Dáil debates

Thursday, 8 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis (Atógáil) - Irish Language: Statements (Resumed)

 

2:30 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé cheana, ar ócáid cosúil leis an ócáid seo, is mór an trua agus is cúis náire é go bhfuil Béarla á labhairt againn inniu agus go bhfuil gnó na Dála ag leanúint ar aghaidh trí Bhéarla in ionad trí Ghaeilge. Is cúis náire í cinnte nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt againn, níos mó ná 90 bliain tar éis tosach an Stáit. Roimh an nGorta Mór, bhí an Ghaeilge mar chéad teanga ag beagnach 7 milliún duine. Anois, ar ndóigh, is teanga mhionlaigh í an Ghaeilge. Cén fáth? I believe the reason is that since the foundation of the State, successive Governments have paid lip service to the Irish language and to its promotion as a spoken, living language. That is why we are where we are today.

Tá ceist eile agam faoi mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna. Tar éis deich mbliana de ranganna Gaeilge, nó níos mó, cén fáth nach féidir le formhór na scoláirí páirt a ghlacadh i gcomhrá as Gaeilge? Tá sé dochreidte. Mar a dúirt mé cheana, cén fáth nach bhfuil gach scoil mar Ghaelscoil? Tá sé soiléir go bhfuil caighdeán Ghaeilge an-mhaith ag na daltaí sna Gaelscoileanna, fiú amháin tar éis trí nó ceithre bliana. Thug mé cuairt ar an bhfoirgneamh nua atá ag Gaelscoil Bharra an tseachtain seo caite. Cosúil le gach Gaelscoil eile, bhí sé go hiontach bheith ag éisteacht leis na scoláirí agus iad ag caint Gaeilge, fiú amháin na naíonáin bheaga. Is cúis áthais é go bhfuil an oiread sin Gaelscoileanna agus naíonraí againn anois.

Is cúis áthais eile é an tsuim atá ag daoine úsáid a bhaint as an gcúpla focal atá acu. Feicim é sin go háirithe i mBaile Átha Cliath. Ní raibh seans agam go fóill dul go dtí an pop-up caifé nó an pop-up béar chun deis labhartha trí Ghaeilge a fháil, ach tá sé ar intinn agam cuairt a thabhairt uair éigin eile. Impím orthu siúd atá líofa, an tAire Stáit ina measc, foighne a bheith acu le daoine, cosúil liomsa, nach bhfuil líofa sa Ghaeilge. Tá fonn orainn iarracht a dhéanamh leis an gcuid Gaeilge atá againn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Státseirbhísigh san Oireachtas a chuireann ranganna Gaeilge ar siúl. Glacaim páirt sna ranganna sin.

We have to go back to the drawing board regarding the teaching of Irish. I did not teach Irish, but I found it very disappointing when I heard students in my school say that they wished they could drop Irish. They did not see the point of doing it and had a dislike of the language. I found that very disappointing because I think Irish should have a very sentimental place in every Irish person's heart. Irish is about identity, culture and history, and I think it should be less about grammar and everything that goes with that. Apart from Gaelscoileanna and individual teachers in other schools, the education system is guiding the Irish language into a cul de sac that will inevitably lead to fewer and fewer people speaking Irish. It is time to focus on speaking Irish. One can look at the Welsh system where there is much more of a cultural identity approach rather than the perfectionist approach which we take. It is more beneficial for the survival and future of the Irish language to have a large proportion of the population able to have a decent conversational level of Irish than have a minority with great fluency. I am not taking from those wonderful Irish speakers, I love listening to them. The purists might not agree with that approach, but something drastic is needed.

Tá a fhios agam go raibh fonn ar mo chara, an Teachta Connolly, páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo, ach tá sí istigh sa choiste Ghaeilge faoi láthair. Tá daltaí ó mheánscoileanna éagsúla istigh sa choiste inniu le haghaidh díospóireacht ar chúrsaí Gaeilge. Is é sin an fáth nach bhfuil an Teachta Connolly anseo chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus na deich nóiméad atá agam a roinnt liom.

Ba mhaith liom buíochas agus aitheantas a thabhairt do na múinteoirí a bhí agam nuair a bhí mé ag freastal ar scoil. Spreag siad ionam agus i mo chairde grá don teanga, go háirithe sa chúigiú bliain agus sa séú bliain. Bhí an-mhéid cainte agus comhrá againn i nGaeilge seachas i mBéarla ag an am sin toisc go raibh grá don teanga faighte againn ónár múinteoirí. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don dream a chur an Réalt ar siúl dúinn gach oíche Shathairn. Tá mé ag caint faoin saol sóisialta a bhí againn sna 1970í. Fhreastal na cailíní ó mheánscoil Cnoc Carmel agus na buachaillí ó Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc agus ó Scoil Uí Chonaill ar Réalt.

