Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, atá anseo chun tús a chur leis na ráitis seo.

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach Gníomhach as ucht an post nua a fháil. Tá brón ar an Aire, an Teachta Calleary, nach bhfuil sé anseo. Tá sé in easnamh. Mar Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, fáiltím roimh an deis labhairt leis an Seanad le linn Sheachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid é dúinne sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr atá ag croílár an phobail anseo in Éirinn pé áit ar fud an oileáin ina bhfuilimid. Tuigimid uile cé chomh tábhachtach atá sé don Stát infheistíocht a dhéanamh sa teanga chun a chinntiú go mbeadh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Chuige sin, tuigimid cé chomh tábhachtach atá sé reachtaíocht agus polasaithe cuí a bheith againn agus a chinntiú go ndéanfar feidhmiú de réir na reachtaíochta agus polasaithe á gcur i bhfeidhm.

Bhain an Rialtas deireanach mórán amach agus tá an Rialtas seo tiomanta do thacú leis an obair mhaith atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus a phobal labhartha ag gach leibhéal. Léiríonn an chistíocht mhéadaithe atá curtha ar fáil ag an Stát don Ghaeilge agus don Ghaeltacht arís i mbliana, ar fiú €106 milliún í, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Is ardú de €6 milliún ar chiste na bliana seo caite é sin.

Tá clár Rialtas uaillmhianach againn i leith na teanga agus beidh muid ag obair i dtreo na spriocanna seo a bhaint amach. Mar Aire Stáit, táim freagrach as an nGaeltacht agus an Ghaeilge. Tá an tAire, an Teachta Calleary, ag obair ar na hoileáin agus ar an nGaeltacht freisin. Táim an-sásta an fhreagracht seo a iompar. Tá a fhios againn go raibh sé sin á éileamh ag pobal na Gaeilge le roinnt blianta agus tá sé tábhachtach domsa go pearsanta chomh maith. Tá suim ar leith agam sa Ghaeilge agus go háirithe i bpobal na Gaeltachta agus pobal na teanga, mar a deirim, ar fud an oileáin. Níl mórán Gaeilge agam ach táim ag déanamh cleachtaidh agus í a athfhoghlaim an t-am go léir. Tá mo Roinn ag tabhairt tacaíochta d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun a gcuid oibre a dhéanamh. Tacófar leis an oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus breathnóidh an Rialtas ar bhealaí chun dul i ngleic leis na dúshláin phleanála, tithíochta agus bhonneagair sna ceantair Ghaeltachta. Tá mo Roinn agus an Roinn Oideachais ag obair go dlúth le chéile ag léiriú tiomantas an Rialtas seo don teanga.

Tá mórán infheistíochta á dhéanamh ag an Stát i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail cheana féin agus, dá thoradh sin, tá go leor oibre ar bun i measc an phobail i bhforbairt na teanga ar fud an oileáin. Ní féidir an infheistíocht sin a shéanadh. Ní ar mo Roinn amháin a luíonn an fhreagracht an Ghaeilge a bhuanú mar theanga phobail ach ar gach Roinn eile; mar shampla, an Roinn Oideachais, mar a luaigh mé. Tá an próiseas pleanála teanga i gcroílár na hoibre seo. Tá dul chun cinn mór déanta ag an bpróiseas ó cuireadh tús leis. Inniu, tá 26 limistéar pleanála teanga chomh maith le cúig líonra Gaeilge agus naoi mbaile seirbhíse Gaeltachta i mbun oibre.

Chomh maith leis an maoiniú bliantúil a chuireann mo Roinn ar fáil ón gciste d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga, cuirtear cistíocht ar fáil dá réir do roinnt eagraíochtaí eile, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta ina measc, chun cur ar a gcumas tacaíochtaí praiticiúla breise a chur ar fáil ar leas an phróisis. Tá obair fhíorthábhachtach á déanamh ag na heagraíochtaí seo agus méadú mór tagtha ar an maoiniú airgid atá ar fáil dóibh ar mhaithe lena gcuid seirbhísí a leathnú amach do na limistéir pleanála teanga go léir. Is scéim fhíorthábhachtach eile é scéim na gcúntóirí teanga, atá leathnaithe amach go dtí na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí le cúpla bliain anuas. Is scéimeanna fíorthábhachtacha iad seo a oibríonn ó lá go lá ar an talamh i measc an phobail. Sna blianta amach romhainn, beifear ag tabhairt tús áite don obair chun seirbhísí óige sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a leathnú amach ar bhonn lárnach, rud atá á éileamh le fada anois. Ar ndóigh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis infheistíocht inár n-óige, an chéad ghlúin eile.

Agus muid ag caint ar an bpleanáil teanga, táthar ag caint ar phobal an oileáin uile agus ar an gcomhoibriú eadrainn go léir ar an oileán agus muid ag buanú agus ag neartú ár bpobal tríd an teanga. Bunaíodh Foras na Gaeilge breis is 25 bliain ó shin mar cheann d'áisíneachtaí an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá mórán bainte amach ag Foras na Gaeilge le linn an ama sin agus gabhaim buíochas leis as a cheannaireacht ghníomhach agus é i mbun a chuid oibre ag buanú agus ag forbairt na Gaeilge mar theanga phobail ar fud an oileáin. Ar ndóigh, baineann dúshláin leis an struchtúr Thuaidh-Theas ach caithfear a rá, ar an iomlán, go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta ó bunaíodh an foras. Beidh mé ag súil gur féidir leanúint leis an dul chun cinn sin faoin Rialtas seo.

Is ceann de na nithe is suntasaí faoin gcóras pleanála teanga é an ról nua a tugadh d'Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta. Is réimse mór oibre sa bhreis ar na cúraimí traidisiúnta a bhíodh ar an údarás é seo ach tá rólanna an údaráis anois fite fuaite lena chéile. Chun tacú leis an údarás san obair atá ar siúl aige agus ag na hoifigigh pleanála teanga le húsáid na Gaeilge a spreagadh i measc lucht gnó sa Ghaeltacht, cheadaigh mo Roinn maoiniú don údarás le linn na bliana le dhá chlár nua tacaíochta trí-bliana a fhorbairt agus a sholáthar i mbliana.

Ar ndóigh, tá mórán scéimeanna tacaíochta don phobal teanga á chur ar fáil ag mo Roinn dár gcéad ghlúin eile, cúntóirí teanga, clár na gcluichí Gaelacha, clár aclaíochta agus spóirt agus scéim na gcampaí samhraidh ina measc. Is scéimeanna iad seo a thacaíonn le foghlaimeoirí agus le cainteoirí baile araon. Léiríonn na scéimeanna arís an comhoibriú le Roinn Stáit eile, an Roinn Oideachais sa chás seo. Gan dabht, léiríonn scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, atá ar bun le breis is 50 bliain, é sin.Léiríonn figiúirí na Roinne gur ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí ag coláistí Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an bhliain seo caite. Mar aon le bearta eile, beidh níos mó ná €6 mhilliún á infheistiú ag mo Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Is infheistíocht shuntasach í sin.

Cuireadh tús leis an scéim DEIS Gaeltachta in 2019, sé sin scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, agus i mbliana ceadaíodh ciste €900,000 chun an scéim a leathnú amach. Beimid ag súil go mbeidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as na hiarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht. Creidim gur deis iontach í seo d'óige na tíre.

