Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 10 agus 23 le chéile.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a dhiriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 32, 49, 105 agus 108 ar 22 Meitheamh 2011, inar thug mé le fios go gcoimeádtar feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi bhreithniú ag mo Roinn ar bhonn leanúnach. Go deimhin, tá dualgas ann faoi alt 5 den Acht feidhmiú an Achta a athbhreithniú go bliantúil agus tuairisc ina leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ar ndóigh, tá athbhreithniú ar leith le déanamh ag mo Roinn ar an Acht i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gclár an Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha a dhréachtú, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den athbhreithniú seo agus rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí, Oifig an Choimisinéara Teanga san áireamh. Bheinn ag súil leis go dtógfar an cheist maidir le daoine atá ag iarraidh a n-ainmneacha, a sloinnte agus a seoltaí Gaeilge a úsáid agus iad i mbun gnóthaí le comhlachtaí poiblí san áireamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe sin. Maidir le húsáid na Gaeilge ar phas, tuigtear dom go ndaingnítear in alt 10 d'Acht na bPasanna 2008 na socruithe reachtúla a bhaineann le cúrsaí dá leithéid. Ar ndóigh, is ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála atá an cúram reachtúil sa réimse sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.