Chuir mé fáilte roimh Fhoras na Gaeilge agus Raidió na Life nuair a bhog siad ó Chearnóg Mhuirfean go dtí mo Dháilcheantar. Bhí mé ann le haghaidh oscailt amháin agus tá oscailt eile le teacht. Ceapaim go bhfuil jab iontach maith á dhéanamh ag TG4. Ba mhaith liom críochnú le seanfhocal oiriúnach, "beatha teanga í a labhairt" - it is the life of a language to speak it. Is é sin an dúshlán atá againn. If we are serious about Irish being a living language we will take the necessary steps, or otherwise we will continue having statements on the Irish language ad infinitum but make no real progress at Irish a living language.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór an trua é go bhfuil cruinniú den choiste ag an am seo, ós rud é go bhfuil daoine ar an gcoiste sin ar mhaith leo bheith anseo, ach ní féidir leo.

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh am acu roimh dheireadh na díospóireachta.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a deirtear "níl sí doiligh a iompar" - it is no load for me to carry her - is í teanga Ceilteach uasal na nGael atá i gceist leis an bhfocal "her" nó an focal "sí". Is teanga nuálaíoch Eorpach agus teanga náisiúnta na hÉireann í an Ghaeilge, teanga a bhí díbeartha ón seomra ranga ag Rialtas na Breataine roimh aimsir an Ghorta Mhóir. Tá an Ghaeilge fós beo beathach stuacach ceanndána, agus níl sé ar intinn aici bás a fháil inniu nó amárach. Is í an Ghaeilge an tríú teanga scríofa is sine san Eoraip tar éis an Gréigis agus an Laidin. Téann sé siar i bhfad roimh aimsir na Normannach agus aimsir na Lochlannach go dtí laethanta órga an ré Cheiltigh. Le blianta beaga anuas, tá borradh le brath i bhforbairt na nGaelscoileanna ar fud an oileáin seo, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ó Dhún na nGall go dtí An Daingean. Tá cláracha den scoth á gcraoladh ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá aitheantas ag an teanga i bParlaimint na hEorpa. Ní bréag a rá go bhfuil an tír seo mar eiseamláir go hidirnáisiúnta maidir lenár gcur chuige ó thaobh cosaint na teanga.

Cé go bhfuil dea-thoil i leith na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne, ní mór dúinn a bheith airdeallach ar riachtanais mhuintir na Gaeltachta. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil i gContae Mhuineacháin. Chaith mé bliain i gColáiste na Rinne i gContae Phort Láirge agus cúpla samhradh iontach i Ros Muc. Táim dílis do theanga ár sinsir agus bródúil as an tsaibhreas oidhreachta a bhaineann léi. Teastaíonn uaim an grá céanna a chothú i mo pháistí féin. Ní hionann mo thaithí leis an teanga agus taithí na máithreacha i gceantair Ghaeltachta atá ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh seirbhísí tacaíochta a fháil trí Ghaeilge chun cabhrú léi a gclann a thógáil.

Is éard atá i gceist agam ná go gcaithfimid dúshláin an teaghlaigh Gaeltachta a thuiscint. Más rud é go bhfuil m’iníon tinn agus go gcaithfidh mé í a thabhairt chuig an dochtúir tá rogha dochtúirí agam. Ach, má tá páiste Gaeltachta trí bliana d’aois nach bhfuil ag freastal ar an mbunscoil fós, agus Gaeilge ón gcliabhán aici, tinn i seomra dochtúra agus gan ach Béarla ag an dochtúir níl an tseirbhís seo sásúil. Muna féidir le príomhoide ar Inis Meáin nó Inis Mór siceolaí oideachais a fháil le Gaeilge chun cabhrú le meabhairshláinte déagóra níl sé seo sásúil. Ní liosta le háireamh é seo. Tá faillí á ndéanamh againn ar na daoine óga seo. Ní leor a rá go bhfuil, ar a laghad, siceolaí nó dochtúir le Béarla ar fáil. Is tír muid le dhá theanga ach is léir nach bhfuil cothromaíocht go fóill eatarthu.