Mairimid inniu sa ré digiteach agus ní mór do phobal na Gaeilge feidhmiú sa ré nua seo; ré dúshlánach do phobail teanga ar nós pobal na Gaeilge. Chuige seo, d'fhoilsigh an Rialtas plean digiteach don Ghaeilge i mí na Nollag 2022 le go mbeadh pobal na teanga in ann feidhmiú go héifeachtach sa ré nua seo. Tá sé mar aidhm ag an bplean leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus digiteacha chun tacú le húsáid na Gaeilge ar ardáin dhigiteacha éagsúla, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, áiseanna oideachais, áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus uirlisí digiteacha eile.

Forbairt eile fíorthábhachtach is ea an straitéis d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge 2024-27, a foilsíodh anuraidh. Cuirfidh an straitéis seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe nuair a bheidh na moltaí atá inti curtha i bhfeidhm. Tá infheistíocht mhór á déanamh againn freisin in Oireachtas na Gaeilge chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a threisiú agus a chur chun cinn.

Agus sinn ag caint anseo le linn Sheachtain na Gaeilge, ní mór dúinn smaoineamh ar an nua-Éireannaigh nó na daoine éagsúla atá ag teacht chun maireachtáil inár measc. Tacaíonn mo Roinn leis an bpobal seo tríd an scéim Céad Míle Fáilte.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Aire Stáit. Tá sé an-spreagúil do chuid Gaeilge a chloisint. Ní mór duit a bheith cineálta duit féin. Tá tú i bhfad níos fearr ag an nGaeilge ná mar a cheapann tú. Maith thú, a Aire Stáit. Lean ort á húsáid.

Before we move on, I welcome Pat Maunsell and Eileen O'Callaghan to the Chamber. They are very welcome. Gabhaim buíochas leo as ucht bheith anseo.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt an Cathaoirleach Ghníomhach, níor chóir don Aire Stáit a bheith róchrua air féin. Tá an-Ghaeilge aige agus rinne sé iarracht. Is é sin an rud is tábhachtaí, sé sin go bhfuil sé feiceálach agus é ag úsáid na Gaeilge. Gabhaim buíochas leis as ucht a bheith anseo.

I bhFianna Fáil, tá áit thar a bheith lárnach ag an teanga in ár gcomhdhéanamh mar pháirtí agus inár stair mar pháirtí. Ní gá ach féachaint ar an méid infheistíochta a rinneamar thar na mblianta nuair a bhí an Roinn againn agus feicfear go bhfuilimid dáiríre faoin dteanga agus go bhfuil sí lárnach inár ndearcadh mar pháirtí. Fáiltím roimh go leor den mhéid atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, atá á lainseáil anois. Luaim go háirithe an scéim earcaíochta nua atá ann. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Níl na hoibrithe againn sa tír trasna na Ranna difriúla agus tá sé tábhachtach go bhfuil an fhoráil sin ann. Freisin, tá na baill foirne breise a roghnófar go luath chun an scéim a rolláil amach an-dearfach freisin. Fáiltím freisin le toghcháin dhíreacha Údaráis na Gaeltachta a thabhairt ar ais. Tá sé sin dearfach freisin agus gabhaim buíochas leis an Roinn as sin.

Is múinteoir Gaeilge mé. Is é sin an rud a rinne mé sular toghadh mé le dul go dtí an Seanad. Táim lándáiríre faoin dteanga. Bhí sé deacair mar mhúinteoir Gaeilge an teanga a spreagadh i measc na bpáistí a bhí agam. An cheist is coitianta a iarradh orm ná “Sir, céard é an pointe an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén fáth go bhfuilimid ag foghlaim Gaeilge?” An rud is dearfaí a fheicim anois in Acht na dTeangacha Oifigiúla nua ná go mbeidh ar 20% de na hoibrithe a roghnófar san earnáil poiblí a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach domsa. Freagraíonn sé an cheist a iarradh orm chuile lá ar scoil. Anois beidh 20% de na daoine a roghnófar in ann, nó beidh orthu, Gaeilge a labhairt. Tá sé sin an-dearfach freisin.

Ní raibh mo thaithí mar mhúinteoir sa seomra ranga dearfach, áfach. Ceapaim go bhfuil páistí ag iarraidh taithí iomlán difriúil sa seomra ranga. Ní gá ach féachaint ar an dearcadh atá ag an NCCA i leith na teanga chun a thuiscint go mbeidh deacrachtaí againn. Tá sé tar éis an méid marcanna atá ar fáil don scrúdú béil san ardteist a laghdú san ardteist nua. Sa dréacht don ardteist nua sa Ghaeilge, tá méid na marcanna atá ar fáil don scrúdú béil á laghdú. Tá sé sin náireach. Más féidir leis an Aire Stáit rud amháin a dhéanamh inniu, b’fhéidir go rachadh sé ar ais agus labhairt leis an Aire sinsearach freisin agus go labhródh an bheirt Aire leis an NCCA maidir leis sin. Ní fheicim cén fáth go rinne an NCCA é sin. Ní dhéanann sé aon chiall. D’athraigh sé rudaí chun an Ghaeilge a spreagadh ach tá sé chun a mhalairt a dhéanamh. Ní thuigim é sin.

Mar fhocal scoir, tháinig an tAire Stáit chuig an Seanad inniu agus rinne sé iarracht an Ghaeilge a labhairt. Táimid i lár Seachtain na Gaeilge. Rud a deirim le chuile dhuine sa seomra, agus na daoine nach bhfuil anseo a fhéachfaidh ar an óráid seo ina dhiaidh, ná úsáidigí an Ghaeilge. An chéad rud a chuir mé ar gach balla i ngach seomra áit a mhúin mé Gaeilge ná: "Tá Gaeilge bhriste níos fearr ná Béarla cliste". Molaim do dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid, iarracht a dhéanamh agus a bheith feiceálach agus iad á húsáid. Tá sé an-dearfach gur tháinig an Aire Stáit anseo inniu agus go rinne sé iarracht seasamh os ár gcomhair agus Gaeilge a labhairt. Tá sé sin an-dearfach agus cuireann sé an teachtaireacht cheart amach. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom aontú leis na rudaí atá ráite cheana. Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, agus é tagtha isteach anseo agus é ag labhairt Gaeilge álainn. Sin a chuala mise ar aon nós.

Mar dhuine úr sa Teach seo, táim thar a bheith sásta le cúpla seachtain anuas a leithéid de Ghaeilge a chloisteáil sa tSeanad seo. Creidim go bhfuil sé ceart agus cóir don Teach seo a bheith bródúil as an leibhéal seo d’úsáid na Gaeilge. Tá súil agam go leanfaidh sé seo agus go gcothóidh sé seasamh agus staid na Gaeilge inár saol parlaiminte.

Gabhaim fíorbhuíochas le baill Údarás na Gaeltachta a thug a n-ainmniúchán dom le dul san iomaíocht i dtoghchán an tSeanaid le déanaí. Bhí mé i mo chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta go dtí deireadh na bliana seo caite agus bhí mé mórpháirteach ina chuid oibre. Gabhaim buíochas go hoifigiúil le baill Údarás na Gaeltachta as a gcuid muiníne agus as an díograis a thaispeánann siad ina gcuid oibre gan stad ar son pobal na Gaeltacha agus na Gaeilge araon.

