Seanad debates
Wednesday, 11 March 2009
Irish Language: Statements
4:00 pm
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buÃochas leis an gCathaoirleach agus gach páirtà sa Seanad as ucht na dÃospóireachta seo a chur ar siul. Chomh maith leis sin, táim buÃoch dÃobh ar fad as ucht cuireadh a thabhairt dom bheith i láthair anseo tráthnóna. Mar PhrÃomh-Aoire an Rialtais, fáiltÃm an deis seo chun dÃospóireacht brÃomhar a bheith againn ar an nGaeilge agus ar thodhchaà na teanga. NÃl aon dabht ach ó thog sé an oifig, tá an Taoiseach, an Teachta Cowen, ag tabhairt sampla maith dúinn ar fad ó thaobh na Gaeilge a úsáid sna Tithe seo. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt chomh maith don dea-shampla a bhfuil daoine ar nós na Teachtaà Kenny, Gilmore agus à Caoláin, chomh maith le Seanadóirà éagsúla, ag tabhairt freisin. Tugann focail ár gceannairà muinÃn dúinn ar fad sa Dáil agus sa Seanad conas is féidir linn nÃos mo úsáid a bhaint as ár gcuid Gaeilge féin le linn na hoibre laethúil.
I dtús báire, ba mhaith liom a rá go gcreideann na páirtithe Rialtais go bhfuil rÃ-thábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is à mo thuairim agus tuairim an Rialtas gur acmhainn luachmhar à an Ghaeilge â acmhainn a féidir a threisiú agus a fhorbairt ar leas na tÃre. Is sa chomhthéacs seo, sÃlim, go bhfuil an rún os comhair an Seanad ag tabhairt tacaÃocht dúinn ar fad san obair atá ar siúl ó taobh na Gaeilge a chur chun cinn. Chomh maith leis an Ghaeilge a bheith againn mar sheoid chultúrtha, creidimid gur féidir an teanga a fhorbairt nÃos mó mar acmhainn eacnamúil. Tá mé cinnte gur feidir nÃos mó forbairt a dhéanamh ó taobh leithéidà turasóireacht cultúrtha agus Gaeltachta de. Tugann aitheantas don Ghaeilge san Eoraip deiseanna breise fostaÃochta i réimsà an aistriúcháin, na iriseoireachta agus na craolacháin. Thar aon nà eile, tugann sà deis dúinn teacht le chéile mar phobal teanga.
Nuair a bunaÃodh an Stát agus arÃs le 50 bliain anuas, is iomaà dul chun cinn atá déanta ag an teanga. Is féidir le gach Rialtas san am sin cuid den mholadh a thógaint don dul chun cinn sin. Ar ndóigh, i measc na buaicphointà a bhà ann don teanga sa 50 bliain sin tá bunú Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht Teanga, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge agus Ãdarás na Gaeltachta, an t-aitheantas don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Ãireann agus an t-aitheantas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip. Thug na buaicphointà sin misneach nua do phobal na Gaeilge ar fud na tÃre. Spreagadar daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim. ChinntÃodar go mbeidh an Ghaeilge beo agus brÃomhar nuair atáimÃd ar fad sa Seomra stairiúil seo imithe ar shlà na fÃrinne. Má tá dul chun cinn déanta, nÃl aon dabht ach go bhfuil go leor dúshláin roimh an teanga sna blianta atá romhainn. SÃlim go bhfuil an Rialtas, na páirtithe pholaitiúila ar fad agus lucht na Gaeilge lán-ábalta na dúshláin sin a shárú.
Mar is eol daoibh, sheol an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge ag ócáid i dTeach bhFarmleigh i mà na Nollag 2006. Ba é seo an chéad ráiteas dá leithead a cuireadh amach le beagnach 40 bliain. Chreid an Rialtas, mar phrÃomh-ghné d'aon pholasaà Gaeilge, gur cheart ráiteas soiléir a dhéanamh maidir le haidhmeanna an Rialtais agus polasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge. Sa ráiteas, leagadh sÃos go soiléir ar bhealach éasca agus simplà an bhunchloch ar a bhfuil polasaithe Gaeilge an Rialtas bunaithe. Ba mhinic a bhà sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon stráitéis nó plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fÃs ag an Rialtas maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an ndúshlán sin go bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt. Is é sin an obair atá á leanúint ag an Taoiseach, ag an Aire, an Teachta à CuÃv, agus ag daoine eile. Tá mé cinnte go mbeidh an stráitéis nua forleathan agus cuimsitheach. NÃos mó ná sin, tabharfaidh sé treoir don teanga sna blianta atá amach romhainn. Tá mé cinnte go dtacaÃonn sibh liom nuair a gabhaim gach dea-ghuà ar an Taoiseach agus ar an Aire, an Teachta à CuÃv, san obair atá ar bun acu i leith plean don teanga a fhoilsiú.
Ba mhaith liom casadh ar na Gaeltachtaà ar fud na tÃre. FoilsÃodh tuarascáil i 2007 mar thoradh ar an staideár teangeolaÃochta a rinne Ollscoil na hÃireann, Gaillimh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Déanann an staideár sin anailÃs ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Is é an prÃomhrud a thagann as an tuarascáil ná go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ó athruithe sóisialta agus déimeagrafaÃochta, fiú sna croÃ-ceantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam go raibh go leor cainte i ndúichà Ghaeltachta maidir le catagóir A, B agus C. Mar chuid den tuarascáil, déanadh moltaà i leith nithe éagsúla a mbeadh tionchar dearfach acu don teanga sa Ghaeltacht. Ina measc, bhà moltaà maidir leis na ceantair Ghaeltachta, an córas pleanála, an córas oideachais, cúrsaà óige agus Ãdarás na Gaeltachta. Ag rith as sin, bunaÃomar coiste Rialtais. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste, atá ag breathnú ar cheisteanna a thagann as an staideár. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh plean gnÃomhaÃochta socraithe chomh luath agus is féidir.
Nà bheadh sé ceart dom gan tagairt sonrach a dhéanamh do cheann de na scéimeanna is tábhachtaà atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta â scéim na bhfoghlaimeoirà Gaeilge. Anuraidh, d'fhreastal beagnach 28,000 foghlaimeoirà ar chúrsaà éagsúla ar fud na Gaeltachta. Taispeánann na figiúirà seo go bhfuil an-suim i gcónaà i bhfoghlaim na Gaeilge. CabhraÃonn na coláistà Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn â nà hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tÃre freisin. Tá na coláistà an-tábhachtach nà hamháin ó thaobh na Gaeilge ach freisin ó thaobh na heacnamaÃochta áitiúla sna ceantair éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe. Is tionscail ann féin iad na coláistÃ, a chuireann saothrú maith ar fáil dos na mná tà i rith an tsamhraidh. In ainneoin na géarchéime airgeadais, tuigtear dom go bhfuil na háirithintà sna coláistà do 2009 ag dul go maith. Ar aon leis na coláistà Gaeilge, atá ag dul ó neart go neart, tá mé cinnte go bhfuil borradh na gaelscolaÃochta feicthe ag Seanadóirà ina gceantair féin. Ar fud na tÃre, tá suim nua sa teanga. Is ábhar misnigh dúinn ar fad an tsuim nua seo. SÃlim go gcinntÃonn sà todhchaà na teanga. I mo dháilcheantar féin, tá leithéidà de Scoil an tSeachtar Laoch, Ghaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil Uà Earcáin i bhFionnghlas, Gaelscoil Cholmcille i Seantrabh, Scoil CaitrÃona agus Scoil Mobhà ag deanamh sárobair chun glúin nua Ãireannaigh a dhéanamh lÃofa in ár dteanga náisiúnta. Tá scoileanna den tsórt sin ar fud na tÃre. Chomh maith leis an obair atá ar siúl sna bunscoileanna, tá sárobair ar siúl ag an dara agus an triú leibhéal, go háirithe ag "Fiontar" in Ollscoil Cathair Baile Ãtha Claith, in Ollscoil Chorcaà agus in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an Rialtas bródúil as an tacaÃocht atá tugtha do ghluaiseacht na gaelscolaÃochta agus sa córas oideachas. Leanóimid le seo sna blianta atá amach romhainn.
