Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Anois, déanfaimid ár mbreithniú ar theagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Fearaim fáilte roimh na hionadaithe éagsúla ó cheann ceann na tíre. Ó Chonradh na Gaeilge, cuirim fáilte roimh Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóideachta, agus Julian de Spáinn. Bhí siad sa seomra seo go mion minic. Leanfaimid ar aghaidh le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, agus cuirim fáilte roimh Pádraig Mac Brádaigh, leas-uachtarán don Ghaeilge; Rachel Áine Ní Mharascáil, oifigeach Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe; agus Aoife Ní Bhriain, oifigeach na Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Ó Chomhairle na nÓg, fáiltím Ashling Kate Wall, rannpháirtí. An bhfuil duine eile in éindí léi? Does she have someone else with her from Comhairle na nÓg? I would like to welcome her.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
You are very welcome, Gemma. Tá rud le léamh amach agam anseo. Fan liom, más féidir. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaidh muid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint. Táim leath-bhealach tríd an méid sin.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh - gabhaim míle buíochas as na ráitis tosaigh - a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas.
Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann. Tosóimid le Conradh na Gaeilge agus an ráiteas tosaigh ó Róisín Ní Chinnéide.
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí agus le foireann an chomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn cur i láthair a dhéanamh os a gcomhair inniu maidir le teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Tagann an cruinniú seo sna sála ar agóid stairiúil dár dteanga agus don nGaeltacht Dé Sathairn seo a d’imigh tharainn. Chuaigh 25,000 duine chun sráide anseo i mBaile Átha Cliath agus cothrom na Féinne á éileamh againn. Shiúlamar ó Chearnóg Pharnell chomh fada leis na Tithe seo mar a chualamar ó scoth na gcainteoirí a labhair ar na héilimh ba mhó a bhain leis an lá: maoiniú, cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht agus oideachas. Tá comhrá an lae inniu an-tráthúil sa chomhthéacs seo. Ní hamháin go bhfuil teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal lárnach sa phlé faoin gcóras oideachais, ach tá sé fite fuaite le ceisteanna maoinithe agus cearta teanga leis.
Tuigeann an coiste go maith go bhfuil sé mar sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030. Ach cad as a dtiocfaidh na hearcaigh seo mura ndéanfar freastal ar a riachtanais agus iad ar scoil ná ag an tríú leibhéal? Tá an t-oideachas lán-Ghaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne in áit thar a bheith leochaileach. Níl ach 8% de dhaltaí bunscoile sna Fiche-sé Contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ag an iar-bhunleibhéal, níl ach 3.8% acu ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus is measa i bhfad an scéal ag an tríú leibhéal. Tugadh le fios i gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2024 go raibh 59 cúrsa á gcur ar fáil ag institiúidí ardoideachais in 2021-22 a bhí á dteagasc go hiomlán nó i bpáirt trí Ghaelainn. Bhí cúrsaí ina raibh daltaí in ann an Ghaelainn a roghnú mar ábhar agus na cúrsaí oiliúna d’ábhar oidí san áireamh ansin. Bhí 1,779 mac léinn i mbun staidéir ar na cúrsaí sin ag an am as 261,010 mac léinn a bhí cláraithe sna hinstitiúidí tríú leibhéal in 2021-22. Is ionann é seo agus 0.68% de na mic léinn ar fad a bhí sa chóras tríú leibhéal ag an am. Tuairiscíodh anuraidh go bhfuil na rátaí oideachas tríú leibhéal is airde san Aontas Eorpach againn in Éirinn agus cáilíocht thríú leibhéal ag 56% de dhaoine idir 25 agus 64 bliain d’aois i gcomparáid le 33% ar an meán i measc thíortha an Aontais Eorpaigh. Tá daonra léannta agus ardcháilithe againn ach, don chuid is mó, tá an t-oideachas seo á chur ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin ag an tríú leibhéal.
Leis seo a réiteach, caithfear féachaint ar an mórphictiúr agus caithfear an fáinne fí a aithint. Tá 30 nóiméad sa tseachtain bainte ó mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó rang 1 go rang 6 faoin gcuraclam nua atá i bhfeidhm anois ón mí seo ar aghaidh. Níl scrúdú na sraithe sóisearaí in oiriúint do chumas na ndaltaí. Tá córas na ndíolúintí ag an iar-bhunleibhéal iomlán as smacht agus leithcheal á dhéanamh ar bhreis is 55,000 dalta ó fhoghlaim na Gaeilge dá bharr. Tá lúb ar lár ó thaobh na Gaelainne de ag gach leibhéal den chóras oideachais agus, le dul i ngleic leis an soláthar suarach ag an tríú leibhéal, caithfear aghaidh a thabhairt ar an gcóras ina iomláine. Tá géarghá le polasaí don Ghaelainn sa chóras oideachais ón luathoideachas go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt láithreach bonn agus an córas ar fad a ailíniú leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach.
Agus é sin ráite, tá gníomhartha sonracha ar leith gur cheart a thógáil ag an tríú leibhéal. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá ar bun ag ranna agus baill fhoirne in institiúidí éagsúla ar fud na tíre chun teagasc trí Ghaeilge a sholáthar as a stuaim féin in éagmais tacaíochta agus iarracht chomhordaithe ón Rialtas. Bhí sé de phribhléid agam freastal ar cheardlann in Ollscoil na Gaillimhe i mí an Mheithimh na bliana seo caite, eagraithe ag an Dr. Fintan Hegarty agus an tOllamh Cathal Seoighe, ar theagasc trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Chruinnigh léachtóirí ó institiúidí in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag le chéile le plé a dhéanamh ar sholáthar oideachais tríú leibhéal i dteangacha mionlach agus dea-chleachtas a roinnt. Ar cheann de na príomh-mholtaí a tháinig ón lá ná go mbunófaí gníomhaireacht náisiúnta chun ardoideachas, scoláireacht agus taighde trí mheán na Gaelainne a chur chun cinn, bunaithe ar mhúnla Coleg Cymraeg Cenedlaethol.
Bunaíodh an ghníomhaireacht straitéiseach neamhspleách Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa bhliain 2011 agus, ó shin, tá dúbailt na mac léinn fochéime ann anois a bhfuil cuid dá chéim á sholáthar dóibh sa Bhreatnais. Bronnann an coleg deontais ar ranna ollscoile a chomhlíonann critéir maidir le soláthar Breatnaise chomh maith le scéimeanna scoláireachta do mhic léinn a thugann faoi líon áirithe dá gcéim a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Déanann an coleg maoirsiú agus comhordú ar sholáthar Breatnaise ar fud na hearnála tríú leibhéal. Le buiséad dóthanach, d’fhéadfadh a leithéid de ghníomhaireacht in Éirinn a chinntiú go mbeadh raon leathan cúrsaí ar fáil, go spreagfar mic léinn le tabhairt fúthu agus go dtabharfar an uasoiliúint cuí don fhoireann teagaisc chun na cúrsaí a chur ar fáil. Tá ar a laghad cuid dá gcéim á soláthar i nGaeilge do 0.68% dár mic léinn faoi láthair. Bíodh sé mar sprioc againn é sin a mhéadú go 5% sna 20 bliain romhainn.
Lasmuigh de theagasc na Gaelainne agus den teagasc trí mheán na Gaelainne mar chuid de chúrsaí fochéime agus iarchéime, caithfear an deis a thabhairt do mhic léinn an teanga a fhoghlaim agus a shealbhú neamhspleách óna gcéim chomh maith. Beag beann ar spriocanna earcaíochta, tá deis uathúil ag na hinstitiúidí tríú leibhéal eispéireas foghlama Gaeilge a chur ar fáil ní hamháin do dhaoine a tháinig tríd an gcóras oideachais in Éirinn ach dár bpobail nua chomh maith. I mí Eanáir na bliana seo, tuairiscíodh go raibh 40,400 mac léinn idirnáisiúnta ag staidéar in institiúidí ardoideachais in Éirinn, méadú 15% ón mbliain acadúil 2022-23. Tá innealtóirí, dochtúirí, ailtirí, soláthróirí luathoideachais agus tuilleadh nach iad á gcur faoi oiliúint sna hinstitiúidí seo. Má theastaíonn uainn sochaí atá in ann feidhmiú trí Ghaelainn a bhaint amach agus go mbeidh seirbhísí as Gaelainn ar fáil don tsochaí sin, ba cheart ranganna TEG saor in aisce a bheith ar fáil do mhic léinn uile na n-institiúidí tríú leibhéal.
Ní hamháin go bhfuil ról nach beag ag na hinstitiúidí tríú leibhéal le baint amach na sprice earcaíochta 20%, ach tá dualgas orthu mar chomhlachtaí poiblí forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm leis. In ainneoin dul chun cinn le blianta beaga anuas, is baolach go bhfuil an Ghaelainn fós in áit thánaisteach ar fud na hearnála agus bíonn deacrachtaí bunúsacha go fóill ag pobail na n-institiúidí atá ag iarraidh saol trí Ghaeilge a bheith acu. Caithfear rochtain ar sheirbhísí na n-institiúidí trí mheán na Gaeilge do mhic léinn agus do bhaill fhoirne a fheabhsú, agus ba cheart go mbeadh oifig Ghaeilge i ngach institiúid ardoideachais chun comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú. Chuige seo, ní hamháin gur cheart modúl oiliúna a chur ar fáil do na baill fhoirne chun iad a chur ar an eolas faoi na dualgais atá orthu de réir an Achta, ach ní mór cúrsaí TEG a sholáthar saor in aisce dóibh chomh maith ionas go mbeadh sé de chumas acu na dualgais chéanna sin a chomhlíonadh.
I measc na mílte a bhí ag léirsiú an deireadh seachtaine seo, bhí daltaí bunscoile agus meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal. Bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus léachtóirí ann. Tá teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal ag croílár éiceachóras na teanga, agus mura ndéanfar na fadhbanna a leigheas, cuirfear an córas ar fad i mbaol.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Rinne mé dearmad fáilte a chur roimh Chassie Ní Chatháin. Tá fáilte roimpi. Bogfaimid ar aghaidh go dtí Pádraig Mac Brádaigh, leas-uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Gabhaim buíochas le comhaltaí agus le foireann an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith ina gcuideachta inniu. Is mise leas-uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn, an comhlacht ionadaíochta do bhreis agus 300,000 mac léinn tríú leibhéal ar fud na hÉireann. Is maith go bhfuil an deis seo againn stádas na Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal a phlé i ndeireadh na dála. Is é an t-oideachas tríú leibhéal an lúb is mó ar lár i soláthar an oideachais trí Ghaeilge faoi láthair. Ní mór a rá áfach gur ar éigean is féidir é sin a rá i bhfianaise chomh beag agus chomh heasnamhach agus atá soláthar reatha na Gaelscolaíochta ag gach leibhéal den chóras oideachais faoi láthair.
Mar a chualamar cheana, ní dhéanann ach níos lú ná 1% de mhic léinn tríú leibhéal cúrsa a mhúintear trí mheán na Gaeilge, agus an chuid is mó díobh ag déanamh staidéir ar an teanga féin. Tá neamhréir iomlán idir an céatadán sin agus an sprioc earcaíochta atá luaite in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Ar an iomlán, is i mbosca beag bídeach a mhaireann an Ghaeilge sa saol acadúil, ní mar mheán cumarsáide, fiú, ach mar ábhar léi féin nach bhfuil ceangailte le rud ar bith eile. Is fíor gur féidir staidéar a dhéanamh uirthi le hábhar eile, ach is trí Bhéarla a bhíonn an t-ábhar eile i gcónaí. Fágann sé sin go bhfuil iallach ar mhic léinn ar as an nGaeltacht dóibh, a d’fhreastail ar scoil trí Ghaeilge ar feadh a saoil ar fad agus a tógadh le Gaeilge gach rud a dhéanamh trí Bhéarla agus iad ar an ollscoil. Tá sé de nós ag an Stát brath an iomarca ar obair dheonach na nGael le gach rud a chur ar fáil dúinn féin leis na pinginí suaracha a thugtar dúinn, ach ní féidir le cumann Gaelach ar bith cúrsa dlí nó innealtóireachta trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Mar sin féin, nílimid speisialta in Éirinn ó thaobh teanga mhionlaithe a bheith againn. Tá an t-ádh linn gur féidir linn fasach láidir na Breataine Bige a leanúint. Chuir Rialtas na Breataine Bige Coleg Cymraeg Cenedlaethol, an coláiste Breatnaise náisiúnta, ar bun in 2011. Is creatlach náisiúnta oideachais tríú leibhéal trí mheán na Breatnaise é sin ina n-oibríonn léachtóirí agus ollscoileanna ar fud na tíre le chéile chun cúrsaí i réimse leathan ábhar a chur ar fáil. Mar thoradh ar an éacht stairiúil seo, tá líon na mac léinn i mbun cúrsa go páirteach nó go hiomlán trí mheán na Breatnaise tar éis dúbailt sna chéad deich mbliana agus an coleg ar an bhfód. Tá sé cruthaithe acu gurb amhlaidh is féidir linn múnla náisiúnta Gael-ollscolaíochta a bhunú anseo.
Chomh maith leis sin, caithfidh cáilíochtaí teastais sa Ghaeilge a bheith ar fáil mar chuid bhreise de chúrsaí a mhúintear trí Bhéarla. Má theipeann ar an Stát an sprioc earcaíochta a bhaint amach in 2030, bíodh sé soiléir gur de dheasca easpa iomlán pleanála a bhí sé.
