Seanad debates

Thursday, 6 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:00 am

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach Gníomhach as ucht an post nua a fháil. Tá brón ar an Aire, an Teachta Calleary, nach bhfuil sé anseo. Tá sé in easnamh. Mar Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, fáiltím roimh an deis labhairt leis an Seanad le linn Sheachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid é dúinne sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr atá ag croílár an phobail anseo in Éirinn pé áit ar fud an oileáin ina bhfuilimid. Tuigimid uile cé chomh tábhachtach atá sé don Stát infheistíocht a dhéanamh sa teanga chun a chinntiú go mbeadh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Chuige sin, tuigimid cé chomh tábhachtach atá sé reachtaíocht agus polasaithe cuí a bheith againn agus a chinntiú go ndéanfar feidhmiú de réir na reachtaíochta agus polasaithe á gcur i bhfeidhm.

Bhain an Rialtas deireanach mórán amach agus tá an Rialtas seo tiomanta do thacú leis an obair mhaith atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus a phobal labhartha ag gach leibhéal. Léiríonn an chistíocht mhéadaithe atá curtha ar fáil ag an Stát don Ghaeilge agus don Ghaeltacht arís i mbliana, ar fiú €106 milliún í, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Is ardú de €6 milliún ar chiste na bliana seo caite é sin.

Tá clár Rialtas uaillmhianach againn i leith na teanga agus beidh muid ag obair i dtreo na spriocanna seo a bhaint amach. Mar Aire Stáit, táim freagrach as an nGaeltacht agus an Ghaeilge. Tá an tAire, an Teachta Calleary, ag obair ar na hoileáin agus ar an nGaeltacht freisin. Táim an-sásta an fhreagracht seo a iompar. Tá a fhios againn go raibh sé sin á éileamh ag pobal na Gaeilge le roinnt blianta agus tá sé tábhachtach domsa go pearsanta chomh maith. Tá suim ar leith agam sa Ghaeilge agus go háirithe i bpobal na Gaeltachta agus pobal na teanga, mar a deirim, ar fud an oileáin. Níl mórán Gaeilge agam ach táim ag déanamh cleachtaidh agus í a athfhoghlaim an t-am go léir. Tá mo Roinn ag tabhairt tacaíochta d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun a gcuid oibre a dhéanamh. Tacófar leis an oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus breathnóidh an Rialtas ar bhealaí chun dul i ngleic leis na dúshláin phleanála, tithíochta agus bhonneagair sna ceantair Ghaeltachta. Tá mo Roinn agus an Roinn Oideachais ag obair go dlúth le chéile ag léiriú tiomantas an Rialtas seo don teanga.

Tá mórán infheistíochta á dhéanamh ag an Stát i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail cheana féin agus, dá thoradh sin, tá go leor oibre ar bun i measc an phobail i bhforbairt na teanga ar fud an oileáin. Ní féidir an infheistíocht sin a shéanadh. Ní ar mo Roinn amháin a luíonn an fhreagracht an Ghaeilge a bhuanú mar theanga phobail ach ar gach Roinn eile; mar shampla, an Roinn Oideachais, mar a luaigh mé. Tá an próiseas pleanála teanga i gcroílár na hoibre seo. Tá dul chun cinn mór déanta ag an bpróiseas ó cuireadh tús leis. Inniu, tá 26 limistéar pleanála teanga chomh maith le cúig líonra Gaeilge agus naoi mbaile seirbhíse Gaeltachta i mbun oibre.

Chomh maith leis an maoiniú bliantúil a chuireann mo Roinn ar fáil ón gciste d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga, cuirtear cistíocht ar fáil dá réir do roinnt eagraíochtaí eile, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta ina measc, chun cur ar a gcumas tacaíochtaí praiticiúla breise a chur ar fáil ar leas an phróisis. Tá obair fhíorthábhachtach á déanamh ag na heagraíochtaí seo agus méadú mór tagtha ar an maoiniú airgid atá ar fáil dóibh ar mhaithe lena gcuid seirbhísí a leathnú amach do na limistéir pleanála teanga go léir. Is scéim fhíorthábhachtach eile é scéim na gcúntóirí teanga, atá leathnaithe amach go dtí na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí le cúpla bliain anuas. Is scéimeanna fíorthábhachtacha iad seo a oibríonn ó lá go lá ar an talamh i measc an phobail. Sna blianta amach romhainn, beifear ag tabhairt tús áite don obair chun seirbhísí óige sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a leathnú amach ar bhonn lárnach, rud atá á éileamh le fada anois. Ar ndóigh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis infheistíocht inár n-óige, an chéad ghlúin eile.

