Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ar dtús, aontaíom go bhfuil sé de ceart ag an saoránach, nuair atá sé i mbun gnó leis an Stát seirbhís a fháil i nGaeilge nó i mBéarla, agus tá sé sin mar pháirt de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhfuil cinneadh déanta ag an Ríaltas é a chur i bhfeidhm. Má tá tú ag plé le Roinn nó le comhlacht Stáit, tá sé de cheart agat seirbhís a fháil i nGaeilge. Ar ndóigh, ba chóir go mbeadh sé le fáil ins na ceantair Gaeltachta, níl dabht faoi sin. Sin mar is ceart é a bheith.

Maidir le mo chontae fhéin, más féidir liom a bheith réigiúnach ar feadh tamaill, tá dílárnú déanta ar na hoifigí ag an chomhairle chontae i mo chontae fhéin. Ins an chomhairle chontae, agus go speisialta sna ceantair Gaeltachta, is féidir leat do ghnó a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Sílim gur dul chun cinn é sin. Sílim gur sampla é sin den rud gur féidir a dhéanamh ar fud na tíre.

Ar an bpointe eile a bhí ag an Teachta maidir le hEalaín na Gaeltachta, sílim go bhfuil an-obair á dhéanamh ag Ealaín na Gaeltachta. Sílim go bhfaigheann siad €425,000 sa bhliain óÚdaras na Gaeltachta. Tá siad ag gníomhú ar fud na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, bhí mé ag roinnt imeachtaí a rinne Ealaín na Gaeltachta airgeadú orthu le cúpla seachtain anuas. Tá comhráití ag dul ar aghaidh i láthair na huaire agus tá mise ag tnúth go mór go mbeadh socrú gan mhoill sa dóigh gur féidir le hEalaín na Gaeltachta leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta, chomhairle agus cuidiú do na ealaíontóirí agus na grúpaí atá ag cur ealaíne agus obair chruthaitheach ar fáil ar fud na gceantar Gaeltachta ar fad.

Tuigim go bhfuil na comhráití ar siúl. Níl a fhíos agam an bhfuil cinneadh nó an bhfuil réiteach air go fóill, ach tá súil agam. Déarfaidh mé seo mar Aire Stáit, nach fada go mbeidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.