Réimse eile gur mhaith liom tagairt ar ná an stádas mar theanga oifigiúil oibre an Aontais Eorpaigh atá bainte amach ag an Gaeilge. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis fheachtais láidir ón Rialtas, a fuair tacaÃocht ó páirtithe uile an Oireachtais agus eagraÃochtaà Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Stádas agus Comhaltas Ceoltóirà Ãireann. Tá an Rialtas ag obair le Coimisiún na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh acmhainnà ar fáil chun freastal ar an stádas atá anois ag an nGaeilge. Tá ciste ar leith bunaithe ag an Roinn Gnothaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sain-chursaà trÃú leibhéal Gaeilge. Cinnteoidh na sain-chursaà seo go mbeidh ar ndóthain aistritheoirà ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim go bhfuil an Roinn Gnothaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair le Ãstaà an Rà chun cúrsa céime d'abhcóidà a chur ar fáil. Más féidir, tosnóidh an chúrsa i fómhar na bliana seo. Tá dian-chúrsa téarmaÃochta dlà agus grammadach Gaeilge á sholáthar le blianta beaga anuas ag Ãstaà an RÃ, le cúnamh na Roinne. Táim cinnte go neartóidh an stádas nua atá ag an Gaeilge san Aontas Eorpach a áit mar teanga nua agus saibhir â teanga gur féidir úsáid a bhaint as i ngach gné de shaol na ndaoine agus teanga as a bhfuilimid bródúil sa bhaile agus thar lear.
Cé go bhfuil an Rialtas ullamh chun tacú go láidir le húsáid na Gaeilge a leathnú agus a threisiú, tá todhchaà na teanga ag brath go mór ar na daoine. Go dÃreach, braitheann an todhchaà ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu à a labhairt agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ag foghlaim na teanga. Tá orainn, anseo san Oireachtas ach go háirithe, timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muinÃneach a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu, gan eagla orthu go gceartofaà iad nó go mbeidÃs mÃshuaimhneach. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu, à a chur ar aghaidh chuig a bpáistà agus tacú lena húsáid laistigh den phobal. Tá mé muinÃneach go leanfaidh an Ghaeilge ag déanamh go maith le hiarrachtaà dearfacha i measc pobal na tÃre. Geallaim don Teach seo go mbeidh an Rialtas lan-páirteach sna hiarrachtaà sin. Go raibh mÃle maith agaibh.
Jerry Buttimer (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ar an gcéad dul sÃos, tréaslaÃm le Ceannaire an tSeanaid as ucht an dÃospóireacht seo a leagan sÃos, go háirithe le linn seachtain na Gaeilge. Tá áthas orm an deis seo a bheith agam ráiteas a dhéanamh ar an nGaeilge, go háirithe agus muid i lár sheachtain na Gaeilge.
Is mór an trua nach ndéantar iarracht cás na Gaeilge a ardú nÃos minice le linn na bliana. Nà ceart go fhanfaimid go dtà mà na Márta gach uile bhliain chun ár dteanga a phlé agus a labhairt. Ag deireadh na seachtaine seo caite d'fhoilsigh UNESCO tuarascáil a chuir in iúil go bhfuil teanga na Gaeilge i mbaol. Nà scéal nua é seo. Mar a dúirt an tAire Stáit, sa staidéar ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht a fhoilsÃodh i 2007, léirÃodh nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Two years later, what has the Government done? Cad atá déanta ag an Rialtas? Tá coiste bunaithe aige chun an tuarascáil seo a phlé. NÃl am againn chun a thuilleadh cainte a dhéanamh. Dá mbeadh an Rialtas dáirÃre faoin dteanga agus faoi thacaÃocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta bheadh moltaà na tuarascála curtha i bhfeidhm cheana féin. B'fheidir go bhfuil nÃos mó déanta ag Des Bishop, an fear grinn as na Stáit Aontaithe, ar son na teanga. Sin ceist. Look at what Des Bishop has done agus ar an bhéim a leag sé ar labhairt na teanga, go mórmhór ag daoine óga ins na scoileanna. Chomh fada agus atá an teanga á labhairt tá sà beo agus sin an rud is tábhachtaÃ. Chomh fada agus atá an teanga á labhairt tá sà beo.
Ba cheart, go háirithe agus muid i lár chúlú eacnamaÃochta, breathnú arÃs ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuireann an tAcht dualgas ar chomhlachtaà pobail, Ranna Stáit, comhairlà contaetha agus comhlachtaà ar nós Leader na milliúin euro a chaitheamh ag aistriú cáipéisà ó Bhéarla go Gaeilge, cáipéisà nach léitear i mBéarla fiú, gan trácht ar an nGaeilge. Many documents which are translated into Irish are not read in either English or Irish. We might review that requirement.
Ba chóir duinn cinntiú go bhfuil gach uile tacaÃocht á fháil ag scoileanna sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a caomhnú agus ag scoileanna taobh amuigh den nGaeltacht chun an Ghaeilge a múineadh i mbealaà éifeachtacha. Ba chóir an t-airgead sin a chaitheamh ar scéimeanna a chuireann an teanga labhartha chun cinn agus chun tacú le coláistà samhraidh, naÃonraà agus gaelscoileanna.
Ta meoin an phobail i dtaobh na Gaeilge athraithe go mór le cupla bliain anuas. Tá daoine báúil don teanga agus ag iarraidh à a labhairt. Is é an t-aon rud a chuireann as do dhaoine ná an Ghaeilge a bheith á brú orthu. Rinne Gaeilge éigeantach go leor dochair do chás na teanga agus déanfaidh aistriúchán éigeantach i bhfad nÃos mó dochair.
I am a product of an education system in which I did honours Irish. I am ashamed that I have lost so much of my Irish. Nà dhearna mé cleachtadh uirthi agus tá sà caillte agam. Rinne an t-Aire Stáit tagairt don Taoiseach agus do cheannairà na bpáirtithe eile. It is important that our language be a living and spoken language.
I thank the Leader of the Seanad for allowing this debate and I thank the Minister of State for coming to the House. It is important we debate our language as a living language.
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
FáiltÃm roimh an Aire Stáit agus roimh an ráiteas dearfach ilghabhálach a chuir sé os ár gcomhair. CabhraÃonn sé i gcónaà tuiscint a bheith againn ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach a fheiceáil go bhfuil straitéis 20 bliain i gceist don Ghaeilge. Tá áthas orm go bhfuil sé sin ag tarlú.
TréaslaÃm leis an gcoiste atá ag eagrú sheachtain na Gaeilge. NÃl amhras faoi go bhfuil sár jab á dhéanamh acu. Tá sé le tabhairt faoi deara ins na meáin cumarsáide agus i measc an phobail i gcoitinne. Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ná gur daoine óga is mó atá taobh thiar den iarracht seo. CruthaÃonn sé sin go bhfuil sprid ins na daoine óga fós maidir leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta treoir a thabhairt. NÃl aon amhras ná go bhfuil samhlaÃocht taobh thiar den obair atá ar siúl acu.
