Seanad debates
Wednesday, 9 April 2003
Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.
10:30 am
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá ceist amháin agam. An rud is mó a d'fhoghlaim mé ón Seanadóir Quinn ná an tréimhse ama ina dhéanfar na rudaà seo. Is é a deirtear ann ná: "The Minister shall issue to public bodies guidelines", "Eiseoidh an tAire treoirlÃnte". Nà chÃm aon téarma ama taobh istigh de sin. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Aire ar cé chomh tapaidh agus a chuirfear na treoirlÃnte amach nó an mbeimid ag súil leo le blianta?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá súil agam go mbeidh treoirlÃnte againn an fómhar seo chugainn, ach tá ceist nÃos casta ná sin i gceist. Tiocfaidh sé anÃos arÃs agus arÃs eile. Feicfear go bhfuil an Sceideal, a phléfimid ar ball,chomh leathan agus a d'fhéadfadh sé a bheith. An fhadhb phraicticiúil a bheidh againn, nà i gceist na treoirlÃnte mar déanfar iad sin a réiteach dÃreach tar éis don Bhille a bheith achtaithe agus nà don eisiúint ag an gcéad dream go mbeimid ag iarraidh pleananna uaidh, ach ansin beidh orainn iad a scrúdú agus nÃl aon mhaith pleananna a fháil muna mbÃonn siad foirfe, muna dhéanann siad déileáil le ceist na Gaeltactha agus mar sin de. An fhadhb a bheidh ann go mbeidh sé an-deacair, leis an iliomad comhlachtaà agus na fo-eagrachtaà eile a thagann faoin Sceideal, scála ama cinnte a chur leis.
Tá mé ag ceapadh gurb é an faitÃos a bheadh ar daoine ná go mbéadh leisce ar an Roinn nó gan mórán dúil ag an Aire dul ar aghaidh agus na pleananna seo a éileamh ar na heagraisà poiblÃ. Céard a tharlódh sa chás sin? Tá sé ráite agam go minic nuair a árdaÃtear an cheist go bhfuil súil agam go mbeidh mé sa bhFreasúra nuair a tharlaÃonn sé sin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
B'fhéidir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil, ach feicfimid. Beidh spraoi ann mar beidh ceist Dála ag chuile Theachta cathain go mbeidh sé i gceist treoirlÃnte a eisiúint go eagraÃocht A agus cathain go mbeidh sé i gceist cur faoin bplean. Caithfimid ligean don daonlathas feidhmiú. Nà féidir scála ama a chur leis an méid atá sa Chéad Sceideal. NÃl éinne anseo in ann a rá liom cén fhad a thógfaidh sé sin. Sin à an fhadhb.
Ansin bÃonn daoine ag caint air go bhféadfadh cuid acu áirid a luadh agus go gcaithfear a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ama. Cén chaoi a roghnófar iad? Mar shampla, bhéadh fonn orm go fÃor-luath dÃriú ar na heagraÃochtaà is mó atá ag plé le pobal na Gaeltachta go laethúil. Tá roinnt údaráis aitiúla i gceist ansin go mór, roinnt boird sláinte agus, dár ndóigh, roinnt Ranna Stáit, ar nós an Roinn TalmhaÃochta agus Bia, an Roinn Gnóthaà Sóisialacha agus Teaghlaigh agus mar sin de. Sin é an chaoi go gcaithfear iad a phiocadh ach nÃor mhaith liom go dtabharfaà aon tuairim do dhreamanna áirid nach bhfuil tábhacht ag baint leo sin ach oiread. Sin à an fhadhb.
Bhà go leor cur is cúiteamh agus machnamh le déanamh faoi seo. SÃlim féin dá mbéadh Aire faillÃoch faoin rud seo a bhrú chun cinn, tá mé ag ceapadh go mbeadh an Freasúra ina dhiaidh go scioptha dá mbeadh aon mhaitheas leis. Tá me cinnte go bhfuil éifeacht leis an bhFreasúra atá againn i láthair na huaire.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá ceist amháin agam don Aire. Glacaim leis go bhfuil jab mór le déanamh chun na treoirlÃnte seo a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, ach tá liosta fada eagraÃochtaà luaite â rud nach gcuirfinn ina choinne mar tá a lán eagraÃochtaà go mbeadh tuairimà agam faoi. An mbéadh an tAire sásta a rá nach bhfanfaidh sé nó sà go dtà go bhfuil an eagraÃocht is déanaà crÃochnaithe le chur thar n-ais chuige na tuairimà faoi treoirlÃnte agus nach mbeidh an Roinn Stáit is lú suime sa Ghaeilge ábalta moill a chur ar an rud go léir? Tá a lán eagraÃochtaà agus is minic go gcuirtear moill ar reachtaÃocht toisc nach dtaitnÃonn sé le Roinn amháin agus cuireann sé moill air trà bheith mall ag cur a chuid tuairimà a chur thar nais go dtà an issuing Department. Bhéadh eagla orm go mbeadh an-mhoill curtha ar an bpróiséas. An bhfuil aon tuairimà ag an Aire faoi sin?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Réiteofar na treoirlÃnte agus caithfear tuairimà a lorg. Muna dtagann siar ar ais, féadfar brú ar aghaidh. An rud a bheadh i gceist i dtosach báire ná na treoirlÃnte a réiteach agus éileamh a dhéanamh ar na dreamanna is mó a mbÃonn plé acu go laethúil leis an bpobal, na pleananna a réiteach ag éirà as na treoirlÃnte. Tá sprioc iomlán ama i gceist ansin. Tá teorann leis an am gur féidir le daoine a thógáil ag réiteach na bpleananna sin. Mar sin, nà féidir leis an moilleadóireacht, a bhfuil faitÃos ar an Seanadóir à Riain roimhe, tarlú.