Ní bhéarfar na mílte cainteoirí Gaeilge líofa thar oíche agus is gá don Roinn cúrsaí atá ceangailte leis an gCreat Comhchoiteann Eorpach um Theangacha agus TEG a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i ngach institiúid ardoideachais timpeall na tíre. Teastaíonn beart dáiríre chun torthaí a bhaint amach. Taobh amuigh de chúrsaí acadúla, soláthraíonn ollscoileanna seirbhísí eile cosúil le lóistín, comhairleoireacht, seirbhísí sláinte agus go leor eile san áireamh. Nuair a dhéanann mac léinn iarracht na seirbhísí seo a úsáid trí Ghaeilge, is minic a dhiúltaítear go borb dóibh. Deirtear linn go bhfuilimid ag cruthú trioblóide agus go bhfuilimid ag iarraidh bheith polaitiúil mar dhea, as gan ach ár gcearta sibhialta a fheidhmiú. Samhlaigí go ndúradh le Maeve, iníon léinn Ollscoil na Gaillimhe gurb as Conamara di agus Gaeilge mar chéad teanga aici, nach mór di Béarla labhairt leis na seirbhísí mhíchumais agus leis an gcúntóir ar tugadh di, mar dhuine le uathachas agus atá beagnach dall. Ollscoil dhátheangach muise.
Is cuimhin liom féin go raibh mé uair amháin i leabharlann Choláiste na Tríonóide agus comhartha díreach os mo chomhair a thug le fios go raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Chuir mé ceist ar an bhfear taobh thiar den deasc faoin bprintéir thíos staighre agus d'fhéach sé orm le déistin agus dúirt sé, "I do not speak that." Bhí an deasc céanna sa leabharlann clúdaithe mar chuid de scéim teanga Choláiste na Tríonóide. Cá bhfios an bhfuil sí fós i bhfeidhm fiú toisc nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe do chomhlachtaí poiblí? Tá ollscoileanna ríthábhachtach mar shaotharlann chun sochaí níos fearr a shamhlú, ach ní chaitear leis an nGaeilge amhail is go mbeidh sí páirteach, agus is cinneadh polasaí é sin. Má tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh todhchaí phraiticiúil nó ghairmiúil ar bith ann don teanga, caithfidh sé an reachtaíocht chuí a rith agus tabhairt faoi na hathruithe a theastaíonn láithreach bonn. Bíodh deireadh leis an mbéalghrá agus tús le beart a chur de réir briathair.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Pádraig Mac Brádaigh. Bogfaimid ar aghaidh go dtí Comhairle na nÓg agus Ashling Kate Wall.
Ms Ashling Kate Wall:
Dia dhaoibh do ghach duine. Ashling is ainm dom agus is as Cill Dara dom. Táim 17 bliain d'aois agus táim sa chúigiú bliain ar an mheánscoil. Táim ag deanamh ionadaíochta don Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann. Inniu táim ag caint faoin nGaeilge – faoin stádas atá aici sa chóras oideachas. Ceapaim gur ábhar an-tábhachtach é.
I am going to start off by talking about the secondary school Irish course because that is where all of the foundations are built before the student heads on to third level. The emphasis placed on literature is slightly excessive. While some amount is necessary, the focus should be more on comprehension and understanding, not learning off answers. When a student goes to higher education it is more important that they know all of the correct grammar rules and can hold a flowing conversation, rather than being able to regurgitate memorised essays. For this reason, I would like to see more oral work done and examined from the time children go into first year, rather than suddenly starting it in leaving certificate.
The idea of 20 sraith pictiúr should be reduced, so there is more freedom for a student to speak about less generic personal interests to help to foster more enjoyment of the language. If somebody is impassive about Irish in school, they are highly unlikely to develop a passion as they move to third level.
An amazing way to encourage adolescents to take pride in the Irish language is by attending a Gaeltacht course over the summer months. However, especially now due to the ongoing cost-of-living crisis, it can be extremely difficult for some households to afford the very high fees. On top of this, many 13- and 14-year-olds do not feel comfortable packing up and leaving home for the span of three weeks and shorter courses tend to have very limited spaces. Because of this, it would be extremely beneficial to have Gaeltacht courses aimed at college students and not just those studying teaching. If these were run in conjunction with universities, many people would become aware of them. It would be very helpful to have financial support available to aid students to attend these courses even for a span of a week or ten days.
Leading on from this, there needs to be more employment opportunities in rural Gaeltacht regions. It is very much an ageing population of fluent native speakers with many young people moving to cities or emigrating for better career prospects. If there were more jobs in Gaeltachts, it would be more accessible for young people to live there and develop their language.
It would be very useful if more third level courses were offered through Irish to accommodate young people who may have attended Irish-speaking primary and secondary schools or lived in Gaeltachts. However, at this time that might not be practical and not many lecturers could facilitate it.
My view is that it would be very beneficial if there was an option to submit assignments through Irish on non-Irish courses. If there was someone employed to translate these to be corrected, it would be ideal. Then it could be possible to encourage the language by awarding extra credit for it as we see done at leaving certificate level. It was suggested to me that we should put in place more Gaeilge societies in university, but the vibe of that comes across as quite dull or uneventful to young people as they might think it involves having to sit in a secluded room talking a so-called "dead language" one day a week. My alternative is to create common, sought-after spaces such as Irish cafés or libraries where visitors and staff speak the language. They should be located in busy, populated areas where people could pop in and out with a sense of community.
It is important that we develop a sense of pride in the role that Gaeilge plays in our culture and heritage. Back in the 17th century, the Penal Laws shunned people who only spoke Irish and for some reason we have carried a part of that shame into the present day. Of the 60,839 students who sat their leaving certificate in 2024, 13,695, or 22.5%, were not registered to sit Irish. Perhaps exemptions are handed out too easily. If a student has a learning disability with writing, instead of excluding them, I suggest a separate exam based on oral Irish to accommodate them. It is perhaps a taught trend to hate Irish and nobody knows why. This has been picked up on by certain musical acts, including Kneecap, which has been campaigning to rekindle a love for our heritage. More young people are now gaining an interest and we really have to nurture that while we can. Go raibh míle maith agaibh.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Ashling Kate Wall agus leis na cainteoirí go léir as an dua a chur said orthu féin teacht anseo agus leis na ráitis tosaigh. Tosóimid anois le ceisteanna agus is é an Teachta Ó Snodaigh an chéad chainteoir.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Ashling Kate Wall. In ainneoin gur as Béarla a labhair sí, bhí sé go hiontach an tuiscint atá aici ar cad atá ag teastáil a chloisteáil. Is gá go mbeadh an Ghaeilge labhartha. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge labhartha i gceist sa scolaíocht ag an mbunleibhéal agus an tarna leibhéal.
Mar a dúirt Ashling Kate Wall ag an deireadh, is gá le háiteanna comónta sna hollscoileanna inar féidir an Ghaeilge a labhairt. Bheadh na háiteanna sin gnóthach. Treisím leis sin. Tá na smaointe atá roinnte ag ár bhfinnéithe simplí is comónta. Is í an príomhcheist atá agam ná seo: cén fáth a gceapann na finnéithe nach bhfuil an Stát tar éis na rudaí seo a dhéanamh go dtí seo? Is institiúidí tríú leibhéal atá iontu. Bhíodh níos mó Gaeilge iontu agus anois níl. Bhíodh níos mó cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ann agus anois tá fíorbheagán mar atá léirithe. Is léir go bhfuil éileamh ann. Tá fás ag teacht ar an tumoideachas ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal cé nach bhfuil sé ag tarlú tapa go leor. Mar sin féin, tá ag teip ar an tumoideachas sna hollscoileanna. Caithfidh mic léinn casadh ón nGaeilge go dtí Béarla má tá siad ag freastal ar institiúid tríú leibhéal agus nach bhfuil siad ag déanamh staidéar ar an nGaeilge. Dá mbeadh magic wand ag ár bhfinnéithe - b'fhéidir nach bhfuil sé de cheart agam an cheist seo a chur – céard is ea an rud a dhéanfadh siad amárach chun an t-athrú gur gá leis a dhéanamh?
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is ceist an-leathan í sin ach déanfaidh mé iarracht a bheith gonta i mo fhreagra.
Is é ceann de na rudaí is mó atá in easnamh agus atá ag teacht trí na cainteanna ar fad a bhí ann ar maidin ná an t-easnamh seo atá ann maidir le córas comhtháite ceangailte ó thús go deireadh. Níl a fhios againn cén sprioc atá sa réamhoideachas, sa bhunscoil, sa mheánscoil nó sa tríú leibhéal. Nuair nach bhfuil siad ceangailte, tá fáinne fí atá briste ar gach leibhéal. Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí atá á lua ná an gá seo le polasaí a cheanglaíonn gach rud, bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach.
Is é an rud aisteach faoi seo ná, sa chlár Rialtais deireanach, gealladh go gcuirfí polasaí comhtháite le chéile don Ghaeilge ón réamhoideachas suas go dtí an tríú leibhéal, ach ní dhearnadh sin. Ní dhearnadh aon iarracht é a thosú. Níl an sprioc sin san áireamh sa chlár Rialtais reatha anois. Tá rud éigin sa chlár Rialtais reatha atá ag caint faoina bheith ag obair i dtreo an fhráma tagartha comónta Eorpach a thabhairt isteach, ach níl aon ghrúpa saineolach curtha ar bun fós le feidhmiú air sin. Tuigeann muid ar fad go bhfuil 2030 ag teacht go luath agus beidh an sprioc 20% a bhaineann leis an earnáil phoiblí le teacht i bhfeidhm go luath.
Le freagra a thabhairt ar an gceist faoin rud amháin a mholfainn, is é an moladh is mó atá agam ná an polasaí comhtháite sin, ó thús go deireadh, a thosú agus a fhorbairt anois. Tá plean tugtha d’Airí éagsúla, an tAire oideachais reatha agus an t-iarAire ardoideachais san áireamh. Ní raibh seans agam bualadh leis an Aire ardoideachais reatha fós, ach tá na pleananna seo acu le roinnt blianta anuas atá forbartha ag saineolaithe ar conas go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh. Tá muid fós ag fanacht ar an ngrúpa saineolach seo le bheith curtha ar bun. Is é an rud is mó go bhféadfadh an Rialtas déanamh ar maidin ná an grúpa saineolach a chur ar bun leis an gclár nó an polasaí comhtháite, bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach, a fhorbairt láithreach bonn, gan a thuilleadh moille.
Tá an Bhreatain Bheag imithe síos an bóthar seo freisin. Tá sí tar éis reachtaíocht a chur tríd maidir le hoideachas Breatnaise le déanaí. Tá sí ag iarraidh go mbeidh gach uile dhalta a thagann amach as an gcóras sa Bhreatain Bheag inniúil sa Bhreatnais mar chainteoir neamhspleách. Tá uaillmhian ag baint leis an ráiteas sin, fiú. Táthar ag rá ag gach leibhéal go bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh sé sin ag tarlú. Níl an uaillmhian sin againn. Ní bhíonn rudaí ceangailte le chéile. Má bhreathnaítear ar an mbealach a bhfeidhmíonn an NCCA maidir le curaclaim, mar shampla, bíonn sé ag breathnú orthu mar silos. In ionad gach rud a thabhairt le chéile, bíonn dream amháin ag plé leis an mbunscoil, dream eile ag plé leis an meánscoil, dream iomlán éagsúil ag plé leis an tríú leibhéal - is iad an lucht tríú leibhéal féin a thugann aire dó sin - agus dream eile don réamhoideachas freisin. Is é sin ceann de na rudaí is féidir leis an Rialtas a dhéanamh ar maidin. D’fhéadfadh sé an grúpa saineolach sin a chur ar bun agus bheadh comóntacht, dréimire agus bealach éigin dúinn ar fad chun cabhrú leis na páistí seo a bhfuil díolúine acu, mar a luaigh Ashling Kate Wall. Bheadh na páistí sin in ann an scrúdú béil a dhéanamh don ardteist. Bheadh muid ag freastal ar na daltaí sin a thagann isteach sa tír, in ionad a bheith ag rá leo nach mbaineann an teanga leo, cé go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh siad mar chuid de shochaí na hÉireann. Tá sé sin scannalach mar mheon agus mar chóras. Tá bealach timpeall air sin.
Bheadh sé ag freagairt do pholasaí Rialtais sa bhealach go mbeidh sé ag freastal don sprioc 20% sin d’earnáil phoiblí amach anseo go mbeadh daoine inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus go mbeadh na hoifigigh sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Baineann sé leis na rudaí sin ar fad. Thiocfaidís leis an bpolasaí cuimsitheach seo ó thús go deireadh. Is é an rud atá ag teastáil ná an grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn gan a thuilleadh moille. Just déan é agus tiocfaidh toradh maith as.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ar an gcéad dul síos, aontaím go mór le gach rud a dúradh ansin. Caithfear a rá agus a aithint nach raibh eagrúchán ar bith ann riamh, fiú nuair a bhí soláthar níos mó agus níos mó cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Ní raibh creatlach náisiúnta ann. Ní raibh aon rud ceangailte lena chéile. Ní raibh na hollscoileanna ag obair lena chéile. Bhí sé go hiomlán ar bhonn ad hoc. Ní raibh aon rud eagraithe. Is dócha gur cheart a lua arís nach ceannródaithe muid anseo in aon chor. Rinne an Bhreatain Bheag é seo cheana féin. Níl le déanamh againn ach na céimeanna a leag sí a leanúint.