Nà bheadh éinne in ann a rá 20 nó 30 bliain ó shin go mbeadh stádas láidir ag an nGaeilge fós ins an tÃr. Tá an-chuid rudaà tar éis tarlú agus bhà siad luaite ag an Aire Stáit. SmaoinÃm ar Raidio na Gaeltachta, TG4, na gaelscoileanna agus mar sin de. Deirtear liom go gcaithfidh daoine fanacht chun a bpáistà a chur isteach ins na gaelscoileanna, tá éileamh chomh mór san orthu. Seo rudaà atá thar a bheith dearfach. Chomh maith leis sin, feicim go bhfuil dea-thoil ann don Ghaeilge anois, rud nach raibh le tabhairt faoi deara ins na 1950aidà agus na 1960aidÃ. Bhà dÃospóireacht an-nimhneach ag tarlú ag an am sin maidir leis an nGaeilge. NÃl aon amhras ná gur dhein an dÃospóireacht sin dochar agus gur tharla deighilt sa phobal ag an am. Is trua gur tharla sé sin. Ach baineann sé sin leis an stair agus is rÃ-annamh anois a cloistear ó éinne nach cóir duinn ár dteanga féin a chur chun tosaigh.
Bhà mé féin agus an tSeanadóir Buttimer ag cruinniú de chomhchoiste Oireachtais nÃos luaithe inniu a raibh cúrsaà ealaÃona agus cultúrtha á bplé ann. FáiltÃomar roimh toscaireacht ón gComhairle EalaÃona. Bhà na hargóintà céanna á dhéanamh ag an gcruinniú sin agus atá á dhéanamh anseo. Is é sin, go mbaineann ár gcultúr agus, ar ndóigh, ár dteanga lenár bhféiniúlacht náisiúnta. Is beag tÃr a bheadh sásta ligint dá cultúr nó dá féiniúlacht náisiúnta imeacht le sruth mar baineann sé le gach rud atá idir láimhe againn i láthair na huaire.
Má fhéachtar siar ar stair na hÃireann, nuair a bhà cruachás le fulaingt againn tar éis an Ghorta Mhór nó le linn gach éirà amach, nuair a bhà brú á dhéanamh ar an tÃr cuireadh béim i gcónaà ar an gcultúr agus ar an nGaeilge. Má fhéachaimid siar ar stair na hÃireann, ar amanna nuair a bhà cruachás an-mhór le fulaingt againn sa tÃr seo â tar éis an Gorta Mór agus i rith gach éirà amach, mar shampla, nuair a bhà brú ar an dtÃr â tá sé soiléir go raibh béim i gcónaà ar an gcultúr agus ar an nGaeilge. An cúis a bhà le sin ná gur thuig daoine sna amanna sin go mbaineann ár gcultúr, an Ghaeilge ina measc, le anam an náisiúin. Spreag ár gcultúr daoine áirithe chun iarracht a dhéanamh ar a son féin agus ar son an ghnáth-phobal. Tá sé tábhachtach go dtuigfimÃs cé hiad na daoine a sheas an fód le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chosaint.
Nuair a labhrann mé mar gheall ar na daoine óga atá ann i láthair na huaire, nÃl mé ag rá go bhfuil gach rud slán sábháilte. Nà mar sin atá sé. Chomh fada is atá an Ghaeltacht ann, agus daoine ag úsáid an Ghaeilge go laethúil ina saolta féin, beidh tuiscint againn ar an bhrà a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga bheo. De bharr an tionchar atá ag an Ghaeltacht ar an chuid eile den tÃr, tá an méid daoine a labhrann an teanga ag fás in an-chuid áiteanna, nà hamháin sa Deisceart ach sa Tuaisceart freisin. Tá an-bhéim á chur ar an Ghaeilge i mBéal Feirste, go háirithe.
Is maith an rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Nà hionann é sin agus a rá nach cóir dúinn ach an Ghaeilge a úsáid ag an am seo den bhliain. Tugann Seachtain na Gaeilge seans dúinn go léir bheith aontaithe maidir leis an ábhar seo. Is cuma má tá Gaeilge lag nó láidir ag duine â ba cheart dó nó di an teanga a úsáid. Nà cheart d'éinne brú a chur ar daoine maidir le chúrsaà gramadaà nó aon rud den tsaghas sin. Ba chóir dúinn bheith áthasach nuair atá duine ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt. Tá an-áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl agus go bhfuil aitheantas á thabhairt do Seachtain na Gaeilge ag an Rialtas agus ag an Teach seo. Nuair a bhà an seisiún seo á phlé ar Riar na hOibre ar maidin, thug mé faoi deara gur labhair seacht nó ocht SeanadóirÃ, ar an dá thaobh den Teach, i nGaeilge. NÃl aon amhras faoi ná nach bhfuil aon deighilt sa Teach seo maidir leis an Ghaeilge. Táimid go léir aontaithe. Nuair a bhà an tÃr seo ag iarraidh stádas oibre don Ghaeilge san Eoraip a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an Teach seo go mór chun tosaigh san iarracht sin.
Joe O'Toole (Independent)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. NÃor mhaith liom cur i gcoinne aon rud a dúirt an Seanadóir à Murchú, ach caithfidh mé a rá nach "Gaeilge" a labhrann mé ach "Gaelainn". Go minic, agus mé ag féachaint siar ar aon rud atá curtha i gcló ón Seanad, bÃonn sé deacair dom an méid atá ráite agam a léamh os rud é go mbÃonn sé caighdeánaithe "i nGaeilge" seachas a bheith scrÃobhta "i nGaelainn". Is mór an trua é go mbÃonn an deacracht sin agam i gcónaÃ. Caithfidh mé a rá gurb à an deacracht is mó a bhaineann le polasaithe Gaeilge ná go bhfuil siad dÃrithe i bhfad nÃos mó ar na Galltachtaà ná ar na GaeltachtaÃ. Braithim i gcónaà go bhfuil i bhfad nÃos mó spéis ag an Rialtas â nÃl mé ag féachaint amháin ar an Rialtas atá ann faoi láthair ach ar gach aon Rialtas ó bhunú an Stáit â i gcúpla focal Gaeilge a bheith in úsáid sna Galltachtaà ná sa teanga a chothú, a mhéadú agus a fhorbairt sna GaeltachtaÃ. Is ceann de na deacrachtaà é sin.
Is cuimhin liom nuair a fhoghlaim mé conas a cuireadh an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna nuair a bunaÃodh an Stáit. Rinneadar rud an-simplà an uair sin. Chuireadar múinteoirà go dtà na Gaeltachtaà le haghaidh trà nó sé mhÃ. D'fhan na múinteoirà i dtithe na ndaoine. BhÃodar mar baill de na Gaeltachtaà ar feadh an tréimhse sin. Nuair a tháinig na múinteoirà thar n-ais, chuir an dream sin an Ghaeilge chun cinn sna bunscoileanna agus ar fud scolaÃocht na tÃre seo. Bhà sé sin thar a bheith tábhachtach. MÃneoidh mé an fáth ar shocraigh mé ar é sin a úsáid mar shampla. I 1980, trà scór bliain ina dhiadh sin, d'foilsigh John Wilson, a bhà mar Aire Oideachais ag an am, Páipéar Bán chun polasaithe Rialtas na linne sin i dtaobh na Gaeilge a chur chun tosaigh. I measc a raibh sa Phaipéar Bán, bhà moladh chun seans a thabhairt do mhúinteoirà agus scoláirà dul go dtà na GaeltachtaÃ.
Is cuimhin liom gur chuaigh mé, in éineacht leis an INTO, i dteagmháil le oifigigh ón Roinn Oideachais an uair sin ag iarraidh go gcuirfà an moladh sin chun cinn. Is mór an trua é nár deineadh é sin riamh. Dá mbeadh an toil polaitiúil ann chun é a dhéanamh, cuireadh sé instealladh eacnamaÃochta i saol na nGaeltachtaÃ, instealladh misnigh i muintir na nGaeltachtaà agus, is dócha, instealladh muinÃne i bpolasaithe Gaeilge an Rialtais. Is dóigh liom go mbeadh a lán rudaÃ, ar nós fostaÃocht, tionlactha le sin. Tá múinteoirà ar fud na tÃre a bheadh thar a bheith sásta ráithe nó tréimhse sé mhà a chaitheamh sa Ghaeltacht. Is fÃor nach bhfuil dóthain Gaeilge ag cuid acu faoi láthair. Tá an-ghrá ag cuid acu don teanga. NÃl siad i gcoinne an teanga in aon tslÃ. Dá mbeadh seans acu dul go dtà na GaeltachtaÃ, agus deontaisà agus acmhainnà ar fáil chun cúnamh a thabhairt dóibh, braithim go mbeadh an-dul chun cinn déanta.
