Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Táimid chun na spriocanna atá ins an stráitéis a bhaint amach. Is cinnte go gcaithfear tabhairt faoin fhadhb sin agus go gcaithfidh na daoine a bheidh ansin a bheith ábalta an seirbhís a chur ar fáil.

Tá an Stát ag tabhairt tacaíochta don iarracht seo mar bíonn liúntas speisíalta le fáil ar seirbhísí poiblí a dheanann freastal ar cheantair Gaeltachta. Má tá liúntas speisíalta á dhíol ba cheart go mbeadh sé ar chumas na ndaoiní atá fostaithe ag an Stát nó ag chomhlachtaí Stáit ins na Gaeltachtaí an tseirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar a dúirt mé, is páirt den straitéis é agus má tá deacrachtaí agus laigí ann, chaithfimid aghaidh a thabhairt orthu agus iad a chur i gceart. Déanfaimíd é sna fiche bliain amach romhainn. Tá stráitéis 20 bliain ann. Ach táimid ag ullmhú plean bliana i láthair na huaire agus táimid ag ullmhú plean trí bhliana, agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin aon áit a bhfuil deacrachtaí. Cuirtear in iúil don Coimisinéir Teanga go bhfuil deacrachtaí. Cuireann an Coimisinéir Teanga amach a chuid tuairiscí. Sílim go gcaithfimid áird a thabhairt air. Ach táimid dáirire faoin stráitéis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.