Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ansin. Ón eolas atá agam fhéin mar Theachta Dála, agus ag deighleáil le hiarrataisí ar phasanna do dhaoine ins an dáilcheantar, tá a fhios agam go gcothaíonn sé deacrachtaí agus go nglacann Oifig na bPasanna i láthair na huaire leis an ainm atá ar an teastais breithe. Sílim gur sin an gnáth rud. Má tá tú ag iarraidh, mar a dúirt an Teachta Tóibín, do ainm a athrúó Bhearla go Gaeilge, nóó Ghaeilge go Bearla, caithfidh tú cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil tú ag baint úsáid go rialta as an leagan gur mhaith leat do phas a bheith ann. Caithfear bille de chineál éigin a chur a fáil, b'fhéidir cuntas banc, cuntas aibhléise nó a leithéid sin. Is cinnte go gcothaíonn sé deacrachtaí. Silím féin go bhfuil sé réasúnta go leor má tá tú ag iarraidh do ainm a bheith ar do phas i nGaeilge nó i mBearla, go mbéifeáábalta é sin a fháil.

Ach é sin ráite, ar ndóigh, caithfidh Oifig na bPasana a bheith an-chúramach mar is rud an-luachmhar pas. Má fhágann tú an tír agus gan an pas agat, is duine tú gan tír. Ní saoránach de aon tír thú. Mar sin, tá sé an-thábhachtach. Tá a fhios againn go raibh deacracht le pasanna san am a chuaigh thart agus go raibh daoine ag taisteal thart i dtír sa Mhean Oirthear agus in áiteacha eile agus pasanna de chuid na hÉireann acu. Tá sé an-dhian ach, mar a dúirt mé, ní hionann sin agus a rá nach cóir go mbeadh an ceart sin ag daoine.

Níor cuireadh aon fhoráil san Acht sa bhlian 2003 maidir le húsáid ainmneacha, sloinnte agus seolta i nGaeilge agus i mBéarla. B'fhéidir dur síleadh ag an am gur ceart bunúsach a bhí anseo agus nach raibh gá le foráil reachtúil a dheanamh ina leith, ach bíonn deacrachtaí ann. Tuigim ó Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil ós chionn 400 cás ann go ndearna daoine teanghbháil leis an oifig ó bunaíodh í i 2004 maidir le fadhbanna a bhain le húsáid leaganacha Gaeilge de ainmneacha, sloinnte agus seolta.

Mar sin, is cinnte go bhfuil deacracht ann. Sílim go gcaithfidh muid gach iarracht a dhéanamh é a réiteach. Dá mbeadh gach rud foirfe, dá mbeadh an saol foirfe, ba chóir go mbéifeáábalta do phas a fháil ins an teaga ar rogha leat fhéin é ach, mar a dúirt mé, tá na deacrachtaí beaga sin ann chomh fada agus a bhaineann sé le pas mar gur doiciméad chomh luachmhar agus chomh tábhachtach sin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.