Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

Other Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 7: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go mbeadh bonn reachtúil i gceist do dhaoine atá ag iarraidh a n-ainmneacha, a sloinnte agus a seoltaí Gaeilge a úsáid agus iad i mbun gnóthaí le comhlachtaí poiblí agus iad ag iarraidh pas a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21784/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 10: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise an ghealltanais a thug an Rialtas sa Chlár Comhaontaithe Rialtais go mbeidh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, cathain a thosóidh an t-athbhreithniú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21783/11]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 23: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh an Rialtas ag cur dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí a oibríonn sa Ghaeltacht seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ar comhchaighdeán lena seirbhísí Béarla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21785/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 10 agus 23 le chéile.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a dhiriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 32, 49, 105 agus 108 ar 22 Meitheamh 2011, inar thug mé le fios go gcoimeádtar feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi bhreithniú ag mo Roinn ar bhonn leanúnach. Go deimhin, tá dualgas ann faoi alt 5 den Acht feidhmiú an Achta a athbhreithniú go bliantúil agus tuairisc ina leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ar ndóigh, tá athbhreithniú ar leith le déanamh ag mo Roinn ar an Acht i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gclár an Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha a dhréachtú, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den athbhreithniú seo agus rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí, Oifig an Choimisinéara Teanga san áireamh. Bheinn ag súil leis go dtógfar an cheist maidir le daoine atá ag iarraidh a n-ainmneacha, a sloinnte agus a seoltaí Gaeilge a úsáid agus iad i mbun gnóthaí le comhlachtaí poiblí san áireamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe sin. Maidir le húsáid na Gaeilge ar phas, tuigtear dom go ndaingnítear in alt 10 d'Acht na bPasanna 2008 na socruithe reachtúla a bhaineann le cúrsaí dá leithéid. Ar ndóigh, is ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála atá an cúram reachtúil sa réimse sin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cé mhéad ama atá agam?

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

It is-----

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Given that three questions are being taken together, do we have six minutes for each question?

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

The Deputy has one minute and the supplementary questions will follow.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Labhraíomar nóiméad ó shin faoin ról a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca. Tá sé dochreidte sa bhliain 2011, beagnach 100 bliain níos déanaí, nach bhfuil daoine in ann a n-ainmneacha, a seoltaí agus a sloinnte a úsáid as Gaeilge más mian leo. Is rud an-thábhachtach é do dhaoine. Tá níos mó daoine ag iarraidh é a dhéanamh na laethanta seo. Is minic a fheicim ainmneacha Gaeilge áúsáid ag daoine sna nuachtáin agus ar an teilifís.

Cúpla seachtain ó shin, tháinig lead óg thuas chugam agus bhí sé ag iarraidh pas a fháil. Chuaigh sé go hOifig na bPasanna agus dúirt an t-oifigeach leis go gcaithfeadh sé fianaise a thabhairt dó go raibh sé ag úsáid an fhoirm sin dá ainm ar feadh dhá bhliain. Tá a fhios agam go bhfuil cúrsaí slandála ag baint leis an rud seo ach, i ndáirire, tá bac curtha ar an lead sin chun a ainm a bheith i nGaeilge ar a phas. Tá sé ró-óg chun bille leictreachais nó bille gáis a bheith aige. Tá sé fós ina chónaí i dteach a thuistí.

Ba cheart dúinn an ceart a thabhairt do gach uile dhuine sa tír a phas a fháil, b'fhéidir cosúil leis an slí ina oibríonn logainmneacha timpeall na tíre sa chaoi go bhfuil ceart ag daoine a seoladh Gaelach a úsáid. Ba cheart dúinn an ceart a thabhairt do gach uile dhuine sa tír a pas a fháil, is cuma cén aois é nóí.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ansin. Ón eolas atá agam fhéin mar Theachta Dála, agus ag deighleáil le hiarrataisí ar phasanna do dhaoine ins an dáilcheantar, tá a fhios agam go gcothaíonn sé deacrachtaí agus go nglacann Oifig na bPasanna i láthair na huaire leis an ainm atá ar an teastais breithe. Sílim gur sin an gnáth rud. Má tá tú ag iarraidh, mar a dúirt an Teachta Tóibín, do ainm a athrúó Bhearla go Gaeilge, nóó Ghaeilge go Bearla, caithfidh tú cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil tú ag baint úsáid go rialta as an leagan gur mhaith leat do phas a bheith ann. Caithfear bille de chineál éigin a chur a fáil, b'fhéidir cuntas banc, cuntas aibhléise nó a leithéid sin. Is cinnte go gcothaíonn sé deacrachtaí. Silím féin go bhfuil sé réasúnta go leor má tá tú ag iarraidh do ainm a bheith ar do phas i nGaeilge nó i mBearla, go mbéifeáábalta é sin a fháil.