Mar a dúirt mé, d’fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge ar scoil ach más rud é gur tógadh le Gaeilge ón gcliabhán duine ba chóir go mbeadh an Stát ag freastal air nó uirthi mar is cuí, is é sin, ag cur seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Is é mo thuairim nach smaoiníonn muidne a tógadh le Béarla sa bhaile ar na deacrachtaí a bhíonn ag teaghlaigh Gaeltachta atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil trí Ghaeilge.

Is ábhar machnaimh dúinn uilig an méid sin atá ráite agam faoi chearta. Mar an gcéanna, tá géarghá le postanna a chruthú sa Ghaeltacht, postanna a bheidh in oiriúint do phobal na Gaeilge. Tá samhlaíocht maraon le hinfheistíocht ag teastáil chun é seo a chur i gcrích. Tuigim na fadhbanna a bhíonn ag an Rialtas ó am go chéile ó thaobh easpa airgid de. Ach, más fiú é, is féidir. Seachain an easpa físe. Ná tréig muintir na Gaeltachta. Agus Bliain na Gaeilge á chéiliúradh againn ná déanaimis dearmad gur lá na Gaeilge é chuile lá na seachtaine do mhuintir na Gaeltachta. Ach ní bheidh todhchaí ann do pháistí Gaeltachta gan tacaíocht an Stáit. Ó thosaigh an Teachta Éamon Ó Cuív amach ar bhóthar an Achta teanga 15 bliana ó shin, is mór an dul chun cinn atá déanta i dtreo na Gaeilge a chosaint agus a chothú. Ach, ná ligimis ár maidí le sruth. Le hidéalachas tiocfaidh fís. Le fís tiocfaidh fuinneamh. Agus le fuinneamh tiocfaidh feabhas ar chúrsaí teanga.

Is éard is teanga ann ná fuaim; fuaim anama. Ní aithníonn fuaim ársa an oileáin seo teorainn nó reiligiún. Ní dhéanann fuaim Cheilteach an oileáin seo idirdhealú idir an am atá caite, an tréimhse reatha ina mairimid agus an t-am atá le teacht. Bíodh Gaeilge nó Béarla againn ón gcliabhán, maireann fréamhacha na fuaime seo i smior na gcnámh, inár gcuislí agus inár gcroíthe laistigh i ngan fhios dúinn féin. Is léir don saol le fada go bhfuil Béarla na tíre seo múnlaithe ag taibhse na Gaeilge.

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Ní chóir go bhfágfar muintir na Gaeltachta ar thaobh amháin den bhóthar agus muidne, muintir na galltachta agus Gaeilgeoirí inár measc, ar an taobh eile. Ní neart go cur le chéile. Baineann an fhuaim Cheilteach le gach duine idir óg agus aosta ar an oileán seo, ag tabhairt san áireamh gach treibh agus ionsaitheoir a tháinig trasna na dtonnta chugainn, Lochlannaigh, Francaigh agus Sasanaigh. Ní nach ionadh gur roghnaigh Banríon na Breataine Móire, Éilis II, labhairt as Gaeilge nuair a bheannaigh sí Uachtarán na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2011. Agus an freagra, is dócha, a thabharfadh an Ghaeilge ar an mbanríon, ná "Mise Éire: Sine mé ná an Chailleach Bhéarra".

2:40 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá saothar orm. Táim tar éis teacht ón gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán atá ar siúl faoi láthair.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl deifir ar bith. Ba chóir don Teachta a anáil a fháil.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim go breá. Is amhlaidh go bhfuil an dá rud ar siúl ag an am céanna. Is ainnis go mbeadh a leithéid déanta arís agus arís eile mar is iad na daoine céanna a theastaíonn uathu páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus sa choiste Gaolainne, áit a bhfuil muintir ó na scoileanna éagsúla timpeall na tíre tagtha chun plé a dhéanamh ar ábhair fhostaíochta agus ábhair Ghaeltachta.

Tá a fhios againn go bhfuil borradh ar an nGaolainne timpeall na tíre. Tá níos mó Gaeilgeoirí ann agus tá níos mó daoine ag labhairt agus ag baint taitnimh as an teanga. Tá sé sin le feiscint, mar shampla, i mo Dháilcheantar féin toisc go bhfuil an dara Gaelscoil á oscailt i mBaile an Chollaigh de bharr an éilimh. Feicfimid é sa slua mór a bhíonn ag glacadh páirt san Oireachtas - thart ar 10,000 duine - agus i go leor slite eile sna scoileanna agus ar fud na tíre. Braithim go bhfuil an fás sin ag tarlú in ainneoin an Rialtais. Tagann an brú sin ón bpobal. Tá an dea-thoil ann. Is iontach é sin a fheiscint ach tá go leor constaicí ann agus caithfear dul i ngleic leo.

