Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

B'fhéidir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil, ach feicfimid. Beidh spraoi ann mar beidh ceist Dála ag chuile Theachta cathain go mbeidh sé i gceist treoirlínte a eisiúint go eagraíocht A agus cathain go mbeidh sé i gceist cur faoin bplean. Caithfimid ligean don daonlathas feidhmiú. Ní féidir scála ama a chur leis an méid atá sa Chéad Sceideal. Níl éinne anseo in ann a rá liom cén fhad a thógfaidh sé sin. Sin í an fhadhb.

Ansin bíonn daoine ag caint air go bhféadfadh cuid acu áirid a luadh agus go gcaithfear a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ama. Cén chaoi a roghnófar iad? Mar shampla, bhéadh fonn orm go fíor-luath díriú ar na heagraíochtaí is mó atá ag plé le pobal na Gaeltachta go laethúil. Tá roinnt údaráis aitiúla i gceist ansin go mór, roinnt boird sláinte agus, dár ndóigh, roinnt Ranna Stáit, ar nós an Roinn Talmhaíochta agus Bia, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus mar sin de. Sin é an chaoi go gcaithfear iad a phiocadh ach níor mhaith liom go dtabharfaí aon tuairim do dhreamanna áirid nach bhfuil tábhacht ag baint leo sin ach oiread. Sin í an fhadhb.

Bhí go leor cur is cúiteamh agus machnamh le déanamh faoi seo. Sílim féin dá mbéadh Aire faillíoch faoin rud seo a bhrú chun cinn, tá mé ag ceapadh go mbeadh an Freasúra ina dhiaidh go scioptha dá mbeadh aon mhaitheas leis. Tá me cinnte go bhfuil éifeacht leis an bhFreasúra atá againn i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.