Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 8: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad é mar atá ag éirí le plean an Teachta Dála Frank Feighan Gaeltacht nua a chruthú ar Chliara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21786/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teach, rinne mo chomhghleacaí, an Teachta Frank Feighan, moladh anuraidh, agus é mar urlabhraí Gaeltachta ag an am ag Fine Gael, go ndéanfaí iarracht an Ghaeilge a láidriú ar Oileán Chliara i gContae Mhaigh Eo.

Mar thoradh ar na cinntí polasaí a tógadh ag an gcruinniú Rialtais ar 31 Bealtaine 2011, déanfar foráil do shainmhíniúúr ar an nGaeltacht faoin mBille Gaeltachta. Faoin sainmhíniúúr don Ghaeltacht, beidh deis ag pobail éagsúla ar fud na tíre, Oileán Chliara san áireamh, a bheith áirithe sa Ghaeltacht, más féidir leo pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Beidh an sainmhíniúúr don Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe atá bunaithe ar cheantair thíreolaíocha faoi láthair. Chomh maith leis sin, déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta do bhailte seirbhíse Gaeltachta a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta agus do cheantair "Gaeltacht gréasáin" atá taobh amuigh den Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair. Is ceantair iad seo ina bhfuil an mhais chriticiúil riachtanach de thacaíocht Stáit agus pobail acu don Ghaeilge.

Tá na cinn don Bhille Gaeltachta á ndréachtú ag mo Roinn faoi láthair agus táim ag súil go mbeidh an Bille foilsithe roimh dheireadh na bliana, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt an tAire Stáit, dúirt an Teachta Frank Feighan ar son Fhine Gael, go raibh sé chun Gaeltacht nua a bhunú ar Oileán Chliara. Ag an am, cheap a lán daoine gur seift sealadach a bhí ann agus nach raibh an Teachta i ndáiríre mar bhí sé ainmnithe mar urlabhraí Gaeltachta agus ní raibh Gaeilge aige. Cad atá déanta ag an Teachta Feighan chun an Ghaeltacht a bhunú ar oileán Chliara, mar a dúirt sé, agus cad atá déanta ag Fine Gael chun Gaeltacht a bhunú ar an oileán chomh maith? Dúirt an Teachta Feighan freisin, go raibh sé chun scrúdú Gaeilge a dhéanamh san ardteist i mbliana. Conas ar éirigh leis san ardteist agus an bhfuil sé ag tnúth le torthaí maithe ag deireadh mhí Lúnasa?

Maidir leis an ionsaí gnéis a tharla i na Doirí Beaga - táim cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit gur eachtra uafásach a bhí ann - cén córas atá ag an Rialtas chun daoine óga a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh a chosaint? An bhfuil córas láidir ann agus an mbeadh muid sásta go bhfuil an córas sin ag obair?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Maidir le hOileán Chliara, bhí sé sna meáin go ndúirt an Teachta Feighan gur mhaith leis go mbeadh Oileán Chliara aitheanta mar cheantar Gaeltachta. Bhí mé féin in Oileán Chliara cúpla seachtain ó shin nuair a thug mé cuairt ar an oileán don chéad uair agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh i bhfeidhm go mór orm. Casadh an pobal ann orm agus bhí an-mholadh acu don mhéid a bhí le rá ag an Teachta Feighan nuair a bhí sé ina urlabhraí ar chúrsaí Gaeltachta.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil aon rud déanta aige?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is Teachta anois é. Is cinnte go bhfuil rud déanta. Mar adúirt mé, leis an straitéis 20 bliain beidh deis ag ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, ar fud na tíre, pleananna teanga a chur chun tosaigh leis an teanga a fhorbairt. Beidh an deis chéanna ag Oileán Chliara. Dúirt mé leo, máéiríonn leo plean teanga a chur ar aghaidh - beidh tacaíocht, cuidiú agus comhairle ar fáil dóibh le sin a dhéanamh - níl aon fáth nach nglacfar isteach mar Ghaeltacht iad. Ní féidir liomsa ná le haon Aire eile suí síos agus m'ainm a chur le pár agus a rá go bhfuil siad seo sa Ghaeltacht. Caithfidh pobal a chruthú go bhfuil an teanga á labhairt agus áúsáid lá i ndiaidh lae.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá sé cruthaithe.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé, is cuid de chroí na straitéise go mbeidh deis ag ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, cosúil le hOileán Chliara agus ceantair eile ar fud na tíre, b'fhéidir i ndáilcheantar an Teachta Tóibín i gContae na Mí, má tá suim, acu a theacht isteach agus na "Gaeltachtaí gréasáin" seo atá luaithe go sonrach sa straitéis a chur i bhfeidhm.