Níos luaithe i mbliana, cuireadh ceist ar an Aire ardoideachas faoin Ghaeilge in ollscoileanna. Dúirt sé mar fhreagra go gcuireann a Roinn €900,000 ar fáil d’ollscoileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Caithfidh muid an cheist a chur: cad is brí leis sin? Cad is brí leis an Ghaeilge a chur chun cinn”? Ní féidir cumann Gaelach nó grúpa mac léinn cúrsaí acadúla a chur ar fáil. I gcomparáid leis an méid sin airgid, sa Bhreatain Bheag i mbliana, tabharfar breis is £10 milliún do Coleg Cymraeg Cenedlaethol, an chreatlach náisiúnta sa Bhreatain Bheag chun cúrsaí acadúla a chur ar fáil trí mheán na Breatnaise.
Tosaíonn sé seo ar fad leis na sonraí a bhailiú. Níl na sonraí againn agus níl a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na léachtóirí le Gaeilge fiú. Chuir mé iarratas saorála faisnéise isteach chuig Coláiste na Tríonóide anuraidh le fáil amach faoi bhaill fhoirne an choláiste le Gaeilge. I bhfianaise na forála in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 faoin sprioc 20% san earnáil phoiblí, ba cheart go mbeadh a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na baill fhoirne le Gaeilge, ach ní raibh a fhios ag Coláiste na Tríonóide agus níl a fhios ag na hollscoileanna cé hiad na léachtóirí le Gaeilge. Tá siad ann, áfach. Is amhlaidh go bhfuil siad ann. Is féidir le mo chomhghleacaithe labhairt giota beag níos mó faoi sin.
Tá an tsuim ag na mic léinn. Tá taighde déanta ag na haontais a léiríonn go bhfuil an tsuim ag na mic léinn tabhairt faoi mhodúil, agus cúrsaí ar fad, trí mheán na Gaeilge, ach níl na sonraí seo againn toisc nach gcuireann na hollscoileanna na ceisteanna. Tosaíonn sé ansin leis na sonraí a bhailiú.
Mar fhreagra ar an gceist faoin rud amháin a dhéanfainn, chuirfinn macasamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol ar bun in Éirinn toisc gur thaispeáin an Bhreatain Bheag gur féidir é a dhéanamh. Ba cheart dúinn é sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? Níl. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh sásta?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fós go dtí seo. Ligfidh mé do chomhaltaí eile labhairt.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Ar dtús báire, cosúil le Ashling Kate Wall, is as Cill Dara dom chomh maith. Thosaigh mé mo shaol polaitíochta i gComhairle na nÓg. Ó thaobh na gcumann Gaeilge sna hollscoileanna, déarfaidh Pádraig Mac Brádaigh, Julian de Spáinn agus Róisín Ní Chinnéide léi go bhfuil an-chraic ag baint leo. Níl siad leadránach ar chor ar bith. Bhíos mar uachtarán ar Chuallacht Cholm Cille i Maigh Nuad. Just to say to Ms Ashling Kate Wall, I am also from Kildare. I am a Kildare TD and I started my political journey in Comhairle na nÓg, would you believe it, representing Kildare. If she is looking for a career in politics, she has started off in the right place. The Irish-language societies are great craic. Many of the people here from AMLÉ, formally USI, and Conradh na Gaeilge all have come through the Irish language societies at university, as did I in Maynooth. They are good fun. If she goes to third level education, I encourage her to join one of the Irish language societies. I am sure they will surprise her because they are probably one of the most active and good fun societies for people in third level education. Gabhaim buíochas le Aisling.
Le bogadh ar aghaidh, aontaím leis an méid a ndúirt Pádraig Mac Brádaigh agus Róisín Ní Chinnéide faoi TEG sa tríú leibhéal, agus aontaím leo. Ar fhéach siad ar chor ar bith ar chóras ina mbeadh TEG in úsáid mar chuid de chóras creidmheasa ó thaobh na céime atá á déanamh ag daoine? Mar shampla, dá mbeadh duine ag déanamh céim sa dlí, dá ndéanfadh an duine sin cúrsa B2 nó B1 i TEG, gheobhadh sé nó sí cúig phointe nó chreidmheas a bheadh ag dul don chéim dhlí sin. Chabhródh sé le daoine 2:1 nó marc a fháil sa chéim. Bheadh sé sin níos fearr chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim sa tríú leibhéal. Bheadh sé cabhrach ó thaobh níos mó Gaeilgeoirí, nó daoine le hardchaighdeán Gaeilge, ag teacht amach ó na hollscoileanna a bheadh in ann oibriú i ngach gné den saol. Seo ceist amháin ó thaobh TEG agus córas creidmheasa, seachas díreach TEG a bheith ar fáil.
Baineann mo dhara cheist le cúrsaí ollscoile agus béim a chur orthu siúd atá trí mheán na Gaeilge. Má bhreathnaíonn muid ar Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar shampla, tá an-jab déanta aige. Má breathnaíonn muid timpeall na tíre chomh maith, tá cúrsa le dlí agus Gaeilge thíos i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá cúpla cúrsa éagsúil ann. Cá bhfuil an bhéim anois? Tá mé ag caint ar a bheith in ann dul chuig an Aire ardoideachais le rá leis go bhfuil béim ann ó thaobh innealtóirí ag teacht tríd an tríú leibhéal agus go bhfuil níos mó innealtóirí le Gaeilge ag teastáil uainn mar thír. Is béim amháin í sin.
Is í an bhéim eile ná go mbíonn daoine sna pobail Ghaeilge ag rá gur bhreá leo dá mbeadh cúrsa áirithe ar fáil trí mheán na Gaeilge, ach ní bhíonn sé ar fáil. Cé gurbh fhearr linn dá mbeadh gach cúrsa ar fáil trí Ghaeilge, cad iad na cúrsaí is tábhachtaí nó a bhfuil an bhéim is mó orthu? Is iad sin mo dhá cheist: TEG agus an córas creidmheasa, agus an bhéim ó thaobh cúrsaí éagsúla sa tríú leibhéal.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Tá an ceart ag an Teachta maidir le TEG a chomhtháthú mar rogha in go leor cúrsaí. Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag mic léinn cúrsa TEG a dhéanamh in éineacht lena gcúrsa agus teastas gairmiúil sa nGaeilge nó rud mar sin a fháil a dheimhníonn ag deireadh na céime go bhfuil inniúlacht sa teanga bainte amach acu de réir an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn a bheith cinnte gurb é B2 an caighdeán teanga a leagfar síos mar níl muid ag iarraidh go dtitfidh an caighdeán sin go B1 nó A2. Tá muid ag iarraidh an caighdeán a choinneáil ag leibhéal B2.
I gColáiste na Tríonóide agus roinnt coláistí eile, bíonn ranganna Gaeilge ar fáil mar rud breise gur féidir le daoine a dhéanamh ina gcuid ama féin. Tá sé riachtanach go mbeadh cáilíocht phroifisiúnta ghairmiúil i gceist leis seo agus go mbeadh sé ar fáil in gach ollscoil ar fud na tíre.
Tá an Teachta ag fiosrú faoi na cúrsaí is tábhachtaí. Tá sé sin an-tábhachtach, dar ndóigh. Is iad na cúrsaí is tábhachtaí, a bhfuil gá le cúrsa TEG, modúil nó ábhair a sholáthar dóibh trí mheán na Gaeilge, ná na cúrsaí is mó a bhaineann le poist san earnáil phoiblí agus sa Státchóras. Tá na heolaíochtaí sláinte agus an dlí an-tábhachtach sa gcomhthéacs seo. Tá grúpa mac léinn tar éis litreacha a sheoladh chuig a scoileanna féin ag impí go mbeidh modúil ar fáil trí mheán na Gaeilge toisc go dtuigeann siad é seo. Tá litir seolta ó mhic léinn leighis go scoil an leighis i gColáiste na Tríonóide ag éileamh go mbeidh ar a laghad modúl amháin ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé feicthe againn ón taighde sa nGaeltacht nach bhfaigheann seandaoine sa nGaeltacht a bhfuil an galar Alzheimer acu cúram trí mheán na Gaeilge. Is údar náire é sin toisc gur minic go ndéanann na seandaoine seo dearmad ar an mBéarla agus nach mbíonn Gaeilge ag na dochtúirí. Tá litir eile seolta chuig scoil an dlí ag mic léinn dlí i gColáiste na Tríonóide ar an ábhar céanna. Is iad na cúrsaí is mó a bhaineann leis an earnáil phoiblí na cinn ar cheart díriú orthu ar dtús, ach leis an sprioc é sin a leathnú amach, ar ndóigh.
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an-mholadh ag an Teachta maidir le creidmheas nó aitheantas faoi leith a bheith ann má dhéanann duine cúrsa TEG. Maidir leis an gcúrsa TEG é féin, má bhaineann duine an stádas amach, is cáilíocht í féin a bheidh ag duine. Go háirithe agus an earnáil phoiblí ag rá go mbeidh coinníoll Gaeilge le 20% d’fhostaíocht, tá doirse oscailte do dhaoine nach raibh roimhe, b’fhéidir. Tá sé an-mhaith mar mholadh. Bhí plean gníomhaíochta an phlean náisiúnta don earnáil phoiblí le bheith foilsithe anuraidh, ach níl sé foilsithe fós. Tá an t-am ag an Teachta teagmháil a dhéanamh leis an Roinn le cinntiú go mbeadh a leithéid de mholadh curtha san áireamh. Is an-mholadh é. Spreagann sé sin mic léinn breise. Chonaic mé i gcónaí é in DCU go raibh rudaí mar sin ar siúl ag daoine. Cé go raibh siad ag déanamh cúrsaí faoi leith, bhí siad in ann rudaí sa bhreis a dhéanamh chun an t-aitheantas sin a fháil freisin.
Is é an dara rud a luaigh an Teachta ná soláthar na gcúrsaí trí mheán na Gaeilge. Tagann sé sin ar ais go dtí an pointe a bhí déanta cúpla uair anseo go bhfuil gá le comhordú mar níl aon chomhordú ar siúl idir na hinstitiúidí ardoideachais faoi láthair. Tá bunús den chomhordú sin le feiceáil leis an Ionad Barr Feabhais. Is togra é sin idir Roinn na Gaeltachta agus na hinstitiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go mbeidh cúrsaí ar fáil chun daoine a chur amach chun na hEorpa le freastal ar na poist a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Is fianaise í sin go bhféadfaí a úsáid amach anseo. Is í an fhadhb atá leis an togra sin, áfach, ná go mbaineann sé le Roinn na Gaeltachta agus na hinstitiúidí; níl aon dream i gceannas air ná ag déanamh comhordú air mar an fáth go bhfuil siad ann. Ba chóir é sin a dhéanamh. Arís, ag tacú leis an bpointe a bhí déanta cúpla uair, is gá institiúid nó gníomhaireacht mar sin a chur ar bun a bheidh ag breathnú ina threo sin.
Tá dhá rud le déanamh freisin. Mar a dúirt an Teachta, tá taighde le déanamh ar na cineálacha cúrsaí ar chóir díriú orthu. Ní mór oibriú amach cá bhfuil spéis na mac léinn freisin. Arís, léiríonn sé seo nuair nach bhfuil grúpa áirithe i gceannas ar an rud nó ag comhordú an ruda, titeann rudaí ar leataobh. D'éirigh linn a chinntiú go raibh tagairtí don Ghaeilge agus Gaeltacht san Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022. Tá rud éigin luaite faoi thaighde san Acht agus bhíomar ag iarraidh ar an Údarás um Ard-Oideachas le tamall an taighde sin i measc daltaí dara leibhéal nó tríú leibhéal a dhéanamh maidir leis na cineálacha cúrsa gur chóir go mbeadh i gceist. Cé go bhfuil sé ag plé na ceiste sin le hOllscoil na Gaillimhe, níl aon rud tar éis tarlú fós ar an gceist. Tuigim é sin áfach; tá a lán rudaí éagsúla le déanamh aige. Arís, léiríonn sé seo an gá le hinstitiúid, gníomhaireacht nó rud éigin ann leis féin a bheidh ag breathnú ar an tríú leibhéal ina iomláine amach anseo chun an cheist sin a fhreagairt i gceart. Ní mór an coinníoll fostaíochta 20% a thógáil san áireamh, mar shampla. Is riachtanas ollmhór de chuid an Rialtais é sin. Beidh an coinníoll sin le tógáil san áireamh nuair a bhreathnófar ar na cineálacha cúrsaí a chuirfear ar fáil. Tá riachtanais éagsúla eile a bheidh le cur san áireamh freisin. Tá gá leis an gcomhordú lárnach a thosú.
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Déanfaidh mé pointe an-ghearr. Ag teacht leis an méid a dúirt Pádraig Mac Brádaigh agus Julian de Spáinn, aontaím gur moladh iontach é. Rith sé liom go gcaithfí a chinntiú go mbeadh sé ceangailte tríd an chéim ar fad. Faoi láthair, agus ag dul siar na mblianta ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, bhí sé de rogha ag mic léinn leighis ranganna Gaeilge a dhéanamh. Cé nach ranganna TEG a bhí iontu, ba mhodúl é agus bhí creidiúintí ag dul do na ranganna sin. Ní raibh sé de rogha acu ach na ranganna sin a dhéanamh sa chéad bhliain, áfach. Mar sin, molaim go mbeadh na ranganna agus creidiúintí sin ar fáil i rith na céime go bliain na céime.
