Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Údarás na Gaeltachta

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tuigim an méid atáá rá ag an Teachta. Tá sé ráite agam féin go bhfuil deacrachtaí ag an údarás i láthair na huaire de bharr an ghearradh siar tubaisteach a cuireadh ar achmhainní an údaráis le roinnt blianta anuas. Mar shampla, sa bhliain 2008 cuireadh iomlán de €58.5 milliúin ar fáil. I mbliana, cuireadh €33.8 milliúin ar fáil. Is mór an titim é sin. Sin an t-iomlán den deontas caipitil agus den deontas reatha. Is é an ceann is tromchúisí ar fad ná an deontas caipitil de €6 mhilliúin. Is cinnte go gcuireann sin laincis ar an údarás.

Ta polasaithe fostaíochta ag an Rialtas. Tá beagnach 500,000 duine dí-fhostaithe agus táimid ag iarraidh an figiúr sin a ísliú. Tá mise dóchasach, ó na cainteanna a bhí agam le hAirí, má thagann éinne chun tosaigh agus scéim aige le fostaíocht a chur ar fáil ins an Ghaeltacht go mbeidh tacaíocht, comhairle agus gach cuidiú le fáil óÚdarás na Gaeltachta. Tá dí-fhostaíocht ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht féin. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh daoine fostaithe sa Ghaeltacht. Muna bhfuil fostaíocht ní bheidh daoine agus muna bhfuil daoine ní bheith teanga. Tá siad uilig ag brath ar a chéile.

Déanfaimid ár ndícheall chun fostaíocht a chothú, ach ní thig linn dearmad a dhéanamh den ghanntanas airgid agus den ghéarchéim eacnamaíochta. Tá fhoinsí féin ag an Teachta maidir le díol ar ais iasachtaí agus mar sin. Sílim go bhfuil sé socraithe ag muintir na tíre an treo a bhfuilimid ag dul. Tá an Taoiseach ins an Eorap agus ceannairí eile ar fud na hEorpa i gcomhráití leis. Tá súil agam go dtiocfaidh siad ar réiteach a thabharfaidh faoiseamh dúinne chun dul ar aghaidh, tabhairt faoi na deacrachtaí eacnamaíochta agus iad a réiteach ins an am atá amach romhainn.

Tá an Rialtas in Oifig le ceithre mhí. An oidhreacht a fágadh againn, ní raibh sí ró-fhlaithiúil nó ró-iontach. Nuair a bheimid ag fágáil oidhreachta inár ndiaidh, cibé uair a tharlóidh sé sin, tá súil agam go mbeidh sé níos fiúntaí agus níos flaithiúla ná an oidhreacht a fuair muid féin tá ceithre mhíó shin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.