Seanad debates
Wednesday, 11 March 2009
Irish Language: Statements
4:00 pm
Joe O'Toole (Independent)
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Níor mhaith liom cur i gcoinne aon rud a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, ach caithfidh mé a rá nach "Gaeilge" a labhrann mé ach "Gaelainn". Go minic, agus mé ag féachaint siar ar aon rud atá curtha i gcló ón Seanad, bíonn sé deacair dom an méid atá ráite agam a léamh os rud é go mbíonn sé caighdeánaithe "i nGaeilge" seachas a bheith scríobhta "i nGaelainn". Is mór an trua é go mbíonn an deacracht sin agam i gcónaí. Caithfidh mé a rá gurb í an deacracht is mó a bhaineann le polasaithe Gaeilge ná go bhfuil siad dírithe i bhfad níos mó ar na Galltachtaí ná ar na Gaeltachtaí. Braithim i gcónaí go bhfuil i bhfad níos mó spéis ag an Rialtas — níl mé ag féachaint amháin ar an Rialtas atá ann faoi láthair ach ar gach aon Rialtas ó bhunú an Stáit — i gcúpla focal Gaeilge a bheith in úsáid sna Galltachtaí ná sa teanga a chothú, a mhéadú agus a fhorbairt sna Gaeltachtaí. Is ceann de na deacrachtaí é sin.
Is cuimhin liom nuair a fhoghlaim mé conas a cuireadh an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna nuair a bunaíodh an Stáit. Rinneadar rud an-simplí an uair sin. Chuireadar múinteoirí go dtí na Gaeltachtaí le haghaidh trí nó sé mhí. D'fhan na múinteoirí i dtithe na ndaoine. Bhíodar mar baill de na Gaeltachtaí ar feadh an tréimhse sin. Nuair a tháinig na múinteoirí thar n-ais, chuir an dream sin an Ghaeilge chun cinn sna bunscoileanna agus ar fud scolaíocht na tíre seo. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach. Míneoidh mé an fáth ar shocraigh mé ar é sin a úsáid mar shampla. I 1980, trí scór bliain ina dhiadh sin, d'foilsigh John Wilson, a bhí mar Aire Oideachais ag an am, Páipéar Bán chun polasaithe Rialtas na linne sin i dtaobh na Gaeilge a chur chun tosaigh. I measc a raibh sa Phaipéar Bán, bhí moladh chun seans a thabhairt do mhúinteoirí agus scoláirí dul go dtí na Gaeltachtaí.
Is cuimhin liom gur chuaigh mé, in éineacht leis an INTO, i dteagmháil le oifigigh ón Roinn Oideachais an uair sin ag iarraidh go gcuirfí an moladh sin chun cinn. Is mór an trua é nár deineadh é sin riamh. Dá mbeadh an toil polaitiúil ann chun é a dhéanamh, cuireadh sé instealladh eacnamaíochta i saol na nGaeltachtaí, instealladh misnigh i muintir na nGaeltachtaí agus, is dócha, instealladh muiníne i bpolasaithe Gaeilge an Rialtais. Is dóigh liom go mbeadh a lán rudaí, ar nós fostaíocht, tionlactha le sin. Tá múinteoirí ar fud na tíre a bheadh thar a bheith sásta ráithe nó tréimhse sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht. Is fíor nach bhfuil dóthain Gaeilge ag cuid acu faoi láthair. Tá an-ghrá ag cuid acu don teanga. Níl siad i gcoinne an teanga in aon tslí. Dá mbeadh seans acu dul go dtí na Gaeltachtaí, agus deontaisí agus acmhainní ar fáil chun cúnamh a thabhairt dóibh, braithim go mbeadh an-dul chun cinn déanta.
Ba mhaith liom aird an Aire Stáit a dhíriú ar rud nach dtuigim. Is mór an trua nach bhfuil an tacaíocht céanna ar fáil dos na scoileanna Gaeltachta is atá ar fáil dos na gaelscoileanna sna Galltachtaí. Tá sé deacair an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dos na scoileanna Gaeltachta a chreidiúnt. Tá páistí i gceartlár na Gaeltachtaí nach bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán. Tá mé ag caint mar gheall ar leanaí a rugadh i mór-roinn na hEorpa, mar shampla. B'fhéidir go raibh a thuismitheoirí ina chónaí i Sasana go dtí gur tháinig siad thar n-ais anseo. Tá páistí ag foghlaim an Ghaeilge sna scoileanna sin nach gcloiseann an teanga in aon áit eile. Ba chóir go mbeadh na hacmhainní agus an tacaíocht céanna ar fáil dóibh siúd is atá ar fáil sna Gaelscoileanna. Is mór an trua é nach bhfuil an fóirithint dírithe ar na scoileanna sin. Caithfear rudaí praiticiúla den tsórt seo a chur chun cinn.
Aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú go bhfuil níos mó bá ann don Ghaeilge anois ná mar a bhí riamh. Braithim féin é sin. While I do not want to mention the war, is cuimhin liom na deacrachtaí a bhí agam nuair a bhí ainm mo áit dhúchais fhéin á phlé. Tá an troid sin fós ar siúl. Tá dul chun cinn déanta. Dé réir dealramh, tá athrú aigne tagtha ar an Rialtas. Rinne siad iarracht ainm an bhaile a athrú go dtí "An Daingean", cé go raibh trí aimneacha — "An Daingean", "Daingean Uí Chúis" agus "Dingle" — i ceist i gcónaí. Bhí sé de nós ag daoine aon ainm a úsáid, ag brath ar pé acu a bhí oiriúnach don chomhthéacs ag an am. Mar shampla, "An Daingean" a deirimís i gcónaí eadrainn fhéin. D'úsáidfimís "Daingean Uí Chúis" i measc stróinséirí agus "Dingle" as Béarla. Úsáidtear "Dingle" i nGaeilge chomh maith, uaireanta. Níor chuir sé isteach nó amach orainn riamh, go dtí gur cheap fear éigin taobh thiar de bhinse i mBaile Átha Cliath that it would be a good idea to change it all. That is the kind of thing that drives people mad. Is é sin an sórt rud a chuireann isteach ar dhaoine. Níl aon dul chun cinn ann. Ba chóir dúinn misneach agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine. Ba cheart dúinn polasaithe praiticiúla, thar aon rud eile, a thógaint isteach. Tá súil agam go n-éireoidh linn an méid sin a chur chun cinn in éineacht leis an Rialtas.
No comments