Maidir leis an gceist faoin áit is fearr leis an mbéim a chur, tá cúpla rud éagsúil ansin. Tá ceist maidir le comhordú a dhéanamh idir céimeanna ina ndéantar staidéar ar an nGaeilge mar theanga nó ábhar léinn agus céimeanna inar féidir cuid den chéim a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil béim ar leith ar an teanga, má tá ciall leis sin. Mar shampla, tá an-obair déanta ag Ollscoil na Gaillimhe. Chuir beirt i scoil an mhata, as a stuaim féin, isteach ar chiste straitéiseach a bhí ag an ollscoil chun scéim phíolótach dhá bhliana a reáchtáil a bhí dírithe ar ETIM, nó STEM, trí mheán na Gaeilge. Is é ceann de na rudaí a tháinig chun solais nuair a bhí an cheardlann sin ar siúl acu anuraidh ná an nasc agus an comhrá seo a bhí againn an tseachtain seo chaite agus sinn ag caint mar gheall ar thithíocht agus an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta agus an infheistíocht sin, beidh daoine a bhfuil ardscileanna acu ag teastáil leis na poist sin a líonadh. Ba cheart é sin a thabhairt san áireamh. Má tá muid ag iarraidh tithe a chur ar fáil do dhaoine le cur fúthu sa nGaeltacht agus cur le pobal na Gaeltachta, ní mór an oiliúint chuí a sholáthar le go mbeidh an cumas teanga ag na daoine sin chomh maith. Tá cuid mhaith de na poist sin i réimsí na hinnealtóireachta agus tionsclaíochta, réimsí nach bhfuil go traidisiúnta, b’fhéidir, nasctha leis an teanga.
Rinne mé céim sa dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is staidéar ar an dlí agus staidéar ar an nGaeilge a bhí i gceist leis sin ach níl a leithéid ann do na heolaíochta go dtí seo. Is réimse é sin ina bhfuil obair ar bun, mar a dúirt mé, go neamhspleách ag ollscoileanna áirithe ach is fiú go mór é sin a chomhordú ar bhonn náisiúnta.
Ms Rachel Áine Ní Mharascáil:
Déanaim staidéar in Ollscoil na Gaillimhe agus tá mé leath-bhealach tríd mo chéim i mata agus ríomheolaíocht. Phioc mé Ollscoil na Gaillimhe chun an chéim sin, nó a oiread den chéim sin ab fhéidir, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bhí fíordhíomá orm nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil. Maidir leis an Dr. Fintan Hegarty, bhí modúl ar fáil sa dara bhliain, is é sin, mata inbhuanaithe trí mheán na Gaeilge. Bhí sé sin go hiontach mar mhodúl. Chomh maith leis sin, bhí ranganna teagaisc ar fáil.
Tá an obair sin go léir déanta ar a slí féin. Níl an ollscoil ag tabhairt mórán tacaíochta do na rudaí sin. Tá mé tar éis é sin a thabhairt faoi deara.
Maidir leis an innealtóireacht, tá dream mór ann in Ollscoil na Gaillimhe le Gaeilge, go háirithe iad siúd atá tar éis an innealtóireacht a dhéanamh sa mheánscoil trí mheán na Gaeilge. Tá mór-éileamh ann maidir leis an innealtóireacht agus an Ghaeilge.
Ms Aoife Ní Bhriain:
Ag tacú leis an méid atá ráite ag Rachel Áine Ní Mharascáil agus ag gach éinne eile, is é an rud is mó ná an taighde a dhéanamh ar bhonn foirmiúil. I gColáiste na Tríonóide, tá litreacha seolta ag scoileanna an dlí, leighis, an cheoil, na hinnealtóireachta agus an mhata mar gheall ar an gcúrsa, leánn na hEorpa. Is fúinn atá sé i gcónaí an taighde a dhéanamh agus a chruthú go daingean go bhfuil géarghá leis seo. Cé go bhfuil an tsuim ann agus an gá leis, nuair a chuireann muid é sin in iúl, iarrtar orainn é sin a chruthú arís is arís eile, cé go bhfuil sé cruthaithe againn ar an Satharn ag an agóid agus arís is arís eile. Dá mbeadh an t-eolas sin ar fáil go foirmiúil agus an taighde sin déanta ag an ollscoil, ní fhéadfaí diúltú dúinn arís is arís eile. Caithfear é sin a dhéanamh anois. Caithfidh na hinstitiúidí féin é sin a dhéanamh ionas nach ndiúltófar muid arís.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a bheith linn ar maidin. Bhí an agóid luaite ag Róisín Ní Chinnéide. Tugaim mo chomhghairdeas do na finnéithe ar fad as an méid daoine a bhí i láthair agus an tionchar a bhí aige sin sna meáin. Bhí slua mór i láthair. Rinne siad an-jab leis sin.
Tá cúpla ceist phraiticiúil agam. B’fhéidir nach mbeidh na freagraí ag na finnéithe, ach leanfaidh mé leo ar aon chaoi. Tosóidh mé ar an bpointe sin a rinne Aoife Ní Bhriain le déanaí. Sa mhéid a bhí ráite ag Róisín Ní Chinnéide, dúirt sí go bhfuil sí ag tabhairt aitheantais do na baill foirne sna hinstitiúidí atá ag cur cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge as a stuaim féin. Mar a dúirt Aoife Ní Bhriain, áfach, nach orthusan atá an dualgas na rudaí sin a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm? An bhfuil na figiúirí ann maidir leis an méid institiúid atá ag cur na gcúrsaí seo ar fáil nach mbaineann díreach leis an teanga amháin, ar nós cúrsaí san innealtóireacht, gnó nó aon rud mar sin? An bhfuil figiúirí na gcúrsaí sin againn? Cá bhfuil na hinstitiúidí sin ar féidir le daoine freastal orthu chun cúrsaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Is é sin an chéad rud. Aontaím go huile is go hiomlán le hAoife Ní Bhriain; tá dualgas ar na hinstitiúidí é seo a dhéanamh, agus tá cuid acu á dhéanamh, mar a dúirt Róisín Ní Chinnéide, as a stuaim féin. Ní thuigim, áfach, cén fáth nach bhfuil gach uile institiúid á dhéanamh. Cad é an bac atá orthu? Cad é atá ag cur in aghaidh na n-instituidí seo na cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge? Is é sin an chéad rud.
Tá an-suim agam sa gcreatlach náisiúnta sa Bhreatain Bheag, ach is beag eolas atá agam air. Is mian liom tuilleadh eolais a fháil amach faoi, má tá sé sin ag na finnéithe. Tá sé ráite ag Róisín Ní Chinnéide agus Pádraig Mac Brádaigh go bhfuil dúbailt tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh cúrsaí trí Bhreatnais, ach cé mhéad dalta é sin? An bhfuil an figiúr sin ag dúbailt ó 100 go 200, 1,000 go 2,000 nó 5,000 go 10,000? Is mian liom é sin a fháil amach mar is é sin an sprioc. Is féidir linn a bheith ag caint agus ag déanamh comparáid idir na céatadáin, ach dá mbeadh na figiúirí cruinne ag na finnéithe, bheadh sé níos éasca a thaispeáint an méid ratha atá ag an gcóras ansin i gcomparáid lenár gcóras féin.
Sa gcomhthéacs seo chomh maith, an gcuireann gach institiúid sa Bhreatain Bheag cúrsaí trí Bhreatnais, nach bhfuil bunaithe ar an teanga í féin, ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a leithéid? An féidir le haon scoláire céim sa dlí, eolaíocht nó innealtóireacht a dhéanamh sa Bhreatain Bheag ina institiúid áitiúil?
Bhí iontas orm a chloisteáil nach bhfuil oifig Ghaeilge in gach institiúid sa tír seo. Tá an taithí atá agam bunaithe ar mo choláiste áitiúil, áit a bhfuil oifig Ghaeilge. Bhí iontas orm a chloisteáil nach bhfuil ceann in gach uile institiúid. Cad iad na hinstitiúidí sa tír seo a bhfuil oifig Ghaeilge acu agus cad iad na hinstitiúidí chomh maith nach bhfuil aon oifig acu? Ba chóir go mbeadh ceann in gach institiúid. Cheap mé go raibh sé sin mar dhualgas orthu agus nach raibh aon rogha acu ina leith. Chuir sé sin iontas orm.
Maidir leis an méid a bhí ráite ag Pádraig Mac Brádaigh, bhí díomá orm a chloisteáil go raibh daoine ag rá leis go raibh sé ag cruthú trioblóide. Bhí an-díomá orm é sin a chloisteáil. Cé hiad na daoine seo? Níor cheart glacadh leis sin. Glacaim leis nach bhfuil Pádraig ag glacadh leis sin. Chuir sé díomá orm é sin a chloisteáil. Deirim leis leanúint ar aghaidh leis an méid atá á dhéanamh aige agus ná bac leo. Is é sin an méid a déarfaidh mé leis. Cé hiad na daoine seo atá ag rá leis go bhfuil sé ag cruthú trioblóide? Thug sé léargas dúinn ar an taithí a bhí aige i gColáiste na Tríonóide agus an rud a tharla sa leabharlann ansin. An raibh bealach aige géarán a dhéanamh faoi sin sa gcoláiste? An raibh aon oifig sa gcoláiste lena raibh sé ábalta géarán a dhéanamh? Fágfaidh mé mar sin é.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ar dtús, labhróidh mé faoi Coleg Cymraeg Cenedlaethol. Níl líon reatha na mac léinn ar eolas agam ach is féidir suíomh gréasáin an choláiste a chuardach ar líne agus na roghanna atá ar fáil in gach ollscoil ar fud na Breataine Bige a fheiceáil. Cuir i gcás, má chuardaítear cúrsaí sa stair, dlí nó mata ar an suíomh gréasáin, is féidir céatadán na gcúrsaí sin atá ar fáil trí mheán na Breatnaise in gach ollscoil ar fud na Breataine Bige a fheiceáil. Braitheann sé ar an gcúrsa. Bíonn idir 20%, 33%, 80% nó 99% den chúrsa trí mheán na Breatnaise in go leor instituidí. Ní hé sin le rá go bhfuil gach uile chúrsa agus mhodúl ar fáil trí mheán na Breatnaise, áfach. Is léir go bhfuil creatlach náisiúnta eagraithe i bhfeidhm. Tá sé an-soiléir cad iad na modúil agus cúrsaí is féidir a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Ní léir dúinn é sin in Éirinn, mar a dúirt Rachel Áine Ní Mharascáil. Cheap sí go mbeadh tuilleadh den chúrsa trí Ghaeilge sula ndearna sí an cinneadh freastal ar Ollscoil na Gaillimhe, ach ní raibh. Níl a fhios ag éinne agus níl sé soiléir. Ní bhíonn an t-eolas seo foilsithe in áit ar bith. Sin an fáth a bhfuil géarghá le comhtháthú, comhoibriú agus comhordú idir na hollscoileanna go léir chun na cúrsaí seo a chur ar fáil.
Bhí mé ag caint le léachtóir staire i gColáiste na Tríonóide an lá cheana a bhfuil Gaeilge aige. Ba bhreá leis modúil agus cúrsa staire trí Ghaeilge a chur ar fáil, ach is é an t-aon duine sa roinn a bhfuil Gaeilge aige. Dá mbeadh creatlach náisiúnta ann, bheadh sé in ann cabhair a fháil ó léachtóir in ollscoileanna eile a bhfuil Gaeilge acu le cabhrú leis aistí a léamh agus rudaí a phrofáil agus mar sin. Molaim go mór don Teachta freastal ar an suíomh gréasán sin, Coleg Cymraeg Cenedlaethol nó National Welsh College. Is féidir gach eolas faoi na cúrsaí a fháil ann.
Maidir leis na hoifigigh Ghaeilge in ollscoileanna, fiú sna hollscoileanna a bhfuil oifig Ghaeilge acu, de ghnáth ní bhíonn ach duine amháin ag obair san oifig sin. I gColáiste na Tríonóide anuraidh, fostaíodh an dara duine san oifig sin i ndiaidh na hagóide móire a d’eagraigh na mic léinn. Arís, bhí an dualgas ar na mic léinn é seo a dhéanamh. Fostaíodh an dara duine tar éis do na mic léinn bratach a chur ar an campanile ag rá “Cá bhfuil an Ghaeilge?”. Ghlac an coláiste an cinneadh duine sa bhreis a fhostú in oifig na Gaeilge toisc go bhfuil an t-aon oifigeach atá inti báite in obair. Is coláiste ollmhór é Coláiste na Tríonóide. Tá sé mar a gcéanna in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; níl ach duine amháin ag obair in oifig na Gaeilge. Ní haon iontas nach bhfuil na hollscoileanna ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin reachtaíocht teanga mar ní bhíonn ach duine amháin ann lena chinntiú. Tá ceathrar ag obair in oifig na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Tá sé sin iontach. Ba cheart go mbeadh ceathrar in gach oifig Ghaeilge in gach ollscoil. Bímis soiléir chomh maith: ní bhíonn na hoifigigh Ghaeilge seo ag obair ar chúrsaí acadúla toisc nach mbíonn an t-am acu mar ní mór dóibh díriú go hiomlán ar na bunriachtanais sa reachtaíocht a chomhlíonadh. Ní bhíonn an t-am acu le plé le cúrsaí reachtaíochta.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is oifigigh cumarsáide iad.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
A bheag nó a mhór. Is meascán d’oifigigh cumarsáide agus oifigigh comhlíonta reachtaíochta iad. Cinntíonn siad go mbíonn na comharthaí ar fad dátheangach, cé nach mbíonn go minic, chomh maith le rudaí eile mar sin.
