Dáil debates

Thursday, 8 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis (Atógáil) - Irish Language: Statements (Resumed)

 

2:30 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Nuair a deirtear "níl sí doiligh a iompar" - it is no load for me to carry her - is í teanga Ceilteach uasal na nGael atá i gceist leis an bhfocal "her" nó an focal "sí". Is teanga nuálaíoch Eorpach agus teanga náisiúnta na hÉireann í an Ghaeilge, teanga a bhí díbeartha ón seomra ranga ag Rialtas na Breataine roimh aimsir an Ghorta Mhóir. Tá an Ghaeilge fós beo beathach stuacach ceanndána, agus níl sé ar intinn aici bás a fháil inniu nó amárach. Is í an Ghaeilge an tríú teanga scríofa is sine san Eoraip tar éis an Gréigis agus an Laidin. Téann sé siar i bhfad roimh aimsir na Normannach agus aimsir na Lochlannach go dtí laethanta órga an ré Cheiltigh. Le blianta beaga anuas, tá borradh le brath i bhforbairt na nGaelscoileanna ar fud an oileáin seo, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ó Dhún na nGall go dtí An Daingean. Tá cláracha den scoth á gcraoladh ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá aitheantas ag an teanga i bParlaimint na hEorpa. Ní bréag a rá go bhfuil an tír seo mar eiseamláir go hidirnáisiúnta maidir lenár gcur chuige ó thaobh cosaint na teanga.

Cé go bhfuil dea-thoil i leith na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne, ní mór dúinn a bheith airdeallach ar riachtanais mhuintir na Gaeltachta. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil i gContae Mhuineacháin. Chaith mé bliain i gColáiste na Rinne i gContae Phort Láirge agus cúpla samhradh iontach i Ros Muc. Táim dílis do theanga ár sinsir agus bródúil as an tsaibhreas oidhreachta a bhaineann léi. Teastaíonn uaim an grá céanna a chothú i mo pháistí féin. Ní hionann mo thaithí leis an teanga agus taithí na máithreacha i gceantair Ghaeltachta atá ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh seirbhísí tacaíochta a fháil trí Ghaeilge chun cabhrú léi a gclann a thógáil.

Is éard atá i gceist agam ná go gcaithfimid dúshláin an teaghlaigh Gaeltachta a thuiscint. Más rud é go bhfuil m’iníon tinn agus go gcaithfidh mé í a thabhairt chuig an dochtúir tá rogha dochtúirí agam. Ach, má tá páiste Gaeltachta trí bliana d’aois nach bhfuil ag freastal ar an mbunscoil fós, agus Gaeilge ón gcliabhán aici, tinn i seomra dochtúra agus gan ach Béarla ag an dochtúir níl an tseirbhís seo sásúil. Muna féidir le príomhoide ar Inis Meáin nó Inis Mór siceolaí oideachais a fháil le Gaeilge chun cabhrú le meabhairshláinte déagóra níl sé seo sásúil. Ní liosta le háireamh é seo. Tá faillí á ndéanamh againn ar na daoine óga seo. Ní leor a rá go bhfuil, ar a laghad, siceolaí nó dochtúir le Béarla ar fáil. Is tír muid le dhá theanga ach is léir nach bhfuil cothromaíocht go fóill eatarthu.

Mar a dúirt mé, d’fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge ar scoil ach más rud é gur tógadh le Gaeilge ón gcliabhán duine ba chóir go mbeadh an Stát ag freastal air nó uirthi mar is cuí, is é sin, ag cur seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Is é mo thuairim nach smaoiníonn muidne a tógadh le Béarla sa bhaile ar na deacrachtaí a bhíonn ag teaghlaigh Gaeltachta atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil trí Ghaeilge.

Is ábhar machnaimh dúinn uilig an méid sin atá ráite agam faoi chearta. Mar an gcéanna, tá géarghá le postanna a chruthú sa Ghaeltacht, postanna a bheidh in oiriúint do phobal na Gaeilge. Tá samhlaíocht maraon le hinfheistíocht ag teastáil chun é seo a chur i gcrích. Tuigim na fadhbanna a bhíonn ag an Rialtas ó am go chéile ó thaobh easpa airgid de. Ach, más fiú é, is féidir. Seachain an easpa físe. Ná tréig muintir na Gaeltachta. Agus Bliain na Gaeilge á chéiliúradh againn ná déanaimis dearmad gur lá na Gaeilge é chuile lá na seachtaine do mhuintir na Gaeltachta. Ach ní bheidh todhchaí ann do pháistí Gaeltachta gan tacaíocht an Stáit. Ó thosaigh an Teachta Éamon Ó Cuív amach ar bhóthar an Achta teanga 15 bliana ó shin, is mór an dul chun cinn atá déanta i dtreo na Gaeilge a chosaint agus a chothú. Ach, ná ligimis ár maidí le sruth. Le hidéalachas tiocfaidh fís. Le fís tiocfaidh fuinneamh. Agus le fuinneamh tiocfaidh feabhas ar chúrsaí teanga.

Is éard is teanga ann ná fuaim; fuaim anama. Ní aithníonn fuaim ársa an oileáin seo teorainn nó reiligiún. Ní dhéanann fuaim Cheilteach an oileáin seo idirdhealú idir an am atá caite, an tréimhse reatha ina mairimid agus an t-am atá le teacht. Bíodh Gaeilge nó Béarla againn ón gcliabhán, maireann fréamhacha na fuaime seo i smior na gcnámh, inár gcuislí agus inár gcroíthe laistigh i ngan fhios dúinn féin. Is léir don saol le fada go bhfuil Béarla na tíre seo múnlaithe ag taibhse na Gaeilge.

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Ní chóir go bhfágfar muintir na Gaeltachta ar thaobh amháin den bhóthar agus muidne, muintir na galltachta agus Gaeilgeoirí inár measc, ar an taobh eile. Ní neart go cur le chéile. Baineann an fhuaim Cheilteach le gach duine idir óg agus aosta ar an oileán seo, ag tabhairt san áireamh gach treibh agus ionsaitheoir a tháinig trasna na dtonnta chugainn, Lochlannaigh, Francaigh agus Sasanaigh. Ní nach ionadh gur roghnaigh Banríon na Breataine Móire, Éilis II, labhairt as Gaeilge nuair a bheannaigh sí Uachtarán na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2011. Agus an freagra, is dócha, a thabharfadh an Ghaeilge ar an mbanríon, ná "Mise Éire: Sine mé ná an Chailleach Bhéarra".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.