Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Tá titim uafásach ar an méid airgid atá ag an údarás anois. Ní de thimpist é go bhfuil an titim seo ag tarlú ag an am a bhfuil ceangal idir an údarás agus an pobal á bhriseadh ag an Rialtas. Tá ar an Oireachtas níos mó aird a thabhairt ar arigeadú agus ar threoir an údaráis.

Anois, nuair atá cúlú eacnamaíochta ag tarlú, ba cheart don Rialtas níos mó airgid a thabhairt do Údarás na Gaeltachta. Tá daoine ins na gaeltachtaí ag cailliúint a bpost agus ag dul ar imirce. Tá daoine sa Ghaeltachta a bhfuil smaointííontacha gnó acu ach nach bhfuil airgead acu, mar gheall ar an stad ar fhéidireachtaí. Níl aon airgead acu chun gnó a bhunú. Seo an t-am gur ceart don Rialtas airgead a thabhairt do dhaoine a bhfuil smaointí acu agus taithí acu ar chúrsaí gnó.

Is rud uafásach é go bhfuil airgead ann ach go bhfuil sé ag dul go dtí an Eorap. Tá bainc príobháideacha ag tógaint airgid as pócaí mhuintir na hÉireann agus tá muintir na Gaeltachta ag dul ar imirce toisc nach bhfuil an Rialtas sásta an t-airgead a thabhairt dóibh chun gnó a bhunú.

Chun muinín a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta maidir le cúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta, an bhfuil an t-Aire sásta a rá leis an Teach go mbeidh sé in ann an méid airgid atá ag dul isteach go dtí an t-údarás a árdú sna todhchaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.