Seanad debates
Thursday, 6 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
2:00 am
Joe Conway (Independent) | Oireachtas source
Ba mhaith liom aontú leis na rudaí atá ráite cheana. Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, agus é tagtha isteach anseo agus é ag labhairt Gaeilge álainn. Sin a chuala mise ar aon nós.
Mar dhuine úr sa Teach seo, táim thar a bheith sásta le cúpla seachtain anuas a leithéid de Ghaeilge a chloisteáil sa tSeanad seo. Creidim go bhfuil sé ceart agus cóir don Teach seo a bheith bródúil as an leibhéal seo d’úsáid na Gaeilge. Tá súil agam go leanfaidh sé seo agus go gcothóidh sé seasamh agus staid na Gaeilge inár saol parlaiminte.
Gabhaim fíorbhuíochas le baill Údarás na Gaeltachta a thug a n-ainmniúchán dom le dul san iomaíocht i dtoghchán an tSeanaid le déanaí. Bhí mé i mo chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta go dtí deireadh na bliana seo caite agus bhí mé mórpháirteach ina chuid oibre. Gabhaim buíochas go hoifigiúil le baill Údarás na Gaeltachta as a gcuid muiníne agus as an díograis a thaispeánann siad ina gcuid oibre gan stad ar son pobal na Gaeltacha agus na Gaeilge araon.
Ar feadh ceithre bliana ó 2006 go dtí 2010, bhí sé de phribhléid dom ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn i DARE, sé sin comhairle na n-údaráis áitiúla i gComhairle na hEorpa i Strasbourg. Thug sé seo léargas géar dom ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, the European Charter for Regional or Minority Languages. Shínigh Rialtas na Breataine an chairt sin in 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2001. De réir Páirt 17 den chairt sin, ceanglaítear Rialtas na Breataine chun tuarascáil a sholáthar gach uile trí bliana ar an bplean atá á shaothrú aige agus ar na socraithe atá leagtha síos aige de réir na cairte maidir leis an nGaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Ó shíníodh na cairte, tá an grúpa idir-rannach, is é sin an interdepartmental charter implementation group, ICIG, sa department for communities, ag obair chun cabhrú le lucht riarachán phoiblí sa Tuaisceart a ndualgais chairte a chomhlíonadh. Tá ionadaithe ag an ICIG ó gach Roinn i dTuaisceart na hÉireann agus ó gach Roinn de chuid Whitehall a fheidhmíonn i dTuaisceart na hÉireann.Is dócha go bhfuil an Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann ag obair ar aghaidh le polasaithe comhionannais don Ghaeilge a chur chun cinn, ach tá a ladar curtha isteach ag páirtithe agus daoine aonair atá toilteanach an Ghaeilge a úsáid mar bhata i saghas cogaidh chultúrtha. Ní hionann é seo is a rá go bhfuil an doicheall sin á thaispeáint ag na gnáthPhrotastúnaigh i dTuaisceart na hÉireann, nó in aon áit, faoin Ghaeilge. Leanann an chuid is mó dóibh an traidisiún éirimiúil a bhí ag daoine cosúil le Samuel Ferguson, Dubhghlas de hÍde, agus inár laethanta féin, George Otto Simms. Tá an traidisiún sin fós beo go fóill mar thug mé faoi deara an tseachtain seo chaite go bhfuil iris nua foilsithe ag deoise Tuama, Luimnigh agus Chill Dalua de chuid Eaglais na hÉireann, dar teideal Dea-Scéala. Tá ailt dheasa i nGaeilge istigh inti. Mar sin, is féidir an teanga a úsáid mar nasc idir ár ndaoine in áit í a úsáid mar thua chultúrtha.
Chaith mé tromlach mo shaoil ag múineadh i mbunscoil. Ó d’fhág mé an seomra ranga in 2005, áfach, bhí mé ag obair go leanúnach le hoiliúint a chur ar ábhair múinteoirí. Thug sé sin deis dom a bheith sa chéadta seomra thall is abhus sa tír seo ag féachaint ar theagasc ár n-ábhar, an Ghaeilge san áireamh. Chun an pictiúr is fearr a dhéanamh de, tá teagasc na Gaeilge i bhformhór ranganna, mar a fheicim, lochtach ar leibhéal amháin nó eile. Go ginearálta, is í líofacht íseal na múinteoirí sa Ghaeilge is cúis leis an chuid is mó de. Is é an grád C ar ardleibhéal atá riachtanach le dul isteach sna coláistí oiliúna ach tá ag éirí le cuid mhaith daoine an grád C a bhaint amach de dheasca ranganna breise nó grind schools. Faigheann siad an grád ach ní an líofacht. Tá an cumas úsáide in easnamh ansin. Ní féidir linn an Ghaeilge a aththógáil inár mbunscoileanna nuair atá cuid mhór den lucht teagaisc neamhlitrithe ó thaobh fheidhmiú na teanga de. Is dúshlán ollmhór é seo don Roinn Oideachais, do na coláistí agus, go deimhin, dúinn mar reachtóirí. Caithfidh muid a bheith ag cur na ceiste crua, cén fáth a bhfuil muid ag infheistiú i ndeich mbliain de Ghaeilge éigeantach ar scoil ach nuair a chuireann tú ceist shimplí ar pháiste 14 bhliain d’aois nó mar sin, féachann sé nó sí ort mar a bheadh sé nó sí lámhaite. The really existential question for Gaeilge is the quality of teaching in the primary schools.
Tá stair na dteangacha Ceilteacha le 200 bliain anuas ina scéal faoi streachailt, dúshláin, meath agus lánmhúchadh. Mar shampla, tá an Choirnis, Cornish, agus an Mhanainnis, Manx, beagnach imithe as an saol. Tá an Gàidhlig, an Ghaeilge, an Bhriotáinis agus an Bhreatainis ag streachailt in aghaidh beatha teanga móire, an Bhéarla, mar a bhíonn i gcónaí. Má tá seans ann go mbeidh muid in ann meath na teanga a cheartú i ngnáthscoileanna náisiúnta, beidh gá le hathrú bunúsach a dhéanamh ar mhúnla an oideachais teanga atá in úsáid go forleathan faoi láthair. Más é an cás go bhfuil cuid suntasach na múinteoirí i mbunscoileanna neamhlitrithe go feidhmiúil sa Ghaeilge, agus tá mé beagnach cinnte gurb é sin an cás, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i múinteoirí speisialta don Ghaeilge agus infheistiú i bhfad níos leithne a dhéanamh i scoileanna lán-Ghaeilge chun an líon seo a ardú, b’fhéidir, ó 6%, mar atá ann faoi láthair, go dtí 20% sna blianta amach romhainn.
Mar fhocail scoir, is mian liom gach rath a sheoladh chuig gach dream agus duine atá cromadh ar an obair ar son ár dteanga dúchais. Tá sé de dhualgas orainn an teanga sin a mhúineadh do na glúnta atá le teacht le moladh, bolscaireacht agus le reachtaíocht fhorásach sna Tithe Parlaiminte seo.
No comments