Ar feadh ceithre bliana ó 2006 go dtí 2010, bhí sé de phribhléid dom ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn i DARE, sé sin comhairle na n-údaráis áitiúla i gComhairle na hEorpa i Strasbourg. Thug sé seo léargas géar dom ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, the European Charter for Regional or Minority Languages. Shínigh Rialtas na Breataine an chairt sin in 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2001. De réir Páirt 17 den chairt sin, ceanglaítear Rialtas na Breataine chun tuarascáil a sholáthar gach uile trí bliana ar an bplean atá á shaothrú aige agus ar na socraithe atá leagtha síos aige de réir na cairte maidir leis an nGaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Ó shíníodh na cairte, tá an grúpa idir-rannach, is é sin an interdepartmental charter implementation group, ICIG, sa department for communities, ag obair chun cabhrú le lucht riarachán phoiblí sa Tuaisceart a ndualgais chairte a chomhlíonadh. Tá ionadaithe ag an ICIG ó gach Roinn i dTuaisceart na hÉireann agus ó gach Roinn de chuid Whitehall a fheidhmíonn i dTuaisceart na hÉireann.Is dócha go bhfuil an Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann ag obair ar aghaidh le polasaithe comhionannais don Ghaeilge a chur chun cinn, ach tá a ladar curtha isteach ag páirtithe agus daoine aonair atá toilteanach an Ghaeilge a úsáid mar bhata i saghas cogaidh chultúrtha. Ní hionann é seo is a rá go bhfuil an doicheall sin á thaispeáint ag na gnáthPhrotastúnaigh i dTuaisceart na hÉireann, nó in aon áit, faoin Ghaeilge. Leanann an chuid is mó dóibh an traidisiún éirimiúil a bhí ag daoine cosúil le Samuel Ferguson, Dubhghlas de hÍde, agus inár laethanta féin, George Otto Simms. Tá an traidisiún sin fós beo go fóill mar thug mé faoi deara an tseachtain seo chaite go bhfuil iris nua foilsithe ag deoise Tuama, Luimnigh agus Chill Dalua de chuid Eaglais na hÉireann, dar teideal Dea-Scéala. Tá ailt dheasa i nGaeilge istigh inti. Mar sin, is féidir an teanga a úsáid mar nasc idir ár ndaoine in áit í a úsáid mar thua chultúrtha.

Chaith mé tromlach mo shaoil ag múineadh i mbunscoil. Ó d’fhág mé an seomra ranga in 2005, áfach, bhí mé ag obair go leanúnach le hoiliúint a chur ar ábhair múinteoirí. Thug sé sin deis dom a bheith sa chéadta seomra thall is abhus sa tír seo ag féachaint ar theagasc ár n-ábhar, an Ghaeilge san áireamh. Chun an pictiúr is fearr a dhéanamh de, tá teagasc na Gaeilge i bhformhór ranganna, mar a fheicim, lochtach ar leibhéal amháin nó eile. Go ginearálta, is í líofacht íseal na múinteoirí sa Ghaeilge is cúis leis an chuid is mó de. Is é an grád C ar ardleibhéal atá riachtanach le dul isteach sna coláistí oiliúna ach tá ag éirí le cuid mhaith daoine an grád C a bhaint amach de dheasca ranganna breise nó grind schools. Faigheann siad an grád ach ní an líofacht. Tá an cumas úsáide in easnamh ansin. Ní féidir linn an Ghaeilge a aththógáil inár mbunscoileanna nuair atá cuid mhór den lucht teagaisc neamhlitrithe ó thaobh fheidhmiú na teanga de. Is dúshlán ollmhór é seo don Roinn Oideachais, do na coláistí agus, go deimhin, dúinn mar reachtóirí. Caithfidh muid a bheith ag cur na ceiste crua, cén fáth a bhfuil muid ag infheistiú i ndeich mbliain de Ghaeilge éigeantach ar scoil ach nuair a chuireann tú ceist shimplí ar pháiste 14 bhliain d’aois nó mar sin, féachann sé nó sí ort mar a bheadh sé nó sí lámhaite. The really existential question for Gaeilge is the quality of teaching in the primary schools.

Tá stair na dteangacha Ceilteacha le 200 bliain anuas ina scéal faoi streachailt, dúshláin, meath agus lánmhúchadh. Mar shampla, tá an Choirnis, Cornish, agus an Mhanainnis, Manx, beagnach imithe as an saol. Tá an Gàidhlig, an Ghaeilge, an Bhriotáinis agus an Bhreatainis ag streachailt in aghaidh beatha teanga móire, an Bhéarla, mar a bhíonn i gcónaí. Má tá seans ann go mbeidh muid in ann meath na teanga a cheartú i ngnáthscoileanna náisiúnta, beidh gá le hathrú bunúsach a dhéanamh ar mhúnla an oideachais teanga atá in úsáid go forleathan faoi láthair. Más é an cás go bhfuil cuid suntasach na múinteoirí i mbunscoileanna neamhlitrithe go feidhmiúil sa Ghaeilge, agus tá mé beagnach cinnte gurb é sin an cás, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i múinteoirí speisialta don Ghaeilge agus infheistiú i bhfad níos leithne a dhéanamh i scoileanna lán-Ghaeilge chun an líon seo a ardú, b’fhéidir, ó 6%, mar atá ann faoi láthair, go dtí 20% sna blianta amach romhainn.

Mar fhocail scoir, is mian liom gach rath a sheoladh chuig gach dream agus duine atá cromadh ar an obair ar son ár dteanga dúchais. Tá sé de dhualgas orainn an teanga sin a mhúineadh do na glúnta atá le teacht le moladh, bolscaireacht agus le reachtaíocht fhorásach sna Tithe Parlaiminte seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is mór an trua nach bhfuil an tAire sinsearach anseo ach tá a fhios agam go rudaí le déanamh aige. Is mór an trua é sin. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aige sa phost agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis, agus leis an Aire Stáit freisin.

Ar dtús báire, tá mé fíor-bhuíoch don eagraíocht, Gael Linn, a thug ainmniúchán dom le bheith ina iarrthóir don Seanad ar an bpainéal cultúir agus oideachais. Is í príomhaidhm na heagraíochta sin ná an Ghaeilge agus an oidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimse polasaí agus pobail mar theanga bheo.

Mar iarAire Stáit na Gaeltachta, tuigim go bhfuil fadhb ollmhór maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge. I mo dara tréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta, bhí an Tionól sa Tuaisceart ar fionraí. Ní raibh muid in ann aon dul chun cinn a dhéanamh dá bharr. Is í tuairim Chonradh na Gaeilge go bhfuil struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge bríste. Tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas seo sásta an struchtúr a athrú. An gceapann an tAire Stáit go mbeidh an Rialtas in ann chuige? B’fhéidir go mbeidh sé in ann an cheist agus na moltaí sin a chur ar aghaidh chuig an Aire sinsearach.

Tá a fhios agam go bhfuil chuile dhuine, lena n-airítear an Rialtas, an Roinn, na heagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile, ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo. Níl sé féaráilte d’Fhoras na Gaeilge mar níl na hacmhainní aige chun a chuid oibre a dhéanamh trasna an oileáin. Teastaíonn athrú ar an struchtúr maidir leis an gcéatadán airgid atá muid ag íoc ar an mbuiséad idir Thuaidh agus Theas. Caithfidh muid déileáil leis sin chomh luath agus is féidir linn. Tá sé ag teastáil go géar. Tá níos lú airgid ag Foras na Gaeilge inniu, timpeall €17 milliún, ná mar a bhí acu in 2002, nuair a thógtar an ráta boilscithe san áireamh. Tá an buiséad corraithe 45% le 20 bliain anuas. Níl sé sin féaráilte ná ar mhaithe le leas na teanga.

