Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Labhraíomar nóiméad ó shin faoin ról a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca. Tá sé dochreidte sa bhliain 2011, beagnach 100 bliain níos déanaí, nach bhfuil daoine in ann a n-ainmneacha, a seoltaí agus a sloinnte a úsáid as Gaeilge más mian leo. Is rud an-thábhachtach é do dhaoine. Tá níos mó daoine ag iarraidh é a dhéanamh na laethanta seo. Is minic a fheicim ainmneacha Gaeilge áúsáid ag daoine sna nuachtáin agus ar an teilifís.

Cúpla seachtain ó shin, tháinig lead óg thuas chugam agus bhí sé ag iarraidh pas a fháil. Chuaigh sé go hOifig na bPasanna agus dúirt an t-oifigeach leis go gcaithfeadh sé fianaise a thabhairt dó go raibh sé ag úsáid an fhoirm sin dá ainm ar feadh dhá bhliain. Tá a fhios agam go bhfuil cúrsaí slandála ag baint leis an rud seo ach, i ndáirire, tá bac curtha ar an lead sin chun a ainm a bheith i nGaeilge ar a phas. Tá sé ró-óg chun bille leictreachais nó bille gáis a bheith aige. Tá sé fós ina chónaí i dteach a thuistí.

Ba cheart dúinn an ceart a thabhairt do gach uile dhuine sa tír a phas a fháil, b'fhéidir cosúil leis an slí ina oibríonn logainmneacha timpeall na tíre sa chaoi go bhfuil ceart ag daoine a seoladh Gaelach a úsáid. Ba cheart dúinn an ceart a thabhairt do gach uile dhuine sa tír a pas a fháil, is cuma cén aois é nóí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.