Seanad debates

Wednesday, 11 March 2009

4:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)

Cuirim fáilte roimh an Aire agus ba bhreá liom a rá go bhfuilim an sásta go bhfuil an deis seo againn an Ghaeilge agus cúrsaí Gaeilge a phlé sa Seanad go háirithe i gcomhthéacs Seachtain na Gaeilge a bheith tagtha. Is dócha go bhféadfaí a rá faoin nGaeilge go bhfuil ana chuid daoine sa tír ní hamháin buíochas le Dia go bhfuil go leor daoine go bhfuil Gaeilge líofa agus Gaeilge ar a dtoil acu ach sa tír ar fad is minic a bhuailfimid ar fad le daoine atá báúil leis an nGaeilge; go bhfuil rud éigin sa chroí ag daoine maidir leis an nGaeilge. Sa tír ar fad is minic a bhualaimid uilig le daoine atá báúil leis an Ghaeilge, tá rud éigean sa chroí ag daoine maidir leis an Ghaeilge. Is minic a deir duine liom gur deas leis an Ghaeilge a chloisteáil nuair a labhraím Gaeilge ó ham go chéile, fiú nuair nach dtuigeann sé gach rud atá ráite. Bíonn daoine sásta go bhfuil an Ghaeilge á plé.

Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, tá fáthanna éagsúla leis sin. B'fhéidir gur tógadh le Gaeilge sinn nó bhí múinteoirí maithe againn nó deiseanna againn agus sinn ag an choláiste nó ar scoil. Sin a tharla i mo chás féin. Tógadh i dteach mé nach raibh mórán Gaeilge inti ach bhí mo mhuintir an-bháúil leis an Ghaeilge agus bhí sé de smaoineamh againn gur rud maith í an Ghaeilge, cuid dár n-oidhreacht agus gur rud fiúntach é tréan-iarracht a dhéanamh chun í a fhoghlaim agus feabhas a chur uirthi. Bhí múinteoirí iontacha agam ar scoil a léirigh go raibh níos mó ná jab i gceist ach gairm acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus rinne siad a seacht ndícheall sin a dhéanamh.

Le déanaí bhí sé d'ónóir agam bheith mar chathaoirleach ar chraobh na hÉireann de dhíospóireachtaí Ghael Linn i Ros Cré do na meánscoileanna lán-Ghaelacha. B'iontach an ócáid í agus bhí scíleanna díospóireachta agus Gaeilge den scoth ag na mic léinn. Is sean-teanga í an Ghaeilge ach, ar bhealach eile, tá an Ghaeilge an-óg. Má amharcaimid ar na daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa tír anois sna Gaelscoileanna, agus ar na himeachtaí atá eagraithe ag a leithéid de Choláiste na bhFiann agus coláistí samhraidh eile, is léir go bhfuil nasc idir bheith óg agus an Ghaeilge a fhoghlaim agus sin an bealach ceart. Is cuimhin linn uilig agus sinn ar scoil, bíodh gur fiúntach an rud é an litríocht a fhoghlaim, mar aon le stair na teanga agus na litríochta, go raibh rud éigin in éasnamh, nach raibh an bhéim cheart leagtha ar fhoghlaim na Gaeilge mar theanga labhartha.

Bhí áthas orm go raibh deis agam le linn dom bheith ag an mheánscoil cionn is go raibh múinteoir, Michael John Kilgannon, go háitiúil a d'eagraigh cúrsaí Gaeilge i mBéal Átha na Sluaighe i rith an tsamhraidh agus d'fhreastal mé féin orthu agus rinne siad an-mhaitheas dom. Bhí sé de phríbhléid agam bheith mar mhac léinn agus ard-chinnire ina dhiaidh sin le Coláiste na bhFiann, agus tréaslaím do na coláistí samhraidh leis an obair iontach atá ar siúl acu. Chuir mé aithne ansin ar a leithéid de Phádraig Uí Cheatharnaigh, atá ag déanamh sár-obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tréaslaím fosta le m'iar-ollscoil féin, Coláiste Ollscoil na Gaillimhe. Ní dhearna mé féin an Ghaeilge mar ábhar céime ach bhí scéim iontach curtha ar fáil ag Oifig na Gaeilge Labhartha faoi stiúradh an fhir iontaigh sin, Peadar Mac an Iomaire. Bhí deis ag mic léinn nach raibh Gaeilge á déanamh acu mar ábhar ollscoile dul chuig An Ceathrú Rua go dtí Áras Mhairtín Uí Chadhain chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh. Cén coincheap a bhí taobh thiar de sin? Le déanamh cinnte go mbeadh daoine amach anseo i gcúrsaí leighis nó innealtóireachta in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge do lucht na Gaeilge.

Tréaslaím leis na daoine seo uilig a chinntigh ní amháin go bhfuil an Ghaeilge beo ach go bhfuil sí óg agus go bhfuil daoine meallta chun snás a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhain mé féin an-tairbhe agus an-taitneamh as sin. Tá áthas orm go bhfuil a leithéid de Des Bishop ag díriú airde ar thábhacht na Gaeilge agus daoine óga á mealladh aige. Gura fada buan na laocha seo ar fad toisc an tseirbhís atá déanta acu don tír, don chultúr agus do mhuintir na tíre as a gcuid grá don Ghaeilge a nochtadh agus daoine eile a mhealladh don Ghaeilge.

Tréaslaím freisim leis an Taoiseach agus an dea-shamplá atá léirithe aige as an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir. Ní bhíonn sé furasta i gcónaí Gaeilge a labhairt sa Teach seo mar ní bhímid i gcónaí ag iarraidh brú a chur orthu siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach is fiú an iarracht a dhéanamh. Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, d'fhéadfaimis úsáid a bhaint aisti ar bhonn níos rialta. Na daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, is fiú dóibh iarracht a dhéanamh mar ní bhfaighidh siad ach fáilte uainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.