Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.

 

Déarfadh duine, mar shampla, gur scríobh sé ag Roinn agus nach bhfuair sé freagra. Le sár-chumas na fóirne atá againn – agus táimid ag obair i mBéarla agus i nGaeilge – corr uair ariamh a tharlaíonn sin mar go mbíonn scoth na seirbhíse ar fáil. Baineann sé seo le ceist an-leathan sa tseirbhís phoiblí. Tá sé in am againn foghlaim nuair a chuirtear scéala chuig duine go mba cheart scéala a fháil ar ais sciobtha agus an t-eolas mar atá sé ar fáil i láthair na huaire a thabhairt. Tá taithí agam ar bheith ag plé leis an Ombudsman, mar atá againn uilig, agus ar bheith ag fanacht go ceann sé mhí nó bliana ar fhreagra uaidh. Ní chreidim go bhfuil an tOmbudsman ag caitheamh an ama ag scrúdú na ceiste ach go bhfuil dua ar an Ombudsman an t-eolas atá uaidh a fháil leis an gceist a chíoradh. Sin, dar liom, an áit go gcaithfidh an t-athrú meoin teacht. Is ceist níos leithne í ná ceist an Bhille seo. Cén chaoi a éireoidh linn cur i gcionn ar an tseirbhís poiblí go ginearálta freagra a thabhairt nuair a chuirtear ceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.