Dáil debates
Thursday, 21 July 2011
Limistéir Gaeltachta
7:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Mar a dúirt an tAire Stáit, dúirt an Teachta Frank Feighan ar son Fhine Gael, go raibh sé chun Gaeltacht nua a bhunú ar Oileán Chliara. Ag an am, cheap a lán daoine gur seift sealadach a bhí ann agus nach raibh an Teachta i ndáiríre mar bhí sé ainmnithe mar urlabhraí Gaeltachta agus ní raibh Gaeilge aige. Cad atá déanta ag an Teachta Feighan chun an Ghaeltacht a bhunú ar oileán Chliara, mar a dúirt sé, agus cad atá déanta ag Fine Gael chun Gaeltacht a bhunú ar an oileán chomh maith? Dúirt an Teachta Feighan freisin, go raibh sé chun scrúdú Gaeilge a dhéanamh san ardteist i mbliana. Conas ar éirigh leis san ardteist agus an bhfuil sé ag tnúth le torthaí maithe ag deireadh mhí Lúnasa?
Maidir leis an ionsaí gnéis a tharla i na Doirí Beaga - táim cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit gur eachtra uafásach a bhí ann - cén córas atá ag an Rialtas chun daoine óga a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh a chosaint? An bhfuil córas láidir ann agus an mbeadh muid sásta go bhfuil an córas sin ag obair?
No comments