Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá príomhfheidhmeannach sealadach ag gníomhú. Tá an-eolas agus an-taithí aige ar obair an údaráis. Tá sé ansin leis na blianta. Rinne sé gaisce mór fostaíocht a thabhairt isteach go dtí an Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá iarratas curtha isteach ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an Roinn Airgeadais i láthair na huaire, ag iarraidh cead príomhfheidhmeannach úr ar Údarás na Gaeltachta a cheapadh. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an iarratas sin sa ghearrthéarma. Os rud é go bhfuil ról fiontraíochta ag an t-údarás, agus ról lárnach sa straitéis 20 bliain, tá sé tábhachtach go mbeadh príomhfheidhmeannach buan, le téarma buan, in áit. Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé tábhachtach go dtarlódh a leithéid. Tá an t-iarratas á mheas. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh maith air gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.