An t-aon duine amháin go bhféadfadh moill a chur air ná an tAire. Ach acmhainn foirne a bheith agam, nÃl i gceist agam é sin a dhéanamh. Beidh aonad ag plé leis seo go leanúnach. Nà shin fhadhb. Nà féidir le héinne moill a chur ar seo seachas an fhadbh phraiticiúil ag plé le na pleananna agus déanamh cinnte go bhfuil siad foirfe. Nà bheadh aon mhaith bheith ag cur 300 pleananna trÃd nach raibh aon mhaith leo. Caithfidh siad dÃriú ar sain-cheisteanna éagsúla. Má thógfaimid na heagraÃochtaà atá ag plé leis an bpobal, beidh sain-cheisteanna áirithe i gceist i mBaile Ãtha Cliath, áit a bhfuil daonra an-mhór agus mar sin, cé gur céatadán an-bheag den daonra iad lucht labhartha na Gaeilge sa chathar, is pobal réasúnta mór iad san iomlán. Ansin, tá na Gaeltachtaà thiar agus mar sin de. Beidh ar na pleananna dÃriú ar sheirbhÃs a chur ar fáil. Tá roinnt áirithe staidéir déanta ar, mar shampla, an gcaoi go ndéantar a leithéid i gCeanada.
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo an cheist is tábhachtaà atá á phlé againn anois maidir leis an mBille â conas is féidir é seo a chur i gcrÃch agus cé chomh tapaidh agus cé chomh héifeachtach agus is féidir linn é a dhéanamh? Tá tuairim agam nach treoirlÃnte amháin a bheidh i gceist ná ag teastáil ó na comhlachtaà poiblà seo. Beidh cabhair ag teastáil chomh maith le gach rud eile. Táim cinnte nuair a bheidh an tAire ag smaoineamh ar an bplean seo a chur i gcrÃch go bhféadfaimis féachaint air cad dÃreach a bheidh ag teastáil ó na comhlachtaÃ.
Tá scéim amháin cheana féin, mar shampla, gur féidir le daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus gur bhreá leo freastal ar an nGaeltacht, saoire a fháil chun é sin a dhéanamh. Ceapaim gur ag Gaeleagras atá sé sin á láimhseáil. Is fiú smaoineamh freisin amach anseo go mbeadh Gaeleagras, agus b'fhéidir daoine eile sásta féachaint air, seans a thabhairt do dhaoine a bheadh ag feidhmiú ins na comhlachtaí chun an phlean a chur i gcrích freastal ar an nGaeltacht, ní chun Gaeilge a fhoghlaim ach chun téarmaíochta agus modh oibre a fhoghlaim trí Ghaeilge maidir le é seo a chur i bhfeidhm. Muna bhfuil cabhair mar seo ar fáil, is cuma cad é an dea-thoil atá ann sa gcomhlacht, beidh deacrachtaí aige.
Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann roinnt mhaith airgid a fháil ón Roinn Airgeadais chun cur leis an Roinn aige féin sa dóigh is go mbeidh foireann speisialta aige sa Roinn chun seo a dhéanamh. Tá sin an-tábhachtach. Beidh foireann ag teastáil on choimisinéar. Beidh an-díoma orainn más rud é go dtiocfaidh sé thar n-ais i gceann dhá bhliana a rá nach bhfuil foireann aige mar gheall ar easnamh airgid.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá time limit molta sa reachaÃocht d'eagraÃochtaà Stáit. Nuair a chuirfidh an tAire na fógraà scrÃofa chuig ceann chomhlachta phoiblà ar lorg scéime chun na Gaeilge a chur cinn, caithfidh an comhlacht an scéim a chur le chéile taobh istigh de sé mhÃ. Tá dualgas ar na comhlacthaà Stáit rudaà a dhéanamh i dtréimshe ama ach nÃl sé de dhualgas ag an Aire nó ag an Rialtas rudaà a dhéanamh taobh istigh thréimhse ama. Seo rud a tharlaÃonn go minic i reachtaÃocht. BÃmid an-dhian ar dhaoine ach an-solúbthach dúinn féin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Nà bheidh ar an gcomhlacht, ag tógáil na céille san reachaÃocht le comhlacht, ach plean amháin a réitiú â beidh treoirlÃnte réitithe dóibh. An fhadhb atá an Roinn ná go mbeidh air iarraidh ar liosta grúpaà nach bhfuil fiú áireamh orthu sa Chéad Sceideal mar go bhfuil fo-alt (5) ann. B'fhearr linn déileáil leo ina n-iomlán mar tá sé i bhfad nÃos deacra sceideal ama a chur air sin ná mar atá sé le comhlacht.
Dúirt an Seanadóir nach bhfuil an Rialtas ag cur an dhualgais céanna air féin. Sa gcuid is mó beidh sé ag plé le Ranna Rialtais nó fochuideachtaí de chuid an Rialtais. Tá an-difríocht ann má deir an Roinn le comhlacht plean Gaeilge a réitiú taobh istigh de sé mhí, tá sé i bhfad nios eascaí scál-ama a chur leis sin ná mar atá sé ag dul siar do don gCéad Sceideal agus a rá cén scál-ama a bheidh i gceist i réiteach plean do gach aon cheann de na heagraíochta sin. Go mór mór, nuair atá na forálacha breise ann, "aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe", bheadh sé dodhéanta go praicticiúil scál-ama a chur leis sin mar chaithfeadh sé bheith chomh fada is nach mbeadh aon chíall leis.
Tá riail thábhachtach ann i gcruth an daonna. Tá a fhios againn uilig go bhfuil 80% den phobal ag plé le thart ar 20% de na heagraíochtaí seo go laethiúil. Má iarrtar ar an gcuid is mó lena mbíonn plé ag an bpobal leo – tá eagraíochtaí ansin nach raibh aon phlé agam féin leo, ní shin atá tábhachtach – bheadh Ranna agus comhlachtaí cosúil leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe agus Bord Soláthair an Leictreachais tábhachtach. Sin iad an dream a iarrfar orthu i dtosach. Má dhéanfaimid ar an mbealach sin é, beidh éifeachtas cuimsitheach leis an reachtaíocht an-scioptha, fiú nuair nach mbeidh ach riar beag de na heagraíochtaí clúdaithe againn mar beimid ag díriú isteach ar an áit ara bhfuil plé laethiúil ag an bpobal léi.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé tábhachtach d'fheidhmiú éifeachtach na reachtaÃochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálacha áirithe atá sonraithe sa mBille. Tá sampla amháin san fhoráil áirithe ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú na fhorála. Ag cur san áirimh an saincheist maidir le hacmhainnà agus an liosta cuimsitheach de chomhlachtaà atá sa Chéad Sceideal, an bhfuil sé réadúil nó praicticiúil oibleagáid a chur orm mar Aire, nó ar mo chomharba, fógraà a scrÃobh do chinn na gcomhlachtaà poiblà ar fad a luadh sa Sceideal ag iarraidh orthu dréachscéim a ullmhú agus a chur faoi mo bhráid i sé mhà do mo Roinn a bheith in ann gach scéim dá leithéid a scrúdú laistigh de sé mhà nó do mo Roinn a bheith in ann gach scéim dá leithéid a scrúdú agus a dheimhniú tar éis comharleachaà a ghlacadh? Nà bheadh sé praicticiúil.
