Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Shane Curley (Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a dúirt an Cathaoirleach Ghníomhach, níor chóir don Aire Stáit a bheith róchrua air féin. Tá an-Ghaeilge aige agus rinne sé iarracht. Is é sin an rud is tábhachtaí, sé sin go bhfuil sé feiceálach agus é ag úsáid na Gaeilge. Gabhaim buíochas leis as ucht a bheith anseo.

I bhFianna Fáil, tá áit thar a bheith lárnach ag an teanga in ár gcomhdhéanamh mar pháirtí agus inár stair mar pháirtí. Ní gá ach féachaint ar an méid infheistíochta a rinneamar thar na mblianta nuair a bhí an Roinn againn agus feicfear go bhfuilimid dáiríre faoin dteanga agus go bhfuil sí lárnach inár ndearcadh mar pháirtí. Fáiltím roimh go leor den mhéid atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, atá á lainseáil anois. Luaim go háirithe an scéim earcaíochta nua atá ann. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Níl na hoibrithe againn sa tír trasna na Ranna difriúla agus tá sé tábhachtach go bhfuil an fhoráil sin ann. Freisin, tá na baill foirne breise a roghnófar go luath chun an scéim a rolláil amach an-dearfach freisin. Fáiltím freisin le toghcháin dhíreacha Údaráis na Gaeltachta a thabhairt ar ais. Tá sé sin dearfach freisin agus gabhaim buíochas leis an Roinn as sin.

Is múinteoir Gaeilge mé. Is é sin an rud a rinne mé sular toghadh mé le dul go dtí an Seanad. Táim lándáiríre faoin dteanga. Bhí sé deacair mar mhúinteoir Gaeilge an teanga a spreagadh i measc na bpáistí a bhí agam. An cheist is coitianta a iarradh orm ná “Sir, céard é an pointe an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén fáth go bhfuilimid ag foghlaim Gaeilge?” An rud is dearfaí a fheicim anois in Acht na dTeangacha Oifigiúla nua ná go mbeidh ar 20% de na hoibrithe a roghnófar san earnáil poiblí a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach domsa. Freagraíonn sé an cheist a iarradh orm chuile lá ar scoil. Anois beidh 20% de na daoine a roghnófar in ann, nó beidh orthu, Gaeilge a labhairt. Tá sé sin an-dearfach freisin.

Ní raibh mo thaithí mar mhúinteoir sa seomra ranga dearfach, áfach. Ceapaim go bhfuil páistí ag iarraidh taithí iomlán difriúil sa seomra ranga. Ní gá ach féachaint ar an dearcadh atá ag an NCCA i leith na teanga chun a thuiscint go mbeidh deacrachtaí againn. Tá sé tar éis an méid marcanna atá ar fáil don scrúdú béil san ardteist a laghdú san ardteist nua. Sa dréacht don ardteist nua sa Ghaeilge, tá méid na marcanna atá ar fáil don scrúdú béil á laghdú. Tá sé sin náireach. Más féidir leis an Aire Stáit rud amháin a dhéanamh inniu, b’fhéidir go rachadh sé ar ais agus labhairt leis an Aire sinsearach freisin agus go labhródh an bheirt Aire leis an NCCA maidir leis sin. Ní fheicim cén fáth go rinne an NCCA é sin. Ní dhéanann sé aon chiall. D’athraigh sé rudaí chun an Ghaeilge a spreagadh ach tá sé chun a mhalairt a dhéanamh. Ní thuigim é sin.

Mar fhocal scoir, tháinig an tAire Stáit chuig an Seanad inniu agus rinne sé iarracht an Ghaeilge a labhairt. Táimid i lár Seachtain na Gaeilge. Rud a deirim le chuile dhuine sa seomra, agus na daoine nach bhfuil anseo a fhéachfaidh ar an óráid seo ina dhiaidh, ná úsáidigí an Ghaeilge. An chéad rud a chuir mé ar gach balla i ngach seomra áit a mhúin mé Gaeilge ná: "Tá Gaeilge bhriste níos fearr ná Béarla cliste". Molaim do dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid, iarracht a dhéanamh agus a bheith feiceálach agus iad á húsáid. Tá sé an-dearfach gur tháinig an Aire Stáit anseo inniu agus go rinne sé iarracht seasamh os ár gcomhair agus Gaeilge a labhairt. Tá sé sin an-dearfach agus cuireann sé an teachtaireacht cheart amach. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.