Ba mhaith liom aird an Aire Stáit a dhÃriú ar rud nach dtuigim. Is mór an trua nach bhfuil an tacaÃocht céanna ar fáil dos na scoileanna Gaeltachta is atá ar fáil dos na gaelscoileanna sna GalltachtaÃ. Tá sé deacair an tábhacht a bhaineann le tacaÃocht a thabhairt dos na scoileanna Gaeltachta a chreidiúnt. Tá páistà i gceartlár na Gaeltachtaà nach bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán. Tá mé ag caint mar gheall ar leanaà a rugadh i mór-roinn na hEorpa, mar shampla. B'fhéidir go raibh a thuismitheoirà ina chónaà i Sasana go dtà gur tháinig siad thar n-ais anseo. Tá páistà ag foghlaim an Ghaeilge sna scoileanna sin nach gcloiseann an teanga in aon áit eile. Ba chóir go mbeadh na hacmhainnà agus an tacaÃocht céanna ar fáil dóibh siúd is atá ar fáil sna Gaelscoileanna. Is mór an trua é nach bhfuil an fóirithint dÃrithe ar na scoileanna sin. Caithfear rudaà praiticiúla den tsórt seo a chur chun cinn.
AontaÃm leis an Seanadóir à Murchú go bhfuil nÃos mó bá ann don Ghaeilge anois ná mar a bhà riamh. Braithim féin é sin. While I do not want to mention the war, is cuimhin liom na deacrachtaà a bhà agam nuair a bhà ainm mo áit dhúchais fhéin á phlé. Tá an troid sin fós ar siúl. Tá dul chun cinn déanta. Dé réir dealramh, tá athrú aigne tagtha ar an Rialtas. Rinne siad iarracht ainm an bhaile a athrú go dtà "An Daingean", cé go raibh trà aimneacha â "An Daingean", "Daingean Uà Chúis" agus "Dingle" â i ceist i gcónaÃ. Bhà sé de nós ag daoine aon ainm a úsáid, ag brath ar pé acu a bhà oiriúnach don chomhthéacs ag an am. Mar shampla, "An Daingean" a deirimÃs i gcónaà eadrainn fhéin. D'úsáidfimÃs "Daingean Uà Chúis" i measc stróinséirà agus "Dingle" as Béarla. Ãsáidtear "Dingle" i nGaeilge chomh maith, uaireanta. NÃor chuir sé isteach nó amach orainn riamh, go dtà gur cheap fear éigin taobh thiar de bhinse i mBaile Ãtha Cliath that it would be a good idea to change it all. That is the kind of thing that drives people mad. Is é sin an sórt rud a chuireann isteach ar dhaoine. NÃl aon dul chun cinn ann. Ba chóir dúinn misneach agus tacaÃocht a thabhairt do dhaoine. Ba cheart dúinn polasaithe praiticiúla, thar aon rud eile, a thógaint isteach. Tá súil agam go n-éireoidh linn an méid sin a chur chun cinn in éineacht leis an Rialtas.
Dominic Hannigan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire. Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair. Cuirim fáilte roimh an dÃospóireacht atá ar siúl sa Teach inniu. Tugann an ócáid seo deis dom mo obair bhaile a dhéanamh. Téann mé go dtà rang Gaeilge gach seachtain sa Teach seo. An tseachtain seo caite, d'iarr an múinteoir orainn Gaeilge a labhairt sa Seanad. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an Teach go mbÃonn 20 Seanadóirà agus Teachtaà Dála ag freastal ar ranganna Gaeilge gach seachtain. Ba mhaith linn a bheith dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge. Cinnte, tá a Ián obair le déanamh sula mbÃm ábalta Gaeilge a labhairt go lÃofa, ach tá tús maith déanta againn.
Ta a fhios againn go bhfuil nÃos mó daoine ábalta Gaeilge a labhairt anois ná 20 bliain ó shin. Tá cúpla cúis le seo. An chéad chúis ná go bhfuil a Ián gaelscoileanna ann anois. Nuair a bhà mé féin ag dul ar scoil nà raibh an gaelscoil ann mar rogha. Nà raibh deis againn an Ghaeilge a úsáid ach amháin ar scoil nó sa Ghaeltacht sa samhradh, má bhà an t-airgead againn chun dul ann. Tá obair Ãontach déanta ag daoine áitiúla ar fud na tÃre chun a ngaelscoil féin a oscailt agus tá an fás le 25 bliain anuas ar fheabhas.
Chomh maith le sin tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm chun tacaÃocht a tabhairt don teanga. Anois, tá ar Ranna Stáit agus an earnáil phoiblà tuarascáil a fhoilsiú i mBearla agus i nGaeilge. Mar gheall ar an Acht teanga tá nÃos mó deiseanna ag daoine le Gaeilge obair a fháil mar aistritheoirà agus a leithéid.
Anois tá Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus TG4 ann agus tá cláracha i nGaeilge ar go leor statisiúin eile freisin, mar shampla, ar Spin 103 agus ar Today FM. Ach an rud is tabhachtaà don teanga ná go bhfuil daoine áitiúla ar fud na tÃre ag déanamh obair Ãontach chun an teanga a choinneáil beo. Tá na daoine sin an-thábhactach ar fad.
Anois, ta cúlú eacnamaÃochta ann agus beidh sé nÃos deacra airgead a fháil chun tacaÃocht a thabhairt don teanga agus chun à a chur chun cinn. I mà na Samhna bhà mé ag caint le muinteoirà as gaelscoileanna i mBaile an Bhiataigh i gContae na MÃ. Bhà mé ann chun plean straitéiseach Gaelscoileanna Teoranta a sheoladh. Ba bhreá leo scoileanna nua a bhunú ach nÃl an t-airgead acu.
Freisin, tá gá ann do mheánscoileanna dátheangacha nó meánscoileanna Gaeilge a oscailt. I mo cheantair féin nÃl ach scoil amháin ann. Tá páistà ábalta dul go dtà an bhunscoil Gaeilge ach nuair a chrÃochnaÃonn siad ansin nÃl aon meánscoil Gaeilge ar fáil dóibh sa bhaile chéanna. B'fheidir go bhfuil eolas ag an Aire Stáit faoin cheist seo mar tá an fhadhb chéanna i mbaile Chill Deagláin. Deireann tuismitheoirà na háite liom go bhfuil géar gá le meánscoil Gaeilge. Bheadh tacaÃocht de dhÃth ó na páirtithe go léir chun nÃos mó airgid a chur isteach i meánscoileanna Gaeilge.
