Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Chun iad a Ghaelú. Tá 20% leagtha síos mar sprioc. Ní éireoidh leis an Stát é sin a bhaint amach go díreach trí earcaíocht. Caithfear iad siúd atá sa chóras cheana féin a Ghaelú. Chun é sin a dhéanamh, ní leor freastal ar chruinnithe ar Zoom nó ar ranganna i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, nó in aon áit eile. Níl mé ag caitheamh anuas ar dhaoine a fhreastalaíonn ar na ranganna sin. Mar a chonaic muid i mBéal Feirste, tá a lán ranganna ar siúl agus na mílte daoine timpeall na tíre ag foghlaim Gaeilge trí chúrsaí. Ach leis an mblas iomlán agus an tairbhe a fháil, caithfear dul go dtí an Ghaeltacht agus, más féidir, a bheith le clann atá ag obair trí Ghaeilge agus taithí ar na dúshláin ar fad a bheith acu.
B’fhéidir gurbh fhiú dul ar ais go dtí an tréimhse a bhí ann nuair a bhí mise óg i nGael Linn. Chaith mic léinn trí mhí sa Ghaeltacht nuair a bhí siad deich mbliana d’aois. Ní dhearna sé aon dochar domsa ná do na mílte dalta eile a d’fhreastail ar scoil. Chaith mé dhá thréimhse trí mhí sa Ghaeltacht nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Níl a fhios agam cad a rinne mé ar mo thuismitheoirí agus iad ag iarraidh fáil réidh liom. No, ní mar sin a bhí sé. Bhí an tuiscint sin ann i measc an-chuid Gaeil i mBaile Átha Cliath, ina measc na ndaoine a raibh mé cairdiúil leo, agus a bhfuilim fós, a d’fhreastail ar na cúrsaí sin liom. Bhí mé ar chúrsa samhraidh ina dhiaidh sin i Machaire Rabhartaigh chomh maith. Chuidigh sé liom, mar a dúirt an Teachta Daly, na ceachtanna saoil a fhoghlaim agus cairde a dhéanamh. D’fhreastail mé ar scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ach thug sé sin deis dom an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den scoil nuair a chríochnaigh mé ar 2 p.m. Tógadh i mBaile Átha Cliath mé. Ní raibh an Béarla agam i gceart go dtí go raibh mé seacht mbliana d’aois in ainneoin gach duine timpeall orm ag labhairt Béarla. Casann an-chuid daoine ar an mBéarla a luaithe agus a fhágann siad an scoil. Nuair a bhíomar i mBéal Feirste, thugamar cuairt ar an ionad spreagúil, Glór na Móna, atá dírithe go hiomlán ar conas na páistí a choinneáil ag úsáid na Gaeilge lasmuigh de mheánscoileanna agus de bhunscoileanna an cheantair. Measaim gur trí na cúrsaí samhraidh agus a leithéidí a dhéanfar sin.
Ardaíodh ceist an scrúdú béil leis an gcoiste le déanaí. Fuarthas réidh leis ag leibhéal an teastais shóisearaigh - pé teideal nua atá air - mar ní fhaightear teastas a thuilleadh. Ceann de na rudaí is mó atá á rá ag daoine ná gur chóir go mbeadh scrúdú béil ag an leibhéal seo, mar atá ag leibhéal na hardteistiméireachta. Chun an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart, caithfear an tumoideachas a fhaightear i gcoláiste samhraidh a fháil. Caithfidh an Stát é a dhéanamh. Níl an dualgas ar na coláistí ná ar mhná tí. Ní mór don Stát straitéis a dhéanamh chun cuidiú leis na grúpaí ar na bealaí a luaigh siad chun cabhrú leis na seomraí folamh. Bhíomar ag an acadamh, mar a dúirt an Teachta Connolly. Tá siadsan ag smaoineamh ar an gceist seo. Tá na finnéithe ag smaoineamh uirthi. Tá cuma ar an scéal go bhfuil gach duine ag smaoineamh uirthi seachas an Roinn. Ní fiú smaoineamh uirthi muna bhfuil infheistíocht curtha ar fáil. Ba chóir go dtabharfaí an t-airgead cuí as an soláthar agus as an gcúnamh atá á thabhairt don Stát chun a aidhm a bhaint amach. Go minic, ní leor "ar son na cúise".
D'fhógair an tAire Stáit €6 milliún chun daoine nua a mhealladh isteach san earnáil. Níl a fhios agam an bhfuil an t-airgead sin ar fáil dóibh siúd atá ann cheana féin nó chun seomraí nua a chur ar fáil. Maidir leis an deontas tosaithe aon-uaire de €6,000, dúirt an tAire Stáit go raibh costais measúnú sábháilteacht dóiteáin, earraí maolaithe baol dóiteáin agus leapacha nua san áireamh. Luadh an pointe seo níos luaithe, ach go bhfios dom níl sé ar fáil dóibh siúd atá ann cheana féin.
No comments