Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá cainteanna agus comhráite maidir leis na Meastúcháin ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé sa fhreagra, tháinig titim tubaisteach ar chaiteachas chaipitil an údaráis le roinnt blianta anuas. Cuireadh allúntas de €26 milliún ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i 2008. D'úsáideadh an airgead caipitil sin chun fostaíocht, monarchana agus tionsclaíocht a bhunú sna ceantair Gaeltachta. Thit an figiúr sin go dtí€16 milliún, go dtí€10 milliún agus ar deireadh go dtí€6 mhilliún i mbliana. Is féidir a rá, dá bhrí sin, go bhfuil géarchéim airgeadais ag an údarás i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé leis an deontas caipitil. Tá obair iontach déanta ag Údarás na Gaeltachta. Tá breis agus 7,000 duine ag obair i gceantair Gaeltachta ó Dhún na nGall go Ciarraí agus Corcaigh, agus ó Chontae Phort Láirge go Contae na Mí-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.