Cinnte, tá a fhios againn go bhfuil fadhb an-mhór leis an eacnamaÃocht anois agus tá eagla ann sa tÃr go mbeidh an tAire Airgeadais ag gearradh siar ar bhuiséad an Aire Stáit. Ba cheart don Aire Stáit an tAire Airgeadais a chur ar an eolas go bhfuil feabhas an-mhór déanta ó thaobh cúrsaà Gaeilge de agus go bhfuil sé an-thábhachtach an fheabhsú seo a cosaint.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is dÃospóireacht thábhachtach à seo maidir le cúrsaà Gaeilge faoi láthair agus faoi thodhchaà na Gaeilge, chan amháin don ghlúin seo ach dos na glúnta atá le teacht. Téann ceist na Gaeilge siar na blianta. Nuair a bhà go leor againn ag fás anÃos bhÃomar ag foghlaim na Gaeilge ar an scoil agus ag teacht abhaile áÃt a raibh an Ghaeilge ar fáil i go leor des na tithe, go háirithe ins an nGaeltacht. Déantar go leor cainte faoin nGaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Le roinnt blianta anuas, tá an-fhorbairt déanta ar an teanga taobh amuigh den nGaeltacht, go háirithe leis an obair atá déanta ag eagraisà cosúil le Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirà Ãireann, TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá obair mhór déanta ag na gaelscoileanna agus ag na páistà go léir atá ag freastal orthu. Ãit ar bith taobh amuigh den nGaeltacht a bhfuil gaelscoil innti agus tuismitheoirà toilteanach páistà a chur innti, bÃonn na tuismitheoirà báiúil don nGaeilge agus bÃonn sà á labhairt sa bhaile. Tagann na páistà abhaile ón scoil agus an Ghaeilge leo agus bÃonn na tuismitheoirà sásta an Ghaeilge a labhairt dá bharr sin. Rud follán é sin. Tá buÃochas tuillte ag na heagraisà go léir a bhfuil baint acu leis an nGaeilge sa tÃr, go háirithe na heagraisà atá taobh amuigh den nGaeltacht. BunaÃodh eagraisà úra mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tháinig forbairt dá bhrà sin, chan amháin ar an taobh seo den Teorann ach ar an taobh eile fosta agus tá an Ghaeilge á fhorbairt ins na Sé Contaetha.
FáiltÃm roimh an obair atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Mar a dúirt an Seanadóir à Murchú, tá an Taoiseach ag tabhairt sampla maith don phobal. Tá an-obair déanta aige mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais atá bunaithe aige. FáiltÃm chomh maith roimh an obair atá déanta ag an Roinn Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag an Aire, an Teachta Ãamon à CuÃv, le blianta anuas leis an Ghaeilge a cur chun cinn, go háirithe ó 1997 nuair a ceapadh é mar Aire Stáit ins an Roinn sin.
Tá fás substaintiúil tagtha ar an nGaeilge ins na bailte fearainn go léir ins an tÃr, go háirithe ins an nGaeltacht. Tá an cheist le cur i gcónaÃ, an bhfuil an Ghaeilge ag fás nó ag fáil báis ins na GaeltachtaÃ? Mar chomhalta de Ãdarás na Gaeltachta agus mar dhuine atá ina chónaà sa Ghaeltacht, thig liom a rá go bhfuil an Ghaeilge lán brÃomhar ins na ceantracha Gaeltachta agus go bhfuil sà a fós iontu.
Is féidir leis an Stát gach cuidiú a thabhairt don Ghaeilge ach ag deireadh an lae, is ceist à dos na daoine féin, agus go háirithe dos na teaghlaigh, an Ghaeilge a labhairt. Tá ról ag cúrsaà oideachais i dtodhchaà na Gaeilge, ins na bunscoileanna ach go háirithe. Tá sé nÃos fusa ag páistà óga an Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal Ãseal ins na réamhscoileanna, na naÃonraà agus na bunscoileanna. Más féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim ag an aois ghrúpa sin is ea is fearr. Tá thart faoi 86,000 duine ina gcónái ins na ceantracha Gaeltachta agus lear mór acu ag labhairt Gaeilge go laethúil. Deirtear go bhfuil thart fá 250,000 duine faoi 20 bliain d'aois sa tÃr ar fad atá in ann Gaeilge a labhairt.
Tá súil agam go bhfoilseofar plean an Rialtais go luath. Beidh deis Ãontach ag an teanga ins na blianta amach romhainn de bhrà go bhfuil an Rialtas ag cur plean fadthéarmach le chéile don Ghaeilge. Is féidir jabannaà a chruthú as an teanga féin. Is buntáiste mhór fosta an stádas úr atá ag an teanga san Eorap anois.
Ta súil agam go mbeidh deis againn dÃospóireacht eile a bheith againn ar an ábhar seo go luath. Tá lúcháir orm go bhfuil an t-Aire Stáit sa Teach inniu, fear atá breá ábalta Gaeilge a labhairt. BÃm ag éisteacht leis go minic ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhÃm ag taisteal ins an charr. Tá Gaeilge den chéad scoth aige.
Joe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom fáilte an Tà a chur roimh an Aire Stáit. Tá sé Ãontach tábhachtach béim faoi leith a chur ar an teanga labhartha ins na scoileanna ar fud na tÃre. Tá a fhios agam go bhfuil an teanga labhartha lárnach sa chúrsa scoile. Tá fhios agam go bhfuil an teanga labhartha lárnach i gcuraclam na mbunscoileanna anois agus is cóir go mbeadh sé. Molaim don Aire agus don Roinn Oideachas agus EolaÃochta an cineáil béime ar an teanga labhartha a choimeád beo.
SÃlim chomh maith go bhfuil sé iontach tábhachtach do leanaà óga tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé sin an-riachtanach. Ba chóir go mbeadh seans ag gach dalta dul ar thréimhse go dtà an Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil na ciorraithe ar siúl anois, molaim don Aire agus don Rialtas airgead a chur ar leataobh agus a chur ar fáil do dhaoine óga chun deontais a thabhairt do dhaltaà óga ó theaghlaigh nach bhfuil ró-shaibhir chun dul go dtà an Ghaeltacht. Molaim an cabhair sin a thabhairt dóibh mar nÃl rud nÃos tábhachtaÃ, nÃos fearr ná nÃos forbartha do dhaoine óga ná dul ar thréimhse go dtà an Ghaeltacht.
Má théann daoine óga go dtà an Ghaeltacht ar feadh tréimhse agus má labhraÃonn siad an teanga agus bÃonn siad ag imirt cluichà agus ag tógáil páirt i saol sóisialta ansin, faigheann siad grá don teanga, grá don chultúr, do oidhreacht na tÃre agus tá an cineáil grá don teanga acu de dheasca é sin a dhéanamh, nach mbeadh acu tar éis Gaeilge a fhoghlaim i seomra ranga acu féin. Mar sin, tá sé sin an-tábhachtach agus cuireadh mise an-béim ar sin, daoine óga a mholadh agus a spreagadh chun dul go dtà an Ghaeltacht agus cabhair a thabhairt dóibh é a dhéanamh.
Chuir an Seanadóir à Tuathail béim faoi leith ar seans a thabhairt do na múinteoirÃ, na hoidà scoile, dul go dtà an Ghaeltacht fosta agus ár ndóigh tá sé sin tábhachtach chomh maith. Tá sé iontach go mbeadh an grá don Ghaeltacht, an grá do oidhreacht na tÃre, an grá do lucht na Gaeltachta agus dá dteanga féin a bheith ag na daoine sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh seans ag na múinteoirà an teanga a labhairt agus a bheith páirteach in imeachtaà na Gaeltachta. Molaim é sin a dhéanamh agus molaim don Aire Stáit anseo, scéimeanna a chur ar siúl agus smaoineamh go dian ar an ábhar seo, conas a mbeadh sé oiriúnach scéimeanna a chur ar siúl chun na daltaà a mholadh don Ghaeltacht gach dálta agus na múinteoirà ár ndóigh.
Tá sár obair déanta ag teilifÃs na Gaeilge sa tÃr seo, TG4. Is iontach an obair atá déanta ag an stáisiúin sin chun grá don teanga a fhorbairt agus a chothú sa tÃr. B'fhéidir go bhfuil sé riachtanach go mbeadh béim nÃos mó ar na stáisiúin áitiúil. Tá clár ana mhaith ar mo stáisiúin áitiúil, Northern Sound, gach seachtain sa Ghaeilge agus is maith an rud é ach tá sé riachtanach go mbeadh nÃos mó béime ar sin.