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An chéad ceist eile. Gabh mo leithscéal.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Maidir leis an ardteist, níl tuairim agam faoi sin. Caithfidh an Teachta féin an cheist sin a chur ar an Teachta Feighan.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl faic déanta aige.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ach dá mbeinn féin chun an ardteist a dhéanamh i mbliana, bheinn chomh gnóthach sin le toghchánaíocht agus le fáil isteach anseo go gcuirfeadh sin isteach ar mo chuid staidéir agus ní bheinn in ann dul faoi scrúdú.

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

We will take the next question.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá suil agam nach bhfuil an plean a bhí ag an Teachta Feighan cosúil leis an plean a bhí ann don ospidéal i Ros Comáin. Cén chaoi a chuirfear tús le Gaeltacht nua in aon áit, cosúil leis an Ghaeltacht ar Oilean Chliara?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is feidir é a dhéanamh agus tá sin luaite sa straitéis 20 bliain. Caithfidh gach ceantar agus pobal Gaeltachta plean forbartha teanga a chur ar fáil. Má dhéanann siad é sin, is féidir iad a aithint. Beidh dhá bhliain acu chun an plean forbartha a dhéanamh agus ansin déanfar measúnú air, b'fhéidir thar cúig bliana nó seacht mbliana. Mar adúirt mé sa fhreagra, i láthair na huaire tá na ceantair Gaeltachta bunaithe ar cheantair tíreolaíochta. Ó seo amach - nuair a rachaidh an Bille Gaeltachta tríd an Oireachtas - beidh na ceantair Gaeltachta bunaithe ar an teanga agus ar chumas na ndaoine sna ceantair an teanga a labhairt. Beidh sí teanga-bhunaithe, ní ar bhonn tíreolaíochta. Má bhíonn ceantar ar bith, nach bhfuil sa Ghaeltacht i láthair na huaire, sásta a rá go mba mhaith leis go mbeadh na seirbhísí sa cheantar sin trí Ghaeilge mar go bhfuil pobal Gaeltachta ann, tuig leis an pobal sin plean a chur ar agaidh. Measófar an plean sin agus ansin, is féidir an ceantar a ghlacadh isteach sna gréasáin Gaeltachta atá luaite go sonrach sa straitéis 20 bliain. Is cinnte gur dúshlán mór é, ach beidh deis ag ceantair é sin a dhéanamh.

Mar shampla, tá ceantar i nDoire a bhain Glór na nGael ag a bhfuil dul chun cinn íontach déanta aige. D'fhéadfaí a rá gur Gaeltacht atá ann, i gContae Doire. Sampla é sin den rud gur féidir a dhéanamh. Bheinn ag súil, nuair a bheidh an Bille tríd, i gceann cúpla bliain go mbeidh an Ghaeltacht níos leithne mar atá sí anois, agus go mbeidh ceantair beaga Gaeltachta anseo agus ansiúd, áiteanna ina mbeidh corpus sonrach de chainteoirí a úsáideann an Ghaeilge ó lá go lae, b'fhéidir gaelscoil, gaelcholáistí, seirbhísí eaglaise agus seirbhísí eile. Cén fáth go gcuirfeadh muid teorainneacha le leathnú na Gaeltachta?

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is trua a rá nach bhfuil faic déanta ag an Teachta Feighan mar gheall ar an ngeallúint a thug sé Gaeltacht a chruthú ar Oileán Chliara. Tá a fhios agam nach mbaineann an fhadhb seo leis an Aire Stáit. Níl faic déanta ag an Teachta Feighan. Tar éis na ionsaithe gnéis a tharla sna Doirí Beaga, an bhfuil an Aire Stáit sásta go bhfuil córas ann anois chun páistí a chosaint sna coláistí samhraidh?

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá a lán ceisteanna againn.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is ceist tábhachtach é.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níl an cheist a chur an Teachta ar an gclár. Is mian liom a rá, mar Theachta Dála, gur uafásach an rud a tharla. Tá sé cáinte agam ar TG4 agus ar meáin eile. Tá an Rialtas an-imníoch faoi mar a cuireadh cúram do pháistí roimhe seo. Is é sin an fáth go bhfuil Aire speisialta ceaptha ag an Rialtas chun cúramaí linbh agus páistí a chomhlíonadh. Tá Bille á n-ullmhú a thabharfaidh stádas reachtúil do chosaint páistí.