Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

Other Questions

Údarás na Gaeltachta

7:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 9: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá aige níos mó fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21803/11]

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 12: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad post nua atá cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta sna chéad sé mhí den bhliain seo; cé mhéad atá caillte; cad é an buiséad a bhí ag Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach ceann de na 4 bliana atá thart agus cén buiséad a bheidh ag Údarás na Gaeltachta in aghaidh na bliana sna 4 bliana atá le teacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21787/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 9 agus 12 le chéile.

Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go ndéantar suirbhé fostaíochta ag deireadh gach bliana ar a chuid cliant-chuideachtaí. Mar gheall ar seo, ní bheidh na figiúirí maidir leis an líon post atá cruthaithe nó caillte i 2011 ar fáil go dtí go bhfoilseofar torthaí an chéad suirbhé eile go luath i 2012. Tá briseadh síos ar bhuiséad an údaráis do na blianta 2008 go 2011 léirithe sa tábla atá ceangailte leis an bhfreagra seo. Chomh maith leis an maoiniú a fhaigheann an t-údarás ón Státchiste, ní miste a lua go mbíonn teacht isteach ag an údarás ó fhoinsí eile, mar shampla ioncam ó dhíol sócmhainní agus scaireanna agus ioncam ó léasanna agus ó chíosanna.

2008€'0002009€'000*2010€'000*2011€'000
Ioncam ón Stát44,05437,63532,91519,650
Ioncam ó dhíol sócmhainní6,1642,2722,9707,500
Ioncam eile8,21811,3807,7836,730
Iomlán58,43651,28743,66833,880

* Figiúirí measta

Níl de rogha ag an Rialtas, mar gheall ar chúinsí eacnamaíocha reatha, ach féachaint go géar ar gach uile líne caiteachais Stáit faoin athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl i láthair na huaire. Is sa chomhthéacs sin, agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán, a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil don údarás ón Státchiste i 2012 agus na blianta ina dhiaidh sin. É sin ráite, aithním go maith na deacrachtaí atá cruthaithe d'Údarás na Gaeltachta mar gheall ar chinneadh an Rialtais dheireanaigh an soláthar airgid caipitil ón Státchiste a laghdúó€18 milliún i 2010 go €6 mhilliún i 2011. Mar is eol don Teach, thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí i mí na Bealtaine maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar na cinntí sin, tá sé i gceist go mbeidh cumhacht reachtúil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith. Chomh maith leis sin, déanfar meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an t-údarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí forbartha Stáit eile i gcás tionscadail shuntasacha Ghaeltachta a bhfuil poitéinseal ard ag baint leo. Mar thoradh ar an gcur chuige seo, táthar ag súil go mbeidh an luach is fearr ar airgead, agus an toradh is fearr fostaíochta ann don Ghaeltacht, ó na hacmhainní teoranta atá ar fáil don Stát san aeráid eacnamaíochta reatha.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go bhfuil gearradh siar déanta ar an mbuiséad. Mar a dúirt mé ag an gcoiste, tá airgead faighte ón levy pinsin. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil níos mó ná míle post á chruthú ag an údarás gach bliain. An mbeidh an Aire Stáit in ann airgead a fháil ón levy sin, nó b'fhéidir ón jobs initiative, chun postanna nua a chruthú?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá cainteanna agus comhráite maidir leis na Meastúcháin ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé sa fhreagra, tháinig titim tubaisteach ar chaiteachas chaipitil an údaráis le roinnt blianta anuas. Cuireadh allúntas de €26 milliún ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i 2008. D'úsáideadh an airgead caipitil sin chun fostaíocht, monarchana agus tionsclaíocht a bhunú sna ceantair Gaeltachta. Thit an figiúr sin go dtí€16 milliún, go dtí€10 milliún agus ar deireadh go dtí€6 mhilliún i mbliana. Is féidir a rá, dá bhrí sin, go bhfuil géarchéim airgeadais ag an údarás i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé leis an deontas caipitil. Tá obair iontach déanta ag Údarás na Gaeltachta. Tá breis agus 7,000 duine ag obair i gceantair Gaeltachta ó Dhún na nGall go Ciarraí agus Corcaigh, agus ó Chontae Phort Láirge go Contae na Mí-----

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cad faoin nGaillimh?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