Ag déanamh mugadh magadh den mBille ar fad é dá scríobhfainnse do chuile chomhlacht a rá seo iad na treoirlinte, cuir plean isteach. Tá a fhios ag an Teach cad é a tharlódh. Bheadh cnápacha pleananna ina luí thart san oifig go gceann i bhfad agus sinn ag déileáil leis an chuid is tábhachtaí díofa. Má tá muid i ndáiríre faoi seo is fearr i bhfad a rá leis an Aire, agus glacaim leis aon dhuine a bheidh sa job áirithe seo go mbeadh sé díograsach faoin nGaeilge, agus má tá an duine sin i mullach na ceirde, sé an rud atá muid ag tabhairt dó ná deis aige na pleananna seo a éilimh de réir mura mbeadh sé in ann déileáil leo le go mbeadh se in ann lán-éifeacht a chur leis na pleananna.
Beidh go leor mionobair i gceist anseo. Ní phlean "ba mhaith linn" a bheadh súil ag an Roinn leis, tá rud i bhfad níos cuimsithe ná sin i gceist. Má tá Roinn Stáit aga bhfuil plé mór leis an bpobal, beimid ag éilimh rudaí simplí ar nós go mbeadh uimhir speisialta ann má theastaíonn ó Ghaeilgeoir ó áit ar bith sa tír glaoch agus seirbhís trí Ghaeilge a fháil ó thaobh eolais ghinearálta. Ní raibh riamh cúis ar bith ó tháinig an teicneolaíocht nua i bhfeidhm nach mbeadh oifig éigin de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus go mbeadh duine i gcónaí ar fáil le ceisteanna faoi seirbhísí ginearálta a fhreagairt. D'fhéadfaí seirbhís mar sin a chur ar fáil i gcroílár Chonnemara ná ceann de na hOileáin Arainn. Níl aon fhadhb ach an cur chuige.
Más éard atá sna pleananna ná "dea-mhéin", "ba mhaith linn", "tá súil againn", cen mhaith? Tá muid ar ais ag an rud a bhí ann ó bunaíodh an Stát seo. Sin an difríocht. Beidh obair i gceist leis na pleananna ach trí díriú ar na Ranna sin ar an liosta beag sin a pléann lá i ndiaidh lae le pobal na Gaeilge i dtosach, beimid in ann i dtréimhse an-ghairid an difríocht a dhéanamh. Má bhreathnaítear, mar shampla, ar chuid de na comhlachtaí atá luaite anseo, cé acu is tábhachtaí, go mbeadh plean de shaghas éigin caite isteach acu siúd nó go mbeadh plean ceart i bhfeidhm ag Roinn nó ag údarás atá ag plé de shíoraí leis an bpobal, agus go mórmhór le pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabh mo leithscéal, a Leas-Chathaoirligh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom rud beag teicniúil a mhÃniú. à tharla go bhfuil alt 13 bainte den mBille, beidh leasuithe eile teicniúla á moladh ar Chéim na Tuarascála agus tosaÃmid ag tabhairt foláirimh go mbeidh rudaà ag teacht isteach arÃs mar tá tagairtà áirithe don alt sin.
Amendment, by leave, withdrawn.
Government amendment No. 37:
In page 22, subsection (3), line 2, to delete "and no other matter".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is leasú teicniúil é seo atá á mholadh ar an mbonn nach bhfuil na focail, agus na nithe den tsórt sin amháin, riachtanach le brà an fhoráil áirid seo a thuiscint.
Amendment agreed to.
Section 14, as amended, agreed to.
SECTION 15.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé fÃor-thábhachtach do fheidhmiú éifeachtach na reachtaÃochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhoráileach áirid atá sonraithe sa Bhille. Is sampla amháin an fhoráil áirithe seo ina bhfuil sé rialta go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú an fhoráil. Mar atá curtha in iúl agam cheana, is é prÃomhchuspóir an Bhille ná soláthar nÃos mó, agus ar chaighdeán nÃos airde, de sheirbhÃsà Stáit i nGaeilge a chur ar fáil. An cur chuige atá á roghnú don Bhille ná meicnÃocht a chur i bhfeidhm chun go mbainfear amach an cuspóir seo ar chaoi réasúnach ar bhonn céimnithe, comh-pháirtÃochta leis an mbéim ar chomhaontú a bhaint amach. Chun go bhfeidhmeodh an próiséas páirtÃochta seo go sásúil tá sé tábhachtach go bhfuil discréid ag an Aire dul i gcomhairle le daoine eile a cheapann sé gur chóir dul i gcomhairle leo roimh aon dréacht-scéim ar leith a dheimhniu.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
D'éistÃos leis an Aire agus ghlacas lena raibh á rá aige faoi discréid. Ach caithfimid áit a shroisint ina bhfuil ar an Aire cinneadh a dhéanamh. Nuair atá an oiread sin cainte crÃochnaithe agus tar éis dul i gcomhairle le daoine eile fágann an Bille fós ag an Aire an seans nach mbeidh air dréacht-scéimeanna a chur i bhfeidhm.
I will revert to English for a moment because sometimes my Irish lets me down. I agreed with the Minister on section 13, when we discussed the phrase, "the Minister may", and was quite happy to accept his argument. That a Minister, having consulted whoever he wishes and making whatever amendments he wishes to make, should still should have the discretion not to make a draft scheme is beyond me.
