Seanad debates

Wednesday, 11 March 2009

4:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Fáiltím roimh an Aire Stáit agus roimh an ráiteas dearfach ilghabhálach a chuir sé os ár gcomhair. Cabhraíonn sé i gcónaí tuiscint a bheith againn ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach a fheiceáil go bhfuil straitéis 20 bliain i gceist don Ghaeilge. Tá áthas orm go bhfuil sé sin ag tarlú.

Tréaslaím leis an gcoiste atá ag eagrú sheachtain na Gaeilge. Níl amhras faoi go bhfuil sár jab á dhéanamh acu. Tá sé le tabhairt faoi deara ins na meáin cumarsáide agus i measc an phobail i gcoitinne. Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ná gur daoine óga is mó atá taobh thiar den iarracht seo. Cruthaíonn sé sin go bhfuil sprid ins na daoine óga fós maidir leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta treoir a thabhairt. Níl aon amhras ná go bhfuil samhlaíocht taobh thiar den obair atá ar siúl acu.

Ní bheadh éinne in ann a rá 20 nó 30 bliain ó shin go mbeadh stádas láidir ag an nGaeilge fós ins an tír. Tá an-chuid rudaí tar éis tarlú agus bhí siad luaite ag an Aire Stáit. Smaoiním ar Raidio na Gaeltachta, TG4, na gaelscoileanna agus mar sin de. Deirtear liom go gcaithfidh daoine fanacht chun a bpáistí a chur isteach ins na gaelscoileanna, tá éileamh chomh mór san orthu. Seo rudaí atá thar a bheith dearfach. Chomh maith leis sin, feicim go bhfuil dea-thoil ann don Ghaeilge anois, rud nach raibh le tabhairt faoi deara ins na 1950aidí agus na 1960aidí. Bhí díospóireacht an-nimhneach ag tarlú ag an am sin maidir leis an nGaeilge. Níl aon amhras ná gur dhein an díospóireacht sin dochar agus gur tharla deighilt sa phobal ag an am. Is trua gur tharla sé sin. Ach baineann sé sin leis an stair agus is rí-annamh anois a cloistear ó éinne nach cóir duinn ár dteanga féin a chur chun tosaigh.

Bhí mé féin agus an tSeanadóir Buttimer ag cruinniú de chomhchoiste Oireachtais níos luaithe inniu a raibh cúrsaí ealaíona agus cultúrtha á bplé ann. Fáiltíomar roimh toscaireacht ón gComhairle Ealaíona. Bhí na hargóintí céanna á dhéanamh ag an gcruinniú sin agus atá á dhéanamh anseo. Is é sin, go mbaineann ár gcultúr agus, ar ndóigh, ár dteanga lenár bhféiniúlacht náisiúnta. Is beag tír a bheadh sásta ligint dá cultúr nó dá féiniúlacht náisiúnta imeacht le sruth mar baineann sé le gach rud atá idir láimhe againn i láthair na huaire.

Má fhéachtar siar ar stair na hÉireann, nuair a bhí cruachás le fulaingt againn tar éis an Ghorta Mhór nó le linn gach éirí amach, nuair a bhí brú á dhéanamh ar an tír cuireadh béim i gcónaí ar an gcultúr agus ar an nGaeilge. Má fhéachaimid siar ar stair na hÉireann, ar amanna nuair a bhí cruachás an-mhór le fulaingt againn sa tír seo — tar éis an Gorta Mór agus i rith gach éirí amach, mar shampla, nuair a bhí brú ar an dtír — tá sé soiléir go raibh béim i gcónaí ar an gcultúr agus ar an nGaeilge. An cúis a bhí le sin ná gur thuig daoine sna amanna sin go mbaineann ár gcultúr, an Ghaeilge ina measc, le anam an náisiúin. Spreag ár gcultúr daoine áirithe chun iarracht a dhéanamh ar a son féin agus ar son an ghnáth-phobal. Tá sé tábhachtach go dtuigfimís cé hiad na daoine a sheas an fód le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chosaint.

Nuair a labhrann mé mar gheall ar na daoine óga atá ann i láthair na huaire, níl mé ag rá go bhfuil gach rud slán sábháilte. Ní mar sin atá sé. Chomh fada is atá an Ghaeltacht ann, agus daoine ag úsáid an Ghaeilge go laethúil ina saolta féin, beidh tuiscint againn ar an bhrí a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga bheo. De bharr an tionchar atá ag an Ghaeltacht ar an chuid eile den tír, tá an méid daoine a labhrann an teanga ag fás in an-chuid áiteanna, ní hamháin sa Deisceart ach sa Tuaisceart freisin. Tá an-bhéim á chur ar an Ghaeilge i mBéal Feirste, go háirithe.

Is maith an rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Ní hionann é sin agus a rá nach cóir dúinn ach an Ghaeilge a úsáid ag an am seo den bhliain. Tugann Seachtain na Gaeilge seans dúinn go léir bheith aontaithe maidir leis an ábhar seo. Is cuma má tá Gaeilge lag nó láidir ag duine — ba cheart dó nó di an teanga a úsáid. Ní cheart d'éinne brú a chur ar daoine maidir le chúrsaí gramadaí nó aon rud den tsaghas sin. Ba chóir dúinn bheith áthasach nuair atá duine ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt. Tá an-áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl agus go bhfuil aitheantas á thabhairt do Seachtain na Gaeilge ag an Rialtas agus ag an Teach seo. Nuair a bhí an seisiún seo á phlé ar Riar na hOibre ar maidin, thug mé faoi deara gur labhair seacht nó ocht Seanadóirí, ar an dá thaobh den Teach, i nGaeilge. Níl aon amhras faoi ná nach bhfuil aon deighilt sa Teach seo maidir leis an Ghaeilge. Táimid go léir aontaithe. Nuair a bhí an tír seo ag iarraidh stádas oibre don Ghaeilge san Eoraip a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an Teach seo go mór chun tosaigh san iarracht sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.