-----i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht óÚdarás na Gaeltachta. Tá sé aitheanta sa straitéis 20 bliain agus ag an Rialtas nua go mbeidh ról fiontraíochta ag an údarás. Tá sé tábhachtach go bhfuil sé sa reachtaíocht go gcoinneoidh an údarás an ról sin. Beimid ag lorg an oiread airgead agus acmhainní agus is féidir a fháil. Ní féidir linn an chluas bhodhar, nó an súil dall, a thabhairt don aeráid eacnamaíochta atá againn faoin láthair. Déanfaimid ár ndícheall oiread agus is féidir a dhéanamh ionas gur féidir leis an údarás leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá ar siúl acu. Tá na Meastúcháin á phlé againn faoi láthair. Nuair a thiocfaidh an cáinfhaisnéis amach roimh deireadh na bliana, beidh a fhios againn go díreach cad a bheidh ar fáil. Mar duine ón nGaeltacht, tá a fhios agam go gcaithfimid gach rud is féidir a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt don údarás. Tuigeann an Teachta Ó Ceit agus na Teachtaí eile atá i láthair an tábhacht leis an méid sin. Bhí an t-údarás in ann acmhainní a dhíol agus breis airgid a fháil i mbliana. Gan é sin, bheadh an cás go dona ar fad. Beidh deis acu é sin a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn chomh maith.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

D'iarr Conradh na Gaeilge cén fáth gur fógraíodh go mbeadh comhoibriú foirmeálta idir Údarás na Gaeltachta, IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann amach anseo. Tá caidreamh oibre eatarthu - ní rud nua é. Cén uair a bheidh príomhfheidhmeannach nua á cheapadh ar an údarás?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá príomhfheidhmeannach sealadach ag gníomhú. Tá an-eolas agus an-taithí aige ar obair an údaráis. Tá sé ansin leis na blianta. Rinne sé gaisce mór fostaíocht a thabhairt isteach go dtí an Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá iarratas curtha isteach ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an Roinn Airgeadais i láthair na huaire, ag iarraidh cead príomhfheidhmeannach úr ar Údarás na Gaeltachta a cheapadh. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an iarratas sin sa ghearrthéarma. Os rud é go bhfuil ról fiontraíochta ag an t-údarás, agus ról lárnach sa straitéis 20 bliain, tá sé tábhachtach go mbeadh príomhfheidhmeannach buan, le téarma buan, in áit. Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé tábhachtach go dtarlódh a leithéid. Tá an t-iarratas á mheas. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh maith air gan mhoill.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Chuir mé ceist freisin maidir leis an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann. Tá an caidreamh sin ann. Ní rud nua é. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil plé mór á dhéanamh air.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní fheicim cén fáth go bhfuil plé mór á dhéanamh. Is cinnte go bhfuil comhthuiscint i gcónaí idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an t-údarás tionsclaíochta. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Dúirt feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil an caidreamh idir iad fhéin agus na heagraíochtaí náisiúnta thar barr. Tá an comhoibriú go hiontach. Cuireann siad fáilte roimhe go mbeidh an caidreamh sin foirmeálta. Tá sé neamhfhoirmeálta faoi láthair. Tá memorandum of understanding eatarthu. Ar ndóigh, tá an cuspóir céanna - fostaíocht a thabhairt isteach - acu go léir. Más féidir le Fiontraíocht Éireann comhairle a chur ar an údarás, nó más féidir leis an údarás moladh a thabhairt d'Fhiontraíocht Éireann, agus iad ag obair as láimh a chéile, is cinnte go rachfaidh sé chun sochair don Ghaeltacht. Níl siad ag iomaíocht le chéile. Tá siad ag cuidiú agus ag comhoibriú le chéile ar mhaithe le fostaíocht a chur ar fáil ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Tá mé thar a bheith sásta go mbeidh toradh fónta ar an gcomhoibriú sin nuair a bheidh an Bille tríd agus na socruithe foirmeáilte. Ní dóigh liom go bhfuil aon dochar nó aon contúirt don údarás ansin. Tuigim as na comhráite a bhí agam leo go gcuireann siad fáilte roimhe.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá titim uafásach ar an méid airgid atá ag an údarás anois. Ní de thimpist é go bhfuil an titim seo ag tarlú ag an am a bhfuil ceangal idir an údarás agus an pobal á bhriseadh ag an Rialtas. Tá ar an Oireachtas níos mó aird a thabhairt ar arigeadú agus ar threoir an údaráis.