Maidir le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht, tréaslaím an obair atá déanta ag an ngrúpa BÁNÚ le bliain go leith anuas. Is grúpa nua é atá ag cur na bhfadhbanna agus na gceisteanna maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht chun cinn. Bhí cruinniú aige in Indreabhán i gConamara Dé Domhnaigh seo chaite, áit ar pléadh na ceisteanna práinneacha maidir le tithíocht agus pleanáil. Bhí mé i láthair ag an gcruinniú sin agus bhí slua maith ann, idir daoine óga is daoine áitiúla, agus polaiteoirí áitiúla freisin. De réir na bhfigiúirí ón stiúrthóir pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe, tá an ráta d’iarratais pleanála atá ceadaithe an-ard, thart ar 85%. Tá sé sin go maith. Ar an talamh, áfach, go mór mór i gConamara, bíonn fadhbanna maidir le hiarratais pleanála atá diúltaithe faoi dhó nó faoi thrí. Níl treoirlínte pleanála nua faoin tuath againn. Tá a fhios agam go bhfuil sé clúdaithe sa chlár Rialtais go mbeidh treoirlínte nua don Ghaeltacht, go bhfoilseofar iad i rith an Rialtais seo agus go mbeidh ról díreach ag an Aire sinsearach maidir leis na rialacha sin. Theastógaí go mbeadh ról láidir ag an Aire sinsearach sna rialacha sin agus go mbeadh sé ag plé na ceiste tábhachtaí seo leis an Aire tithíochta.

Tá ról ag Údarás na Gaeltachta sa chlár Rialtais maidir le cúrsaí tithíochta, agus cuirim fáilte roimh sin.Bhí sé i manifestos Fhine Gael agus Fhianna Fáil agus tháinig an dá ceann le chéile sa chlár Rialtas a fhoilsíodh. Tá an t-údarás ar an talamh, mar a deirtear, sna Gaeltachtaí. Tá oifigigh agus feidhmeannaigh de chuid an údaráis ag obair ar son muintir na Gaeltachta chuile lá. Tá taithí ag an údarás ag tógáil infreastruchtúr mhór cosúil le fiontar tráchtála. I dtuairim an tAire Stáit nó an tAire sinsireach, cén sórt ról a bheidh ag an t-údarás i gcúrsaí tithíochta? An mbeidh ról díreach aige? An mbeidh sé sásta an ról a fhágáil don chomhairle chontae ach go mbeidh comhoibriú idir an dá eagraíocht, nó an mbeidh sé ag tógáil tithe do chainteoirí Gaeilge é féin? Sin iad na ceisteanna tábhachtacha. Pléadh an cheist seo ag cruinniú leis an bpríomhfheidhmeannach de Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na feidhmeannaigh sinsearacha i rith an tseachtain. Bhí mé ar líne ach bhí mé i láthair ag an gcruinniú, agus mhol mé go mba cheart cruinniú a eagrú idir an t-údarás agus Uisce Éireann maidir le seirbhísí uisce agus séarachais. Is bunrud é chun tithe a thógáil go mbeadh an t-infreastruchtúr ann.

Le 15 nó 20 bliain anuas tá dul chun cinn suntasach déanta i nGaillimh maidir le cúrsaí séarachais. Tá a lán scéimeanna séarachais oscailte anois i nGaillimh i gcomparáid le 2004 nuair a chuaigh mé isteach ar an gcomhairle chontae don chéad uair. Ag an am sin, fuair muid liosta mór de chuile áit i nGaillimh nach raibh seirbhís séarachais aige, ach bhí beagnach chuile áit ar an liosta. Tá dul chun cinn déanta ó shin. Le déanaí tá scéimeanna nua ar an Spidéal, in Uachtar Ard, ar an gClochán, in Áth Cinn, san Fhairche, ar an Líonán, i Leitir Fraic, i mBaile Chlár na Gaillimhe, in Milltown, i gCinn Mhara agus in áiteanna eile. Teastaíonn níos mó. Tá a fhios againn go bhfuil pleananna acu i gCloch na Rón agus ar an gCeathrú Rua ach níl an suíomh feiliúnach. Níl siad in ann aon dul chun cinn a dhéanamh mar gheall nach bhfuil an suíomh atá ainmhithe acu feiliúnach chun scéim séarachais a thógáil. Cruthaíonn sé fadhbanna don phríomhbhaile i gcroílár Ghaeltacht Chonamara nuair nach bhfuil daoine in ann tithe a thógáil. Is rud bunúsach é seo agus muid ag plé ceisteanna tithíochta agus ag iarraidh deiseanna a thabhairt do dhaoine tithe a cheannach ar phraghas réasúnta nó tithíocht shóisialta a fháil. Teastaíonn infheistíocht trasna na Gaeltachta agus teastaíonn comhoibriú idir an comhairle chontae, an t-údarás agus Uisce Éireann. Tá sé fíorthábhachtach go leanaimid ar aghaidh leis an obair sin in áiteanna eile, cosúil leis an Tulach ina bhfuil TG4 lonnaithe. Tá a lán rudaí sna háiteanna seo - scoileanna, séipéil, tithíocht shóisialta, tithíocht do dhaoine aosta agus eástáit tionsclaíochta agus forbartha - ach níl scéimeanna séarachais acu. Chabródh scéimeanna den chineál seo leis an mbunphrionsabal atá i gceist agam; sé sin, go bhfuil seirbhísí bunúsacha de dhíth chun na tithe atá ag teastáil a thógáil.

Tá a fhios agam go bhfuil polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal foilsithe ag a lán grúpaí, ina measc Gael Linn, Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an ASTI, Údarás na Gaeltachta. Labhraíonn siad faoin mhúinteoireacht, mar shampla agus iad ag maíomh go mbeadh soláthair mhúinteoirí agus tacaíocht do mhúinteoirí san áireamh sa pholasaí. Dar leo, tá sé tábhachtach go gcuirfí tacaíochtaí agus acmhainní na Roinne ar fáil i gcomhar leis na hinstitiúidí oiliúna tosaigh múinteoirí agus soláthróirí oiliúna eile le cinntiú go bhfuil dóthain múinteoirí cumasacha agus cáilithe ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar agus chun ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge. Cé go bhfuil cumas teanga ag leibhéal B2.2 luaite faoi láthair mar bhunriachtanas do dhaoine atá ag iarraidh cláru leis an gComhairle Múinteoireachta mar mhúinteoirí Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní mór an riachtanas seo a sháineadh i measc na scileanna éagsúla teanga agus é seo chur i bhfeidhm i mbealach críochnúil. Tá an pholasaí sin suimiúil. Tá go leor rudaí molta ag eagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí oideachais. Caithfimid na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis na rudaí tábhachtacha seo ar son na Gaeilge. Is gá dúinn na polasaithe cearta a chur i bhfeidhm ar son mhuintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge.

Nicole Ryan (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is onóir mhór dom é seasamh anseo le linn Seachtain na Gaeilge. Is teanga beo bríomhar pobail í an Ghaeilge ach tá an Ghaeltacht i ngéarchéim. Tá teaghlaigh ag streachailt lena gcuid leanaí a thógáil trí Ghaeilge. Tá oibrithe á bhrú amach de bharr géarchéim tithíochta agus tá ag teip ar sheirbhísí poiblí oibriú i nGaeilge in ainneoin dualgais reachtúla. Leagann Acht na Gaeltachta, 2012 amach mar dhualgas go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil i gceantair Gaeltachta go hiomlán trí Ghaeilge. Tá dualgas reachtúil ar An nGarda Síochána seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Gaeltachta; ach níl ach garda amháin as gach triúir i stáisiúin Gaeltachta inniúil ar an nGaeilge. Níor fhoilsíodh treoirlínte pleanála Gaeltachta, a bhí geallta in 2021, go fóill. Níl ach timpeall 20% de theaghlaigh Gaeltachta ag tógáil a gcuid leanaí trí Ghaeilge, ach fós fuair an Rialtas réidh le scéim labhairt na Gaeilge a thacaigh leo.