Ba chóir dúinn iarracht a dhéanamh san Oireachtas féin gach duine againn an Ghaeilge atá againn a úsáid go rialta. SÃlim go bhfuil seans mór ag na leabharlanna timpeall na tÃre imeachtaà nó oÃche cheoil, oÃche ghaelach sna leabharlanna agus ranganna speisialta agus oÃche ag na coistà gairmoideachais a chur ar siúl. Tá an-tábhachtach leis an obair a dhéanann na coistà deonacha, na heagraÃochtaà deonacha sa tÃr, mar shampla Comhaltas Ceoltóirà Ãireann mar a bhfuil an Leas-Chathaoirleach páirteach ann â déanann sé an-obair ansin â an Cumann Lúthchleas Gael agus a lán eagraÃochtaà mar sin. Ba chóir go mbeadh tacaÃocht faoi leith tugtha do na heagraÃochtaà sin chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chothú i ngach uair atá seans acu.
Camillus Glynn (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ar dtús báire ba mhaith liom, admhaÃl nach bhfuil neart Gaeilge agam, ach mar sin féin, tá an-suim agam sa teanga dúchais. FáiltÃm roimh an deis chun dÃospóireachta a bheith againn as Gaeilge. FáiltÃmid roimh an sampla maith atá tugtha dúinn uile ag an Taoiseach Brian Cowen ó cheapadh é. Is féidir linn uile nÃos mó iarrachta a dhéanamh chun an Ghaeilge a thabhairt isteach in ár gcuid oibre laethúil féin, 'sé sin an Ghaeilge a úsáid sa séipéal, san oifig, sa ghairdÃn, ar an sráid, ar an trá, sa phort, ar an bpáirc agus ag imirt peile. Is cuma má tá Gaeilge agat labhair Ã. An fáth nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach sa tÃr seo ná na daoine a bhfuil Gaeilge acu nÃl siad á chleachtadh.
Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do bhaill an Oireachtais agus b'fhéidir gur cheart go mbeadh nÃos mó dúinn ag freastal ar na ranganna sin. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh fás na Gaeilge ó na bailte agus ó na cathracha agus ón bpobal i gcoitinne atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghael choláistà mar shampla. Tá buntáistà anseo freisin don Ghaeltacht mar beidh nÃos mó daoine ag iarraidh dul ar chuairt chun na Gaeltachta chun Ghaeilge a fhoghlaim agus feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. I mo thuairim nà thagann feabhas ar do chuid Gaeilge múna chleachtann tú Ã. Is rogha an phobail é ag deireadh an lae an Gaeilge a labhairt agus tá sé tábhachtach go gcabhródh pobal lÃofa na Gaeilge le foghlaimeoirà i gcónaà chun muinÃn a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a chleachtadh.
An plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge atá mar sprioc ag plean an Rialtais go mbeadh nÃos mó saoránaigh dátheangach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus go méadófaà lÃon na gcainteoirà Gaeilge laethúla. Beidh forbairt na Gaeltachta mar phobal labhartha fÃor thábhachtach san obair seo. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas an méid daoine le Gaeilge a mhéadú ó 1.6 milliúin go dtà 2 mhilliúin duine. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas freisin, lÃon na gcainteoirà laethúla Gaeilge a mhéadú ó 85,000 cainteoir laethúil go dtà 250,000 cainteoir faoi cheann 20 bliain. Beidh gnÃomhaÃochtaà an phlean 20 bliain bunaithe ar ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a d'fhoilsigh muid i 2006.
Is à an Ghaeilge ár dteanga dúchais, agus nà mhairfidh sà muna chuireann gach duine sár iarracht isteach chun à a choimeád mar ár dteanga dúchais, sé sin an teanga a úsáidtear i ngach slÃ, i ngach áit agus i ngach suÃomh.
Rónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an Aire agus ba bhreá liom a rá go bhfuilim an sásta go bhfuil an deis seo againn an Ghaeilge agus cúrsaà Gaeilge a phlé sa Seanad go háirithe i gcomhthéacs Seachtain na Gaeilge a bheith tagtha. Is dócha go bhféadfaà a rá faoin nGaeilge go bhfuil ana chuid daoine sa tÃr nà hamháin buÃochas le Dia go bhfuil go leor daoine go bhfuil Gaeilge lÃofa agus Gaeilge ar a dtoil acu ach sa tÃr ar fad is minic a bhuailfimid ar fad le daoine atá báúil leis an nGaeilge; go bhfuil rud éigin sa chroà ag daoine maidir leis an nGaeilge. Sa tÃr ar fad is minic a bhualaimid uilig le daoine atá báúil leis an Ghaeilge, tá rud éigean sa chroà ag daoine maidir leis an Ghaeilge. Is minic a deir duine liom gur deas leis an Ghaeilge a chloisteáil nuair a labhraÃm Gaeilge ó ham go chéile, fiú nuair nach dtuigeann sé gach rud atá ráite. BÃonn daoine sásta go bhfuil an Ghaeilge á plé.
Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, tá fáthanna éagsúla leis sin. B'fhéidir gur tógadh le Gaeilge sinn nó bhà múinteoirà maithe againn nó deiseanna againn agus sinn ag an choláiste nó ar scoil. Sin a tharla i mo chás féin. Tógadh i dteach mé nach raibh mórán Gaeilge inti ach bhà mo mhuintir an-bháúil leis an Ghaeilge agus bhà sé de smaoineamh againn gur rud maith à an Ghaeilge, cuid dár n-oidhreacht agus gur rud fiúntach é tréan-iarracht a dhéanamh chun à a fhoghlaim agus feabhas a chur uirthi. Bhà múinteoirà iontacha agam ar scoil a léirigh go raibh nÃos mó ná jab i gceist ach gairm acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus rinne siad a seacht ndÃcheall sin a dhéanamh.
Le déanaà bhà sé d'ónóir agam bheith mar chathaoirleach ar chraobh na hÃireann de dhÃospóireachtaà Ghael Linn i Ros Cré do na meánscoileanna lán-Ghaelacha. B'iontach an ócáid à agus bhà scÃleanna dÃospóireachta agus Gaeilge den scoth ag na mic léinn. Is sean-teanga à an Ghaeilge ach, ar bhealach eile, tá an Ghaeilge an-óg. Má amharcaimid ar na daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa tÃr anois sna Gaelscoileanna, agus ar na himeachtaà atá eagraithe ag a leithéid de Choláiste na bhFiann agus coláistà samhraidh eile, is léir go bhfuil nasc idir bheith óg agus an Ghaeilge a fhoghlaim agus sin an bealach ceart. Is cuimhin linn uilig agus sinn ar scoil, bÃodh gur fiúntach an rud é an litrÃocht a fhoghlaim, mar aon le stair na teanga agus na litrÃochta, go raibh rud éigin in éasnamh, nach raibh an bhéim cheart leagtha ar fhoghlaim na Gaeilge mar theanga labhartha.
Bhà áthas orm go raibh deis agam le linn dom bheith ag an mheánscoil cionn is go raibh múinteoir, Michael John Kilgannon, go háitiúil a d'eagraigh cúrsaà Gaeilge i mBéal Ãtha na Sluaighe i rith an tsamhraidh agus d'fhreastal mé féin orthu agus rinne siad an-mhaitheas dom. Bhà sé de phrÃbhléid agam bheith mar mhac léinn agus ard-chinnire ina dhiaidh sin le Coláiste na bhFiann, agus tréaslaÃm do na coláistà samhraidh leis an obair iontach atá ar siúl acu. Chuir mé aithne ansin ar a leithéid de Phádraig Uà Cheatharnaigh, atá ag déanamh sár-obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
TréaslaÃm fosta le m'iar-ollscoil féin, Coláiste Ollscoil na Gaillimhe. Nà dhearna mé féin an Ghaeilge mar ábhar céime ach bhà scéim iontach curtha ar fáil ag Oifig na Gaeilge Labhartha faoi stiúradh an fhir iontaigh sin, Peadar Mac an Iomaire. Bhà deis ag mic léinn nach raibh Gaeilge á déanamh acu mar ábhar ollscoile dul chuig An Ceathrú Rua go dtà Ãras MhairtÃn Uà Chadhain chun cúrsaà Gaeilge a dhéanamh. Cén coincheap a bhà taobh thiar de sin? Le déanamh cinnte go mbeadh daoine amach anseo i gcúrsaà leighis nó innealtóireachta in ann seirbhÃsà a chur ar fáil trà Ghaeilge do lucht na Gaeilge.
