Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar is eol don Teach, rinne mo chomhghleacaí, an Teachta Frank Feighan, moladh anuraidh, agus é mar urlabhraí Gaeltachta ag an am ag Fine Gael, go ndéanfaí iarracht an Ghaeilge a láidriú ar Oileán Chliara i gContae Mhaigh Eo.

Mar thoradh ar na cinntí polasaí a tógadh ag an gcruinniú Rialtais ar 31 Bealtaine 2011, déanfar foráil do shainmhíniúúr ar an nGaeltacht faoin mBille Gaeltachta. Faoin sainmhíniúúr don Ghaeltacht, beidh deis ag pobail éagsúla ar fud na tíre, Oileán Chliara san áireamh, a bheith áirithe sa Ghaeltacht, más féidir leo pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Beidh an sainmhíniúúr don Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe atá bunaithe ar cheantair thíreolaíocha faoi láthair. Chomh maith leis sin, déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta do bhailte seirbhíse Gaeltachta a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta agus do cheantair "Gaeltacht gréasáin" atá taobh amuigh den Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair. Is ceantair iad seo ina bhfuil an mhais chriticiúil riachtanach de thacaíocht Stáit agus pobail acu don Ghaeilge.

Tá na cinn don Bhille Gaeltachta á ndréachtú ag mo Roinn faoi láthair agus táim ag súil go mbeidh an Bille foilsithe roimh dheireadh na bliana, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.