Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is mór an trua nach bhfuil an tAire sinsearach anseo ach tá a fhios agam go rudaí le déanamh aige. Is mór an trua é sin. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aige sa phost agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis, agus leis an Aire Stáit freisin.

Ar dtús báire, tá mé fíor-bhuíoch don eagraíocht, Gael Linn, a thug ainmniúchán dom le bheith ina iarrthóir don Seanad ar an bpainéal cultúir agus oideachais. Is í príomhaidhm na heagraíochta sin ná an Ghaeilge agus an oidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimse polasaí agus pobail mar theanga bheo.

Mar iarAire Stáit na Gaeltachta, tuigim go bhfuil fadhb ollmhór maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge. I mo dara tréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta, bhí an Tionól sa Tuaisceart ar fionraí. Ní raibh muid in ann aon dul chun cinn a dhéanamh dá bharr. Is í tuairim Chonradh na Gaeilge go bhfuil struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge bríste. Tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas seo sásta an struchtúr a athrú. An gceapann an tAire Stáit go mbeidh an Rialtas in ann chuige? B’fhéidir go mbeidh sé in ann an cheist agus na moltaí sin a chur ar aghaidh chuig an Aire sinsearach.

Tá a fhios agam go bhfuil chuile dhuine, lena n-airítear an Rialtas, an Roinn, na heagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile, ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo. Níl sé féaráilte d’Fhoras na Gaeilge mar níl na hacmhainní aige chun a chuid oibre a dhéanamh trasna an oileáin. Teastaíonn athrú ar an struchtúr maidir leis an gcéatadán airgid atá muid ag íoc ar an mbuiséad idir Thuaidh agus Theas. Caithfidh muid déileáil leis sin chomh luath agus is féidir linn. Tá sé ag teastáil go géar. Tá níos lú airgid ag Foras na Gaeilge inniu, timpeall €17 milliún, ná mar a bhí acu in 2002, nuair a thógtar an ráta boilscithe san áireamh. Tá an buiséad corraithe 45% le 20 bliain anuas. Níl sé sin féaráilte ná ar mhaithe le leas na teanga.

Maidir le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht, tréaslaím an obair atá déanta ag an ngrúpa BÁNÚ le bliain go leith anuas. Is grúpa nua é atá ag cur na bhfadhbanna agus na gceisteanna maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht chun cinn. Bhí cruinniú aige in Indreabhán i gConamara Dé Domhnaigh seo chaite, áit ar pléadh na ceisteanna práinneacha maidir le tithíocht agus pleanáil. Bhí mé i láthair ag an gcruinniú sin agus bhí slua maith ann, idir daoine óga is daoine áitiúla, agus polaiteoirí áitiúla freisin. De réir na bhfigiúirí ón stiúrthóir pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe, tá an ráta d’iarratais pleanála atá ceadaithe an-ard, thart ar 85%. Tá sé sin go maith. Ar an talamh, áfach, go mór mór i gConamara, bíonn fadhbanna maidir le hiarratais pleanála atá diúltaithe faoi dhó nó faoi thrí. Níl treoirlínte pleanála nua faoin tuath againn. Tá a fhios agam go bhfuil sé clúdaithe sa chlár Rialtais go mbeidh treoirlínte nua don Ghaeltacht, go bhfoilseofar iad i rith an Rialtais seo agus go mbeidh ról díreach ag an Aire sinsearach maidir leis na rialacha sin. Theastógaí go mbeadh ról láidir ag an Aire sinsearach sna rialacha sin agus go mbeadh sé ag plé na ceiste tábhachtaí seo leis an Aire tithíochta.

Tá ról ag Údarás na Gaeltachta sa chlár Rialtais maidir le cúrsaí tithíochta, agus cuirim fáilte roimh sin.Bhí sé i manifestos Fhine Gael agus Fhianna Fáil agus tháinig an dá ceann le chéile sa chlár Rialtas a fhoilsíodh. Tá an t-údarás ar an talamh, mar a deirtear, sna Gaeltachtaí. Tá oifigigh agus feidhmeannaigh de chuid an údaráis ag obair ar son muintir na Gaeltachta chuile lá. Tá taithí ag an údarás ag tógáil infreastruchtúr mhór cosúil le fiontar tráchtála. I dtuairim an tAire Stáit nó an tAire sinsireach, cén sórt ról a bheidh ag an t-údarás i gcúrsaí tithíochta? An mbeidh ról díreach aige? An mbeidh sé sásta an ról a fhágáil don chomhairle chontae ach go mbeidh comhoibriú idir an dá eagraíocht, nó an mbeidh sé ag tógáil tithe do chainteoirí Gaeilge é féin? Sin iad na ceisteanna tábhachtacha. Pléadh an cheist seo ag cruinniú leis an bpríomhfheidhmeannach de Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na feidhmeannaigh sinsearacha i rith an tseachtain. Bhí mé ar líne ach bhí mé i láthair ag an gcruinniú, agus mhol mé go mba cheart cruinniú a eagrú idir an t-údarás agus Uisce Éireann maidir le seirbhísí uisce agus séarachais. Is bunrud é chun tithe a thógáil go mbeadh an t-infreastruchtúr ann.