Bhí deis ag an gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán anuraidh taisteal chuig ceantar Mhuscraí, mo cheantar féin, agus bualadh le muintir Gaeltachta chun ábhair éagsúla a chuireann as di agus na deiseanna a bhí le feiscint aici a phlé. B'fhéidir go bhfuil tuairisc an choiste sin feicthe ag an Aire Stáit. Foilsíodh é le déanaí. Tá an-chuid ábhar suimiúil ann a bheadh i gceist le an-chuid de na Gaeltachtaí eile timpeall na tíre freisin.

Is sampla amháin an brú atá ann i gcomhar múinteoirí i leith na hábhair éagsúla sna scoileanna. Tá sé ag tarraingt aníos againn anseo arís agus arís eile. Caithfidh an tAire Stáit cur ina luí ar an Aire Oideachais agus Scileanna go bhfuil an brú sin ar sholáthar múinteoirí. Arís agus arís eile bíonn ar scoileanna atá ag lorg múinteora an post a fhógairt dhá uair nó trí huaire sula bhfaigheann siad aon duine atá cáilithe don ábhar. Tá an t-easnamh agus an gá ann. Caithfidh an tAire Stáit é sin a chur ina luí ar a chomhgleacaithe, an tAire Oideachais agus Scileanna.

Tá brú ar phobail Ghaeltachta chomh maith. Teastaíonn uathu go mbeidh na háiseanna éagsúla atá ar fáil i ngach aon áit eile trí Bhéarla ar fáil dóibh as Gaeilge chomh maith. Tá sé ag iarraidh go mbeidh áiseanna búnúsacha cosúil le dochtúir, seirbhísí de chuid an HSE, fiaclóirí nó rudaí den leithéid sin ar fáil dóibh ina dteanga féin.

Tá plean teanga á chur le chéile in an-chuid de na Gaeltachtaí faoin tráth seo. Tá an-chuid dea-thola. Táthar tagtha le chéile chun plean ar roghnaigh an pobal féin é a chur i gcrích. Caithfear cinntiú go mbeidh na háiseanna ann dóibh chun na pleananna sin a chur i gcrích. Ní theastaíonn go mbeidh airgead srianta ansin mar bheifí ag satailt anuas ar agus ag múchadh an dea-thoil atá ann mura mbeidh na pobail ábalta na pleananna teanga sin a chur i gcrích. Táim buartha nach bhfuil ach an €100,000 ar fáil in áiteanna agus nach mbeadh sé sin a dhóthain mar beidh trí nó ceithre h-uaire an mhéid sin ag teastáil chun cuid de na pleananna atáim tar éis cloisteáil futhu a chur i gcrích. Má tógtar tuarastal d'oifigeach amach as an €100,000 sin, níl ach €50,000 fágtha ansin chun na háiseanna a chur ar fáil sa phobal. Mar sin, tá brú ann agus caithfidh an tAire Stáit a chinntiú go mbeidh go leor airgid ar fáil do na coistí éagsúla chun na pleananna teanga sin a chur i gcrích.

Faoi láthair tá an-chuid plé á dhéanamh ag an gcoiste agus ag go leor pobal mar gheall ar an mBille nua, agus iad ag díriú isteach go háirithe ar an bhforáil earcaíochta a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag thart ar 20% de na daoine a mbeidh á bhfostú.

Tá sé sin an-tábhachtach mar tá an-chuid catch-up le déanamh chun a chinntiú go mbeidh na háiseanna agus na daoine ar fáil sna hearnálacha éagsúla tríd an Rialtas. Teastaíonn ó dhaoine go mbeidís ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Níl mé cinnte faoi na slat tomhais atá ann. Mar shampla, anuraidh chualamar Banc na hÉireann ag rá nach raibh éileamh ann ar an nGaolainn toisc nach raibh daoine á úsáid ar na hATManna, ach tá éileamh i bhfad níos mó ann ná mar atá á thomhais acu ansan agus mar atá á thomhais in áiteanna eile. Nuair a théann daoine i dteagmháil leis an gcóras Stáit, bíonn an rogha acu a ngnó a dhéanamh as Gaolainn agus b'fhéidir a bheith ag feitheamh ar feadh lae sular fhaigheann siad freagra nó glaoch isteach agus freagra as Béarla a fháil láithreach. Ní theastaíonn ó dhaoine go mbeadh moill ann agus rachaidh siad i dtreo an Béarla. Mar sin, níl an t-éileamh atá ann le feiscint agus nílimid ag fáil slat tomhais ceart air. Tá an-chuid le déanamh.