Mar a dúirt an Teachta, is oifigigh cumarsáide iad. Is minic a dhéanann oifigigh Ghaeilge a lán aistriúchán agus mar sin. Ní féidir le duine amháin gach uile rud faoin spéir a dhéanamh in ollscoil ollmhór chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Maidir leis an eachtra a tharla dom, is minic a tharlaíonn sé seo do dhaoine a dhéanann iarracht an saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge agus seirbhís a iarraidh trí mheán na Gaeilge. Bíonn daoine drochbhéasach agus caitear leat amhail is go bhfuil tú ag caint as teanga eachtrannach. Is féidir gearán a dhéanamh le hoifig na Gaeilge sa choláiste ach ní dhéanann sé sin mórán. Sheol cara liom ríomhphost chuig ollscoil ag fiosrú faoi chúrsa innealtóireachta i nGaeilge. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, bhí sé de cheart aige comhfhreagras scríofa i nGaeilge a fháil ar ais ach dúradh leis “please send this email in English.” Úsáidtear leithscéal an t-aineolais i gcónaí. Ní bhíonn a fhios ag baill foirne sna comhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht sin fiú. Baintear leas arís is arís eile as an leithscéal sin. Ag pointe éigin, ní cheart go mbeadh an leithscéal sin acu. Tosaíonn sé sin le hoiliúint a chur ar fáil ó na hoifigigh Ghaeilge do bhaill foirne i gcomhlachtaí poiblí agus in ollscoileanna ach arís, níl na hacmhainní ag na hoifigigh chun é sin a dhéanamh.
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna. Tá sonraí sa bhreis agam maidir leis na ceisteanna a bhí aige. Chuir sé ceist ar dtús faoi na sonraí nó an t-eolas atá ar fáil faoi na cúrsaí in Éirinn ar féidir cuid acu a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a luaigh Pádraig Mac Brádaigh, an t-easnamh is mó atá ann ná nach bhfuil aon saghas bunachar sonraí náisiúnta ann gur féidir an t-eolas sin a tharraingt as. Déanann COGG eolas mar sin a sholáthar. Cuireann sé leabhrán ar fáil do na daltaí meánscoile. Déanann Conradh na Gaeilge obair cosúil leis sin chomh maith agus ionadaithe ag dul isteach chuig na scoileanna dara leibhéal le labhairt leis na daltaí maidir leis na roghanna atá ar fáil dóibh. Is daoine aonair ar an bhfoireann óige istigh sa chonradh, mar shampla, a dhéanann an obair taighde sin ag iarraidh an t-eolas a tharraingt amach as na prospectuses éagsúla atá ag na hollscoileanna éagsúla. Níl aon áit lárnach ina bhfuil an t-eolas sin ar fáil.
Arís, ag filleadh ar an gceardlann sin in Ollscoil na Gaillimhe agus an taithí a bhí ag na daoine a bhí ann, ní raibh a fhios ag na daoine atá ag obair san ollscoil cad iad na rudaí a bhí ar fáil sna rannóga eile toisc go bhfuil an-chuid ag tarlú ar bhonn ad hoc murar chuid den chéim oifigiúil é. Rinne an scéim phiolótach in Ollscoil na Gaillimhe earcaíocht ar dhaoine a bhí i scoileanna na matamaitice, na teicneolaíochta agus na heolaíochta a bhí sásta agus ábalta cuid den obair sin a dhéanamh. De réir an-chuid acu - tá sé seo ag dul siar na blianta chomh maith - is é an soláthar a bhíodh ann san ollscoil ná go mbeadh ar dhaoine dúbailt a dhéanamh ar a gcuid oibre. Bheadh glaochanna á dhéanamh acu i mBéarla agus arís i nGaeilge do na daoine a bhí ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is obair sa bhreis a bhí á tharraingt ag na daoine seo orthu féin.
Maidir leis an líon dalta i gColeg Cymraeg Cenedlaethol, tuigim - arís, is féidir liom freagra cruinn a chur ar aghaidh - go bhfuil 5,000 mac léinn sa bhreis anois ag fáil ar a laghad cuid dá sholáthar tríú leibhéal trí mheán na Breatnaise ó bunaíodh an ghníomhaireacht in 2011. An príomh-mheicníocht nó an príomh-shlí ina mbíonn an choláiste ag feidhmiú nó go gcuireann sé deontas ábhar ar fáil de na hollscoileanna éagsúla, ach bíonn coinníoll ag baint leis sin. Is gá go mbíonn céatadán ar leith den chéim ar fáil trí mheán na Breatnaise, caithfidh céatadán ar leith de na baill foirne a bheith in ann an cúrsa a mhúineadh agus caithfidh líon áirithe de na mic léinn a bheith ag freastal ar an gcúrsa chomh maith. Mar sin, bíonn an maoiniú ceangailte leis na céatadáin sin. Bíonn critéir le comhlíonadh ag na hollscoileanna chun an maoiniú sin a fháil.
Ba mhaith liom rud ei;e an-spéisiúil agus ceannródaíoch atá á dhéanamh i gColeg Cymraeg Cenedlaethol a lua. Tá said ag díriú an-chuid ar mic léinn PhD mar gheall go dtuigeann siad go bhfuil gach seans ann gurb iad na mic léinn sin a bheidh ag filleadh ar an ollscoil agus a bheidh in ann na cúrsaí seo a mhúineadh sa todhchaí. Ag an leibhéal PhD, tá thart ar deich scoláireacht thar raonta éagsúla á maoiniú gach bliain. Ó bunaíodh an ghníomhaireacht, tá 100 mac léinn dochtúireachta tar éis a dtráchtas a dhéanamh trí mheán na Breatnaise agus 51 eile acu sa chóras faoi láthair. Mar sin, tá sé ag cur oiliúint ar an gcéad ghlúin eile de na daoine a bheidh ag obair sna hollscoileanna, má thugann sé sin soiléireacht ar chuid de na ceisteanna.
Mr. Julian de Spáinn:
Ba mhaith liom pointe an-bheag a dhéanamh. D'iarr an Teachta cé mhéad mac léinn atá ag déanamh staidéar trí mheán na Gaeilge a bheadh fágtha dá mbeadh daoine atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge, srl., tógtha as an bhfigiúr. Ní bheadh mórán. Má bhaintear daoine atá faoi oiliúint le bheith mar mhúinteoirí nó atá ag déanamh Gaeilge mar chuid den chéim as an áireamh, ní fhágadh sé mórán ina dhiaidh sin. Is iad na daltaí sin an chuid is mó den 0.68%. Tá cúpla cúrsa fánach eile ar nós dlí le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is féidir iad a ainmniú ar dhá lámh. Bheadh gach ceann agat. Ní réimse é seo inar dhéanadh aon iarracht comhordú a dhéanamh air cheana. Is maith an rud é go bhfuil an comhchoiste ag labhairt faoi anois agus go dtiocfaidh tuairisc as. Dá bhféadfadh an tAire ardoideachais feidhmiú air seo cuirfeadh sé go mór le cá bhfuilimid ag dul sa todhchaí.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist amháin agam maidir leis an gcreatlach sa Bhreatain Bheag. Mar a luaigh Julian de Spáinn níos luaithe, níl sé ag tosú sa chóras réamhscoileanna sular leanann sé ar aghaidh. Baineann sé leis an tríú leibhéal amháin.
Mr. Julian de Spáinn:
Is dhá rud éagsúla iad, ach tá an Bhreatain Bheag tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil sé ag iarraidh an chomhchreat Eorpach a úsáid sa chóras trí chéile ionas go mbeidh a fhios ag daoine cén leibhéal Breatnais atá acu. Tá sé sin sa chóras tríú leibhéal anseo cheana féin. Tháinig na hinstitiúidí le chéile do na mic léinn Gaeilge agus tá siad ag feidhmiú ar chóras atá ailínithe leis an bhfráma Eorpach. Is dhá rud éagsúla iad tá ach tá an dá rud tábhachtach.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Leanfaimid ar aghaidh. Glaoim ar an Teachta Ó Muirí.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as ucht teacht isteach inniu. Tá ceist agam don Chathaoirleach agus don Chléireach. Cloisimid faoin mBreatain Bheag anseo go minic. Tá sé go hiontach cloisteáil faoi ach ba cheart dúinn nasc a chruthú le coiste mar seo sa Bhreatain Bheag má tá sé ann, nó leis an Rialtas ansin. Ba cheart go mbeimid ag lorg eolais agus taithí agus an nasc sin á gcruthú againn. Is rud medium-term nó long-term é sin ach is fiú é a dhéanamh. Fágfaidh mé sin leo.
Déanaim comhghairdeas leis an gconradh ó thaobh an mórshiúl de. Bhí mé ann ar feadh leathuair a chloig ach bhí rud éigin eile ar siúl agam. Bhí slua breá mhór - slua ollmhór - ann. Tá sé an-tábhachtach aird a tharraingt ar an gceist go rialta. Oibríonn sé sin agus mar sin déanaim comhghairdeas leis an gconradh arís.
Ó thaobh an taithí atá ag ár bhfinnéithe ar an díolúine, an gceapann siad go bhfuil fadhb ansin? Ceapaim féin go bhfuil. Tá na finnéithe ag obair sna córais difriúla. An bhfuil fadhb ansin agus má tá, céard is é an réiteach? Is there a problem with exemptions in the second level system and if there is, what is the right solution to resolve that?
Ó thaobh an dá chóras - an TEG, nó an teastas Gaeilge, agus an CEFR – ceapaim go mbeadh roinnt buntáistí i gceist dá mbeadh an cúrsa CEFR i bhfeidhm. Ar an gcéad dul síos, tabharfadh córas standardised den chineál sin stádas idirnáisiúnta don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, bheadh suim ag líon níos mó daoine sa cheist seo, go háirithe daoine ó thíortha eile, mar thuigfeadh siad an córas agus thuigfeadh siad go mbeadh bealaí acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus dul tríd céimeanna soiléire mar a dhéanfadh siad le haon teanga Eorpach eile. An bhfuil tuairimí ag ár bhfinnéithe faoin chóras sin? Ar cheart go mbeadh muid ag dul sa treo sin ó thaobh oiliúint de? Nílim ag caint faoin dream atá sa chóras oideachais cheana féin ach faoi dhaoine go bhféadfaimis greim a fháil orthu agus a oiliúint ionas go mbeidís in ann Gaeilge cumarsáideach a fhoghlaim tríd an gcóras sin.
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as a bheith linn Dé Sathairn. Bhíomar an-sásta leis an agóid.
Tá sé imithe trasna go dtí na polaiteoirí arís ó thaobh an cháinaisnéis atá le teacht.
I gcomhthéacs cúrsaí oideachais agus an CEFR, is ionann an TEG agus an CEFR in Éirinn sa bhealach is go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad i gceannas ar an gcóras CEFR a chur in oiriúint d’foghlaimeoirí fásta, sa chuid is mó. Is í Aoife Ní Ghloinn atá i gceannas ar an aonad san ollscoil sin. Is féidir é a chur in oiriúint do na scoileanna; ní chóir go mbeadh aon fhadhb ansin. Rinne sí obair le déanaí don NCCA maidir leis an ardteist. Is ionann an dá rud. Tá an ceart ag an Teachta: tá rud éigin ansin faoi bhrandáil a chiallaíonn nach dtuigeann daoine an-chuid den am gur ionann an dá rud. Nuair nach dtuigeann daoine é sin, ní fheiceann siad an buntáiste breise a fhaigheann siad as an TEG a dhéanamh. Mar a tharlaíonn sé, táimid ag roinnt foirgneamh faoi láthair le scoil Béarla - creid nó ná creid - agus tá an CEFR le feiceáil ar na ballaí sna seomraí ranga atá ag an scoil sin. Tá na daoine atá ag foghlaim Béarla sa scoil sin ag foghlaim tríd an CEFR. Ar an gcaoi céanna, tá na daoine atá ag foghlaim Fraincise san Alliance Française ag foghlaim tríd an CEFR. Dá mbeadh a fhios ag níos mó daoine go bhfuil sé ann, agus gurb é an buntáiste atá leis an CEFR ná go mbíonn sé agat ar feadh do shaol, chabhródh sé go mór le cúrsaí.
Tá fadhb an-mhór againn leis na díolúintí agus tá an fhadhb ag dul i méid. Níos mó ná aon rud eile, tá an fhadhb ann toisc go bhfuil muid ag déanamh neamhaird go bhfuil réiteach Éireannach againn ar an fhadhb. Ná gá dúinn breathnú ar céard a dhéanann siad i dtíortha eile ar fud an domhain. Ní fhéadfainn tír dhátheangach nó thrítheangach le córas díolúintí a ainmniú. Ní dhéantar é sa Bhreatain Bheag mar shampla, má táimid ag labhairt faoin dtír sin. Bíonn ar gach duine Breatnais a fhoghlaim. Ní gá do gach duine scrúdú a dhéanamh ag an deireadh ach is gá dóibh an teanga a fhoghlaim. Nuair a tháinig daoine isteach sa Bhreatain Bheag ón Úcráin, d'fhoghlaim siad Breatnais. Ní raibh córas ann chun eisceacht nó díolúine a thabhairt do na daoine a bhí ag teacht isteach. Tá muintir na Breataine Bige ag iarraidh an ceart céanna a thabhairt do gach éinne ionas go mbeadh an deis foghlama seo acu. An rud atá ag teastáil chun líon na ndíolúintí a laghdú ná go mbeadh córas den chineál sin i bhfeidhm anseo ó thús go deireadh. Ba cheart go mbeadh dréimire i gceist, bunaithe ar an CEFR, agus go mbeidh sé in ann freastal ar chumas an dalta.