Tuigim cén fáth go mbeadh solúbthacht aige ar an gcéad dul síos. Ach nuair atá sé tar éis comhairle a fháil nár chóir é bheith de dhualgas air rud éigin a dhéanamh leis, agus gan bheith in ann an scéim a fhágáil ar leataobh gan aon rud a dhéanamh leis? Cén fáth gur chóir go mbeadh an cumhacht aige, tar éis an oiread sin ama a chaitheamh agus comhairle a fháil, gan aon rud a dhéanamh? Sin an fáth go n-aontáim leis an leasú seo.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá cúis leis. Tá fo-abairtÃn bheag amháin nach bhfuil tógtha faoi deara. Is é sin, "le toiliú cheann an chomhlachta phoiblà lena mbaineannâ
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú a bhaineann leis sin ag teacht.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Bhà plé fada faoin gceart a bheith ag an Aire a rá, "Tough luck. Seo é". Bhà daoine ag fiafraà cad air a chaitheamar an t-am le cúig bliana anuas ag plé na ceiste seo. Ach nuair a bhà an rud ar fad pléite againn ba é ár dtuairim nárbh fhiú plean a chur i bhfeidhm ar chomhlacht muna n-éireodh linn an comhlacht sin a thabhairt linn. Ag an am gcéanna muna raibh comhlacht sásta aontú linn ar phlean a bhà réasúnta agus feidhmiúil, caithfimid a bheith in ann rud éigin a dhéanamh. Is é an rud atáim in ann a dhéanamh ná diúltú an plean a chur i bhfeidhm muna bhfuilimid sásta leis. Is é sin le rá go n-eiseoimid na treoirlÃnte, go gcuirfimid go dtà an comhlacht iad, go réiteoidh sé an plean agus go gcuirfidh sé ar ais é. Caithfimid aontú ar an bplean leis an gcomhlacht ansin mar tá sé tábhachtach go mbeadh úinéireact ag an gcomhlacht ar an bplean mar plean s'aige féin. Ag an am gcéanna caithfidh an plean teacht chun caighdeán na Roinne. Muna bhfuilimid sásta go dtagann sé chun caighdeáin na Roinne agus muna bhfuil an comhlacht sásta an rud a cheapaimid ar cheart dó a dhéanamh, a dhéanamh nà cheart go mbeadh dualgas orainn géilleadh agus glacadh leis an bplean.
Tá súil agam go dtiocfar ar réiteach sa bpróiseas seo mar beidh brú ann. Beifear ag cur na ceiste cá bhfuil an plean agus cén fáth nach bhfuil plean eagraÃochta X ar fáil agus beidh an tAire ag rá nach bhfuil sé sásta go bhfuil an plean feidhmiúil de réir na dtreoirlÃnte. Ansin toshófar ag cur ceiste ar an Aire atá freagrach cén fáth nach bhfuil sé an in ann plean a chur ar fáil atá sásúil. Caithfimid ligint don phróiseas daonlathach. Muna bhfuil an tAire sásta leis an bplean tá sé in ann a thuairim a chur in iúl do Thithe an Oireachtais.
Paul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
I move amendment No. 39:
In page 22, subsection (1), lines 6 and 7, to delete "with the consent of the head of the public body concerned,".
We are back to goodwill which has failed us in the past. I am concerned by the phrase "with the consent of the head of the head of the public body concerned". If the public body has prepared a draft scheme for the Minister's attention I cannot see why he needs the consent of the head of that public body to confirm it.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
TacaÃm leis an leasú seo. Tá sainmhÃniú ar cheann an chomlachta phoiblà sa dara halt agus cuireann sé imnà orm gurbh é an chief executive officer i gcónaà a luaitear mar atá anseo: "i ndáil le haon chomhlachtaà poiblÃ, duine atá i seilbh nó a chomhlÃonann feidhmeanna phrÃomhoifigeach feidmhiúcháin". Nach é cathaoirleach bhord an chomhlachta atá i gceannas? D'fhéadfadh sé tarlúint go mbeadh tuairim amháin ag bord na heagraÃochta faoi seo agus tuairim eile ag an phrÃomhoifigeach feidhmiúcháin agus go mbeadh sé de chumhacht aige cur i gcoinne tola an bhoird agus an chathaoirligh go speisialta.
NÃl sin ceart, nà chóir go mbeadh veto ag an phrÃomhoifigeach. Nà eagraÃocht daonlathach comhlacht poiblà agus d'fhéadfadh duine bheith an-éifeachtach mar phrÃomhoifigeach agus gan dea-thoil aige don nGaelainn. D'fhéadfadh sé bacanna a chur sa tslà agus tá muid ag tabhairt seans dó sin a dhéanamh gan gá.
Liam Fitzgerald (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I am anxious to clarify certain issues. This is similar to points that have been raised throughout the debate on the Bill and in regard to other amendments. I do not agree with the amendment. This is consistent with what I said earlier. It is all to do with where one is now and where one wants to go. As I see it, the core and spirit of the Bill is partnership â reaching out and embracing public bodies in a spirit of partnership in order to give them ownership of as much as possible of this Bill and what the Minister intends to do. This section, as with others, is about implementing that approach. If the amendment was to be followed to the letter I believe that ownership would be taken back.
The Minister is giving out a very important message in this section. By including the powerful phrase "with the consent of the head of the public body concerned", he is inviting all the agencies involved to assist him in moving forward with this policy. I would not be in favour of anything that dilutes the strength of this message. It is consistent with what the Minister is doing and with the spirit he wishes to engender among the public bodies and it would be very unwise to consider withdrawing it at this stage.
