Seanad debates

Wednesday, 11 March 2009

4:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Is díospóireacht thábhachtach í seo maidir le cúrsaí Gaeilge faoi láthair agus faoi thodhchaí na Gaeilge, chan amháin don ghlúin seo ach dos na glúnta atá le teacht. Téann ceist na Gaeilge siar na blianta. Nuair a bhí go leor againn ag fás aníos bhíomar ag foghlaim na Gaeilge ar an scoil agus ag teacht abhaile áít a raibh an Ghaeilge ar fáil i go leor des na tithe, go háirithe ins an nGaeltacht. Déantar go leor cainte faoin nGaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Le roinnt blianta anuas, tá an-fhorbairt déanta ar an teanga taobh amuigh den nGaeltacht, go háirithe leis an obair atá déanta ag eagraisí cosúil le Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá obair mhór déanta ag na gaelscoileanna agus ag na páistí go léir atá ag freastal orthu. Áit ar bith taobh amuigh den nGaeltacht a bhfuil gaelscoil innti agus tuismitheoirí toilteanach páistí a chur innti, bíonn na tuismitheoirí báiúil don nGaeilge agus bíonn sí á labhairt sa bhaile. Tagann na páistí abhaile ón scoil agus an Ghaeilge leo agus bíonn na tuismitheoirí sásta an Ghaeilge a labhairt dá bharr sin. Rud follán é sin. Tá buíochas tuillte ag na heagraisí go léir a bhfuil baint acu leis an nGaeilge sa tír, go háirithe na heagraisí atá taobh amuigh den nGaeltacht. Bunaíodh eagraisí úra mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tháinig forbairt dá bhrí sin, chan amháin ar an taobh seo den Teorann ach ar an taobh eile fosta agus tá an Ghaeilge á fhorbairt ins na Sé Contaetha.

Fáiltím roimh an obair atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, tá an Taoiseach ag tabhairt sampla maith don phobal. Tá an-obair déanta aige mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais atá bunaithe aige. Fáiltím chomh maith roimh an obair atá déanta ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag an Aire, an Teachta Éamon Ó Cuív, le blianta anuas leis an Ghaeilge a cur chun cinn, go háirithe ó 1997 nuair a ceapadh é mar Aire Stáit ins an Roinn sin.

Tá fás substaintiúil tagtha ar an nGaeilge ins na bailte fearainn go léir ins an tír, go háirithe ins an nGaeltacht. Tá an cheist le cur i gcónaí, an bhfuil an Ghaeilge ag fás nó ag fáil báis ins na Gaeltachtaí? Mar chomhalta de Údarás na Gaeltachta agus mar dhuine atá ina chónaí sa Ghaeltacht, thig liom a rá go bhfuil an Ghaeilge lán bríomhar ins na ceantracha Gaeltachta agus go bhfuil sí a fós iontu.

Is féidir leis an Stát gach cuidiú a thabhairt don Ghaeilge ach ag deireadh an lae, is ceist í dos na daoine féin, agus go háirithe dos na teaghlaigh, an Ghaeilge a labhairt. Tá ról ag cúrsaí oideachais i dtodhchaí na Gaeilge, ins na bunscoileanna ach go háirithe. Tá sé níos fusa ag páistí óga an Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal íseal ins na réamhscoileanna, na naíonraí agus na bunscoileanna. Más féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim ag an aois ghrúpa sin is ea is fearr. Tá thart faoi 86,000 duine ina gcónái ins na ceantracha Gaeltachta agus lear mór acu ag labhairt Gaeilge go laethúil. Deirtear go bhfuil thart fá 250,000 duine faoi 20 bliain d'aois sa tír ar fad atá in ann Gaeilge a labhairt.

Tá súil agam go bhfoilseofar plean an Rialtais go luath. Beidh deis íontach ag an teanga ins na blianta amach romhainn de bhrí go bhfuil an Rialtas ag cur plean fadthéarmach le chéile don Ghaeilge. Is féidir jabannaí a chruthú as an teanga féin. Is buntáiste mhór fosta an stádas úr atá ag an teanga san Eorap anois.

Ta súil agam go mbeidh deis againn díospóireacht eile a bheith againn ar an ábhar seo go luath. Tá lúcháir orm go bhfuil an t-Aire Stáit sa Teach inniu, fear atá breá ábalta Gaeilge a labhairt. Bím ag éisteacht leis go minic ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhím ag taisteal ins an charr. Tá Gaeilge den chéad scoth aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.