Mar a dúirt Ashling Kate Wall níos luaithe, más rud é go bhfuil fadhb ag dalta a chiallaíonn go bhfuil deacracht aige nó aici leis an teanga scríofa, ba cheart go mbeadh an dalta sin in ann scrúdú béil a dhéanamh don ardteist. Cén fáth nach mbeidís in ann a leithéid a dhéanamh? Sa chás sin, bheidís mar chuid den rang Gaeilge in ionad a bheith díbeartha amach as an rang sin. Níl figiúr agam air seo toisc nach gcoinnítear taifead air, ach tá an-chuid daoine tar éis bheith i dteagmháil liom le rá go mbíonn, i mórán meánscoileanna, an tréimhse tacaíochta ar siúl ag an am céanna leis na ranganna Gaeilge. Má tá tacaíocht foghlama ag teastáil ó dhalta, níl sé de rogha aige nó aici an Ghaeilge a dhéanamh mar nach féidir an dá rud a dhéanamh ag an am céanna.
Mar a luaigh mé níos luaithe, an grúpa mór eile a bhfuil díolúintí acu na iad siúd a tháinig isteach sa chóras déanach. Tá ár gcóras ag rá go bhfuil sé ró-dhéanach dóibh agus, in ionad a bheith ag ceistiú conas gur féidir freastal orthu, ag rá nach bhfuil sé chun freastal orthu. Dá mbeadh siad in ann tosú ar an leibhéal A1, an chéad leibhéal sa chóras CEFR, agus dá mbeadh na pointí ardteiste agus CAO bunaithe air sin, bheadh aitheantas ann nach bhfuil siad sa chóras ach ar feadh dhá bhliain. Má tá siad ar leibhéal A1 ag an deireadh agus má bhaineann siad an scrúdú amach, gheobhaidh siad na pointí bunaithe air sin ar nós duine a bhí sa chóras ar feadh 14 bliain. Tá solúbthacht ag teastáil ach níl sé sa chóras reatha. Dá mbeadh sé sin ann, bheadh an gá leis na díolúintí laghdaithe. Bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó SEALBHÚ ag caint faoi seo. Dá mbeimid ag freastal i gceart ar na daoine atá sa chóras, bheadh díolúintí fós ann ach bheidís laghdaithe go dtí an 2% nó 3% den phobal a bhfuil sé de dhíth orthu
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Tá pointe an-ghonta agam. Má tá spéis ag an gcoiste san ábhar seo, tá clár faisnéise ar na díolúintí le craoladh ar TG4 oíche amárach. Beidh clár an oíche amárach, mar chuid den sraith "Iniúchadh" le Kevin Magee, ag díriú ar cheist na ndíolúintí agus beidh an tOllamh Ó Duibhir lárnach sa chlár. Seans go mbeidh spéis ag na daoine atá i láthair féachaint air sin.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a bheith anseo inniu. Ar an gcéad dul síos, tháinig Julian de Spáinn go dtí cúrsa Spleodar in 2005. Ní dóigh liom gur cuimhin leis mé. Bhí mé i measc 200 dalta ar an gcúrsa sin agus is cuimhin liom é fós agus is léir go ndearna sé rud éigin dearfach mar tá mé fós anseo ag labhairt i nGaeilge agus ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Gabhaim buíochas leis as an obair ar fad a rinne sé.
Ina theannta sin, tá sé suimiúil gur luaigh sé go mbíonn ranganna tacaíochta ar siúl sna meánscoileanna ag an am céanna is a bhíonn ranganna Gaeilge ar siúl. Is iarmhúinteoir Gaeilge mé. Bhí mé ag múineadh Gaeilge go dtí mí Éanáir nuair a thoghadh mé don Seanad. Chaith mé deich mbliana ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh. An cineál joke a deirim i gcónaí ná gur chaith mé deich mbliana mar mhúinteoir Gaeilge nár mhúin an Ghaeilge riamh i gceart. Ní raibh an cumhacht ionam an Ghaeilge a mhúineadh, agus an cur chuige gur mhaith liom a bheith agam a bheith agam sa seomra ranga mar gheall ar cúpla rud: na pointí atá na daltaí ag lorg san ardteist, mar aon leis an gcuraclam go ginearálta. Caithfidh tú cloí leis an gcuraclam mar mhúinteoir tosc go bhfuil tú freagrach don phríomhoide agus do na tuismitheoirí. Tá géarghá le hathrú ansin. Taobh amuigh den chruinniú seo, an féidir le Julian de Spáinn labhairt liom faoi na scoileanna atá páirteach sa chleachtas sin? Tá mé ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Aontaím go huile is go hiomlán le Julian de Spáinn go bhfuil sé náireach go bhfuil sé sin á dhéanamh ag scoileanna.
Bhuail mé le Róisín Ní Chinnéide agus Pádraig Mac Brádaigh den chéad uair i gColáiste na Tríonóide an lá ar thoghadh mé. Bhain mé an-taitneamh as an gcomhrá a bhí againn sa choláiste. Bhí an Teachta Ó Snodaigh ansin chomh maith. Bhí sé go maith. Roinn Róisín Ní Chinnéide na figiúirí a léiríonn go bhfuil 8% de dhaltaí ag an mbunleibhéal i nGaelscoileanna, 3.8% in iarbhunscoileanna Gaeilge agus 0.6% ag déanamh staidéar ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal. Tá sé sin náireach agus caithfimid dul i ngleic leis mar shochaí.
Tá go leor fáthanna go bhfuilimid tar éis teacht go dtí an pointe seo, leis na figiúirí chomh híseal. Tosaíonn sé sa bhunscoil le daltaí a bhíonn drochthaithí acu. Leanann sé ar aghaidh sa mheánscoil. Rinne mise damáiste do ghrá daltaí don Ghaeilge mar gheall ar an gcóras a bhí orm cloí leis. Ní aontaím leis. Bhí orm mo phost a dhéanamh, cé go raibh mé ag déanamh gach iarracht taitneamh a thabhairt do dhaltaí Gaeilge a labhairt sa seomra ranga. Chuir mé béim ar an teanga labhartha ach mar a dúirt Ashling Kate Wall, who hit the nail on the head when she gave her presentation, there is such an obsession in the NCCA with prose, poetry and essays that the vast majority of students who really like the Irish language, and would love to be able to speak Irish in the classroom, hate the subject at school. Some 20% of the new draft is for essays, and another 20% is for prose and poetry. That 40% of learning now outweighs the 35% it has been reduced to for the Irish oral exam. Some 40% of marks is awarded for prose, poetry and essays that the vast majority of students learn by heart because they do not have the language skills to tackle or analyse the poetry, the prose or the topic that is given for the essay. They learn five, ten or 15 essays off by heart and hope to God that the essay they have learned off has some relevance to the topic they are given for their Irish leaving certificate essay. I agree completely with Ashling Kate Wall that it is a joke and a disgrace. She has hit the nail on the head as a fifth-year student who is suffering through the process. I had to make kids suffer through the process in the classroom and I could not agree with her more.
Caithfimid ar fad mar fhoireann dul i ngleic leis an NCCA. Chuir mé físeán ar mo leathanaigh meáin shóisialta ceithre bliana ó shin ag iarraidh ar an NCCA athrú a dhéanamh ar an 40% a bhí ag dul don scrúdú béil, a d'athraigh siad síos go dtí 35%. Bhí an teachtaireacht a chuir sé sin amach náireach. Bhí sé ag rá leis an sochaí gur cuma faoin teanga labhartha agus gan béim a chur ar an teanga labhartha sa seomra ranga. Bhí sé ag iarraidh rudaí a athrú ionas go mbeadh níos mó cumhachta ag an bprós, ag an bhfilíocht agus ag na haistí. Bhí sé sin náireach. Beagnach ceithre bliana níos déanaí, i mí na Samhna 2025, beidh an dréacht sin fós ar an suíomh gréasáin atá aige, le 35% de na marcanna don scrúdú béil san ardteist. Táimid ar fad ag an bpointe seo mar gheall ar an gcóras a thosaíonn sa bhunscoil. Ní raibh focal Gaeilge ag mo thuismitheoirí nuair a bhí mé óg. Tugadh grá don Ghaeilge dom sa bhunscoil mar gheall go raibh múinteoirí den chéad scoth agam. Bhí an t-ádh liom go raibh na múinteoirí sin agam.
Ansin, chuaigh mé isteach sa mheánscoil agus bhí gráin agam ar an nGaeilge go dtí go ndeachaigh mé go Spleodar. Thug Julian de Spáinn cuairt orainn. Tháinig an grá don Ghaeilge ar ais ionam mar gheall ar Spleodar, ní mar gheall ar an gcóras oideachais. D'fhoghlaim mé níos mó Gaeilge taobh istigh de thrí seachtaine i Spleodar ná mar a d'fhoghlaim mé i sé bliana sa mheánscoil. Tá sé sin go huile agus go hiomlán cruinn. Tá frustrachas orm mar gheall ar an gcóras oideachais. Táim anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun troid don Ghaeilge sa chóras oideachais. Tá an locht ar an gcóras seachas ar na daoine atá ag déanamh a ndíchill ar an tríú leibhéal gan Ghaeilge. An dtuigeann na finnéithe mé?
Luaigh Pádraig Mac Brádaigh an taobh acadúil. Bogfaimid ar aghaidh go printíseachtaí ar feadh soicind. An mbíonn an t-aontas ag plé leis na boird oideachais agus oiliúna ag an tríú leibhéal maidir le printíseachtaí? Cuirim an cheist seo toisc go raibh mé i mo chomhairleoir contae ar feadh sé bliana agus tá aidhm againn go mbeidh an Ghaeilge ag 20% de na daoine nua a bheidh ag teacht isteach san earnáil phoiblí. Níl focal Gaeilge ag aon oibrí a oibríonn ar na bóithre nó a ghearrann an claí ar thaobh na mbóithre. An mbíonn an t-aontas ag plé le cúrsaí printíseachtaí sna boird oideachais agus oiliúna lena bheith cinnte go mbeidh ardú sa chéatadán atá ag teacht amach ó na háiteanna sin agus na printíseachtaí.
Níl mé ag iarraidh piocadh ar Phádraig Mac Brádaigh ach tá an cheist sin níos dírithe ar a ról freisin. An mbíonn an t-aontas ag plé leis na hinstitiúidí teicneolaíochta agus spásanna san earnáil luathoideachais? Mar iarmhúinteoir, tá a fhios go raibh níos lú Gaeilge ag na cúntóirí riachtanais speisialta i mo sheomra ranga ná na daltaí a bhí faoina gcúram. Táimid ag iarraidh é seo a ardú freisin. An mbíonn an t-aontas ag plé leis sin? Is é sin mo dhara ceist ar Phádraig Mac Brádaigh.
Tá Julian de Spáinn ag imeacht. Cuirfidh mé ceist ar Róisín Ní Chinnéide. Maidir le córas maoinithe Chonradh na Gaeilge, faigheann sé airgead ó Fhoras na Gaeilge. Faigheann an foras sin an t-airgead ón Rialtas agus tugann sé é don chonradh. Cén ról oifigiúil atá ag an gconradh maidir leis an nGaeilge? Céard a dhéanann sé leis an airgead? Tá tuiscint air sin de dhíth orm. Cé mhéad maoinithe a fhaigheann sé? Ina theannta sin, má tá na figiúirí sin ag Róisín Ní Chinnéide, mar chéatadán, cén t-ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge atá feicthe ag an gconradh le cúig bliana anuas de bharr na hoibre atá á déanamh aige?
