Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Nicole Ryan (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is onóir mhór dom é seasamh anseo le linn Seachtain na Gaeilge. Is teanga beo bríomhar pobail í an Ghaeilge ach tá an Ghaeltacht i ngéarchéim. Tá teaghlaigh ag streachailt lena gcuid leanaí a thógáil trí Ghaeilge. Tá oibrithe á bhrú amach de bharr géarchéim tithíochta agus tá ag teip ar sheirbhísí poiblí oibriú i nGaeilge in ainneoin dualgais reachtúla. Leagann Acht na Gaeltachta, 2012 amach mar dhualgas go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil i gceantair Gaeltachta go hiomlán trí Ghaeilge. Tá dualgas reachtúil ar An nGarda Síochána seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Gaeltachta; ach níl ach garda amháin as gach triúir i stáisiúin Gaeltachta inniúil ar an nGaeilge. Níor fhoilsíodh treoirlínte pleanála Gaeltachta, a bhí geallta in 2021, go fóill. Níl ach timpeall 20% de theaghlaigh Gaeltachta ag tógáil a gcuid leanaí trí Ghaeilge, ach fós fuair an Rialtas réidh le scéim labhairt na Gaeilge a thacaigh leo.

Faigheann TG4 i bhfad níos lú maoiniú ná RTÉ nó fiú a chomhghleacaí Breatnach, S4C. Tá easpa maoiniú ag cur bac roimh dheiseanna do scríbhneoirí, grúpaí drámaíochta agus ceoltóirí. Caithfidh muid maoiniú a thabhairt ar ais do na healaíona Gaeilge, cearta teanga a chur i bhfeidhm agus an plean fáis don Ghaeilge a chur i gcríoch. Tá 11 chontae gan Gaelcholáiste ar bith agus níl foirgneamh buan ag 39% de Ghaelscoileanna. Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí atá tar éis polasaí cuimsitheach oideachais don Ghaeilge a fhoilsiú, ag cinntiú nach bhfuil an Ghaeilge ina ábhar scoile amháin ach ina theanga don ghnáthshaol laethúil. Caithfidh muid maoiniú a mhéadú, teaghlaigh Gaeltachta a chosaint, cearta teanga a chur i bhfeidhm, agus cinntiú ní hamháin go maireann an Ghaeilge ach go mbeidh sí in ann bláthú. Is le gach duine an Ghaeilge agus ba cheart go ndéanfaidh muid troid ar a son, í a chosaint agus í a fhás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.