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
à ham go chéile bÃonn seans againn sa Seanad labhairt faoi rudaà áirithe i rith na bliana, nà amháin ar an Ord Gnó gach maidin ach fosta bÃonn ráitis ann agus tagann an tAire isteach, mar a tharlaÃonn leis an nGaeilge go minic. Is rÃ-annamh a bhÃonn seans againn labhairt faoi phrÃomfheidmeannaigh chomhlachtaà phoiblà ach dá mba rud é go raibh mé féin i mo phrÃomhfheidhmeannach ar chomhlacht phoiblà agus chuir mé dréach scéim chuig an Aire, agus gur tháinig an Roinn ar ais dom a rá nach bhfuil sà ró-shásta leis agus gur cheart smaoineamh air arÃs, ba chóir dom smaoineamh má dhúiltÃm, beidh an scéim sin am éigin á phlé san Oireachtas mar nÃl aon mhaith sa reachtaÃocht seo muna bhfuil sé á scrúdú againn go rialta. Más nach ndéarna duine áirithe a fuair comhairle ón Roinn a leithéid a dhéanamh, is beag duine atá báúil leis an nGaeilge nach labharfaidh faoi sin. Caithfimid féachaint go fadradharcach ar an gcóras seo agus sinn á chur i gcrÃoch.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé tábhachtach. Tá muid ag iarraidh dhá rud a dhéanamh anseo. Is leis an gcomhlacht an scéim. Caithfidh sé é a réiteach de réir treoirlÃnte agus nuair atá an scéim aontaithe tá sé tábhachtach go mothaÃonn an comhlacht gur leis an scéim. Sin an fáth go bhfuil sé socraithe gur cheart go mbeadh comhaontú idir an eagraÃocht agus an Aire. Cen fáth gurb é an prÃomhoifigeach feidhmiúcháin? Sin an duine sinsearach lán aimsire a bhÃonn ag plé le rudaà mar sin. Tá gach prÃomhfheidhmeannach freagach do bhord agus faoina gcuid rialacha féin, nà fhéadfadh an prÃomhfheidhmeannach feidhmiú amhail is nach raibh bord ann. Beidh dualgas aige faoina rialacha leagtha amach ag an eagraÃocht dona bhfuil sé ag obair bheith freagrach don bhord faoi gach nigh, ceist na Gaeilge san áireamh, sa ngnáthbhealach.
Tá sé tábhachtach go bhfuil cumhacht ag an Aire gan a aontú. Má tá comhlacht ag cur plean ar aghaidh nach bhfuil féiliúnach ar chor ar bith, cad é a tharlaÃonn ansin? Téann an tAire ar aghaidh chuig alt 18. Sa gcás go ndiúltaÃonn comhlacht plean a chur ar fáil, nó sa gcás nach féidir leis an Aire nó an comhlacht teacht ar chomhaontú, déanfaidh an tAire an mhainneachtain sin ar an diúltú nó an neamhábaltacht sin a thairisciú do gach Teach den Oireachtas.
An féidir leis an Seanadóir a shamhlú an raic a tharlódh sna meáin dá mbeadh orm fógra oifigiúil a chur isteach go Seanad Éireann gur theip ar Roinn X nó comhlacht Y teacht ar chomhaontú le mo Roinn faoi phlean Ghaeilge agus go raibh mise chomh deimhin go raibh sé míshásúil agus gur chuir mé faoi bhráid Thithe an Oireachtais nach raibh mé in ann teacht ar chomhréiteach? Tharraingeoidh Seanadóirí agus Teachtaí sna Tithe seo raic gur theip ar chomhlacht rud a chuir ar fáil a bhí sásúil don Aire.
Má tá aon mheas againn ar dhá Theach an Oireachtais, tá mé ceart nuair a deirim gur céim láidir a bheadh ann in aghaidh aon chomhlachta nó eagraíochta Stáit dá gcaithfimis tuarascáil oifigiúil a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtas a rá gur theip orm teacht ar chomhréiteach sásúil leis an gcomhlacht. Ba mhaith liom bheith ann don díospóireacht sin. Ní shamhlóinn go nglacfadh éinne an dúshlán sin. B'fhéidir nach dtuigeann an dream taobh amuigh cé chomh tromchúiseach agus a bheadh a leithéid ach tuigimid cé chomh tromchúiseach agus atá sé don Oireachtas nuair a chuireann an t-Ombudsman tuairimí láidre amach faoi rudaí áirithe.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Before we move on, as far as I can see, there is a printing error. Amendment No. 40 is to section 16.
Question proposed: "That section 15 stand part of the Bill."
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom dearcadh an Aire a fháil ar conas a thángthas ar thrà bliana mar thréimhse ama do scéim. Braithim, agus an athrú fealsúnachta atá á lorg ó eagraÃochtaà Stáit, go bhfuil sé begáinÃn gearr.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Bhà an plé céanna ar bun maidir leis na conartha do na báid farrantóireachta. Pléadh an cheart go leanfadh siad ar feadh bliana, ar feadh cúig bliana nó ar feadh deich mbliana. Sa chéad phlean a chuirfear ar fáil beimid ag tosú ar bhóthar. Bheadh súil agam go ndéarfadh cuid de na heagraÃochtaà Stáit go gcuirfidÃs oifig nó aonad faoi leith ar bun ag plé leis an nGaeltacht agus go mbeadh orthu cinnithe a dhéanamh maidir le earcú agus mar sin de. Tar éis trà bliana bheadh súil agam go mbeadh go leor den obair sin curtha i gcrÃch acu agus go mbeidÃs in ann dul go dtà an chéadh chéim eile. Próiséas leanúnach atá i gceist. Is é sin, nà bheidh an chéad phlean mar an gcéanna leis an dara plean ná leis an trÃú plean. Beifear ag leathnú amach na seirbhÃsà a chuirfear ar fáil de réir mar a bheimÃs ag cur leo agus ag cruthú an éilimh. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an tuiscint ann gur próiséas é seo agus nach bhfuil sé i gceist plean a chur ann agus gurb shin deireadh an scéil.
Abair go ndúirt údarás áitiúil go raibh i gceist aige an trÃocha fhoirm is mó a úsáidtear a chur ar fáil go dhá theangach sa chéad phlean. BheimÃs ag súil, nuair a bheadh an méid sin slánaithe aige, go ndéanfaidÃs oiread áirithe eile sa dara plean. Tá gá go mbeadh an próiséas seo á thógáil ar bhunshraith agus nach próiséas reoite a bhéas ann.
B'fhéidir go bhfuil an Seanadóir Ó Riain ag moladh ceithre bliana? Níl aon rud miorúltach faoi thrí bliana ach caithfidh teorainn a bheith leis. Beifear ag súil go dtógfar sa dara plean ar an méid a deineadh sa chéadh cheann, go mórmór ag na heagraíochtái a bhfuil plé ag an gnáth-phoball leo ó lá go lá.
Paul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
I move amendment No. 40:
In page 22, subsection (1), line 17, to delete "may, at any time" and substitute "shall periodically".