Táim an-bhuíoch as an gcúpla nóiméad chun labhairt ar na hábhair seo. Tá dea-thoil ann agus tá borradh ann ach is baolach gur in ainneoin an Rialtais atá sé. Ba mhaith linn go mbeadh gach tacaíocht ann agus táim cinnte go bhfuil an tAire Stáit báigiúil chuige sin.

2:50 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula dtosnaíonn an Teachta Moynihan, cuirfidh mé in iúl don Teach go raibh, mar a dúirt an Teachta, cruinniú eile ar siúl agus go bhfuil daoine eile ann ar mhaith leo a bheith anseo ach ní féidir leo an dá thrá a fhreastal. Glaoim ar an Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, chun deireadh a chur leis an díospóireacht seo. Tá cúig nóiméad ag an Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá díomá ormsa fosta faoin gclár agus go raibh an comhchoiste ina shuí ag an am céanna. Chríochnaigh na ráitis ar an díospóireacht eile go luath agus sin an fáth atá leis.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, fáiltím roimh an díospóireacht a bhí againn sa Teach le cúpla lá anuas agus roimh na pointí éagsúla atá ardaithe ag Teachtaí. Ba bhreá an rud é dá mbeadh cuid mhór Gaeilge á labhairt le linn na seachtaine achan seachtain sa bhliain ach rinneadh dul chun cinn maidir leis sin.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív pointí maidir le húsáid na Gaeilge sa Teach seo, Raidió Rí-Rá a bheith ar fáil níos forleithne, teagasc na Gaeilge, pleanáil teanga sa Ghaeltacht, an creatlach náisiúnta pleanála, an plean forbartha náisiúnta agus ionad Gaeilge i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag rá go bhfuil an t-ionad agus an foirgneamh sin de dhíth sa chathair. Tá sárobair déanta trasna na cathrach. Dá mbeadh foirgneamh nó ionad ann ina mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sa chathair, bheadh daoine in ann teacht ó thimpeall na tíre ann. Ionad idirnáisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann fosta do dhaoine le ceangal leis an Ghaeilge. Tá daoine ó Mheiriceá agus ón mBreatain Bheag atá suim acu sa teanga, sa chultúr agus inár n-oidhreacht agus b'fhéidir go mbeadh seans acu dul go dtí an t-ionad sin amach anseo. Beidh an méid caipitil sa bhuiséad ag dul ar aghaidh thar na blianta amach romhainn. An rud is fearr a mbaineann leis an Ghaeilge ná go bhfeidhmíonn sí mar fhuinneog don stair. Luaigh cúpla Teachta gurb í an Ghaeilge an teanga is sine san Eoraip. Tá sé suas le 3,000 bliain d'aois agus is fuinneog ollmhór agus thar a bheith soiléir don stair í agus tá ceangail ann idir an cultúr, an oidhreacht agus an dúchas chomh maith.

D'ardaigh an Teacht Tóibín pointí maidir le teagasc na Gaeilge, buiséad Údaráis na Gaeltachta agus toghcháin don Údarás. Bhí sé ag labhairt faoin bhrú atá ar an bhuiséad. Labhair sé faoi na Meastacháin agus an cháinaisnéis. Tá sé sin soiléir. In 2008 ní raibh mórán airgid ag an tír sa chiste. Anois táimid ag bogadh ar aghaidh agus beidh rudaí i bhfad níos fearr agus airgead á fháil sa todhchaí. Chomh maith leis sin, gabhaim m'aitheantas leis na daoine agus leis na dreamanna uilig a bhí ag obair go deonach. Mar shampla, tá dreamanna i gceantair an Leas-Cheann Comhairle ag obair go dian ar an phleanáil teanga. Tá daoine eile ag déanamh nasc idir bhunscoileanna, mheánscoileanna agus na coláistí. Tá daoine ag obair go dian dícheallach ar an talamh.