Chuir an Teachta Ó Muirí ceist maidir le díolúintí. Tá fadhb le díolúintí sa tír seo. There is a problem in this country with the exemptions that are being given out. That goes back to my first point, which was on the support classes in secondary school where children are taken out of an Irish-language classroom to be put into a support class, which prevents them from ever having a chance of learning the Irish language. That is complete disgrace and I cannot believe it is happening. I know Mr. de Spáinn is going to follow up with me on that. Tá fadhb agam le díolúintí. Aontaím le chuile dhuine sa seomra. Is iad sin na ceisteanna atá agam. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an am.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an t-uafás. Ní raibh Julian de Spáinn in ann fanacht. Is dócha nach raibh sé in ann cur suas leis na moltaí a bhí á bhfáil aige. Tá neart ráiteas agus ceisteanna ansin. Tosóidh muid le Pádraig Mac Brádaigh.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as na ceisteanna agus as teacht go Coláiste na Tríonóide an lá sin chun caint. Maidir leis na printíseachtaí, is smaoineamh an-mhaith é sin. Bíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag obair lenár gcuid balleagraíochtaí. Is dóigh liom go bhfuil gach ollscoil teicneolaíochta sa tír ina mballeagraíocht linn. I mbliana, táim ag dul i bhfeidhm ar na hoifigigh oideachais sna haontais chun labhairt lena n-ollscoileanna féin maidir leis sin. Tá múnla iontach i bhfeidhm i mBéal Feirste maidir le printíseachtaí trí GhaelChúrsaí ina bhfaigheann mic léinn oiliúint trí Ghaeilge le haghaidh gruagaireachta, siúinéireachta agus rudaí mar sin. Ba bhreá linn múnla mar sin a chur i bhfeidhm ó Dheas fosta. Ba mhaith linn go mbeadh sé sin ceangailte le creatlach náisiúnta Gaelollscolaíochta toisc go mbaineann sé leis na hollscoileanna teicneolaíochta. Faoi láthair, úsáideann an Roinn ardoideachais agus an tÚdarás um Ardoideachas leithscéal an neamhspleáchais atá ag na hollscoileanna go léir chun a rá nach féidir leo aon rud a dhéanamh ná creatlach náisiúnta a chur ar bun. Má táimid dáiríre faoi seo, caithfidh na hollscoileanna teicneolaíochta agus na hollscoileanna nach ollscoileanna teicneolaíochta iad a bheith ag obair le chéile chun printíseachtaí agus cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Baineann sé sin leis an gcreatlach.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist agam maidir leis na boird oideachais agus oiliúna. Uaireanta, déanann daoine printíseachtaí go hiomlán trí na ETBs nó na boird oideachais gan dul go hinstitiúid teicneolaíochta. An mbíonn an t-aontas ag plé leo siúd? An dtugtar cuireadh dóibh a bheith mar bhaill den aontas?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir é sin a athrú?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím. Tá an-obair á déanamh ag an aontas ach tá seans iontach againn béim agus beagáinín brú a chur ar na boird oideachais agus oiliúna. Bhí mé mar bhall de GRETB i nGaillimh agus i Ros Comáin. Bhí an-obair á déanamh ag daoine áirithe scaipthe fud fad an eagrais sin sa dá chontae ach ní raibh aon stádas oifigiúil ag an nGaeilge a chonaic mise. Tuigim nach bhfuil an dualgas ar an aontas agus níor cheart go mbeidh. Is smaoineamh iontach é an brú sin a scaipeadh thar earnálacha difriúla.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba chúntóirí riachtanais speisialta sna hinstitiúidí a bhí i gceist.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ba mhaith liom rud beag bídeach a rá faoi sin chomh maith toisc go bhfuil mic léinn atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí oideachais an-tábhachtach chun an Ghaeilge a thabhairt do pháistí. Is léir nach bhfaigheann na mic léinn múinteoireachta go leor uaireanta teagaisc chun go mbeidís in ann a bheith inniúil sa Ghaeilge iad féin. Is cinnte go bhfuil neart múinteoirí Gaeilge iontacha a bhfuil scoth na Gaeilge acu ar fud na tíre ach, le tagairt a dhéanamh do mo chuid taithí féin ar an ollscoil, d'fhreastail mé ar chúrsa Gaeltachta le mic léinn ó Choláiste Mhuire gan Smál a bheadh mar mhúinteoirí bunscoile agus ní raibh siad in ann abairt a chur le chéile. Ní haon áibhéil é sin. Ba iad na daoine a bheadh ag múineadh na Gaeilge do na mílte páiste ar fud na tíre. Arís, ní fhaigheann na mic léinn múinteoireachta go leor uaireanta teagaisc sa teanga féin. Bhí mé ag iarraidh an pointe seo a dhéanamh.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím. Tá an fhadhb níos luaithe sa chóras, sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Ní fhaigheann na múinteoirí ná na hábhair oidí an t-oideachas sa scoil agus níl an Ghaeilge acu sa tríú leibhéal. Níl an t-am acu an Ghaeilge a leanúint agus na cáilíochtaí a bhaint amach. Maidir leis an luathoideachas agus daoine ag déanamh cúrsaí leithéidí an chúrsa ECCE sa choláiste i mBaile Átha Luain, níl 1% de na daoine a thagann amach as na cúrsaí sin ag déanamh Gaeilge mar mhodúl. Ansin, suíonn siad in aice le dalta i seomra ranga Gaeilge gan focal Gaeilge beagnach an t-am ar fad. Tá brú agus béim ag teastáil ansin. Níl an dualgas ar an aontas ach tá athrú ag teastáil sa chomhrá sa tsochaí go ginearálta.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Róisín Ní Chinnéide ag iarraidh teacht isteach.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní thuigim an córas. Faigheann Conradh na Gaeilge airgead ó Fhoras na Gaeilge.
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Faigheann. Is ceanneagraíocht sinn agus faigheann muid maoiniú ón fhoras. Chomh maith céanna, faigheann muid maoiniú eile de bharr go mbíonn an oiread sin scéimeanna agus ranna éagsúla laistigh den chonradh. Mar shampla, bíonn Julian de Spáinn, Cassie Ní Chatháin agus mé féin ag obair ar an bhfoireann cosaint teanga agus ionadaíochta. Tá an fhoireann sin ar fad maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá foireann Sheachtain na Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge, chomh maith le foireann peig.ie, an suíomh Idirlíne a fheidhmíonn mar phointe ilmheán. Tá cuid mhaith eile den fhoireann, cosúil le hÓrlaith Ní Thuathaigh atá suite sa nGailearaí, ag obair ar an bhfoireann óige. Tagann an maoiniú sin díreach ó Roinn na Gaeltachta tríd an scéim Gluaiseacht. De réir mar a d’fhorbair an eagraíocht thar na blianta, ní raibh a dhóthain airgid - agus níl go fóill - ag teacht ón fhoras le tabhairt faoin obair ar fad a bhí á déanamh. Is iarratas maoinithe a dhéanann muid díreach chuig an Roinn le tabhairt faoin obair óige a bhíonn ar siúl ag an eagraíocht, lena n-airítear gach rud a dhéanann muid ag an dara agus an tríú leibhéal. Tá an obair sin ar fad maoinithe tríd an scéim Gluaiseacht. Bíonn Baile Átha Cliath le Gaeilge á reáchtáil ag an gconradh agus tagann an maoiniú sin ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Céard faoi Gaillimh le Gaeilge?
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Níl aon bhaint againn le Gaillimh le Gaeilge.
Tá Raidió Rí-Rá againn. Tá gach seans go bhfuil cúpla rud eile fágtha ar lár de bharr go mbíonn an oiread sin tograí éagsúla idir lámha againn. Tagann cuid dár maoiniú ón fhoras ach tá sé teoranta do réimsí áirithe oibre – feachtas feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht. Ó cuireadh struchtúr na gceanneagraíochtaí ar bun thart ar dheich mbliain ó shín, níl aon mhéadú tagtha ar an maoiniú a fhaigheann muid ón fhoras. Mar a luaigh an Seanadóir é féin nuair a bhuail mé leis ar an lá a thoghadh é, ba é sin an lá céanna a d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ciorraithe ollmhóra le déanamh ar an mbuiséad. Tuigeann an Seanadóir an tsáinn.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim na fadhbanna agus tá mé ar thaobh na bhfinnéithe. Tá mé acu mar áis don Ghaeilge go huile is go hiomlán. Faigheann Conradh na Gaeilge an t-airgead. Luaigh Róisín Ní Chinnéide go mbíonn Órlaith Ní Thuathaigh ag plé le daoine óga sa bhunscoil.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil na dualgais atá ar Chonradh na Gaeilge an-leathan? An dtéann Conradh na Gaeilge isteach go bunscoileanna ag cur na Gaeilge chun cinn? An dtéann sé isteach sna meánscoileanna? Tuigim go bhfuil Conradh na Gaeilge gníomhach sa tríú leibhéal agus go bhfreastalaíonn sé ar na coláistí samhraidh, ar nós Spleodar. Tá an obair dhearfach a dhéanann Conradh na Gaeilge feicthe agam. Ní thuigim na dualgais oifigiúla ar fad, áfach. An bhfuil réimse leathan dualgas ar an eagraíocht atá dodhéanta a chomhlíonadh mar gheall ar na ciorraithe? Céard í an fhadhb is mó atá roimh an eagraíocht?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An í sin ceist dheireanach an Seanadóra?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh mé ar ais.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl gá le brón. Tá mé ag rá leis an Seanadóir, má tá tuilleadh ceisteanna aige, iad a chur ag an bpointe seo.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuir mé ceist faoin mhéadú i líon na gcainteoirí Gaeilge agus-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh muid ar ais leis na bhfreagraí, ach níl aon cheist eile ag an Seanadóir.
Ms Cassie Ní Chatháin:
Díreach le cur leis an mhéid a bhí Pádraig Mac Brádaigh ag rá, ní gá i gcónaí amharc ar an Bhreatain Bheag fá choinne samplaí dea-chleachtais. Tá GaelChúrsaí ag déanamh obair ar dóigh i mBéal Feirste. Tá sé ag cur traenáil ar fáil ar fud na tíre i gcúrsaí áilleachta, cócaireachta agus araile. Tá sé i ndiaidh an dara hionad a oscailt anois i mBéal Feirste. Thug an chomhchoiste seo cuairt air agus é i mBéal Feirste, nó b’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Tá sé ag déanamh obair ar dóigh agus áiseanna iontacha aige. Níl sé ach ag méadú. Is léiriú é sin ar gach is féidir a dhéanamh le cur leis an mhéid fháis a bhí Pádraig Mac Brádaigh, Róisín Ní Chinnéide agus Rachel Áine Ní Mharcascáil ag caint faoi níos luaithe.
Tógadh le Gaeilge mé sna Sé Chontae ach ní bhfuair mé mo chuid oideachais fhoirmeálta trí mheán na Gaeilge. Tháinig mé go Gaillimh toisc gur fógraíodh é mar ollscoil dhátheangach agus áit a raibh an oiread sin cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Rinne mé Gaeilge agus stair inti. I ndiaidh dom an cúrsa a thoiseacht, áfach, cuireadh in iúl dom nach raibh sé ar fáil, go raibh orm an t-ábhar ar fad a aistriú mé féin agus ansin go dtiocfadh liom m’aistí a chur isteach trí Ghaeilge. Dar ndóigh, toisc nach raibh oideachas foirmeálta agam trí mheán na Gaeilge roimhe sin, ní raibh sé de chumas agam é sin a dhéanamh. Is cur chuige ad hoc atá ann mar a léirítear sa tuairisc seo, a cuireadh ar fáil don choiste, agus mar a dúradh inniu. Níl sé sin maith go leor. Tá athraithe ag teacht, ach tá siad ag teacht ar bhonn dea-thola ó na léachtóirí agus na teagascóirí.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní thógfaidh mé i bhfad. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus an idirghabháil a bhíonn ar siúl acu linne mar Theachtaí Dála agus Sheanadóirí.
Ar an gcéad dul síos, ag labhairt faoi cheist na díolúine, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh na tuisceana sin ar ról an dátheangachais i leith riachtanais breise oideachais, níl muid fós san áit ar chóir dúinn a bheith faoi láthair. I gcás dalta a bhfuil riachtanais breise oideachais aige nó aici, tá an claonadh sin ann fós gurb í an chéad áit le titim ná ó thaobh na Gaeilge de agus, más gá le haon idirghabháil, go gcaithfear í sin a dhéanamh trí mheán an Bhéarla, rud a chuireann isteach go mór orm. Suím ar bhoird bainistíochta Gaelcholáiste agus Gaelscoile agus feicim go maith an cur chuige is féidir a dhéanamh maidir le hidirghabháil a dhéanamh as Gaeilge.
Rinne mé céim i Business, Economics and Social Studies, BESS, i gColáiste na Tríonóide. Is é ceann de na rudaí a bhí ar fáil mar mhodúl ná go raibh sé de chumas ar dhalta teastas dhá bhliana a dhéanamh sa bhFraincis nó sa Ghearmáinis. Chuir sé isteach go mór orm nach raibh a leithéid ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé gur scéim píolótach a bhí i gceist i gColáiste na Tríonóide, tá ról ag an Údarás um Ard-Oideachas spreagadh a thabhairt d’ollscoileanna chun a leithéid de mhodúl a chur ar fáil. Tá daoine ann nach bhfuil ag iarraidh staidéar acadúil a dhéanamh ar an nGaeilge ach atá ag iarraidh scileanna Ghaeilge feidhmiúla a bheith acu agus iad ag dul i gcleachtadh agus amach le gairm a thosú.
Ag éisteacht leis an méid atá ráite ag na finnéithe ar maidin – gabhaim leithscéal as a bheith déanach; bhí mé ag freastal ar an gcomhchoiste Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí ar siúl ag an am céanna – an rud a sheasann amach dom ar fad ná an easpa eolais sa gcuraclam náisiúnta, idir luathoideachas, bunoideachas, meánoideachas agus ardoideachas. Níl ábhair ann do Ghaeilge fheidhmiúil, is í sin, ábhair Ghaeilge nach bhfuil acadúil agus nach díríonn ar scéalta, filíocht agus prós, ach a thugann scileanna do dhaoine cumarsáid laethúil a dhéanamh sa teanga. Is í sin an bhearna is mó a fheicim sa gcuraclam. Beidh mé ag cur brú ar mo chomhghleacaithe sa Rialtas an grúpa saineolach sin a chur ar bun agus a chinntiú go mbreathnaíonn siad ar an gceist seo le hábhair do Ghaeilge fheidhmiúil a sholáthar.
Tá plé déanta ag an Seanadóir Curley ar chúrsaí breisoideachas. Is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh san áit seo. Cé go dtuigim an méid atá ráite ó thaobh chúrsaí ardoideachais, le Gaeilge a chothú mar theanga pobail, caithfidh muid díriú ar cheisteanna breisoideachais freisin, lena n-áirítear PLCs, na printíseachtaí, na scéimeanna VTOS, faoi mar atá ráite ag Seanadóir Curley, agus na hollscoileanna teicneolaíochta freisin le cinntiú go mbeidh printíseacht ar fáil as Gaeilge d’aon duine atá ag iarraidh a leithéid. Chinnteodh sé go mbeadh Gaeilge ag na leictreoirí agus pluiméirí a bhíonn ag obair sna Gaeltachtaí agus i pobail Ghaeilge agus go mbeadh siad ag cur leis an teanga mar theanga pobail. Cuirfidh mé an dúshlán ar gach aon eagraíocht atá ag déanamh abhcóideachta ar son na Gaeilge gan dearmad a dhéanamh ar an earnáil sin mar is earnáil thar a bheith tábhachtach í don teanga pobail sna Gaeltachtaí.
