Seanad debates
Thursday, 6 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
2:00 am
Jerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Ghníomhach. Tá an Ghaeilge go flúirseach aici. Déanaim comhghairdeas le gach Ball a bhí páirteach sa díospóireacht iontach seo. Cloisim gach Seanadóir agus na smaointe a roinn siad liom. Tá an ceart ag Senator Higgins go bhfuil Raidió na Life go hiontach agus tá na hamhráin agus an ceol ar Raidió na Gaeltachta ar fheabhas ar fad freisin. Caithfidh mé a rá gur breá an rud é dom deis a bheith agam labhairt leis an Teach i dteanga na tíre seo agus teanga atá á labhairt, á foghlaim agus á ceiliúradh i mórán áiteanna ar fud an domhain agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge.
Ar ndóigh, mar Aire Stáit atá freagrach as forbairt pobal, tuigim an dlúthcheangal idir forbairt an phobail agus forbairt na teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud an oileáin. Cuireadh tús le Gaeltarra Éireann, mar a dúirt mé, in 1957 agus tháinig Údarás na Gaeltachta ina dhiaidh sin in 1980 chun deiseanna forbartha agus fostaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Cloisim an méid a dúirt an t-iarAire Stáit agus é ag caint mar gheall ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta agus cuirfidh mé na smaointe sin ar aghaidh chuig an Aire sinseartha.
Creidim féin gur forbairt phobail atá ar bun againn go fóill tríd an gcóras pleanála teanga. Tá infheistíocht mhór déanta agus á déanamh ag an Stát i bpobal na Gaeilge ar fud na tíre; pobail á neartú, á mbuanú, á bhforbairt tríd an teanga, an Ghaeilge. I mo cheantar nó mo chathair féin, cathair Chorcaí - cosúil le seisear ball sa Teach inniu, na Seanadóirí Lynch, Cosgrove, Harmon, Ryan agus Murphy O’Mahony - tá agus bíonn a lán rudaí ar siúl ó thaobh na Gaeilge, ní hamháin sa chathair féin ach sa cheantar máguaird freisin. Ar ndóigh, tá cáil na teanga ar Chorcaigh de bharr a chóngaraí is atá sé de cheantar Gaeltachta Mhúscraí agus Oileán Chléire, agus go deimhin Gaeltachtaí eile na Mumhan, idir Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus Gaeltacht na nDéise sa Rinn.Tá an Rialtas seo tiomanta a chuid a dhéanamh ar son na teanga don chainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, sa bhaile seirbhíse, sa líonra Gaeilge agus go deimhin in aon áit ar fud an oileáin seo.
Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na bearta éagsúla atá ag teacht as an Acht sin. Beart an-phraiticiúil agus an-tábhachtach, dar liom, is ea gréasán Ghaeilge na nearnála poiblí. Forbairt pobail is ea é seo, pobal na seirbhíse poiblí agus, mar a dúirt mé, ba chóir dúinne go léir a bheith ag spreagadh ár bhfoirne clárú leis an ngréasán seo. Is as seo a fhásfaidh deiseanna dóibh an teanga a úsáid ina gcuid oibre, mar a dúirt an Seanadóir Flaherty, ó lá go lá agus is as a leithéid seo a thiocfaidh fás orthu sin a bheidh sásta freastal ar an bpobal ina rogha teanga.
Mar bhall den Rialtas agus mar Aire Stáit, beidh mé ag tapú gach aon deis a fhaighim an teanga a úsáid agus a chur chun cinn aon slí ar féidir liom. Tá spriocanna dúshlánacha sa chlár Rialtais ach creidim go mbeidh an Rialtas seo in ann na spriocanna sin a bhaint amach nó a chur i bhfeidhm. Bhí díospóireacht anseo sa Dáil inné maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. Thug an rún seo deis do Theachtaí Dála plé a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa chóras oideachais le blianta beaga anuas i dtaobh na Gaeilge de.
Is teanga bheo í an Ghaeilge a bhfuil pobal beo labhartha aici. Tá an Rialtas ag iarraidh an pobal sin a bhuanú agus a neartú tríd an infheistíocht go léir agus an chistíocht a chuirtear ar fáil. Aithním, agus aithníonn na hAirí, na Teachtaí McEntee agus Calleary, go bhfuil tuilleadh dul chun cinn le déanamh sa réimse seo agus go bhfuil dúshláin os ár gcomhair, ach caithfear a admháil go bhfuil an-chuid bainte amach againn ar gá a aithint agus creidiúint a thabhairt don obair sin go léir. Tá éacht déanta ag scoileanna Gaeltachta na tíre seo mar thoradh ar an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta ach tá obair fós le déanamh. Ar an mbonn sin, tá obair tosaithe ag an Roinn Oideachais i dtreo polasaí nua a fhorbairt. Tá taighde fadtréimhseach á chur i gcrích i láthair na huaire a bheidh mar bhonn eolais don pholasaí nua, agus tá oifigigh na Roinne i mbun plé leis na scoileanna le roinnt míonna anuas chun tús a chur leis an gcomhairliúchán cuí.
Tá mórán scéimeanna ag mo Roinn a thacaíonn agus a chuireann le obair na Roinne Oideachais sa chóras trí chéile. Cuireann scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge deiseanna breise foghlama agus saibhriú teanga ar fáil sna ceantair Ghaeltachta d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den gcóras oideachais. De réir fhigiúirí na Roinne, mar a dúirt mé, ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí d’fhoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Fágann sé seo tuairim is infheistíocht sa bhreis ar €6 mhilliún á dhéanamh ag mo Roinn san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sa bhreis air seo, ceadaíodh ciste €900,000 chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do scoláirí in iarbhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh seo romhainn. Faoin gciste breise atá ceadaithe, beidh níós mó ná 800 scoláire in aghaidh na bliana, mar a dúirt mé, as iarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis an bpolasaí nua don oideachas Gaeltachta, tá an Roinn Oideachais anois i mbun oibre ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Tá siad ag obair, chomh maith, ar phlean gnímh dhá bhliain a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, plean a bheidh le foilsiú i mbliana freisin.
Tá freagracht orainn go léir, gach Roinn de chuid an Rialtais agus gach ball den Oireachtas, ár gcuid a dhéanamh ar son na Gaeilge. Mar Aire Stáit, leanfaidh mé agus mo Roinn ag comhoibriú leis na Ranna Stáit go léir i leith na Gaeilge, ag cinntiú go n-éiríonn leis an Rialtas na spriocanna sa chlár Rialtais a chur i bhfeidhm. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus í á labhairt i measc an phobail, sna Gaeltachtaí agus in áiteanna eile ar fud na cathrach, na tíre agus na cruinne. Tá spriocanna sa chlár Rialtais i leith na teanga agus beidh mé ag obair agus ag comhoibriú le mo chomhghleacaithe Rialtais i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.
Mar fhocail scoir, guím gach rath ar Sheachtain na Gaeilge 2025 agus tá súil agam go mbainfidh gach duine sásamh as a bhfuil de Ghaeilge acu a úsáid inniu le linn na seachtaine seo agus go deimhin le linn na bliana amach romhainn.
No comments