Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta, muna bhfuil a fhios aige cheana féin, go bhfuil an Rialtas i ndáiríre agus go bhfuil coiste Rialtais bunaithe faoi chaothaoirleacht an Taoisigh. Bhí dhá cruinniú ag an coiste Rialtais go dtí seo agus tá cinntí déanta dul ar aghaidh leis an straitéis. Tá cinneadh déanta go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag an údarás. Táthar ag tabhairt freagrachta don Roinn féin do chur cinn na Gaeilge agus an straitéis ar fud na tíre. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na straitéise sa Ghaeltacht, chomh maith le fiontraíocht agus fostaíocht. Beidh Foras na Gaeilge ag teacht isteach agus feicfimid go mbeidh comhoibriu eatarthu go léir. Tá coistí agus oifig i mo Roinn agus sa Roinn Oideachais agus sna Ranna eile a bhfuil suim acu sa cheist seo agus tá an obair ag dul ar aghaidh lá i ndiaidh lae. Tá cinn an Bhille á ullmhú i láthair na huaire agus beidh sé foilsithe gan mhoill. Is cinnte go mbeidh sé foilsithe i bhfad roimh dheireadh na bliana seo. Táim fein ag tnúth go mór go mbeidh Bille úr Gaeilge reachtaithe sa Teach seo roimh bhliain ó inniu. Muna dtarlaíonn sin, beidh díoma orm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.