Seanad debates

Wednesday, 11 March 2009

Irish Language: Statements

 

4:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus gach páirtí sa Seanad as ucht na díospóireachta seo a chur ar siul. Chomh maith leis sin, táim buíoch díobh ar fad as ucht cuireadh a thabhairt dom bheith i láthair anseo tráthnóna. Mar Phríomh-Aoire an Rialtais, fáiltím an deis seo chun díospóireacht bríomhar a bheith againn ar an nGaeilge agus ar thodhchaí na teanga. Níl aon dabht ach ó thog sé an oifig, tá an Taoiseach, an Teachta Cowen, ag tabhairt sampla maith dúinn ar fad ó thaobh na Gaeilge a úsáid sna Tithe seo. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt chomh maith don dea-shampla a bhfuil daoine ar nós na Teachtaí Kenny, Gilmore agus Ó Caoláin, chomh maith le Seanadóirí éagsúla, ag tabhairt freisin. Tugann focail ár gceannairí muinín dúinn ar fad sa Dáil agus sa Seanad conas is féidir linn níos mo úsáid a bhaint as ár gcuid Gaeilge féin le linn na hoibre laethúil.

I dtús báire, ba mhaith liom a rá go gcreideann na páirtithe Rialtais go bhfuil rí-thábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is í mo thuairim agus tuairim an Rialtas gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge — acmhainn a féidir a threisiú agus a fhorbairt ar leas na tíre. Is sa chomhthéacs seo, sílim, go bhfuil an rún os comhair an Seanad ag tabhairt tacaíocht dúinn ar fad san obair atá ar siúl ó taobh na Gaeilge a chur chun cinn. Chomh maith leis an Ghaeilge a bheith againn mar sheoid chultúrtha, creidimid gur féidir an teanga a fhorbairt níos mó mar acmhainn eacnamúil. Tá mé cinnte gur feidir níos mó forbairt a dhéanamh ó taobh leithéidí turasóireacht cultúrtha agus Gaeltachta de. Tugann aitheantas don Ghaeilge san Eoraip deiseanna breise fostaíochta i réimsí an aistriúcháin, na iriseoireachta agus na craolacháin. Thar aon ní eile, tugann sí deis dúinn teacht le chéile mar phobal teanga.

Nuair a bunaíodh an Stát agus arís le 50 bliain anuas, is iomaí dul chun cinn atá déanta ag an teanga. Is féidir le gach Rialtas san am sin cuid den mholadh a thógaint don dul chun cinn sin. Ar ndóigh, i measc na buaicphointí a bhí ann don teanga sa 50 bliain sin tá bunú Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht Teanga, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, an t-aitheantas don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip. Thug na buaicphointí sin misneach nua do phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Spreagadar daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Chinntíodar go mbeidh an Ghaeilge beo agus bríomhar nuair atáimíd ar fad sa Seomra stairiúil seo imithe ar shlí na fírinne. Má tá dul chun cinn déanta, níl aon dabht ach go bhfuil go leor dúshláin roimh an teanga sna blianta atá romhainn. Sílim go bhfuil an Rialtas, na páirtithe pholaitiúila ar fad agus lucht na Gaeilge lán-ábalta na dúshláin sin a shárú.

Mar is eol daoibh, sheol an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge ag ócáid i dTeach bhFarmleigh i mí na Nollag 2006. Ba é seo an chéad ráiteas dá leithead a cuireadh amach le beagnach 40 bliain. Chreid an Rialtas, mar phríomh-ghné d'aon pholasaí Gaeilge, gur cheart ráiteas soiléir a dhéanamh maidir le haidhmeanna an Rialtais agus polasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge. Sa ráiteas, leagadh síos go soiléir ar bhealach éasca agus simplí an bhunchloch ar a bhfuil polasaithe Gaeilge an Rialtas bunaithe. Ba mhinic a bhí sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon stráitéis nó plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fís ag an Rialtas maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an ndúshlán sin go bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt. Is é sin an obair atá á leanúint ag an Taoiseach, ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, agus ag daoine eile. Tá mé cinnte go mbeidh an stráitéis nua forleathan agus cuimsitheach. Níos mó ná sin, tabharfaidh sé treoir don teanga sna blianta atá amach romhainn. Tá mé cinnte go dtacaíonn sibh liom nuair a gabhaim gach dea-ghuí ar an Taoiseach agus ar an Aire, an Teachta Ó Cuív, san obair atá ar bun acu i leith plean don teanga a fhoilsiú.