Anois, nuair atá cúlú eacnamaíochta ag tarlú, ba cheart don Rialtas níos mó airgid a thabhairt do Údarás na Gaeltachta. Tá daoine ins na gaeltachtaí ag cailliúint a bpost agus ag dul ar imirce. Tá daoine sa Ghaeltachta a bhfuil smaointííontacha gnó acu ach nach bhfuil airgead acu, mar gheall ar an stad ar fhéidireachtaí. Níl aon airgead acu chun gnó a bhunú. Seo an t-am gur ceart don Rialtas airgead a thabhairt do dhaoine a bhfuil smaointí acu agus taithí acu ar chúrsaí gnó.

Is rud uafásach é go bhfuil airgead ann ach go bhfuil sé ag dul go dtí an Eorap. Tá bainc príobháideacha ag tógaint airgid as pócaí mhuintir na hÉireann agus tá muintir na Gaeltachta ag dul ar imirce toisc nach bhfuil an Rialtas sásta an t-airgead a thabhairt dóibh chun gnó a bhunú.

Chun muinín a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta maidir le cúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta, an bhfuil an t-Aire sásta a rá leis an Teach go mbeidh sé in ann an méid airgid atá ag dul isteach go dtí an t-údarás a árdú sna todhchaí?

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl an Ghaeilge agam ar an nath cainte "poacher turned gamekeeper", ach sin atáá dhéanamh agamsa anois.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Chonaic méé sin.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl ach noiméid fágtha.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim an méid atáá rá ag an Teachta. Tá sé ráite agam féin go bhfuil deacrachtaí ag an údarás i láthair na huaire de bharr an ghearradh siar tubaisteach a cuireadh ar achmhainní an údaráis le roinnt blianta anuas. Mar shampla, sa bhliain 2008 cuireadh iomlán de €58.5 milliúin ar fáil. I mbliana, cuireadh €33.8 milliúin ar fáil. Is mór an titim é sin. Sin an t-iomlán den deontas caipitil agus den deontas reatha. Is é an ceann is tromchúisí ar fad ná an deontas caipitil de €6 mhilliúin. Is cinnte go gcuireann sin laincis ar an údarás.

Ta polasaithe fostaíochta ag an Rialtas. Tá beagnach 500,000 duine dí-fhostaithe agus táimid ag iarraidh an figiúr sin a ísliú. Tá mise dóchasach, ó na cainteanna a bhí agam le hAirí, má thagann éinne chun tosaigh agus scéim aige le fostaíocht a chur ar fáil ins an Ghaeltacht go mbeidh tacaíocht, comhairle agus gach cuidiú le fáil óÚdarás na Gaeltachta. Tá dí-fhostaíocht ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht féin. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh daoine fostaithe sa Ghaeltacht. Muna bhfuil fostaíocht ní bheidh daoine agus muna bhfuil daoine ní bheith teanga. Tá siad uilig ag brath ar a chéile.

Déanfaimid ár ndícheall chun fostaíocht a chothú, ach ní thig linn dearmad a dhéanamh den ghanntanas airgid agus den ghéarchéim eacnamaíochta. Tá fhoinsí féin ag an Teachta maidir le díol ar ais iasachtaí agus mar sin. Sílim go bhfuil sé socraithe ag muintir na tíre an treo a bhfuilimid ag dul. Tá an Taoiseach ins an Eorap agus ceannairí eile ar fud na hEorpa i gcomhráití leis. Tá súil agam go dtiocfaidh siad ar réiteach a thabharfaidh faoiseamh dúinne chun dul ar aghaidh, tabhairt faoi na deacrachtaí eacnamaíochta agus iad a réiteach ins an am atá amach romhainn.

Tá an Rialtas in Oifig le ceithre mhí. An oidhreacht a fágadh againn, ní raibh sí ró-fhlaithiúil nó ró-iontach. Nuair a bheimid ag fágáil oidhreachta inár ndiaidh, cibé uair a tharlóidh sé sin, tá súil agam go mbeidh sé níos fiúntaí agus níos flaithiúla ná an oidhreacht a fuair muid féin tá ceithre mhíó shin.