TréaslaÃm leis na daoine seo uilig a chinntigh nà amháin go bhfuil an Ghaeilge beo ach go bhfuil sà óg agus go bhfuil daoine meallta chun snás a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhain mé féin an-tairbhe agus an-taitneamh as sin. Tá áthas orm go bhfuil a leithéid de Des Bishop ag dÃriú airde ar thábhacht na Gaeilge agus daoine óga á mealladh aige. Gura fada buan na laocha seo ar fad toisc an tseirbhÃs atá déanta acu don tÃr, don chultúr agus do mhuintir na tÃre as a gcuid grá don Ghaeilge a nochtadh agus daoine eile a mhealladh don Ghaeilge.
TréaslaÃm freisim leis an Taoiseach agus an dea-shamplá atá léirithe aige as an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir. Nà bhÃonn sé furasta i gcónaà Gaeilge a labhairt sa Teach seo mar nà bhÃmid i gcónaà ag iarraidh brú a chur orthu siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach is fiú an iarracht a dhéanamh. Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, d'fhéadfaimis úsáid a bhaint aisti ar bhonn nÃos rialta. Na daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, is fiú dóibh iarracht a dhéanamh mar nà bhfaighidh siad ach fáilte uainn.
Pearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an dÃospóireacht seo. Bhà mé ag cuartú dÃospóireachta ó tháinig mé isteach go dtà an Teach seo ar chúrsaà Gaeilge agus Gaeltachta. Cé go gcuirim fáilte roimh an dÃospóireacht seo, nÃor chóir don Ghaeilge bheith curtha sa choirneál le linn Seachtain na Gaeilge. NÃl go leor ama tugtha don dÃospóireacht agus nà cheart dúinn bheith ag plé cúrsaà Gaeilge as Gaeilge, ba cheart dúinn na cúrsaà uilig a bhÃonn le plé againn, ó stát na tÃre go dtà cúrsaà iacaireachta, cúrsaà fostaÃochta agus cúrsaà eacnamaÃochta, a phlé trÃd an Ghaeilge. Chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil rún sÃos ar Riar na hOibre ansin mar gheall air sin go mbainfaimis úsáid as an Ghaeilge 50% den am le linn an lae seo agus an lae amárach. Chuir mé féin agus Seanadóir O'Toole an rún céanna sÃos sa Seanad.
Ag leanúint air sin, ba cheart go mbeadh sé aontaithe ag na páirtithe go léir céadchodán go bhféadaimis amach anseo le linn 2009 an Ghaeilge a úsáid sa Teach seo agus sinn ag plé ceisteanna eile.
Sin ráite, cuirim fáilte roimh an dÃospóireacht agus tá mé buÃoch den Cheannaire ach, mar a dúirt mé, caithfimid an Ghaeilge a úsáid agus sinn ag déanamh gnáthobair na dTithe seo agus nà amháin nuair a bhÃonn cúrsaà Gaeilge a bplé againn.
Ag dÃriú isteach ar an méid atá ráite ag an Aire Stáit, tá cúpla pointe ann. Nuair a luaitear na Gaelscoileanna, ceann de na neamairt mhóra atá á dhéanamh ag an Rialtas seo ná an ciorcalán 0044/2007 agus go bhfuil an tAire Oideachais agus EolaÃochta go fóill dubh in éadan an tumoideachais agus ag iarraidh deireadh a chur leis. Go dtà an pointe seo, tá gnÃomhairà na teanga ag tabhairt cás cúirte in éadan an Stáit le cosaint a thabhairt don módh teagaisc seo, modh teagaisc a oibrÃonn ar fud an domhain. Is scannal é má amharcann daoine ar cad é tá ag tarlú anseo nuair atá cosaint bhunreachtúil ag an Ghaeilge mar phrÃomh-teanga na tÃre seo. Má amharcann daoine ar cad é atá ag tarlú sa Chomhthionól sna Sé Chondae, áit nach bhfuil an chosaint chéanna ag an Ghaeilge, tá an tumoideachas mar pháirt lárnach i bpolasaà an Rialtais ansin ó thaobh cúrsaà oideachais de. Bheadh sé go maith le linn Seachtain na Gaeilge dá bhfógródh an tAire Oideachais agus EolaÃochta go dtarraingeodh sé siar an ciorcalán sin agus go ligfeadh sé don tumoideachas dul ar aghaidh agus go gcuirfeadh sé stop leis an ionsaà atá an Rialtas seo a dhéanamh ar na Gaelscoileanna ar fud na tÃre, scoileanna atá ag déanamh obair ar dóigh.
à thaobh an staidéir teangeolaÃochta de, a luaigh an tAire Stáit sa ráiteas, rud atá ardaithe agam sa Teach seo go minic, nà thuigeann an Rialtas cé chomh práinneach agus atá sé. Tá se foilsithe anois ó 2007 agus chosnaigh sé nÃos mó na â¬500,000. Tá sé ráite go soiléir, i ndubh agus bán, sa staidéar go mbeidh an ceantar is láidre sa Ghaeltacht ag fáil bháis taobh istigh de 15 bliana mura gcuirfear na polasaithe atá sa staidéar i bhfeidhm. D'fhógair an tAire go mbeadh plean gnÃomhaÃochta ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana 2008. Tháinig sin agus d'imigh sé agus go fóill nÃl an plean sin againn. Nuair a chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil ceist sÃos don Aire le fáil amach cé mhéad uair a bhuail an coiste aireachta ar a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach, dhá uair ba fhreagra don cheist. à 2007, bhuail an coiste aireachta dhá uair chun plé a dhéanamh ar na moltaà sin. Nil sé sin maith go leor, nuair atá sé le feiceáil i staidéar a rinne an Rialtas go bhfuil an Ghaeltacht faoi bhrú â gheobhaidh sé bás muna gcuirfear na moltaà seo i bhfeidhm. Caithfidh an Aire Stáit agus a chomhghleacaithe an staidéar seo a ghlacadh, i ndáirÃre. Tá a fhios agam go bhfuil brú eile ar an Rialtas agus ar an Taoiseach, ach caithfidh siad déileáil leis an fadhb seo go práinneach. Caithfidh siad plean gnÃomhaÃochta a fhógairt agus a thacú.
Luaigh an Aire Stáit an tábhacht a bhaineann leis na coláistà Gaeilge. Tá a fhios agam, os rud é go dtagaim ó ceantar Gaeltachta, mar gheall ar na buntáistà a bhaineann leis na coláistÃ, nà hamháin don Ghaeilge ach d'eacnamaÃocht na Gaeltachtaà freisin. Tugann na coláistà an-tacaÃocht dos na ceantair sin. Chuir an Rialtas droch-chinneadh i bhfeidhm i buiséad 2009, áfach, nuair a ghearr sé an â¬50 a bhà le fáil do gach scoláire chun freastal a dhéanamh ar na coláistà Ghaeilge. Is sampla é sin, mar aon leis an ionsaà ar an tumoideachas, don dearcadh ata ag an Rialtas ar an Ghaeilge. NÃl an Rialtas ag déileáil leis an staidéar teangeolaÃochta mar ba chóir. Anois tá sé ag gearradh an â¬50 a thugadh do gach scoláire chun freastal ar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá an Rialtas ag déanamh ionsaà ar an Ghaeilge. Caithfidh sé tarraingt siar ar sin.