Faigheann TG4 i bhfad níos lú maoiniú ná RTÉ nó fiú a chomhghleacaí Breatnach, S4C. Tá easpa maoiniú ag cur bac roimh dheiseanna do scríbhneoirí, grúpaí drámaíochta agus ceoltóirí. Caithfidh muid maoiniú a thabhairt ar ais do na healaíona Gaeilge, cearta teanga a chur i bhfeidhm agus an plean fáis don Ghaeilge a chur i gcríoch. Tá 11 chontae gan Gaelcholáiste ar bith agus níl foirgneamh buan ag 39% de Ghaelscoileanna. Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí atá tar éis polasaí cuimsitheach oideachais don Ghaeilge a fhoilsiú, ag cinntiú nach bhfuil an Ghaeilge ina ábhar scoile amháin ach ina theanga don ghnáthshaol laethúil. Caithfidh muid maoiniú a mhéadú, teaghlaigh Gaeltachta a chosaint, cearta teanga a chur i bhfeidhm, agus cinntiú ní hamháin go maireann an Ghaeilge ach go mbeidh sí in ann bláthú. Is le gach duine an Ghaeilge agus ba cheart go ndéanfaidh muid troid ar a son, í a chosaint agus í a fhás.

Nessa Cosgrove (Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór an onóir dom é seasamh anseo inniu sa Seanad ag labhairt ár dteanga dhúchais. Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le m'athair a thug grá mhór don Ghaeilge dom. Ba mhaith liom Gaeilge líofa a labhairt ach ní féidir liom. Tá mé ag éirí níos fearr agus inniu labhróidh mé as Gaeilge agus as Béarla. Ar dtús, our teanga iontach is a vital part of our cultural identity, not just in Ireland but across Europe. It stands as one of the oldest spoken and literary languages still in use. Tír gan teanga, tír gan anam. While more and more young people are embracing Gaeilge and we can see a rise in TG4 and an increase in people, particularly adults, going to the Gaeltacht, very sadly the latest census shows a decline in daily and weekly speakers. The majority of people in Ireland learn Irish for 14 years but sadly do not speak Irish once they finish school.

Tá náire ar a lán daoine nach féidir leo Gaeilge flúirseach a labhairt agus mar sin ní labhraíonn siad ar chor ar bith í. Tá go leor daoine cosúil liom. Ní thagaim ón Ghaeltacht. Níor fhreastail mé ar Ghaelscoil ach is breá liom bheith á labhairt. Uaireanta bíonn náire orm. We need to get serious about creating a truly bilingual society. We need action to protect and grow our language.I mo thuairim, Voltaire said that the best is the enemy of the good. Instead of striving for perfection, we should be encouraging the cúpla focal, cosúil liomsa. We should be encouraging Gaeilge bhriste. There is a wonderful expression, "Mol an óige agus tiocfaidh sí". Ceapaim go moltar daoine a labhraíonn an Ghaeilge, an teanga. Is breá liom Gaeilge a labhairt ach níl go leor di agam. Gaeilge bhriste is better than no Gaeilge at all.

There are practical steps the Government can take. Right now, we need well-resourced community facilities in every town and welcoming open spaces where people can gather to learn and speak the language in cafés and shops. In Cartron, the area where I live, we have set up a grúpa cainte just for our own group, grúpa tosaigh. We started two weeks ago and already the numbers are growing. We are going from focal amháin go Gaeilge líofa. We need to create opportunities for everyone to practise a cúpla focal and we need to look at what our neighbours in Wales did. The Welsh Government set an ambitious goal of 1 million speakers by 2050. They are delivering the Welsh language by means of an education strategic plan, expanding social opportunities for people to use the language and increasing awareness of language training opportunities. We should seek to match this and should look at bilingual signage, particularly in the context of road signs, where an Ghaeilge is smaller than an Béarla. It should be the other way around. We need to look down the line at bilingual packaging on all products. I know that is a big ask, but it is something we could do.

Seachtain na Gaeilge reminds us of the deep connection between our language and our identity, but we need to move beyond rhetoric. Tá sé an-bhrónach nach bhfuil go leor daoine feeling comfortable á caint. Is breá liom a bheith ag caint and exploring the possibilities of expressing thoughts and emotions and it is such a wonderful, poetic and spiritual connection to our language that is often lost because we do not use it enough.

Research over many decades has shown that multilingualism is the natural state and that monolingualism is a modern phenomenon that is not holistically beneficial. Multilingualism holds benefits across a range of human experience, psychologically, cognitively, emotionally and, of course, linguistically. An scannán “Kneecap” has shown the potential of what our native language can do and I think that they are making fantastic strides with the language up North. It is important that we learn to express ourselves well and to improve our proficiency. Táim féin ag iarraidh agus ag éirí níos fearr. I did a course in Mayo, Sligo and Leitrim Education and Training Board in Gaelchultúr last year. There are wonderful opportunities within the public sector. That is where we need to start where people are encouraged to speak, to learn and to feel comfortable using their cúpla focal.

Is fearr liom Gaeilge bhriste gan aon Ghaeilge ar chor ar bith. Mar sin, Seachtain na Gaeilge shona daoibh go léir agus bain úsáid as an cúpla focal.

Laura Harmon (Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is as Baile Bhuirne mé ó dhúchas i gContae Chorcaí ach tá mé i mo chónaí i gcathair Chorcaí. Rinne mé mo bhunoideachas agus mo mheánoideachas trí Ghaeilge. Fós, caithfidh mé cleachtadh a dhéanamh. Tá mo Ghaeilge saghas meirgí. Tá mé an-bhródúil as m'áit dhúchais. Rugadh Seán Ó Riordáin, an Ríordánach, i mBaile Bhuirne. Tá sé ar dhuine de na filí is fearr sa bhfichiú haois.

Maidir leis an nGaeilge agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, aontaím go láidir leis na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge agus ba mhaith liom caint faoi sin. Tá géarchéim mhaoinithe in earnáil na Gaeilge sa tír seo. Maidir le hinfheistíocht, ba chóir go gcuirfear ar a laghad maoiniú breise de €20 milliún atá á lorg ag 130 grúpa áitiúil agus náisiúnta sa phlean fáis agus infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Freisin, ba chóir go ndéanfar maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a ardú ina iomlán go 0.4% de chaiteachas an Stáit sa chéad chúig bhliain eile freisin.

Maidir leis an gcóras oideachais sa tír seo, ba chóir go mbeadh forbairt ar pholasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal. Chuige sin, ba chóir go mbunófar grúpa saineolach den Rialtas chun an polasaí seo a fhorbairt agus go mbunófar freisin polasaí ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do theangacha le gach céim den chóras a nascadh le chéile. Ba chóir freisin go bhforbrófar cúrsaí sa bhreis ar an tríú leibhéal do thraenáil múinteoirí le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí sna scoileanna freisin agus go bhfeidhmeofar plean leis an líon daltaí a fhreastalaíonn ar an oideachas lánGhaeilge a mhéadú ó 6% go 20% laistigh de 20 bliain. Ba chóir go bhforbrófar plean lena chinntiú go mbeidh 5% de chúrsaí tríú leibhéal ar fáil as Gaeilge. Faoi láthair, tá níos lú ná 1% acu ar fáil i nGaeilge sa Stát seo.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír seo agus géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht freisin. Tá an staid tithíochta reatha sa Ghaeltacht tagtha go pointe éigeandála le cúpla bliain anuas, idir cead pleanála a dhiúltú do dhaoine áitiúla agus ganntanas tithe ar fáil ar cíos go fadtéarmach freisin. Le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht, tá Conradh na Gaeilge ag lorg na gealltanais seo a leanas: go dtabharfar an cumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir mhaoiniú reatha agus chaipitil, d’Údarás na Gaeltachta chun rannóg tithíochta a bhunú le cur ar a chumas talamh a cheannach agus cead pleanála a fháil freisin; go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a thionscnamh chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht; agus go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Maidir leis na meáin chumarsáide, tá gá le níos mó infheistíochta i TG4 i gcomhair stáisiún raidió Gaeilge don aos óg, agus molaim freisin, dá réir, go gcuirfear an maoiniú agus an tacaíocht chuí ar fáil do Raidió Rí-Rá le go mbeidh sé ar fáil ar FM go lánaimseartha lena chinntiú go mbeidh rochtain ag an aos óg ar an stáisiún sin pé am sa lá agus pé áit sa tír nuair is mian leo éisteacht leis.

