Dáil debates

Thursday, 8 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis (Atógáil) - Irish Language: Statements (Resumed)

 

2:40 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim go breá. Is amhlaidh go bhfuil an dá rud ar siúl ag an am céanna. Is ainnis go mbeadh a leithéid déanta arís agus arís eile mar is iad na daoine céanna a theastaíonn uathu páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus sa choiste Gaolainne, áit a bhfuil muintir ó na scoileanna éagsúla timpeall na tíre tagtha chun plé a dhéanamh ar ábhair fhostaíochta agus ábhair Ghaeltachta.

Tá a fhios againn go bhfuil borradh ar an nGaolainne timpeall na tíre. Tá níos mó Gaeilgeoirí ann agus tá níos mó daoine ag labhairt agus ag baint taitnimh as an teanga. Tá sé sin le feiscint, mar shampla, i mo Dháilcheantar féin toisc go bhfuil an dara Gaelscoil á oscailt i mBaile an Chollaigh de bharr an éilimh. Feicfimid é sa slua mór a bhíonn ag glacadh páirt san Oireachtas - thart ar 10,000 duine - agus i go leor slite eile sna scoileanna agus ar fud na tíre. Braithim go bhfuil an fás sin ag tarlú in ainneoin an Rialtais. Tagann an brú sin ón bpobal. Tá an dea-thoil ann. Is iontach é sin a fheiscint ach tá go leor constaicí ann agus caithfear dul i ngleic leo.

Bhí deis ag an gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán anuraidh taisteal chuig ceantar Mhuscraí, mo cheantar féin, agus bualadh le muintir Gaeltachta chun ábhair éagsúla a chuireann as di agus na deiseanna a bhí le feiscint aici a phlé. B'fhéidir go bhfuil tuairisc an choiste sin feicthe ag an Aire Stáit. Foilsíodh é le déanaí. Tá an-chuid ábhar suimiúil ann a bheadh i gceist le an-chuid de na Gaeltachtaí eile timpeall na tíre freisin.

Is sampla amháin an brú atá ann i gcomhar múinteoirí i leith na hábhair éagsúla sna scoileanna. Tá sé ag tarraingt aníos againn anseo arís agus arís eile. Caithfidh an tAire Stáit cur ina luí ar an Aire Oideachais agus Scileanna go bhfuil an brú sin ar sholáthar múinteoirí. Arís agus arís eile bíonn ar scoileanna atá ag lorg múinteora an post a fhógairt dhá uair nó trí huaire sula bhfaigheann siad aon duine atá cáilithe don ábhar. Tá an t-easnamh agus an gá ann. Caithfidh an tAire Stáit é sin a chur ina luí ar a chomhgleacaithe, an tAire Oideachais agus Scileanna.

Tá brú ar phobail Ghaeltachta chomh maith. Teastaíonn uathu go mbeidh na háiseanna éagsúla atá ar fáil i ngach aon áit eile trí Bhéarla ar fáil dóibh as Gaeilge chomh maith. Tá sé ag iarraidh go mbeidh áiseanna búnúsacha cosúil le dochtúir, seirbhísí de chuid an HSE, fiaclóirí nó rudaí den leithéid sin ar fáil dóibh ina dteanga féin.

Tá plean teanga á chur le chéile in an-chuid de na Gaeltachtaí faoin tráth seo. Tá an-chuid dea-thola. Táthar tagtha le chéile chun plean ar roghnaigh an pobal féin é a chur i gcrích. Caithfear cinntiú go mbeidh na háiseanna ann dóibh chun na pleananna sin a chur i gcrích. Ní theastaíonn go mbeidh airgead srianta ansin mar bheifí ag satailt anuas ar agus ag múchadh an dea-thoil atá ann mura mbeidh na pobail ábalta na pleananna teanga sin a chur i gcrích. Táim buartha nach bhfuil ach an €100,000 ar fáil in áiteanna agus nach mbeadh sé sin a dhóthain mar beidh trí nó ceithre h-uaire an mhéid sin ag teastáil chun cuid de na pleananna atáim tar éis cloisteáil futhu a chur i gcrích. Má tógtar tuarastal d'oifigeach amach as an €100,000 sin, níl ach €50,000 fágtha ansin chun na háiseanna a chur ar fáil sa phobal. Mar sin, tá brú ann agus caithfidh an tAire Stáit a chinntiú go mbeidh go leor airgid ar fáil do na coistí éagsúla chun na pleananna teanga sin a chur i gcrích.

Faoi láthair tá an-chuid plé á dhéanamh ag an gcoiste agus ag go leor pobal mar gheall ar an mBille nua, agus iad ag díriú isteach go háirithe ar an bhforáil earcaíochta a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag thart ar 20% de na daoine a mbeidh á bhfostú.

Tá sé sin an-tábhachtach mar tá an-chuid catch-up le déanamh chun a chinntiú go mbeidh na háiseanna agus na daoine ar fáil sna hearnálacha éagsúla tríd an Rialtas. Teastaíonn ó dhaoine go mbeidís ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Níl mé cinnte faoi na slat tomhais atá ann. Mar shampla, anuraidh chualamar Banc na hÉireann ag rá nach raibh éileamh ann ar an nGaolainn toisc nach raibh daoine á úsáid ar na hATManna, ach tá éileamh i bhfad níos mó ann ná mar atá á thomhais acu ansan agus mar atá á thomhais in áiteanna eile. Nuair a théann daoine i dteagmháil leis an gcóras Stáit, bíonn an rogha acu a ngnó a dhéanamh as Gaolainn agus b'fhéidir a bheith ag feitheamh ar feadh lae sular fhaigheann siad freagra nó glaoch isteach agus freagra as Béarla a fháil láithreach. Ní theastaíonn ó dhaoine go mbeadh moill ann agus rachaidh siad i dtreo an Béarla. Mar sin, níl an t-éileamh atá ann le feiscint agus nílimid ag fáil slat tomhais ceart air. Tá an-chuid le déanamh.

Táim an-bhuíoch as an gcúpla nóiméad chun labhairt ar na hábhair seo. Tá dea-thoil ann agus tá borradh ann ach is baolach gur in ainneoin an Rialtais atá sé. Ba mhaith linn go mbeadh gach tacaíocht ann agus táim cinnte go bhfuil an tAire Stáit báigiúil chuige sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.