Ach é sin ráite, ar ndóigh, caithfidh Oifig na bPasana a bheith an-chúramach mar is rud an-luachmhar pas. Má fhágann tú an tír agus gan an pas agat, is duine tú gan tír. Ní saoránach de aon tír thú. Mar sin, tá sé an-thábhachtach. Tá a fhios againn go raibh deacracht le pasanna san am a chuaigh thart agus go raibh daoine ag taisteal thart i dtír sa Mhean Oirthear agus in áiteacha eile agus pasanna de chuid na hÉireann acu. Tá sé an-dhian ach, mar a dúirt mé, ní hionann sin agus a rá nach cóir go mbeadh an ceart sin ag daoine.

Níor cuireadh aon fhoráil san Acht sa bhlian 2003 maidir le húsáid ainmneacha, sloinnte agus seolta i nGaeilge agus i mBéarla. B'fhéidir dur síleadh ag an am gur ceart bunúsach a bhí anseo agus nach raibh gá le foráil reachtúil a dheanamh ina leith, ach bíonn deacrachtaí ann. Tuigim ó Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil ós chionn 400 cás ann go ndearna daoine teanghbháil leis an oifig ó bunaíodh í i 2004 maidir le fadhbanna a bhain le húsáid leaganacha Gaeilge de ainmneacha, sloinnte agus seolta.

Mar sin, is cinnte go bhfuil deacracht ann. Sílim go gcaithfidh muid gach iarracht a dhéanamh é a réiteach. Dá mbeadh gach rud foirfe, dá mbeadh an saol foirfe, ba chóir go mbéifeáábalta do phas a fháil ins an teaga ar rogha leat fhéin é ach, mar a dúirt mé, tá na deacrachtaí beaga sin ann chomh fada agus a bhaineann sé le pas mar gur doiciméad chomh luachmhar agus chomh tábhachtach sin é.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An fhadhb atá ann, céad bliain ón am a bhain an taobh seo den tír neamhspleacas amach, ná go bhfuil bac fós ar dhaoine óga a n-ainmneacha Gaeilge a úsáid sa tír seo agus ba cheart go mbeadh slí ann don Ríaltas, agus don Aire Stáit, an fadhb seo a réiteach. Is rud an-tábhachtach é.

Freisin, tá daoine ina gcónáí sa Ghaeltacht atá ag iarraidh seirbhísí a fháil ó chomhlachtaí poiblí trí Ghaeilge agus fós tá ag teip ar na comhlachtaí sin na seirbhísí sin a fheidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh seirbhísí ar chomh-caighdeán le seirbhísí as Béarla sa Ghaeltacht. Má táimid ag iarraidh an Ghaeltacht a chaomhnú, caithfidh go mbeidh na seirbhísíá fheabhsú ag an Ríaltas seo.

Tá fadhb eile ann freisin. Bhíos ag caint le duine cúpla láó shin mar gheall ar Chomhairle na nEalaíon. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an comhairle ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus tá chomh-mhaoiniú le déanamh ag an údaras? Chuala mé go ndúirt an t-Aire Stáit go mbeadh sé in ann an scéal sin a shocriú. Ba mhaith liom a fháil amach cathain a mbeidh sé in ann an scéal sin a shocrú?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar dtús, aontaíom go bhfuil sé de ceart ag an saoránach, nuair atá sé i mbun gnó leis an Stát seirbhís a fháil i nGaeilge nó i mBéarla, agus tá sé sin mar pháirt de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhfuil cinneadh déanta ag an Ríaltas é a chur i bhfeidhm. Má tá tú ag plé le Roinn nó le comhlacht Stáit, tá sé de cheart agat seirbhís a fháil i nGaeilge. Ar ndóigh, ba chóir go mbeadh sé le fáil ins na ceantair Gaeltachta, níl dabht faoi sin. Sin mar is ceart é a bheith.

Maidir le mo chontae fhéin, más féidir liom a bheith réigiúnach ar feadh tamaill, tá dílárnú déanta ar na hoifigí ag an chomhairle chontae i mo chontae fhéin. Ins an chomhairle chontae, agus go speisialta sna ceantair Gaeltachta, is féidir leat do ghnó a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Sílim gur dul chun cinn é sin. Sílim gur sampla é sin den rud gur féidir a dhéanamh ar fud na tíre.

Ar an bpointe eile a bhí ag an Teachta maidir le hEalaín na Gaeltachta, sílim go bhfuil an-obair á dhéanamh ag Ealaín na Gaeltachta. Sílim go bhfaigheann siad €425,000 sa bhliain óÚdaras na Gaeltachta. Tá siad ag gníomhú ar fud na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, bhí mé ag roinnt imeachtaí a rinne Ealaín na Gaeltachta airgeadú orthu le cúpla seachtain anuas. Tá comhráití ag dul ar aghaidh i láthair na huaire agus tá mise ag tnúth go mór go mbeadh socrú gan mhoill sa dóigh gur féidir le hEalaín na Gaeltachta leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta, chomhairle agus cuidiú do na ealaíontóirí agus na grúpaí atá ag cur ealaíne agus obair chruthaitheach ar fáil ar fud na gceantar Gaeltachta ar fad.