Is féidir linn go leor a dhéanamh ó thaobh an Ghaeilge de. Is rud mhaith é an plean 20 bliain. Ba chóir dúinn dearcadh fad-téarmach a bheith againn, ar bhonn náisiúnta. Ba cheart dúinn tacaÃocht a thabhairt don Acht Teanga sna Sé Chontae. Cén áit atá ann d'Fhoras na Gaeilge taobh istigh den phlean 20 bliain? SÃlim gur fhoras iontach tábhachtach é. Tá imnà orm go gcuirfà ciorraithe i bhfeidhm ar an maoiniú a thugtar d'Fhoras na Gaeilge. Tá sé fógraithe ag an Rialtas go ndéanfaà ciorraithe taobh istigh de cúpla seachtain. An bhfuil an Aire Stáit ábalta rá leis an Seanad inniu nach mbeidh gearradh siar ar bith ar maoiniú Foras na Gaeilge?
Cuirim fáilte roimh an dÃospóireacht seo. Caithfimid i bhfad nÃos mó a dhéanamh. Bhuail mise, an Seanadóir à Murchú agus ceannairà na páirtithe eile leis an Aire, an Teachta à CuÃv, nÃos mó ná bliain ó shin chun iarradh conas gur féidir an Ghaeilge a chur chun tosaigh i dTithe an Oireachtais agus muid ag comóradh 90 bliain ón Chéad Dáil. Ba à an Ghaeilge an phrÃomh-theanga an lá úd i 1919. Caithfimid nÃos mó a dhéanamh. Má cuirimid an teanga i gcoirneál beag, táimid ag déanamh neamhaird de. Nà féidir an jab a dhéanamh go simplà trà cúpla focal a rá le linn Seachtain na Gaeilge, agus sin é. Caithfimid nÃos mó plé a dhéanamh ar an Ghaeilge chun à a chur chun cinn. Caithfidh an Ghaeilge bheith mar páirt d'obair an Oireachtais gach lá. Ba mhaith liom comhoibriú leis an Rialtas agus na páirtithe eile sa dóigh is go mbeimid ábalta é sin a chur i gcrÃch.
5:00 pm
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an-áthas orm bheith anseo. Tá mé i ndáirÃre mar gheall ar sin. Is pribhléid é dom bheith anseo i bhur measc. Ar nós a lán SeanadóirÃ, fuair mé mo chuid bunoideachais agus meánoideachais trà mheán na Gaeilge ar fad, nach mór. D'fhoglaim mé Laidin trà Ghaeilge. Tá mo chuid Gaeilge imithe chun donais, faraoir, ón lá gur chuaigh mé go dtà an ollscoil.
AontaÃm leis an Seanadóir Doherty agus Baill eile a dúirt go gcaithfimid an Ghaeilge a úsáid i ghnáth-obair an Oireachtais â an Dáil agus an Seanad. Tá an-mheas agam ar Seachtain na Gaeilge mar tionscnamh, go mórmhór na daoine óga atá taobh thiar de. Cé go bhfuil sé tábhachtach, bheadh sé i bhfad nÃos sásúla dá mbeadh Question Time sa Dáil trà Ghaeilge go rialta. Bhà sé meascaithe idir Gaeilge agus Béarla i rith na seachtaine. Bheadh sé i bhfad nÃos sásúla dá bhféadfaimis é sin a dhéanamh.
Is léir os na cainteoirà difriúla go bhfuil an-suim ag an Seanad sa Ghaeilge, nó an "Gaelainn", mar a dúirt an Seanadóir O'Toole. Is dóigh liom gurb à an "Gaelainn" Gaeilge na RÃochta. Labhair Seanadóirà mar gheall ar stádas na teanga. Tá an ceart ag Seanadóirà a dúirt go bhfuil na Gaeltachtaà faoi bhrú. Tá an Rialtas ag obair chun tionchar an Bhéarla sna Gaeltachtaà a laghdú. Táimid socraithe ar tacaÃocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta timpeall na tÃre, i dtoibreacha na Gaeilge ar nós Dún Chaoin, Leitir Mór agus Gaoth Dobhair. Tá sé de dhualgas orainn ag Ghaeilge a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht. Tá an Rialtas i ndáirÃre go bhfuil sé chun gach cabhair is féidir leis a thabhairt don Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach freisin cabhrú leis an mborradh atá tagtha ar gluaiseacht na gaelscolaÃochta i mbailte agus cathracha ar fud na tÃre.
Dúirt roinnt Seanadóirà go bhfuil gá le nÃos mó cabhair a thabhairt do mhúinteoirà agus daltaà sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna. Tá na cuiditheoirà a oibrÃonn faoin scéim "Tús Maith" ag obair go maith, i mo thuairim. Tuigim go bhfuil múinteoirà an-sásta leis agus go bhfuil tuismitheoirà an-báúil leis. Tá nÃos mó oibre le déanamh, ceart go leor. Táimid chun labhráin agus uirlisà a chuir ar fáil, faoin scéim "Séideán SÃ", chun fás na teanga a chothú. Tá sé sin á leathnú ag an Rialtas. Labhair an Seanadóir O'Reilly mar gheall ar an scéim scoláirÃochta, atá an-tábhachtach. AontaÃm leis an Seanadóir O'Toole gur cheart dúinn scéim a fhorbairt chun ligint do mhúinteoirà tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Déarfainn go mbeadh an Aire i bhfábhar scéim den tsórt sin. Bhà sé ar fáil nuair a bhà na coláistà ullmhúcháin fós oscailte. Botún mó ab ea é nuair a dúnadh iad go luath sna 1960Ã, ach ceist staire atá ann anois. Bheadh tréimhse sa Ghaeltacht an-tábhachtach do mhúinteoirà nach bhfuil Gaeilge flúirseach acu, cosúil linn fhéin.
Tá an Rialtas ag obair ar treoirphlean chun úsáid na Gaeilge a leathnú, nà hamháin san Oireachtas ach i ngach phobal, mór nó beag, ar fud na tÃre. Labhair an Seanadóir Hannigan mar gheall ar Chill Dheagláin i gContae na MÃ. Tá Gaelscoil na Cille sa bhaile sin mar ceann de na scoileanna lán-Gaelacha is aosta sa tÃr. BÃonn campa samhraidh ann gach bhliain. Meascann na tuismitheoirÃ, na múinteoirà agus na páistà le chéile agus iad ag foghlaim an Ghaeilge, ag rince agus ag dul ar deireadh seachtaine saoire. Tá caighdeán an-árd Gaeilge sa dúiche sin. Tá a fhios agam go bhfuil éileamh déanta ag muintir na háite chun gaelcholáiste a chur ar bun ann. Tá fás beag tagtha ar gaelcholáistà sa chathair seo. Tá daoine ag lorg nÃos mó dóibh.
Labhair roinnt Seanadóirà mar gheall ar Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom go mbainfà nÃos mó úsáid as an Ghaeilge taobh amuigh de Seachtain na Gaeilge. AontaÃom leis na daoine a labhair faoi, mar shampla, an tionchar atá agus an deá-obair atá á dhéanamh ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá suim nÃos mó ag daoine, i mo thuairimse, i "Ros na Rún" ná mar atá acu i "Fair City", mar shampla. Tá tionchar an-mhór ag daoine ar nós Des Bishop ar saol daoine óga go mórmhór.
Geallaim don Teach go ndéanfaidh an Rialtas gach cúnamh agus spreagadh a thabhairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithà seo agus ar fud na tÃre. Ba cheart dúinn i dTithà an Oireachtas ceannasaÃocht a thabhairt dos na daoine trÃd an teanga a labhairt go laethúil mar is beatha teanga à a labhairt. Tiocfaidh mé ar ais chuig roinnt de na Seanadóirà le freagraà nÃos cruinne mar gheall ar Fhoras na Gaeilge agus an obair atá ar siúl mar gheall ar ceist an tumoideachais. Beidh an tAire i dteagmháil leo mar gheall ar na ceisteanna sin agus cinn eile nach raibh seans agam iad a fhreagairt.