This subsection seems reasonable on first reading but it would be better if reviews took place at regular periods rather than at any time, which may mean regularly or not at all.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé cóir dá mba éifeachtach an reachtaÃocht seo go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálach áirithe atá sonraithe sa Bhille. Is sampla eile an fhoráil áirithe seo ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú an fhoráil.
Ag cur san áireamh an sain-cheist maidir le hachmhainnà agus an liosta chuimsitheach de na comhlachtaà sa Chéad Sceideal, nÃl sé réadúil nó praiticiúil uimhir a chur orm mar Aire, nó ar mo chomharba, fógra a eisiúint go tréimhsiúil i scrÃbhinn do chinn na gcomhlachtaà poiblà a bhfuil scéim i bhfeidhm acu ag iarraidh ar na comhlachtaà an scéim a ath-bhreithniú. Tá mé sásta go bhfuil an fhoráil sa Bhille ag iarraidh orm a leithéid de fhógra a eisiúint laistigh de shé mhà roimh thréimhse na scéime a bheith caite dóthaineach agus réadúil.
Amendment, by leave, withdrawn.
Government amendment No. 41:
In page 22, subsection 1, line 17, to delete "at any time" and substitute "at any time,".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is leasú teicniúil é seo freisin. Tá súil agam go n-aontófar leis gan dÃospóireacht. Táimid ar ais arÃs ag na camógaÃ.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Even I could not start a debate about this.
Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 16, as amended, stand part of the Bill."
Nuair a bhfaighidh an tAire an dréacht-scéim nua an mbeidh air dul i gcomhairle leis na hAirí Rialtais agus le pé duine eile? De réir alt 15 tá air dul i gcomhairle nuair a ghlacann sé le dréacht-scéim ach an gcaithfidh sé dul i gcomhairle arís nuair a ghlactar le hathrú ar an dréacht-scéim de réir alt 16, nó an mbeidh cead aige cinneadh a dhéanamh gan dul i gcomhairle le héinne? Más rud é gur féidir leis é sin a dhéanamh d'fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh maidir le halt 15.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go mbeidh ar an Aire dul i gcomhairle maidir le hathrú. I saol an lae inniu tá sé thar a bheith tábhachtach dul i gcomhairle. Mar shampla, dá mba rud é go raibh scéim le hathru agus go leor coinnÃolacha Gaeilge ann, bheadh go leor daoine ar mhaith leo go dtiocfaimÃs i gcomhairle leo sula ndéanfaimÃs a leithéid.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá a fhios agam go mbeadh a lán daoine ag éileamh go raghfaà i gcomhairle leo ach nà dóigh liom go bhfuil dualgas reachtúil ar an Aire. Ach glacaim leis an méid a deir an tAire.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá. Téitear ar ais go halt 15 i gcomhar na meicnÃochta.
Question put and agreed to.
SECTION 17.
Question proposed: "That section 17 stand part of the Bill."
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Déantar tagairt san alt seo do scéimeanna a leasú. Deirtear go bhféadfadh an tAire " ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, nó ar iarraidh ón gcomhlacht poiblà lena mbaineann, trà fhógra i scrÃbhinn chuig an gcomhlacht, leasuithe a mholadh ar an scéim".
Nà chÃm in áit ar bith in alt 17 aon rud a deir go gcaithfidh ceann an chomhlachta aontú leis na leasaithe. An bhfuil deighilt idir alt 15 agus alt 17?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I bhfo-alt 17(2) deirtear:
Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile, lena n-áirÃtear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas, a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoilà lena mbaineann, scéim a leasú sa tslà atá beartaithe in aon fhógra faoi fho-alt (1).
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá brón orm.
Question put and agreed to.
Sections 18 to 20, inclusive, agreed to.
It is stated in section 1(2) that this Bill may not come into operation for up to three years after it has been passed into law. As a result, another period could elapse before the office of commissioner would be able to function efficiently. The commissioner should be appointed immediately after the Bill has been passed in order that his or her office will be ready to function as soon as the provisions of the Bill come into operation.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an ceart ag an Seanadóir go bhféadfadh sé tarlú go dtógfadh sé trà bliana chun an Achta a chur i bhfeidhm. ShÃl mé go raibh sé tábhachtach â mar go bhfuil codanna éagsúla den Acht i gceist â go mbeadh teorainn ama faoi achtú an Achta. Maidir leis an gcoimisinéir, ar an bpointe go gceapfar an chéad phlean, fiú muna bhfuil an Bille ar fad feidhmithe, beidh orainn coimisinéir a cheapadh mar beidh orainn an plean a thabhairt dó. Tá sé i gceann de na haltanna go gcaithfear an plean a thabhairt don gcoimisinéir. Muna mbeidh coimisinéir ann, nà bheimid in ann sin a dhéanamh. Ar an bpointe go bhfeidhmeofar an Bille seo agus é ina Acht, beidh orainn an coimisinéir a cheapadh mar beidh ar an Aire na pleananna a thabhairt dó.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Caithfar cuimhniú gur cuireadh Bille trid an Oireachtas faoi Ombudsman na leanaà agus dúradh linn go raibh an-bhrú leis an reachtaÃocht sin ach nÃl Ombudsman na leanaà ceaptha fós. NÃl a fhios agam cén fáth go bhfuil moill ann. Nà dhéanfainn aon argóint dá n-iarrfadh an tAire orainn sé mh nó bliain a thabhairt ach é a fhágáil ar oscailt? Beidh gach seans go mbeidh moill ann tar éis an reachtaÃochta seo dhul trid an dhá Theach. Féach ar an dáta ar an mBille â 2002. NÃl sé ag rith ró-ghasta trid na Tithe.
Croà an Bhille go mbeidh duine cumhachtach ann a bheith ábalta ceartanna phobal na Gaelainne a chosaint. Fiú amháin muna bhfuil aon dhréachtscéim ann ach go bhfuil an siombalaÃocht ann go mbeidh coimisinéir na dteangacha i réim, nà thuigim cén fáth nach gcuirtear teorann ama de shaghas ar bith isteach.