Ba mhaith liom casadh ar na Gaeltachtaí ar fud na tíre. Foilsíodh tuarascáil i 2007 mar thoradh ar an staideár teangeolaíochta a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Déanann an staideár sin anailís ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Is é an príomhrud a thagann as an tuarascáil ná go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ó athruithe sóisialta agus déimeagrafaíochta, fiú sna croí-ceantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam go raibh go leor cainte i ndúichí Ghaeltachta maidir le catagóir A, B agus C. Mar chuid den tuarascáil, déanadh moltaí i leith nithe éagsúla a mbeadh tionchar dearfach acu don teanga sa Ghaeltacht. Ina measc, bhí moltaí maidir leis na ceantair Ghaeltachta, an córas pleanála, an córas oideachais, cúrsaí óige agus Údarás na Gaeltachta. Ag rith as sin, bunaíomar coiste Rialtais. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste, atá ag breathnú ar cheisteanna a thagann as an staideár. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh plean gníomhaíochta socraithe chomh luath agus is féidir.

Ní bheadh sé ceart dom gan tagairt sonrach a dhéanamh do cheann de na scéimeanna is tábhachtaí atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta — scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Anuraidh, d'fhreastal beagnach 28,000 foghlaimeoirí ar chúrsaí éagsúla ar fud na Gaeltachta. Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil an-suim i gcónaí i bhfoghlaim na Gaeilge. Cabhraíonn na coláistí Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn — ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre freisin. Tá na coláistí an-tábhachtach ní hamháin ó thaobh na Gaeilge ach freisin ó thaobh na heacnamaíochta áitiúla sna ceantair éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe. Is tionscail ann féin iad na coláistí, a chuireann saothrú maith ar fáil dos na mná tí i rith an tsamhraidh. In ainneoin na géarchéime airgeadais, tuigtear dom go bhfuil na háirithintí sna coláistí do 2009 ag dul go maith. Ar aon leis na coláistí Gaeilge, atá ag dul ó neart go neart, tá mé cinnte go bhfuil borradh na gaelscolaíochta feicthe ag Seanadóirí ina gceantair féin. Ar fud na tíre, tá suim nua sa teanga. Is ábhar misnigh dúinn ar fad an tsuim nua seo. Sílim go gcinntíonn sí todhchaí na teanga. I mo dháilcheantar féin, tá leithéidí de Scoil an tSeachtar Laoch, Ghaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, Gaelscoil Cholmcille i Seantrabh, Scoil Caitríona agus Scoil Mobhí ag deanamh sárobair chun glúin nua Éireannaigh a dhéanamh líofa in ár dteanga náisiúnta. Tá scoileanna den tsórt sin ar fud na tíre. Chomh maith leis an obair atá ar siúl sna bunscoileanna, tá sárobair ar siúl ag an dara agus an triú leibhéal, go háirithe ag "Fiontar" in Ollscoil Cathair Baile Átha Claith, in Ollscoil Chorcaí agus in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an Rialtas bródúil as an tacaíocht atá tugtha do ghluaiseacht na gaelscolaíochta agus sa córas oideachas. Leanóimid le seo sna blianta atá amach romhainn.

Réimse eile gur mhaith liom tagairt ar ná an stádas mar theanga oifigiúil oibre an Aontais Eorpaigh atá bainte amach ag an Gaeilge. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis fheachtais láidir ón Rialtas, a fuair tacaíocht ó páirtithe uile an Oireachtais agus eagraíochtaí Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Stádas agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an Rialtas ag obair le Coimisiún na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh acmhainní ar fáil chun freastal ar an stádas atá anois ag an nGaeilge. Tá ciste ar leith bunaithe ag an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sain-chursaí tríú leibhéal Gaeilge. Cinnteoidh na sain-chursaí seo go mbeidh ar ndóthain aistritheoirí ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim go bhfuil an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair le Óstaí an Rí chun cúrsa céime d'abhcóidí a chur ar fáil. Más féidir, tosnóidh an chúrsa i fómhar na bliana seo. Tá dian-chúrsa téarmaíochta dlí agus grammadach Gaeilge á sholáthar le blianta beaga anuas ag Óstaí an Rí, le cúnamh na Roinne. Táim cinnte go neartóidh an stádas nua atá ag an Gaeilge san Aontas Eorpach a áit mar teanga nua agus saibhir — teanga gur féidir úsáid a bhaint as i ngach gné de shaol na ndaoine agus teanga as a bhfuilimid bródúil sa bhaile agus thar lear.

Cé go bhfuil an Rialtas ullamh chun tacú go láidir le húsáid na Gaeilge a leathnú agus a threisiú, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar na daoine. Go díreach, braitheann an todhchaí ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu í a labhairt agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ag foghlaim na teanga. Tá orainn, anseo san Oireachtas ach go háirithe, timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu, gan eagla orthu go gceartofaí iad nó go mbeidís míshuaimhneach. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu, í a chur ar aghaidh chuig a bpáistí agus tacú lena húsáid laistigh den phobal. Tá mé muiníneach go leanfaidh an Ghaeilge ag déanamh go maith le hiarrachtaí dearfacha i measc pobal na tíre. Geallaim don Teach seo go mbeidh an Rialtas lan-páirteach sna hiarrachtaí sin. Go raibh míle maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.