Le 15 nó 20 bliain anuas tá dul chun cinn suntasach déanta i nGaillimh maidir le cúrsaí séarachais. Tá a lán scéimeanna séarachais oscailte anois i nGaillimh i gcomparáid le 2004 nuair a chuaigh mé isteach ar an gcomhairle chontae don chéad uair. Ag an am sin, fuair muid liosta mór de chuile áit i nGaillimh nach raibh seirbhís séarachais aige, ach bhí beagnach chuile áit ar an liosta. Tá dul chun cinn déanta ó shin. Le déanaí tá scéimeanna nua ar an Spidéal, in Uachtar Ard, ar an gClochán, in Áth Cinn, san Fhairche, ar an Líonán, i Leitir Fraic, i mBaile Chlár na Gaillimhe, in Milltown, i gCinn Mhara agus in áiteanna eile. Teastaíonn níos mó. Tá a fhios againn go bhfuil pleananna acu i gCloch na Rón agus ar an gCeathrú Rua ach níl an suíomh feiliúnach. Níl siad in ann aon dul chun cinn a dhéanamh mar gheall nach bhfuil an suíomh atá ainmhithe acu feiliúnach chun scéim séarachais a thógáil. Cruthaíonn sé fadhbanna don phríomhbhaile i gcroílár Ghaeltacht Chonamara nuair nach bhfuil daoine in ann tithe a thógáil. Is rud bunúsach é seo agus muid ag plé ceisteanna tithíochta agus ag iarraidh deiseanna a thabhairt do dhaoine tithe a cheannach ar phraghas réasúnta nó tithíocht shóisialta a fháil. Teastaíonn infheistíocht trasna na Gaeltachta agus teastaíonn comhoibriú idir an comhairle chontae, an t-údarás agus Uisce Éireann. Tá sé fíorthábhachtach go leanaimid ar aghaidh leis an obair sin in áiteanna eile, cosúil leis an Tulach ina bhfuil TG4 lonnaithe. Tá a lán rudaí sna háiteanna seo - scoileanna, séipéil, tithíocht shóisialta, tithíocht do dhaoine aosta agus eástáit tionsclaíochta agus forbartha - ach níl scéimeanna séarachais acu. Chabródh scéimeanna den chineál seo leis an mbunphrionsabal atá i gceist agam; sé sin, go bhfuil seirbhísí bunúsacha de dhíth chun na tithe atá ag teastáil a thógáil.

Tá a fhios agam go bhfuil polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal foilsithe ag a lán grúpaí, ina measc Gael Linn, Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an ASTI, Údarás na Gaeltachta. Labhraíonn siad faoin mhúinteoireacht, mar shampla agus iad ag maíomh go mbeadh soláthair mhúinteoirí agus tacaíocht do mhúinteoirí san áireamh sa pholasaí. Dar leo, tá sé tábhachtach go gcuirfí tacaíochtaí agus acmhainní na Roinne ar fáil i gcomhar leis na hinstitiúidí oiliúna tosaigh múinteoirí agus soláthróirí oiliúna eile le cinntiú go bhfuil dóthain múinteoirí cumasacha agus cáilithe ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar agus chun ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge. Cé go bhfuil cumas teanga ag leibhéal B2.2 luaite faoi láthair mar bhunriachtanas do dhaoine atá ag iarraidh cláru leis an gComhairle Múinteoireachta mar mhúinteoirí Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní mór an riachtanas seo a sháineadh i measc na scileanna éagsúla teanga agus é seo chur i bhfeidhm i mbealach críochnúil. Tá an pholasaí sin suimiúil. Tá go leor rudaí molta ag eagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí oideachais. Caithfimid na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis na rudaí tábhachtacha seo ar son na Gaeilge. Is gá dúinn na polasaithe cearta a chur i bhfeidhm ar son mhuintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.