Photo of Alice-Mary HigginsAlice-Mary Higgins (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis atá agam an Ghaeilge a phlé anseo inniu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn. Tá a fhios agam go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcultúr náisiúnta. Feicimid inár gceantar féin an stair a bhaineann lenár teanga féin agus is rud fíorthábhachtach é.

I welcome the opportunity to try to speak in and talk about the Irish language, recognising how important it is for us for our nation and for our culture, recognising as well that it is something that links us to the tapestry of the many other countries and languages that enrich our planet and that give us different ways to think and to live.

I will try to highlight just a few issues. One such issue to which previous speakers referred and which relates to the area in Galway very near the Connemara Gaeltacht from which I come is the importance of the Gaeltacht. Tá an Ghaeltacht mar chroílár na Gaeilge agus caithfimid gach uile shórt a dhéanamh léi lena chinntiú go gcoinneoimid an Ghaeltacht ina phobal láidir agus bríomhar. Tá a fhios againn nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Gaeltachta ag tógáil a gcuid teaghlach trí Ghaeilge. Caithfimid déileáil leis sin. Only 23% of Gaeltacht families are raising their children through Irish. This is something that needs to be looked at in the context of the survival of the Gaeltacht.

Others have spoken of the fact that our planning laws need to be examined to ensure that it is possible for Irish speakers to stay close to their families and that Irish-speaking communities, and new Irish speakers, can live within the Gaeltacht and thereby strengthen it.It is important.

On education, ba bhreá liom aitheasc a thabhairt ar an rogha atá ag mic léinn na tíre oideachas a fháil trínár dteanga dhúchais. Tá sé dochreidte agus éadóchasach, breis is 100 bliain ó bhunú an Stáit, nach bhfuil rochtain ach ag 6.7% de dhaltaí ar Ghaeloideachas in ainneoin na díograise do Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Diúltaíonn an easpa Gaelcholáistí i roinnt ceantar do líon mór mac léinn leanúint lena n-oideachas trí mheán na Gaeilge. Dá bharr sin, ní féidir le leanaí a thosaíonn amach ar an oideachas as Gaeilge leanúint leis sa mheánscoil. Léiríonn an bhearna seo i soláthar an Ghaeloideachais teip ag an leibhéal pleanála, rud a chuirfidh le creimeadh na teanga i measc an phobail. Is gníomh gur féidir a dhéanamh láithreach ná Gaelcholáistí a bhunú sna ceantair ina bhfuil éileamh guthach dá leithéid d'institiúid, ina measc Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, áit a bhfuil feachtas leanúnach ar bun ó 2019.

There was no Irish-language primary option for me when I was growing up in Galway, although there was for my brothers four years later. That made a difference. They have much stronger Irish. It makes such a difference to have the option of Irish language schooling at that early point. That option is very limited for people across Ireland, especially at second level, where it is very important. There are campaigns across Ireland to give people the choice of secondary school education in Irish but I will highlight the campaign in Dublin 2, 4, 6 and 8. This campaign has been going on for a long time. A raft of communities that have done a great deal to bring the Irish language back and to have it spoken more in our cities have been looking for that secondary school option, which should be the right of every citizen as it is our first language. Ba chóir polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt anois. We need a policy on education in Irish from preschool right up to third level.

Ligfidh mé béim freisin ar cé chomh tábhachtach atá sé tacaíocht a thabhairt do na healaíona agus don chultúr trí Ghaeilge i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre a chothaíonn beatha, fuinneamh agus cruthaitheacht sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. I will also highlight the importance of arts and culture and funding for them. I am a little concerned about some of the approaches we are seeing at the moment in arts and culture. Some of the dynamic seems to be focused on what can be cut and what must be left, but it is important to ask what we can strengthen. Something that can be strengthened is the support for arts and culture in the Irish language and artists who work through the Irish language. Of course, such artists are not solely confined to the Gaeltachts but are found across the country.

We all know the importance of TG4 and Raidió na Gaeltachta. The importance of both has been well highlighted. They have created great opportunities for artists and storytellers and for stories that might not otherwise have been told. However, I will highlight some of the other forms of Irish-language culture that can be neglected, some of which are new and exciting. Raidió na Life does wonderful work in Dublin. It plays great music. I know some of the Irish-speaking DJs there and it is an extremely important space. There are also things like the pop-up Gaeltachts. I want to give a particular shout-out. Is tionscnamh iontach do dhaoine óga é Raidió Rí-Rá. Ba cheart breis maoinithe agus tacaíochta a thabhairt dó ionas gur féidir leis craoladh go lánaimseartha ar FM. Again, I wanted to particularly highlight Raidió Rí-Rá, a radio station run by young people. It should be given greater funding and support so that it can broadcast on FM full-time. It is exciting to see young people coming into that media space in the Irish language.

Labhróidh mé faoin ngá atá le síocháin a chur chun cinn ar oileán na hÉireann agus go hidirnáisiúnta. Is féidir le hÉirinn, agus ba cheart di, leanúint de bheith ina guth ar son na síochána ar fud an domhain. Is féidir linn peirspictíocht agus smaointe atá éagsúil ó thíortha eile maidir le síocháin a thabhairt. Is rud dearfach é an tAontas Eorpach, a bhfuil go leor teangacha ann. Is rud dearfach é freisin tír a bhfuil síocháin agus neodracht ina chroí aici. Níos mó ná riamh, caithfidh Éire anois leanúint ar aghaidh ag obair ar son na síochána ar fud an domhain.

I spoke there about peace. Ireland has something very special. It is a very good thing for Europe to have countries with different languages and cultures that they bring to the mix. However, it is also important for Europe to have neutral countries and countries that bring different experiences, insights and perspectives that can help to build a Europe of peace, strength and security. Ireland's voice, history, understanding of peace and position of neutrality has been a strength for Europe. As with our cultural differences, our different mandates strengthen Europe as a whole and create opportunities to link better with the rest of the world.

I have one last line. I do not have it in Irish but it is something I want to highlight. I will quickly acknowledge some of our other native languages, the Traveller languages of Cant and Gammon, which are also a part of Ireland's cultural tapestry. It is nice to acknowledge them. This House worked very hard on the recognition of Irish Sign Language. It makes us richer when the multiple languages within our State are recognised and celebrated.