D'ardaigh an Teachta Nolan pointe maidir leis an Ghaelscolaíocht. Scéal dearfach ollmhór é sin sa tír seo. Beidh na daoine uilig sna Gaelscoileanna ag an bhunleibhéal agus ag an mheánleibhéal ag bogadh ar aghaidh agus tá sé sin tábhachtach toisc go bhfuil deireadh le cur leis an maolú in Eoraip in 2022. B'fhéidir go mbeidh deiseanna agus buntáistí le baint amach ina dhiaidh sin. B'fhéidir go bhfuil daoine sna meánscoileanna anois ag smaoineamh freastal ar coláiste chun céim sa dlí agus i dteanga a dhéanamh. Bhí mé in UCC anuraidh agus chas mé le daoine atá ag foghlaim dlí agus an Ghaeilge ann. Dá mbeadh teanga breise acu ar nós na Gearmáinise nó na Fraincise, b'fhéidir go mbeadh deiseanna ollmhóra dóibh, má tá an caighdeán ceart acu, mar aistritheoirí i Lucsamburg, Strasbourg nó Brussels. Beidh suas le 40 post ar fáil amach anseo. Bhí cruinniú thar a bheith dearfa ar siúl inné in Óstaí an Rí. Bhí an tUasal Thierry Lefèvre ann agus é ag cuardach daoine chun dul ag obair i Lucsamburg, Strasbourg agus Brussels.

D'ardaigh an Teachta Howlin pointí maidir le teagasc na Gaeilge, úsáid na Gaeilge sa Teach seo agus seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Tá an ceart aige. Labhair an Teachta O'Sullivan faoin mbealach a bhíomar ag teagasc sna bunscoileanna sna mblianta a chuaigh thart. Bhí ar daltaí an ghramadach agus struchtúr na Gaeilge a fhoghlaim, mar shampla an modh foshuiteach, an aimsir láithreach agus an aimsir chaite fosta. Tá sé sin tábhachtach. Bíonn caighdeán níos fearr de dhíth do na poist in Eoraip. Chomh maith leis sin, bíonn daoine ar nós mé féin ag iarraidh bealach difriúil. Bíonn siad ag déanamh comhrá agus iad ag dul go dtí an siopa. Mar shampla, labhraíonn siad faoin aimsir. Bíonn scéal acu faoin drochaimsir. Bíonn an nasc sin idir na daoine sa phobal a bhíonn ag úsáid na Gaeilge.

Ná bí buartha faoi bhotúin a dhéanamh fosta. Nuair a bhím ag siúl timpeall an Tí seo, bíonn na ushers, iadsan atá ag obair sa chistin agus na daoine atá ag obair sna rannóga difriúla sa Teach seo ag déanamh fíor-iarracht an Ghaeilge a labhairt agus idir Gaeilge briste, deas, lag agus láidir acu. Sin an smaoineamh a bhí agamsa nuair a ceapadh mé mar Aire Stáit a bhí freagrach as an Ghaeilge in 2014.

Tá mé beagnach críochnaithe. An bhfuil cúpla bomaite agam?

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl. Tá níos mó ná dhá bomaite breise tógtha ag an Aire Stáit cheana. Tabharfaimid bomaite amháin eile dó.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Leas-Cheann Comhairle.

Maidir le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear, luíonn an cúrsa nua atá ar fáil ar líne go han-mhaith leis an obair atá ar bun ag mo Roinn. Tá baint ann le hinstitiúidí idirnáisiúnta agus le cláir ar nós clár Fulbright chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Faoi láthair, táimid ag cur maoiniú ar fáil do chúrsaí in os cionn 40 institiúid tríú leibhéal thar lear agus beidh seans ann d'Éireannaigh teagasc thar lear. Is teachtaireacht thar a bheith dearfa é sin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear aird don Ghaeilge agus is féidir eolas a chur ar dhaoine ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé sin go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Dá mbeadh daoine ag foghlaim thar lear, tá seans ann go dtiocfaidh siad go dtí an tír seo agus b'fhéidir go ceantair Ghealtachta i gConamara, i gCorcaigh nó i nGaillimh. Tá seans ollmhór ann faoi choinne na ceantair Ghaeltachta agus mná ag cur lóistín ar fáil etc. Tá tábhacht eacnamaíocha leis a leithéid.

Sin é. Gabhaim buíochas arís de mo chuid chomhghleacaithe. Táim fíor-oscailte maidir le comhrá a dhéanamh amach anseo le daoine nach raibh anseo toisc go raibh an fo-choiste ag dul ar aghaidh ag an am céanna.