Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Laura Harmon (Labour) | Oireachtas source

Is as Baile Bhuirne mé ó dhúchas i gContae Chorcaí ach tá mé i mo chónaí i gcathair Chorcaí. Rinne mé mo bhunoideachas agus mo mheánoideachas trí Ghaeilge. Fós, caithfidh mé cleachtadh a dhéanamh. Tá mo Ghaeilge saghas meirgí. Tá mé an-bhródúil as m'áit dhúchais. Rugadh Seán Ó Riordáin, an Ríordánach, i mBaile Bhuirne. Tá sé ar dhuine de na filí is fearr sa bhfichiú haois.

Maidir leis an nGaeilge agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, aontaím go láidir leis na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge agus ba mhaith liom caint faoi sin. Tá géarchéim mhaoinithe in earnáil na Gaeilge sa tír seo. Maidir le hinfheistíocht, ba chóir go gcuirfear ar a laghad maoiniú breise de €20 milliún atá á lorg ag 130 grúpa áitiúil agus náisiúnta sa phlean fáis agus infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Freisin, ba chóir go ndéanfar maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a ardú ina iomlán go 0.4% de chaiteachas an Stáit sa chéad chúig bhliain eile freisin.

Maidir leis an gcóras oideachais sa tír seo, ba chóir go mbeadh forbairt ar pholasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal. Chuige sin, ba chóir go mbunófar grúpa saineolach den Rialtas chun an polasaí seo a fhorbairt agus go mbunófar freisin polasaí ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do theangacha le gach céim den chóras a nascadh le chéile. Ba chóir freisin go bhforbrófar cúrsaí sa bhreis ar an tríú leibhéal do thraenáil múinteoirí le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí sna scoileanna freisin agus go bhfeidhmeofar plean leis an líon daltaí a fhreastalaíonn ar an oideachas lánGhaeilge a mhéadú ó 6% go 20% laistigh de 20 bliain. Ba chóir go bhforbrófar plean lena chinntiú go mbeidh 5% de chúrsaí tríú leibhéal ar fáil as Gaeilge. Faoi láthair, tá níos lú ná 1% acu ar fáil i nGaeilge sa Stát seo.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír seo agus géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht freisin. Tá an staid tithíochta reatha sa Ghaeltacht tagtha go pointe éigeandála le cúpla bliain anuas, idir cead pleanála a dhiúltú do dhaoine áitiúla agus ganntanas tithe ar fáil ar cíos go fadtéarmach freisin. Le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht, tá Conradh na Gaeilge ag lorg na gealltanais seo a leanas: go dtabharfar an cumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir mhaoiniú reatha agus chaipitil, d’Údarás na Gaeltachta chun rannóg tithíochta a bhunú le cur ar a chumas talamh a cheannach agus cead pleanála a fháil freisin; go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a thionscnamh chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht; agus go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Maidir leis na meáin chumarsáide, tá gá le níos mó infheistíochta i TG4 i gcomhair stáisiún raidió Gaeilge don aos óg, agus molaim freisin, dá réir, go gcuirfear an maoiniú agus an tacaíocht chuí ar fáil do Raidió Rí-Rá le go mbeidh sé ar fáil ar FM go lánaimseartha lena chinntiú go mbeidh rochtain ag an aos óg ar an stáisiún sin pé am sa lá agus pé áit sa tír nuair is mian leo éisteacht leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.