Photo of Margaret Murphy O'MahonyMargaret Murphy O'Mahony (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ach cúpla nóiméad ag teastáil uaim. Cuirim fáilte ar ais roimh mo chara, an tAire Stáit. Déanaim comhghairdeas leis. Go n-éirí an t-ádh leis. Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu ag caint faoi Sheachtain na Gaeilge. Inseoidh mé mo scéal féin. Fadó fadó, nuair a bhí mé óg agus ag déanamh m'ardteistiméireachta, bhí múinteoir Gaeilge an-mhaith agam. Mother Bernadette is ainm di. Is múinteoir an-mhaith í agus, mar sin, bhí Gaeilge fhlúirseach agam agus ag gach cailín i mo rang. Thar na blianta, ní raibh mé ag labhairt Gaeilge áfach agus, mar sin, níl ach Gaeilge cuibheasach maith agam anois. Tá orm í a chleachtadh. Tá suim mhór agam sa Ghaeilge agus táim i ngrá léi ach tá orm í a chleachtadh. Muna bhfuil Gaeilge líofa agat nó má tá cúpla focal agat, ba chóir úsáid a bhaint aisti i rith Sheachtain na Gaeilge agus taitneamh a bhaint as. It is very important that, even if people only have a few words such as "Go raibh maith agat", they should be encouraged to use them. Whether you have only one word or whether you are fluent, it should be acceptable and encouraged to use the language.

Eileen Lynch (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim buíochas leis as ucht a bheith anseo linn inniu do Sheachtain - nó coicís - na Gaeilge.

Táimid bailithe inniu chun labhairt faoi rud atá fíorthábhachtach dúinn mar mhuintir na hÉireann, is é sin ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge, agus í a chur chun cinn. Is cuid dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Is í an nasc idir sinne agus ár sinsear, teanga a mhair tríd na cianta agus a lán dúshláin. Nuair a labhraímid í, tugaimid beocht dár stair agus dár gcultúr. Ní hamháin gur oidhreacht í an Ghaeilge ach is deis í freisin. Osclaíonn sí doirse do phobal bríomhar, do shaothar liteartha iontacha agus do dheiseanna oibre i saol an aistriúcháin, na meáin agus saol an oideachais. Tá suim ag níos mó daoine ar fud an domhain sa Ghaeilge ná mar a bhí riamh. Ach is fúinne atá sé í a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá sí beo nuair a labhraímid í, nuair a mhúinimid dár bpáistí í, agus nuair a úsáidimid í sna siopaí, sna scoileanna agus ar na sráideanna – timpeall na háite. Ní leor í a chosaint; caithfimid í a húsáid. Mar a deir an seanfhocal “beatha teanga í a labhairt”. Mar sin, bíodh misneach againn ár dteanga a labhairt, is cuma cén leibhéal atá againn. Uaireanta, bíonn achrann agus leisce ag baint le bheith ag labhairt Gaeilge mar ceapann daoine go bhfuil gá dóibh Gaeilge fhoirfe a bheith acu. Ach ní hé sin an cás in aon chor. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh muinín ag daoine cúpla focal a úsáid go laethúil. Is ár dteanga í agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine in ann í a labhairt, cibé má tá sé líofa nó le pidsean-Ghaeilge.

Ba mhaith liom ceist a bhaineann le Gaeltacht Mhúscraí i mo cheantar féin i gCorcaigh Thiar Thuaidh a bhaineann le tithíocht a ardú. Is ceist thromchúiseach sa réimse seo í an easpa tithíochta a bheith ar fáil. Creidim go bhfuil an mhoill ar fhoilsiú na ndréacht-threoirlínte pleanála don Ghaeltacht ag cur bac ollmhór ar fhorbairt tithíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá na treoirlínte seo ar bun ó 2022 agus tá sé ríthábhachtach go bhfoilseofar iad mar ábhar práinne chun go bhfanfadh ár gceantair Ghaeltachta bríomhar, chun a chinntiú nach laghdóidh líon na scoileanna, chun gur féidir le foirne áitiúla leanúint ar aghaidh ag dul chun cinn, agus chun go ndéanfaimid ár ndícheall ár gceantair Ghaeltachta a chosaint.

Sarah O'Reilly (Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá luaite ag daoine eile inniu, táim fíorbhuíoch as an deis a bheith agam inniu labhairt libh ar ábhar tábhachtach, is é sin, ceiliúradh agus cothú ár dteanga dhúchais. Tá an Ghaeilge luachmhar don ghlúin seo agus na glúnta atá romhainn. I gContae Mhuineacháin, tá traidisiún láidir de labhairt na Gaeilge atá cothaithe sa phobal ag teaghlaigh, Gaelscoileanna agus grúpaí mar Muineachán le Gaeilge. Tá an céatadán is mó daoine sa tír a labhraíonn Gaeilge gach lá agus a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil i Muineachán.

I appreciate the opportunity to speak on such an important topic. As many others have shared today, the preservation and celebration of our national language is of the utmost value to current and future generations. In Monaghan, there is a beautiful tradition of speaking Irish that has been fostered by hard work on the ground and by families, Gaelscoileanna and groups like Muineachán Le Gaeilge. The county has the highest number of people who say they speak Irish on a daily basis, as well as the highest number of students in Irish-medium primary education. I encourage the Minister to look at the success in Monaghan and try to replicate this throughout every county in Ireland. There is an issue where children who attend Gaelscoileanna for primary education are then unable to continue on into secondary school due to a lack of capacity. We need to ensure enough teachers are being trained but also that there is availability of secondary level education so students are not forced to abandon their language once they leave primary school. Go raibh maith agaibh.

Photo of Joe FlahertyJoe Flaherty (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, agus guím gach rath air ina phost nua.

Tá áthas mór orm a bheith in ann ár dteanga náisiúnta a úsáid i bhfoirgnimh an Rialtais. Cosúil leis na cainteoirí go léir, bhí tionchar ag mo thaithí Gaeilge ar scoil d’fhonn iarrachtaí bheirt múinteoir iontach, Pádraig Ó Flannagáin agus Tomás Mac Aonghusa i Scoil Naomh Mel i gContae Longford. De réir mar a théim in aois agus go bhfeicim cé mhéid comhghleacaithe a úsáideann an teanga gan stró, tá rún agam iarracht níos fearr a dhéanamh. Glacaim rún go labhróidh mé Gaeilge uair amháin sa seachtain ar a laghad. Ní mór dúinn mar Rialtas níos mó a dhéanamh chun gur féidir rochtain níos fearr a fháil ar an teanga sa ghnáthshaol laethúil. Braithim go bhfuil deis ann tacaíocht a thabhairt don teanga agus do ghnólachtaí beaga le tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí agus do thograí eile chun an teanga a chur chun cinn.

I am pleased to be able to speak our national language here today, albeit very poorly. It is a great honour and, like everybody else, I probably owe it to a few teachers who persevered with us and did their very best. Unfortunately, as soon as we left those school gates in Longford we abandoned Irish. We are in a very privileged position in this Chamber and this House in that we are paid very well and we are able to speak Irish. There are a lot of work places where it is probably not encouraged to speak Irish. If we are serious about Seachtain na Gaeilge and about our teanga náisiúnta, we have to take the lead. I am personally committed to endeavouring to improve my Irish on a weekly basis and to trying to speak at least once a week as Gaeilge in this Chamber. I think there is an onus on all of us to do that. We need to take the lead. There is no point paying lip service to our language for one week in the year and then going tríd an doras and doing nothing else about it. Certainly, that is my commitment. I would like to think I could come back to the Chamber in 12 months' time and be able to speak without the notes and with the Google Translate and give the language the justice it deserves. It is a very passionate and colourful language. There is an onus and a responsibility on us, indeed, we have a responsibility, to help preserve the language and we need to take a leadership role.

Tá mé ag súil roimh Sheachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn go mbeidh mé in ann filleadh ar an Chamber agus labhairt i nGaeilge gan nótaí.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Sheanadóir. Is gealltanas iontach é sin an Ghaeilge a úsáid sa Seanad. Táim cinnte go n-aontóidh an-chuid Seanadóirí leat ar an bpointe sin.

Sin deireadh leis na ráitis ar Sheachtain na Gaeilge. Ní gá dó labhairt ar feadh deich nóiméad ach tabharfar deich nóiméad ar a laghad don Aire Stáit anois chun freagra a thabhairt.

