Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 9 agus 12 le chéile.

Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go ndéantar suirbhé fostaíochta ag deireadh gach bliana ar a chuid cliant-chuideachtaí. Mar gheall ar seo, ní bheidh na figiúirí maidir leis an líon post atá cruthaithe nó caillte i 2011 ar fáil go dtí go bhfoilseofar torthaí an chéad suirbhé eile go luath i 2012. Tá briseadh síos ar bhuiséad an údaráis do na blianta 2008 go 2011 léirithe sa tábla atá ceangailte leis an bhfreagra seo. Chomh maith leis an maoiniú a fhaigheann an t-údarás ón Státchiste, ní miste a lua go mbíonn teacht isteach ag an údarás ó fhoinsí eile, mar shampla ioncam ó dhíol sócmhainní agus scaireanna agus ioncam ó léasanna agus ó chíosanna.

2008€'0002009€'000*2010€'000*2011€'000
Ioncam ón Stát44,05437,63532,91519,650
Ioncam ó dhíol sócmhainní6,1642,2722,9707,500
Ioncam eile8,21811,3807,7836,730
Iomlán58,43651,28743,66833,880

* Figiúirí measta

Níl de rogha ag an Rialtas, mar gheall ar chúinsí eacnamaíocha reatha, ach féachaint go géar ar gach uile líne caiteachais Stáit faoin athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl i láthair na huaire. Is sa chomhthéacs sin, agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán, a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil don údarás ón Státchiste i 2012 agus na blianta ina dhiaidh sin. É sin ráite, aithním go maith na deacrachtaí atá cruthaithe d'Údarás na Gaeltachta mar gheall ar chinneadh an Rialtais dheireanaigh an soláthar airgid caipitil ón Státchiste a laghdúó€18 milliún i 2010 go €6 mhilliún i 2011. Mar is eol don Teach, thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí i mí na Bealtaine maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar na cinntí sin, tá sé i gceist go mbeidh cumhacht reachtúil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith. Chomh maith leis sin, déanfar meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an t-údarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí forbartha Stáit eile i gcás tionscadail shuntasacha Ghaeltachta a bhfuil poitéinseal ard ag baint leo. Mar thoradh ar an gcur chuige seo, táthar ag súil go mbeidh an luach is fearr ar airgead, agus an toradh is fearr fostaíochta ann don Ghaeltacht, ó na hacmhainní teoranta atá ar fáil don Stát san aeráid eacnamaíochta reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.