Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ní fheicim cén fáth go bhfuil plé mór á dhéanamh. Is cinnte go bhfuil comhthuiscint i gcónaí idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an t-údarás tionsclaíochta. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Dúirt feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil an caidreamh idir iad fhéin agus na heagraíochtaí náisiúnta thar barr. Tá an comhoibriú go hiontach. Cuireann siad fáilte roimhe go mbeidh an caidreamh sin foirmeálta. Tá sé neamhfhoirmeálta faoi láthair. Tá memorandum of understanding eatarthu. Ar ndóigh, tá an cuspóir céanna - fostaíocht a thabhairt isteach - acu go léir. Más féidir le Fiontraíocht Éireann comhairle a chur ar an údarás, nó más féidir leis an údarás moladh a thabhairt d'Fhiontraíocht Éireann, agus iad ag obair as láimh a chéile, is cinnte go rachfaidh sé chun sochair don Ghaeltacht. Níl siad ag iomaíocht le chéile. Tá siad ag cuidiú agus ag comhoibriú le chéile ar mhaithe le fostaíocht a chur ar fáil ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Tá mé thar a bheith sásta go mbeidh toradh fónta ar an gcomhoibriú sin nuair a bheidh an Bille tríd agus na socruithe foirmeáilte. Ní dóigh liom go bhfuil aon dochar nó aon contúirt don údarás ansin. Tuigim as na comhráite a bhí agam leo go gcuireann siad fáilte roimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.