Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is feidir é a dhéanamh agus tá sin luaite sa straitéis 20 bliain. Caithfidh gach ceantar agus pobal Gaeltachta plean forbartha teanga a chur ar fáil. Má dhéanann siad é sin, is féidir iad a aithint. Beidh dhá bhliain acu chun an plean forbartha a dhéanamh agus ansin déanfar measúnú air, b'fhéidir thar cúig bliana nó seacht mbliana. Mar adúirt mé sa fhreagra, i láthair na huaire tá na ceantair Gaeltachta bunaithe ar cheantair tíreolaíochta. Ó seo amach - nuair a rachaidh an Bille Gaeltachta tríd an Oireachtas - beidh na ceantair Gaeltachta bunaithe ar an teanga agus ar chumas na ndaoine sna ceantair an teanga a labhairt. Beidh sí teanga-bhunaithe, ní ar bhonn tíreolaíochta. Má bhíonn ceantar ar bith, nach bhfuil sa Ghaeltacht i láthair na huaire, sásta a rá go mba mhaith leis go mbeadh na seirbhísí sa cheantar sin trí Ghaeilge mar go bhfuil pobal Gaeltachta ann, tuig leis an pobal sin plean a chur ar agaidh. Measófar an plean sin agus ansin, is féidir an ceantar a ghlacadh isteach sna gréasáin Gaeltachta atá luaite go sonrach sa straitéis 20 bliain. Is cinnte gur dúshlán mór é, ach beidh deis ag ceantair é sin a dhéanamh.

Mar shampla, tá ceantar i nDoire a bhain Glór na nGael ag a bhfuil dul chun cinn íontach déanta aige. D'fhéadfaí a rá gur Gaeltacht atá ann, i gContae Doire. Sampla é sin den rud gur féidir a dhéanamh. Bheinn ag súil, nuair a bheidh an Bille tríd, i gceann cúpla bliain go mbeidh an Ghaeltacht níos leithne mar atá sí anois, agus go mbeidh ceantair beaga Gaeltachta anseo agus ansiúd, áiteanna ina mbeidh corpus sonrach de chainteoirí a úsáideann an Ghaeilge ó lá go lae, b'fhéidir gaelscoil, gaelcholáistí, seirbhísí eaglaise agus seirbhísí eile. Cén fáth go gcuirfeadh muid teorainneacha le leathnú na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.