Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bhí plé fada faoin gceart a bheith ag an Aire a rá, "Tough luck. Seo é". Bhí daoine ag fiafraí cad air a chaitheamar an t-am le cúig bliana anuas ag plé na ceiste seo. Ach nuair a bhí an rud ar fad pléite againn ba é ár dtuairim nárbh fhiú plean a chur i bhfeidhm ar chomhlacht muna n-éireodh linn an comhlacht sin a thabhairt linn. Ag an am gcéanna muna raibh comhlacht sásta aontú linn ar phlean a bhí réasúnta agus feidhmiúil, caithfimid a bheith in ann rud éigin a dhéanamh. Is é an rud atáim in ann a dhéanamh ná diúltú an plean a chur i bhfeidhm muna bhfuilimid sásta leis. Is é sin le rá go n-eiseoimid na treoirlínte, go gcuirfimid go dtí an comhlacht iad, go réiteoidh sé an plean agus go gcuirfidh sé ar ais é. Caithfimid aontú ar an bplean leis an gcomhlacht ansin mar tá sé tábhachtach go mbeadh úinéireact ag an gcomhlacht ar an bplean mar plean s'aige féin. Ag an am gcéanna caithfidh an plean teacht chun caighdeán na Roinne. Muna bhfuilimid sásta go dtagann sé chun caighdeáin na Roinne agus muna bhfuil an comhlacht sásta an rud a cheapaimid ar cheart dó a dhéanamh, a dhéanamh ní cheart go mbeadh dualgas orainn géilleadh agus glacadh leis an bplean.

Tá súil agam go dtiocfar ar réiteach sa bpróiseas seo mar beidh brú ann. Beifear ag cur na ceiste cá bhfuil an plean agus cén fáth nach bhfuil plean eagraíochta X ar fáil agus beidh an tAire ag rá nach bhfuil sé sásta go bhfuil an plean feidhmiúil de réir na dtreoirlínte. Ansin toshófar ag cur ceiste ar an Aire atá freagrach cén fáth nach bhfuil sé an in ann plean a chur ar fáil atá sásúil. Caithfimid ligint don phróiseas daonlathach. Muna bhfuil an tAire sásta leis an bplean tá sé in ann a thuairim a chur in iúl do Thithe an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.