Agus muid ag caint ar an bpleanáil teanga, táthar ag caint ar phobal an oileáin uile agus ar an gcomhoibriú eadrainn go léir ar an oileán agus muid ag buanú agus ag neartú ár bpobal tríd an teanga. Bunaíodh Foras na Gaeilge breis is 25 bliain ó shin mar cheann d'áisíneachtaí an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá mórán bainte amach ag Foras na Gaeilge le linn an ama sin agus gabhaim buíochas leis as a cheannaireacht ghníomhach agus é i mbun a chuid oibre ag buanú agus ag forbairt na Gaeilge mar theanga phobail ar fud an oileáin. Ar ndóigh, baineann dúshláin leis an struchtúr Thuaidh-Theas ach caithfear a rá, ar an iomlán, go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta ó bunaíodh an foras. Beidh mé ag súil gur féidir leanúint leis an dul chun cinn sin faoin Rialtas seo.

Is ceann de na nithe is suntasaí faoin gcóras pleanála teanga é an ról nua a tugadh d'Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta. Is réimse mór oibre sa bhreis ar na cúraimí traidisiúnta a bhíodh ar an údarás é seo ach tá rólanna an údaráis anois fite fuaite lena chéile. Chun tacú leis an údarás san obair atá ar siúl aige agus ag na hoifigigh pleanála teanga le húsáid na Gaeilge a spreagadh i measc lucht gnó sa Ghaeltacht, cheadaigh mo Roinn maoiniú don údarás le linn na bliana le dhá chlár nua tacaíochta trí-bliana a fhorbairt agus a sholáthar i mbliana.

Ar ndóigh, tá mórán scéimeanna tacaíochta don phobal teanga á chur ar fáil ag mo Roinn dár gcéad ghlúin eile, cúntóirí teanga, clár na gcluichí Gaelacha, clár aclaíochta agus spóirt agus scéim na gcampaí samhraidh ina measc. Is scéimeanna iad seo a thacaíonn le foghlaimeoirí agus le cainteoirí baile araon. Léiríonn na scéimeanna arís an comhoibriú le Roinn Stáit eile, an Roinn Oideachais sa chás seo. Gan dabht, léiríonn scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, atá ar bun le breis is 50 bliain, é sin.Léiríonn figiúirí na Roinne gur ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí ag coláistí Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an bhliain seo caite. Mar aon le bearta eile, beidh níos mó ná €6 mhilliún á infheistiú ag mo Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Is infheistíocht shuntasach í sin.

Cuireadh tús leis an scéim DEIS Gaeltachta in 2019, sé sin scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, agus i mbliana ceadaíodh ciste €900,000 chun an scéim a leathnú amach. Beimid ag súil go mbeidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as na hiarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht. Creidim gur deis iontach í seo d'óige na tíre.

Mairimid inniu sa ré digiteach agus ní mór do phobal na Gaeilge feidhmiú sa ré nua seo; ré dúshlánach do phobail teanga ar nós pobal na Gaeilge. Chuige seo, d'fhoilsigh an Rialtas plean digiteach don Ghaeilge i mí na Nollag 2022 le go mbeadh pobal na teanga in ann feidhmiú go héifeachtach sa ré nua seo. Tá sé mar aidhm ag an bplean leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus digiteacha chun tacú le húsáid na Gaeilge ar ardáin dhigiteacha éagsúla, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, áiseanna oideachais, áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus uirlisí digiteacha eile.

Forbairt eile fíorthábhachtach is ea an straitéis d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge 2024-27, a foilsíodh anuraidh. Cuirfidh an straitéis seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe nuair a bheidh na moltaí atá inti curtha i bhfeidhm. Tá infheistíocht mhór á déanamh againn freisin in Oireachtas na Gaeilge chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a threisiú agus a chur chun cinn.

Agus sinn ag caint anseo le linn Sheachtain na Gaeilge, ní mór dúinn smaoineamh ar an nua-Éireannaigh nó na daoine éagsúla atá ag teacht chun maireachtáil inár measc. Tacaíonn mo Roinn leis an bpobal seo tríd an scéim Céad Míle Fáilte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.