NÃl an t-airgead a bhÃodh ar fáil ag an Rialtas ar fáil fós agus tá eolas againn ar áiteacha eile a gealladh do dhaoine agus nÃl siad ag fáil airgid mar gheall ar na giorruithe siar atá an Rialtas ag cur i bhfeidhm. Conas is féidir linn bheith cinnte nach dtarlóidh an rud céanna leis an bpost tábhachtach seo muna bhfuil teorann ama ann? Chabhródh sé go mór leis an Aire dá mbeadh teorann ama ann.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo an foráil chéanna atá ann i ndlà a bhaineann leis an Ombudsman agus Acht um Shaoráil Fáisnéise. Go bunúsach, tá ceangal idir alt 15 agus alt 21. Deir alt 15 (2):
Déanfaidh an tAire, tar éis aon dréacht-scéim a dhaingniú faoin alt seo, cóip den scéim a chur ar aghaidh chuig Comisinéir na dTeangacha Oifigiula.
Ar an bpointe go mbeidh an chéad scéim aontaithe, caithfidh coimisinéir a bheith ann. Sin an teorann ama.
Muna bhfuil aon scéim ann le go gcuire an coimisinéir i bhfeidhm Ã, nÃl móran maith don choimisinéir a bheith ann. I ndáirÃre, caithfidh coimisinéir a cheapadh go fÃorluath mar tá sé i gceist leanacht ar dréacht-treoirlÃnte ar an bpointe. Nuair a bheidh sin déanta, tiocfaidh siad chuig na heagraÃochta is mó a bhfuil plé acu leis an bpobal. Ansin daingneofar pleananna, tá teorann ama ag baint leis sin, agus ansin caithfear, ar an dheireannaigh, an coimisinéir a cheapadh. NÃl aon bhaol ann nach gceapfar é. Má thugtar an Bille in iomlán, nÃl aon éalú as.
Amendment, by leave, withdrawn.
Section 21 agreed to.
SECTION 22.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá na leasuithe seo a mholadh ar bhun comhairle atá faighe agam a thugann le fios nach déanann na focail "crÃocha" agus "meon" i gcomhthéacs na bhforálacha áirithe seo sa Bhille atá bainteach le feidhmeanna an choimisinéara agus le scéimeanna cúitimhe.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Thaitinn na focail seo go mór liom ach an chéad uair a léigh mé iad cheap mé go mbeadh deacrachtaà dlà leo mar is iontach an aspirations iad. Má tá cumhacht dleathach ag an choimisinéir is cuma go dtaitnÃonn na focail liom, ba cheart go leasófar iad.
Amendment agreed to.
Government amendment No. 44:
In page 24, paragraph (b) lines 42 and 43, to delete "provisions, purposes and spirit" and substitute "provisions".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo an leasú céanna le leasú Uimh 43.
Amendment agreed to.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is leasú teicniúil é seo.
Amendment agreed to.
Government amendment 46:
In page 26, paragraph (f), line 15, to delete "into" and substitute "to ascertain".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo leasú beag teicniúil eile ag leathnú na bhfocla. Caithfidh go bhfuil tábhacht éigin ag baint leis, cé nach dtuigim féin é.
Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 22, as amended, stand part of the Bill."
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá na deacrachtaà céanna ag an Ombudsman agus an Information Commissioner â easpa acmhainnÃ. Tá moill mhór sa bheirt oifig mar gheall. Conas gur féidir linn bheith cinnte nach mbeidh na deacrachtaà céanna ag an gcoimisinéir? Cén saghas foirne a bheidh aige agus conas gur féidir leis bheith cinnte go mbeidh dotháin acmhainnà ann dó lena phost a dhéanamh?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Nà féidir liom sin a chinntiú sa reachtaÃocht. Glacaim leis an méid a dúradh ach tá iomarca béime ann ar bhreis acmhainnà a bheith mar réiteach do chuile fhadhb. An rud is mó a chuireann isteach orm ná cé chomh deacair agus a bhÃonn sé go minic freagraà a fháil ón Státchóras, sin meon go gcaithfimis a athrú. Cé acu ab'fhearr â go mbeadh triúr ag obair in oifig an Ombudsman ag cur ceithre litir meabhrúcháin ag iarraidh freagra nó go mbeadh an nós cothaithe sa Stát go bhfaighfaà an freagra an chéad uair? Cuirim an-bhéim air seo. Nà dóigh go bhféadfaà a rá go bhfuil breis acmhainnà i mo Roinn ó thaobh cúrsaà foirne de. Go deimhin, bhà mé ag breathnú ar bhuiséad riaracháin na Roinne le déana. Rud amháin a thugan an-suntas dom, agus déanaim é a sheiceáil go minic, an méid ceisteanna Dála a thagann isteach faoi cheisteanna meicniúla.
Déarfadh duine, mar shampla, gur scríobh sé ag Roinn agus nach bhfuair sé freagra. Le sár-chumas na fóirne atá againn – agus táimid ag obair i mBéarla agus i nGaeilge – corr uair ariamh a tharlaíonn sin mar go mbíonn scoth na seirbhíse ar fáil. Baineann sé seo le ceist an-leathan sa tseirbhís phoiblí. Tá sé in am againn foghlaim nuair a chuirtear scéala chuig duine go mba cheart scéala a fháil ar ais sciobtha agus an t-eolas mar atá sé ar fáil i láthair na huaire a thabhairt. Tá taithí agam ar bheith ag plé leis an Ombudsman, mar atá againn uilig, agus ar bheith ag fanacht go ceann sé mhí nó bliana ar fhreagra uaidh. Ní chreidim go bhfuil an tOmbudsman ag caitheamh an ama ag scrúdú na ceiste ach go bhfuil dua ar an Ombudsman an t-eolas atá uaidh a fháil leis an gceist a chíoradh. Sin, dar liom, an áit go gcaithfidh an t-athrú meoin teacht. Is ceist níos leithne í ná ceist an Bhille seo. Cén chaoi a éireoidh linn cur i gcionn ar an tseirbhís poiblí go ginearálta freagra a thabhairt nuair a chuirtear ceist.
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
AontaÃm leis an gcuid is mó den méid adúirt an tAire. Nuair a théann daoine ag lorg eolais ó Roinn Stáit â eolas a bhfaighfà go neamh-oifigiúil go dtà seo â go bhfuil gach rud á chur faoin gcóras um shaoráil faisnéise. Tá sé sin ag cur moill ar dhaoine. Faoi láthair tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag obair go maith ach tá sé á úsáid i gcónaà anois, de réir daoine, in áiteanna go bhféadfaà gan é a úsáid agus an t-eolas a chur ar fáil i bhfad nÃos tapúla.
