Dáil debates

Thursday, 8 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis (Atógáil) - Irish Language: Statements (Resumed)

 

2:50 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá díomá ormsa fosta faoin gclár agus go raibh an comhchoiste ina shuí ag an am céanna. Chríochnaigh na ráitis ar an díospóireacht eile go luath agus sin an fáth atá leis.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, fáiltím roimh an díospóireacht a bhí againn sa Teach le cúpla lá anuas agus roimh na pointí éagsúla atá ardaithe ag Teachtaí. Ba bhreá an rud é dá mbeadh cuid mhór Gaeilge á labhairt le linn na seachtaine achan seachtain sa bhliain ach rinneadh dul chun cinn maidir leis sin.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív pointí maidir le húsáid na Gaeilge sa Teach seo, Raidió Rí-Rá a bheith ar fáil níos forleithne, teagasc na Gaeilge, pleanáil teanga sa Ghaeltacht, an creatlach náisiúnta pleanála, an plean forbartha náisiúnta agus ionad Gaeilge i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag rá go bhfuil an t-ionad agus an foirgneamh sin de dhíth sa chathair. Tá sárobair déanta trasna na cathrach. Dá mbeadh foirgneamh nó ionad ann ina mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sa chathair, bheadh daoine in ann teacht ó thimpeall na tíre ann. Ionad idirnáisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann fosta do dhaoine le ceangal leis an Ghaeilge. Tá daoine ó Mheiriceá agus ón mBreatain Bheag atá suim acu sa teanga, sa chultúr agus inár n-oidhreacht agus b'fhéidir go mbeadh seans acu dul go dtí an t-ionad sin amach anseo. Beidh an méid caipitil sa bhuiséad ag dul ar aghaidh thar na blianta amach romhainn. An rud is fearr a mbaineann leis an Ghaeilge ná go bhfeidhmíonn sí mar fhuinneog don stair. Luaigh cúpla Teachta gurb í an Ghaeilge an teanga is sine san Eoraip. Tá sé suas le 3,000 bliain d'aois agus is fuinneog ollmhór agus thar a bheith soiléir don stair í agus tá ceangail ann idir an cultúr, an oidhreacht agus an dúchas chomh maith.

D'ardaigh an Teacht Tóibín pointí maidir le teagasc na Gaeilge, buiséad Údaráis na Gaeltachta agus toghcháin don Údarás. Bhí sé ag labhairt faoin bhrú atá ar an bhuiséad. Labhair sé faoi na Meastacháin agus an cháinaisnéis. Tá sé sin soiléir. In 2008 ní raibh mórán airgid ag an tír sa chiste. Anois táimid ag bogadh ar aghaidh agus beidh rudaí i bhfad níos fearr agus airgead á fháil sa todhchaí. Chomh maith leis sin, gabhaim m'aitheantas leis na daoine agus leis na dreamanna uilig a bhí ag obair go deonach. Mar shampla, tá dreamanna i gceantair an Leas-Cheann Comhairle ag obair go dian ar an phleanáil teanga. Tá daoine eile ag déanamh nasc idir bhunscoileanna, mheánscoileanna agus na coláistí. Tá daoine ag obair go dian dícheallach ar an talamh.

D'ardaigh an Teachta Nolan pointe maidir leis an Ghaelscolaíocht. Scéal dearfach ollmhór é sin sa tír seo. Beidh na daoine uilig sna Gaelscoileanna ag an bhunleibhéal agus ag an mheánleibhéal ag bogadh ar aghaidh agus tá sé sin tábhachtach toisc go bhfuil deireadh le cur leis an maolú in Eoraip in 2022. B'fhéidir go mbeidh deiseanna agus buntáistí le baint amach ina dhiaidh sin. B'fhéidir go bhfuil daoine sna meánscoileanna anois ag smaoineamh freastal ar coláiste chun céim sa dlí agus i dteanga a dhéanamh. Bhí mé in UCC anuraidh agus chas mé le daoine atá ag foghlaim dlí agus an Ghaeilge ann. Dá mbeadh teanga breise acu ar nós na Gearmáinise nó na Fraincise, b'fhéidir go mbeadh deiseanna ollmhóra dóibh, má tá an caighdeán ceart acu, mar aistritheoirí i Lucsamburg, Strasbourg nó Brussels. Beidh suas le 40 post ar fáil amach anseo. Bhí cruinniú thar a bheith dearfa ar siúl inné in Óstaí an Rí. Bhí an tUasal Thierry Lefèvre ann agus é ag cuardach daoine chun dul ag obair i Lucsamburg, Strasbourg agus Brussels.

D'ardaigh an Teachta Howlin pointí maidir le teagasc na Gaeilge, úsáid na Gaeilge sa Teach seo agus seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Tá an ceart aige. Labhair an Teachta O'Sullivan faoin mbealach a bhíomar ag teagasc sna bunscoileanna sna mblianta a chuaigh thart. Bhí ar daltaí an ghramadach agus struchtúr na Gaeilge a fhoghlaim, mar shampla an modh foshuiteach, an aimsir láithreach agus an aimsir chaite fosta. Tá sé sin tábhachtach. Bíonn caighdeán níos fearr de dhíth do na poist in Eoraip. Chomh maith leis sin, bíonn daoine ar nós mé féin ag iarraidh bealach difriúil. Bíonn siad ag déanamh comhrá agus iad ag dul go dtí an siopa. Mar shampla, labhraíonn siad faoin aimsir. Bíonn scéal acu faoin drochaimsir. Bíonn an nasc sin idir na daoine sa phobal a bhíonn ag úsáid na Gaeilge.

Ná bí buartha faoi bhotúin a dhéanamh fosta. Nuair a bhím ag siúl timpeall an Tí seo, bíonn na ushers, iadsan atá ag obair sa chistin agus na daoine atá ag obair sna rannóga difriúla sa Teach seo ag déanamh fíor-iarracht an Ghaeilge a labhairt agus idir Gaeilge briste, deas, lag agus láidir acu. Sin an smaoineamh a bhí agamsa nuair a ceapadh mé mar Aire Stáit a bhí freagrach as an Ghaeilge in 2014.

Tá mé beagnach críochnaithe. An bhfuil cúpla bomaite agam?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.