh beag do chailíní óga de shaol na mná tí agus b’fhéidir go meallfadh sé iad scoláirí a choinneáil amach anseo. Muna bhfuil an Rialtas sásta cuidiú leis na mná tí, tá eagla orm go gcaillfidh muid tuilleadh tithe. Tá cuid mhór daoine anois inár gceantar ag déanamh Airbnb mar go bhfuil an saol giota maith níos fusa dóibh.
Bhuail an Roinn liomsa agus le cuid de na mná tí ar Zoom cúpla mí ó shin le plé a dhéanamh ar na pointí seo uilig.
Ach sílim go raibh an cinneadh déanta sular bhuail siad linn ar chor ar bith. Arís, caithfidh sibh éisteacht linn.
Bhí fadhb mhór eile sa cheantar as ar tháinig mé. Bhí moill mhór le híocaíocht ón Roinn i mbliana. Cén fáth? Níl a fhios agam. Ní cheart go mbeadh ar dhuine ar bith fanacht ceithre mhí le híocaíocht ón Roinn.
Ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dom labhairt mar bhean tí. Tá súil agam go mbeidh muid uilig ábalta obair le chéile leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus an deis a thabhairt do pháistí teacht chun na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.
No comments