AontaÃm leis an Aire faoi chuid mhaith den chóras Stáit. Cuireann sé ionadh orm agus ar Bhaill eile den Oireachtas an oiread daoine a deir linn gur scrÃobh siad chuig oifig Stáit agus nach bhfuair siad freagra. Tá sé do-chreidte go mbeadh eagras ar bith sa Stát, idir Ranna Stáit agus eagraÃochtaà poiblÃ, nach mbeadh sé de dhea-mheas acu ar dhaoine freagra a thabhairt ar dhuine a scrÃobh litir. Tá cleachtadh agam féin ar a leithéid. Is cuma teideal Seanadóra a bheith agat.
Bhà duine a bhà an-mhór i mBord Sláinte an Deiscirt uair amháin adúirt le duine a bhfuil aithne agam air gur cheap sé gurb é an rud is fearr ná aon litir a fheagairt le nach mbeifà i dtrioblóid ariamh. Nà leithscéal é sin ar oifig a fhágáil gan dóthain achmhainnà chun an jab a dhéanamh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Beidh sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighfear na hacmhainnà leis an jab a dhéanamh. Bheadh sé tábhachtach ag an gcoimisinéir teanga go n-usáidfeadh sé na cumhachtaà atá aige le tuairisc a chur faoi bhráid an Oireachtais muna bhfuil sé ag fáil freagraà ó Ranna agus ó eagraÃochtaà Stáit. Beidh an cumhacht sin aige.
Tá an ceart ag an Seanadóir. I nGaeilge nó i mBéarla ba cheart do dhuine freagra a fháil. Is é an taithà atá agam maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, má tá duine sásta glacadh leis an eolas gan dul trÃd an gcóras shaoráil faisnéise agus an t-iarratas a tharraingt siar, go bhfaigheann sé an t-eolas i bhfad nÃos scioptha mar go sábhalann sé anró ar féin agus ar an duine atá á thabhairt. Sin an faisean atá ag mo Roinn-se. Má iarrann duine eolas atá thar a bheith leathan go minic iarraimid air céard go baileach atá uaidh agus faighimid dó é. Go ginearálta is é an dearcadh atá agam go dtabharfar eolas agus freagraà do dhaoine agus, sa gcómhthéacs seo, an tseirbhÃs Gaeilge a thabhairt go pras. Má dhéanann duine dearmad agus gan é a thabhairt é sin a rá leis an gcomisinéir agus gan a bheith ag dul timpeall ag seachaint na ceiste.
Question put and agreed to.
SECTION 23.
Government amendment No. 47:
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an leasú seo á mholadh le cumhacht a thabhairt don gcoimisinéir teanga imeachtaà i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. Measaim go n-aontóidh Seanadóirà go mbeidh maoirseoireacht agus monaiteoireacht éifeachtach agus, nuair is gá feidhmiú mar chuid riachtanach, de rath an tionscnaimh seo. Cé gurb à an oll-mhian atá agam ná oibriú trà comhaontú a dhéanamh le comhlachtaà poiblà ar na feabhais a chuirfear ar fáil ar sheirbhÃsà mar thoradh ar achtú an Bhille seo agus chun a cinntiú go bhfreastalaÃonn comhlachtaà poiblà ar chearta na gcainteoirà Gaeilge le toil agus go dÃograsach, beidh cumhachtaà de dhith ar an gcoimisinéir i leith na gcásanna fÃor-eisceachtúla nach n-éireodh leis an cur chuige áirid sin.
Amendment agreed to.
Government amendment No. 48:
In page 28, subsection (8), line 19, to delete "this section" and substitute "this section shall".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Leasú ar an leagan Béarla atá ann. Tá an leagan Ghaeilge i gceart. Leasú teicniúil é agus tá súil agam go bhféadfaimÃs aontú air gan aon dÃospóireacht.
Amendment agreed to.
Government amendment No. 49:
In page 28, subsection (8), line 20, to delete "shall".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo leasú teicniúil eile mar a chéile le leasú uimh 48.
Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 23, as amended, stand part of the Bill."
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Beidh leasú teicniúil á mholadh agam ar Chéim na Tuarascála ar an alt seo.
Question put and agreed to.
SECTION 24.
Government amendment No. 50:
In page 30, subsection (3), line 2, after "Act," to insert "or".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is leasú teicniúil eile é seo.
Amendment agreed to.
An Leas-Chathaoirleach:
Amendment No. 51 is a Government amendment. Amendment No. 56 is related and amendments Nos. 51 and 56 may be discussed together, by agreement. Is that agreed? Agreed.
An Leas-Chathaoirleach:
Government amendment No. 51:
An Leas-Chathaoirleach:
In page 30, subsection (5), line 21, after "him" to insert "or her".
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Leasaithe teicniúla iad seo.
Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 24, as amended, stand part of the Bill."
Brendan Ryan (Labour)
Link to this: Individually | In context
NÃl mé tógtha leis an gcinneadh go ndéanfar an t-imscrúdú i gcónaà ar shlà seachas slà poiblà é. Bhéadh sé suimiúil agus úsáideach go ndéanfar an t-imscrúdú go poiblÃ, go mórmór nuair atáthar ag plé le heagraÃochtaà móra Stáit. Cad é dearcadh an Aire ar an gcinneadh seo, go ndéanfar an t-imscrúdú ar an tslà seo i gcónaÃ?
D'fhéadfainn a thuiscint agus glacadh leis go mbeidh uaireanta gur gá é a dhéanamh agus uaireanta nár gá, ach ceapaim go mbeidh uaireanta ann go mbeidh ceist chomh bunúsach faoi eagraÃocht mór Stáit, b'fhéidir, a bhfuil sé soiléir go bhfuil sé ag briseadh an dlà de réir an choimisinéara. Bheadh sé i bhfad nÃos tábhachtaÃ, ó thaobh na Gaeilge de, go bpléifà an cheist go poiblÃ. Sin ceist atá agam don Aire.
Progress reported; Committee to sit again.
Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.