Tuigim go bhfuil na comhráití ar siúl. Níl a fhíos agam an bhfuil cinneadh nó an bhfuil réiteach air go fóill, ach tá súil agam. Déarfaidh mé seo mar Aire Stáit, nach fada go mbeidh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cathain go mbeidh an chomhréiteach sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Táimid anois thar lár na bliana. Níl a fhíos agam. Níl méábalta freagra cruinn a thabhairt. Geobhaidh mé amach agus cuirfidh mé in iúil don Teachta é chomh luath agus is féidir. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag plé agus go bhfuil na comhráití ag dul ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh socrú agus réiteach déanta gan mhoill, muna bhfuil sé déanta cheana féin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ceist bheag mar gheall ar earcú sna chomhlachtaí phoiblí. An slí is fear leis an rud seo a réiteach maidir le seirbhísí a chur ar fáil ag na comhlachtaí phoiblí do mhuintir na Gaeltachta ná an córas earcaíochta a fheabhsú chun go mbeadh daoine le Gaeilge ag obair iontu. Sa slí sin ní bheadh aon chostas níos mó ag an Ríaltas chun na seirbhísí a chur ar fáil.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil plean ag an Ríaltas chun níos mó daoiní a earcú sna comhlachtaí phoiblí le Gaeilge líofa?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Táimid chun na spriocanna atá ins an stráitéis a bhaint amach. Is cinnte go gcaithfear tabhairt faoin fhadhb sin agus go gcaithfidh na daoine a bheidh ansin a bheith ábalta an seirbhís a chur ar fáil.

Tá an Stát ag tabhairt tacaíochta don iarracht seo mar bíonn liúntas speisíalta le fáil ar seirbhísí poiblí a dheanann freastal ar cheantair Gaeltachta. Má tá liúntas speisíalta á dhíol ba cheart go mbeadh sé ar chumas na ndaoiní atá fostaithe ag an Stát nó ag chomhlachtaí Stáit ins na Gaeltachtaí an tseirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar a dúirt mé, is páirt den straitéis é agus má tá deacrachtaí agus laigí ann, chaithfimid aghaidh a thabhairt orthu agus iad a chur i gceart. Déanfaimíd é sna fiche bliain amach romhainn. Tá stráitéis 20 bliain ann. Ach táimid ag ullmhú plean bliana i láthair na huaire agus táimid ag ullmhú plean trí bhliana, agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin aon áit a bhfuil deacrachtaí. Cuirtear in iúil don Coimisinéir Teanga go bhfuil deacrachtaí. Cuireann an Coimisinéir Teanga amach a chuid tuairiscí. Sílim go gcaithfimid áird a thabhairt air. Ach táimid dáirire faoin stráitéis.

7:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ar rud an-bheag, bhí saghas stáidéar déanta, ceithre blian ó shin ceapaim, a dúirt go mbeadh an Ghaeltacht críochnaithe mar fhíor-Ghaeltacht i gceann 20 bliain.

Is rud an-tábhachtach agus práinneach é an rud atá ag tarlú agus impím ar an Aire Stáit tosaíocht a thabhairt don fhadhb seo chun í a réiteach chomh luath agus is féidir. Is féidir linn go léir nod a thabhairt do na pleananna atá déanta ag an Rialtas atá thart, ach ní leor dúinn na pleananna agus caithfimid rudaí a dhéanamh anois. Caithfimid daoine a earcú chun go mbeidh seirbhísí trí Ghaeilge ag feidhmniú sa Ghaeltacht as seo amach.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta, muna bhfuil a fhios aige cheana féin, go bhfuil an Rialtas i ndáiríre agus go bhfuil coiste Rialtais bunaithe faoi chaothaoirleacht an Taoisigh. Bhí dhá cruinniú ag an coiste Rialtais go dtí seo agus tá cinntí déanta dul ar aghaidh leis an straitéis. Tá cinneadh déanta go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag an údarás. Táthar ag tabhairt freagrachta don Roinn féin do chur cinn na Gaeilge agus an straitéis ar fud na tíre. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na straitéise sa Ghaeltacht, chomh maith le fiontraíocht agus fostaíocht. Beidh Foras na Gaeilge ag teacht isteach agus feicfimid go mbeidh comhoibriu eatarthu go léir. Tá coistí agus oifig i mo Roinn agus sa Roinn Oideachais agus sna Ranna eile a bhfuil suim acu sa cheist seo agus tá an obair ag dul ar aghaidh lá i ndiaidh lae. Tá cinn an Bhille á ullmhú i láthair na huaire agus beidh sé foilsithe gan mhoill. Is cinnte go mbeidh sé foilsithe i bhfad roimh dheireadh na bliana seo. Táim fein ag tnúth go mór go mbeidh Bille úr Gaeilge reachtaithe sa Teach seo roimh bhliain ó inniu. Muna dtarlaíonn sin, beidh díoma orm.