Seanad debates

Wednesday, 11 March 2009

Irish Language: Statements

 

5:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tá an-áthas orm bheith anseo. Tá mé i ndáiríre mar gheall ar sin. Is pribhléid é dom bheith anseo i bhur measc. Ar nós a lán Seanadóirí, fuair mé mo chuid bunoideachais agus meánoideachais trí mheán na Gaeilge ar fad, nach mór. D'fhoglaim mé Laidin trí Ghaeilge. Tá mo chuid Gaeilge imithe chun donais, faraoir, ón lá gur chuaigh mé go dtí an ollscoil.

Aontaím leis an Seanadóir Doherty agus Baill eile a dúirt go gcaithfimid an Ghaeilge a úsáid i ghnáth-obair an Oireachtais — an Dáil agus an Seanad. Tá an-mheas agam ar Seachtain na Gaeilge mar tionscnamh, go mórmhór na daoine óga atá taobh thiar de. Cé go bhfuil sé tábhachtach, bheadh sé i bhfad níos sásúla dá mbeadh Question Time sa Dáil trí Ghaeilge go rialta. Bhí sé meascaithe idir Gaeilge agus Béarla i rith na seachtaine. Bheadh sé i bhfad níos sásúla dá bhféadfaimis é sin a dhéanamh.

Is léir os na cainteoirí difriúla go bhfuil an-suim ag an Seanad sa Ghaeilge, nó an "Gaelainn", mar a dúirt an Seanadóir O'Toole. Is dóigh liom gurb í an "Gaelainn" Gaeilge na Ríochta. Labhair Seanadóirí mar gheall ar stádas na teanga. Tá an ceart ag Seanadóirí a dúirt go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú. Tá an Rialtas ag obair chun tionchar an Bhéarla sna Gaeltachtaí a laghdú. Táimid socraithe ar tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta timpeall na tíre, i dtoibreacha na Gaeilge ar nós Dún Chaoin, Leitir Mór agus Gaoth Dobhair. Tá sé de dhualgas orainn ag Ghaeilge a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht. Tá an Rialtas i ndáiríre go bhfuil sé chun gach cabhair is féidir leis a thabhairt don Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach freisin cabhrú leis an mborradh atá tagtha ar gluaiseacht na gaelscolaíochta i mbailte agus cathracha ar fud na tíre.

Dúirt roinnt Seanadóirí go bhfuil gá le níos mó cabhair a thabhairt do mhúinteoirí agus daltaí sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna. Tá na cuiditheoirí a oibríonn faoin scéim "Tús Maith" ag obair go maith, i mo thuairim. Tuigim go bhfuil múinteoirí an-sásta leis agus go bhfuil tuismitheoirí an-báúil leis. Tá níos mó oibre le déanamh, ceart go leor. Táimid chun labhráin agus uirlisí a chuir ar fáil, faoin scéim "Séideán Sí", chun fás na teanga a chothú. Tá sé sin á leathnú ag an Rialtas. Labhair an Seanadóir O'Reilly mar gheall ar an scéim scoláiríochta, atá an-tábhachtach. Aontaím leis an Seanadóir O'Toole gur cheart dúinn scéim a fhorbairt chun ligint do mhúinteoirí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Déarfainn go mbeadh an Aire i bhfábhar scéim den tsórt sin. Bhí sé ar fáil nuair a bhí na coláistí ullmhúcháin fós oscailte. Botún mó ab ea é nuair a dúnadh iad go luath sna 1960í, ach ceist staire atá ann anois. Bheadh tréimhse sa Ghaeltacht an-tábhachtach do mhúinteoirí nach bhfuil Gaeilge flúirseach acu, cosúil linn fhéin.

Tá an Rialtas ag obair ar treoirphlean chun úsáid na Gaeilge a leathnú, ní hamháin san Oireachtas ach i ngach phobal, mór nó beag, ar fud na tíre. Labhair an Seanadóir Hannigan mar gheall ar Chill Dheagláin i gContae na Mí. Tá Gaelscoil na Cille sa bhaile sin mar ceann de na scoileanna lán-Gaelacha is aosta sa tír. Bíonn campa samhraidh ann gach bhliain. Meascann na tuismitheoirí, na múinteoirí agus na páistí le chéile agus iad ag foghlaim an Ghaeilge, ag rince agus ag dul ar deireadh seachtaine saoire. Tá caighdeán an-árd Gaeilge sa dúiche sin. Tá a fhios agam go bhfuil éileamh déanta ag muintir na háite chun gaelcholáiste a chur ar bun ann. Tá fás beag tagtha ar gaelcholáistí sa chathair seo. Tá daoine ag lorg níos mó dóibh.

Labhair roinnt Seanadóirí mar gheall ar Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom go mbainfí níos mó úsáid as an Ghaeilge taobh amuigh de Seachtain na Gaeilge. Aontaíom leis na daoine a labhair faoi, mar shampla, an tionchar atá agus an deá-obair atá á dhéanamh ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá suim níos mó ag daoine, i mo thuairimse, i "Ros na Rún" ná mar atá acu i "Fair City", mar shampla. Tá tionchar an-mhór ag daoine ar nós Des Bishop ar saol daoine óga go mórmhór.

Geallaim don Teach go ndéanfaidh an Rialtas gach cúnamh agus spreagadh a thabhairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithí seo agus ar fud na tíre. Ba cheart dúinn i dTithí an Oireachtas ceannasaíocht a thabhairt dos na daoine tríd an teanga a labhairt go laethúil mar is beatha teanga í a labhairt. Tiocfaidh mé ar ais chuig roinnt de na Seanadóirí le freagraí níos cruinne mar gheall ar Fhoras na Gaeilge agus an obair atá ar siúl mar gheall ar ceist an tumoideachais. Beidh an tAire i dteagmháil leo mar gheall ar na ceisteanna sin agus cinn eile nach raibh seans agam iad a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.