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Ghníomhach. Tá an Ghaeilge go flúirseach aici. Déanaim comhghairdeas le gach Ball a bhí páirteach sa díospóireacht iontach seo. Cloisim gach Seanadóir agus na smaointe a roinn siad liom. Tá an ceart ag Senator Higgins go bhfuil Raidió na Life go hiontach agus tá na hamhráin agus an ceol ar Raidió na Gaeltachta ar fheabhas ar fad freisin. Caithfidh mé a rá gur breá an rud é dom deis a bheith agam labhairt leis an Teach i dteanga na tíre seo agus teanga atá á labhairt, á foghlaim agus á ceiliúradh i mórán áiteanna ar fud an domhain agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge.

Ar ndóigh, mar Aire Stáit atá freagrach as forbairt pobal, tuigim an dlúthcheangal idir forbairt an phobail agus forbairt na teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud an oileáin. Cuireadh tús le Gaeltarra Éireann, mar a dúirt mé, in 1957 agus tháinig Údarás na Gaeltachta ina dhiaidh sin in 1980 chun deiseanna forbartha agus fostaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Cloisim an méid a dúirt an t-iarAire Stáit agus é ag caint mar gheall ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta agus cuirfidh mé na smaointe sin ar aghaidh chuig an Aire sinseartha.

Creidim féin gur forbairt phobail atá ar bun againn go fóill tríd an gcóras pleanála teanga. Tá infheistíocht mhór déanta agus á déanamh ag an Stát i bpobal na Gaeilge ar fud na tíre; pobail á neartú, á mbuanú, á bhforbairt tríd an teanga, an Ghaeilge. I mo cheantar nó mo chathair féin, cathair Chorcaí - cosúil le seisear ball sa Teach inniu, na Seanadóirí Lynch, Cosgrove, Harmon, Ryan agus Murphy O’Mahony - tá agus bíonn a lán rudaí ar siúl ó thaobh na Gaeilge, ní hamháin sa chathair féin ach sa cheantar máguaird freisin. Ar ndóigh, tá cáil na teanga ar Chorcaigh de bharr a chóngaraí is atá sé de cheantar Gaeltachta Mhúscraí agus Oileán Chléire, agus go deimhin Gaeltachtaí eile na Mumhan, idir Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus Gaeltacht na nDéise sa Rinn.Tá an Rialtas seo tiomanta a chuid a dhéanamh ar son na teanga don chainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, sa bhaile seirbhíse, sa líonra Gaeilge agus go deimhin in aon áit ar fud an oileáin seo.

Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na bearta éagsúla atá ag teacht as an Acht sin. Beart an-phraiticiúil agus an-tábhachtach, dar liom, is ea gréasán Ghaeilge na nearnála poiblí. Forbairt pobail is ea é seo, pobal na seirbhíse poiblí agus, mar a dúirt mé, ba chóir dúinne go léir a bheith ag spreagadh ár bhfoirne clárú leis an ngréasán seo. Is as seo a fhásfaidh deiseanna dóibh an teanga a úsáid ina gcuid oibre, mar a dúirt an Seanadóir Flaherty, ó lá go lá agus is as a leithéid seo a thiocfaidh fás orthu sin a bheidh sásta freastal ar an bpobal ina rogha teanga.

Mar bhall den Rialtas agus mar Aire Stáit, beidh mé ag tapú gach aon deis a fhaighim an teanga a úsáid agus a chur chun cinn aon slí ar féidir liom. Tá spriocanna dúshlánacha sa chlár Rialtais ach creidim go mbeidh an Rialtas seo in ann na spriocanna sin a bhaint amach nó a chur i bhfeidhm. Bhí díospóireacht anseo sa Dáil inné maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. Thug an rún seo deis do Theachtaí Dála plé a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa chóras oideachais le blianta beaga anuas i dtaobh na Gaeilge de.

Is teanga bheo í an Ghaeilge a bhfuil pobal beo labhartha aici. Tá an Rialtas ag iarraidh an pobal sin a bhuanú agus a neartú tríd an infheistíocht go léir agus an chistíocht a chuirtear ar fáil. Aithním, agus aithníonn na hAirí, na Teachtaí McEntee agus Calleary, go bhfuil tuilleadh dul chun cinn le déanamh sa réimse seo agus go bhfuil dúshláin os ár gcomhair, ach caithfear a admháil go bhfuil an-chuid bainte amach againn ar gá a aithint agus creidiúint a thabhairt don obair sin go léir. Tá éacht déanta ag scoileanna Gaeltachta na tíre seo mar thoradh ar an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta ach tá obair fós le déanamh. Ar an mbonn sin, tá obair tosaithe ag an Roinn Oideachais i dtreo polasaí nua a fhorbairt. Tá taighde fadtréimhseach á chur i gcrích i láthair na huaire a bheidh mar bhonn eolais don pholasaí nua, agus tá oifigigh na Roinne i mbun plé leis na scoileanna le roinnt míonna anuas chun tús a chur leis an gcomhairliúchán cuí.

Tá mórán scéimeanna ag mo Roinn a thacaíonn agus a chuireann le obair na Roinne Oideachais sa chóras trí chéile. Cuireann scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge deiseanna breise foghlama agus saibhriú teanga ar fáil sna ceantair Ghaeltachta d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den gcóras oideachais. De réir fhigiúirí na Roinne, mar a dúirt mé, ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí d’fhoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Fágann sé seo tuairim is infheistíocht sa bhreis ar €6 mhilliún á dhéanamh ag mo Roinn san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sa bhreis air seo, ceadaíodh ciste €900,000 chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do scoláirí in iarbhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh seo romhainn. Faoin gciste breise atá ceadaithe, beidh níós mó ná 800 scoláire in aghaidh na bliana, mar a dúirt mé, as iarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.

Chomh maith leis an bpolasaí nua don oideachas Gaeltachta, tá an Roinn Oideachais anois i mbun oibre ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Tá siad ag obair, chomh maith, ar phlean gnímh dhá bhliain a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, plean a bheidh le foilsiú i mbliana freisin.

Tá freagracht orainn go léir, gach Roinn de chuid an Rialtais agus gach ball den Oireachtas, ár gcuid a dhéanamh ar son na Gaeilge. Mar Aire Stáit, leanfaidh mé agus mo Roinn ag comhoibriú leis na Ranna Stáit go léir i leith na Gaeilge, ag cinntiú go n-éiríonn leis an Rialtas na spriocanna sa chlár Rialtais a chur i bhfeidhm. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus í á labhairt i measc an phobail, sna Gaeltachtaí agus in áiteanna eile ar fud na cathrach, na tíre agus na cruinne. Tá spriocanna sa chlár Rialtais i leith na teanga agus beidh mé ag obair agus ag comhoibriú le mo chomhghleacaithe Rialtais i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.

Mar fhocail scoir, guím gach rath ar Sheachtain na Gaeilge 2025 agus tá súil agam go mbainfidh gach duine sásamh as a bhfuil de Ghaeilge acu a úsáid inniu le linn na seachtaine seo agus go deimhin le linn na bliana amach romhainn.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach go dtí Seanad Éireann agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le Seachtain na Gaeilge. Cathain a mholann Treoraí an Tí go dtiocfaidh Seanad Éireann le chéile arís?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag 2.30 p.m. ar an 19 Márta.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Cuireadh an Seanad ar athló ar 2.15 p.m. go dtí 2.30 p.m., Dé Céadaoin, an 19 Márta 2025.

The Seanad adjourned at 2.15 p.m. until 2.30 p.m., on Wednesday, 19 March 2025.