Seanad debates
Wednesday, 9 April 2003
Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.
10:30 am
Brendan Ryan (Labour)
Aontaím leis an gcuid is mó den méid adúirt an tAire. Nuair a théann daoine ag lorg eolais ó Roinn Stáit – eolas a bhfaighfí go neamh-oifigiúil go dtí seo – go bhfuil gach rud á chur faoin gcóras um shaoráil faisnéise. Tá sé sin ag cur moill ar dhaoine. Faoi láthair tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag obair go maith ach tá sé á úsáid i gcónaí anois, de réir daoine, in áiteanna go bhféadfaí gan é a úsáid agus an t-eolas a chur ar fáil i bhfad níos tapúla.
Aontaím leis an Aire faoi chuid mhaith den chóras Stáit. Cuireann sé ionadh orm agus ar Bhaill eile den Oireachtas an oiread daoine a deir linn gur scríobh siad chuig oifig Stáit agus nach bhfuair siad freagra. Tá sé do-chreidte go mbeadh eagras ar bith sa Stát, idir Ranna Stáit agus eagraíochtaí poiblí, nach mbeadh sé de dhea-mheas acu ar dhaoine freagra a thabhairt ar dhuine a scríobh litir. Tá cleachtadh agam féin ar a leithéid. Is cuma teideal Seanadóra a bheith agat.
Bhí duine a bhí an-mhór i mBord Sláinte an Deiscirt uair amháin adúirt le duine a bhfuil aithne agam air gur cheap sé gurb é an rud is fearr ná aon litir a fheagairt le nach mbeifí i dtrioblóid ariamh. Ní leithscéal é sin ar oifig a fhágáil gan dóthain achmhainní chun an jab a dhéanamh.
No comments