Aontaím go mór leis an méid atá ráite ag Pádraig Mac Brádaigh faoi ról na n-oifigeach Gaeilge. Is rud é seo atá feicthe agamsa ó thaobh na n-oifigeach Gaeilge in gach aon áisíneacht agus Roinn Stáit. Is oifigigh compliance iad; ní oifigigh spreagadh na Gaeilge iad. Is é an príomhchuspóir a bhíonn acu ná a chinntiú go mbíonn na haistriúcháin déanta i gceart - ní dhéantar iad i gceart i gcónaí ach oiread – agus go gcomhlíontar na dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Caithfidh muid féachaint ar chreatlach faoina ndéanann muid na daoine seo a earcú ionas go mbeimid ag teacht ar dhaoine a bhfuil paisean acu faoi labhairt na teanga. Nuair a fheicim cláir ar nós Gaeilge365 faoi lán-seoil sna húdaráis áitiúla, is é sin an meon go gcaithfidh muid cothú sna hollscoileanna agus na hinstitiúidí oideachais. Ní ábhar scoile í an Ghaeilge; is teanga pobail í agus caithfidh muid an meon sin a athrú.
Níl mé chun gníomhartha polaitíochta an Rialtais a chosaint mar tá laigí iontu. Glacaim leis sin. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar a bhfuil amach anseo, áfach. Tá rudaí ráite sa gclár Rialtais a bheidh mé ag brú ar mo chomhghleacaithe a chur i gcrích, go háirithe ról na n-oifigeach Gaeilge. Is é an rud a chuireann déistin orm agus a chuireann isteach go mór orm ná go smaoiníonn ardbhainisteoirí na n-áiteanna sin gur gníomh tick box é.
Tá oifigeach Gaeilge acu ach cén ról atá ag an oifigeach sin? Ba chóir go mbeadh an oifigeach sin ag cothú an teanga mar theanga pobail san áisíneacht sin.
Rith rud amháin liom agus mé ag éisteacht leis na cainteoirí go léir ar maidin. Is cosúil ón méid a dúirt an Teachta Moynihan go bhfuil jab Julian de Spáinn déanta. Tá mo mhac ag foghlaim conas snámh le cúpla bliain anuas. B’fhuath leis na ranganna snámh gach maidin Domhnaigh. Chuaigh sé ar saoire go Maigh Eo ar feadh coicíse agus bhí ranganna spraoi agus snámh ann, leis an béim ar an spraoi seachas ar an snámh. Tá sé anois ag baint taitneamh as na ranganna snámh gach Domhnach agus tá scil aige sa snámh. Caithfimid an meon ceannann céanna a chothú i dtaobh na Gaeilge. Céim chun cinn a bheadh ann dá mbeimid in ann Gaeilge fheidhmeach a chur ar bun mar ábhar, nó ábhar den chineál sin a chur ar bun, ach is gá an meon a athrú. Ní rud comhlíonta é Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ba chóir go spreagadh sé muid chun an hGaeilge a chothú mar theanga pobail.
Ms Rachel Áine Ní Mharascáil:
Faoi láthair tá dioplóma sa Ghaeilge ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé ar fáil níos saoire do na mic léinn lánaimseartha. Tá móréileamh ar an ndioplóma sin. Tagann gach éinne amach le leibhéal maith agus i bhfad níos mó féinmhuinín i dtaobh na Gaeilge. Is rud iontach é agus molaim go mór d'ollscoileanna eile a leithéid a chur ar fáil.
Ms Aoife Ní Bhriain:
Aontaím go mór leis an méid atá ráite ag an Teachta ó thaobh teanga bheo a bheith againn, teanga a úsáidimid go laethúil. Ó thaobh údarás an ardoideachais de, bhí mé ag plé leis na hoifigigh Ghaeilge ag tús na bliana toisc go bhfuil sprioc Gaeloideachas againn anseo. Dúradh liom nach bhféadfaidís cur isteach ar na hinstitiúidí toisc gur eagraíochtaí neamhspleácha iad. Aontaím go mór go bhfuil gá leis an spraoi sin agus gur cheart go mbeadh an teanga feidhmiúil, ach ceapaim freisin go bhfuil gá le níos mó reachtaíochta nó rialacháin a chur ar bun ionas go ndéanfaidh na hinstitiúidí an méid atá á lorg againn. Agus mé ag obair leis an nGaeloideachas, feicim leisce i ngach áit. Toisc nach bhfuil orthu é a dhéanamh, ní dhéanfaidh siad riamh é. Táimid ag dul timpeall is timpeall ag rá go bhfuil gá leis, agus go bhfuil suim ann, Is post bliana é mo phost féin, mar shampla. Tiocfaidh duine éigin i mo dhiaidh agus ligfidh siad orthu nár dhúirt mé an méid atá ráite agam. Labhair Pádraig Mac Brádaigh romham agus tuigim céard atá ráite aige, ach caitheadh liom amhail is gur fadhb nua í seo. Mura gcuirfear iallach ar na daoine na rudaí seo a dhéanamh, ní dhéanfar iad.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ag teacht leis an méid atá ráite ag Aoife Ní Bhriain, tá géarghá le reachtaíocht. Tá reachtaíocht ag teastáil. Ní féidir leis an t-athrú atá ag teastáil tarlúint gan reachtaíocht. Tá dualgais reachtúla ar an Údarás um Ard-Oideachas maidir le cur chun cinn na Gaeilge ach arís, cad is brí leis sin? Cad is brí leis? Cloistear an nath cainte "cur chun cinn na Gaeilge" i gcónaí. Nuair a deirtear go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn, cad is brí leis sin? Is minic a chiallaíonn an Ghaeilge a chur chun cinn an rud is lú a dhéanamh don teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is minic gurb ionann an bunrud agus cur chun cinn na Gaeilge. Ní gá bheith teoranta do na cúrsaí breisoideachais nó ardoideachais; is féidir dul i ngleic leo go léir le creatlach náisiúnta Gaelollscolaíochta mar atá sa Bhreatain Bheag.
Rinne mé dearmad rud beag bídeach a lua níos luaithe. Rinne mise cúrsa Gaeilge ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide. Cé gur bhain mé an-sult as, bhí sé dírithe ar an litríocht agus na gnéithe teicniúla den teanga. Ní raibh aon rud praiticiúil sa chúrsa sin. D'fhoghlaim mé gach rud atá ar eolas agam faoi shaol na Gaeilge agus faoin earnáil Ghaeilge sa lá atá inniu ann - na poist atá ar fáil, an phleanáil teanga agus na coincheapa sochtheangeolaíochta; agus is iad sin na coincheapa is tábhachtaí i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann - sa Chumann Gaelach. Níor fhoghlaimíomar faoi Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, ná faoi Fhoras na Gaeilge. Níor fhoghlaimíomar faoi shaol na Gaeilge reatha. Is dóigh liom gur fhadhb mhór í sna hollscoileanna go bhfuil an saol acadúil ró-dhírithe ar an litríocht agus mar sin. Cé go bhfuil tábhacht leis sin, níl na cúrsaí Gaeilge mar atá siad praiticiúil don lá atá inniu ann. Is minic a théann daoine isteach sna poist a bhaineann le pleanáil teanga agus le sochtheangaolaíocht gan oiliúint nó oideachas a bheith orthu faoi na rudaí sin. Is minic a thosaíonn daoine i ról pleanálaí teanga gan taithí ar bith acu ar an ábhar. Ba cheart go mbeadh coincheap na pleanála teanga Gaeilge lárnach i ngach cúrsa Gaeilge agus mar ábhar sna hollscoileanna.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní easaontaím le haon rud atá ráite. Luaigh Ashling Kate Wall ceist na ndíolúintí. Táimid mar choiste tar éis díriú isteach ar an gceist seo. Bhí an ceart aici nuair a dúirt sí:
Perhaps exemptions are handed out too easily. If a student has a learning disability with writing, instead of excluding them, I suggest a separate exam based on oral Irish to accommodate them.
Is ait nach bhfuil an tAire oideachais ag éisteacht léi nó le gach duine eile a thuigeann é sin.
Léigh Róisín Ní Chinnéide amach na sonraí faoi chúrsaí sna hinstitiúidí ardoideachais. Dúirt sí go bhfuil 0.68% de na mic léinn sna hollscoileanna ag déanamh cúrsaí le beagán Gaeilge nó go hiomlán trí Ghaeilge sna hollscoileanna. Is é sin an fáth gur roghnaigh muid an t-ábhar seo. Ní hiad na finnéithe amháin atáimid ag díriú orthu. Táimid tar éis cuireadh a thabhairt do uachtaráin agus príomhfheidhmeannaigh na gcoláistí ar fad teacht os ár gcomhair le míniú a thabhairt cén fáth go bhfuil sé chomh dona seo. Is féidir linn ar fad a rá go bhfuil an locht ar an Aire. Tá sé éasca locht a chur ar an Aire agus ar an Roinn oideachais ach tá an locht chomh maith ar na hinstitiúidí nach bhfuil ag déanamh an méid don Ghaeilge a bhí roinnt acu ag déanamh roimhe seo, agus nach bhfuil aon fhís acu. Tá 60 bunchéim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus measaim go bhfuil trí cinn le haon bhaint acu leis an nGaeilge. Tá 174 cúrsa in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus trí cinn le haon bhaint acu leis an nGaeilge, agus sin coláiste nua atá tarraingthe le chéile le blianta beaga anuas.
Bhí an Teachta Moynihan ag labhairt faoi Ghaeilge fheidhmeach. Tá sí feidhmeach má tá sí i lár an aonaigh nuair atá mic léinn ag déanamh staidéar ar innealtóireacht nó a leithéid. Cad gur féidir linn a dhéanamh anois? Cad is chóir dúinn impí ar an Aire, an Teachta McEntee, atá ag ísliú an méid Gaeilge atá á múineadh sna bunscoileanna? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú amach anseo go mbeidh an dualgas agus an cur chuige ceart ag na hinstitiúidí tríú leibhéal níos mó Gaeilge a chur ar fáil, ionas gur féidir leis an Stát an t-íosmhéid atá leagtha síos maidir le hearcaithe sa Státseirbhís nó sa chóras poiblí i dtaobh inniúlacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoi 2030? Níl ach ceithre bliain fágtha chun é sin a dhéanamh. Cad a shíleann na finnéithe gur féidir a dhéanamh go gasta chun cuidiú leis an Stát cloí leis an dlí a ritheadh anseo?
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Mar a mhol mé féin agus mar a bhí á rá ag Pádraig Mac Brádaigh chomh maith, is dócha go meántéarmach nó go fadtéarmach gur cheart dúinn ag an tríú leibhéal go sonrach a bheith ag féachaint i dtreo gníomhaireacht náisiúnta neamhspleách cosúil le Coleg Cymraeg Cenedlaethol a chur ar bun. Ní éireodh leis sin an sprioc 2030 a shlánú leis féin. An moladh atá á chur chun cinn againn le blianta - tá sé pléite againn leis an Teachta agus leis an gcoiste seo cheana; agus luaigh mé féin agus Julian de Spáinn níos luaithe é - ná polasaí comhtháite a cheanglaíonn an luathoideachas go dtí an tríú leibhéal agus é sin bunaithe ar an gcomhchreat Eorpach. Tá an choiste oideachais atá á gcomhordú ag an gconradh tar éis an múnla sin a chur faoi bhráid an Aire oideachais. Tuigeann an coiste cén amlíne a bheadh i gceist agus na céimeanna atá le tabhairt fúthu má tá na hathruithe seo le cur i bhfeidhm ionas gur féidir an spriocbhliain sin a bhaint amach.
Is é sin an moladh is práinní atá againn go gearrthréimhseach, ach is cinnte sa mheántéarma agus san fhadtéarma go mbeidh gá lena leithéid de Coleg Cymraeg Cenedlaethol a bhunú in Éirinn.
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Aontaím le gach rud a dúirt Róisín Ní Chinnéide ansin. Go fadtéarmach níl an dara rogha ann ach gníomhaireacht náisiúnta ollscolaíochta a chur ar bun. Má tá an Stát dáiríre faoin sprioc atá luaite a bhaint amach idir seo agus 2030, nó a bheith gar dó fiú, is dócha go bhfuil gá le modúil Ghaeilge éigeantacha a chur i bhfeidhm ar roinnt cúrsaí a phléann go díreach leis an earnáil phoiblí. Tá a fhios agam go mbíonn eagla an domhain ar gach éinne nuair a chloistear faoin Ghaeilge éigeantach, go háirithe i gcás Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte toisc go dtagann a lán mac léinn leighis agus altranais ó thíortha eile, ach is féidir liom a rá gur as tír eile domsa. Rugadh agus tógadh mé i Meiriceá, agus ní raibh Gaeilge ar bith agam. Ní dhearna mé an Ghaeilge ar scoil agus ní raibh Gaeilge ag mo theaghlach. Mhúin mé an Ghaeilge dom féin. Is féidir í a fhoghlaim; is féidir teangacha a fhoghlaim. De réir an méid atá foghlamtha agamsa mar oifigeach Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus in Aontas na Mac Léinn araon, tá suim ollmhór ag mic léinn idirnáisiúnta staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá suim ollmhór acu i gcultúr na hÉireann toisc go roghnaigh siad staidéar a dhéanamh in Éirinn. Nuair a chaitear le mic léinn idirnáisiúnta amhail is nach mbeadh suim acu sa Ghaeilge, is amhlaidh a chuirtear as an áireamh iad.
Ar ais go dtí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na comhlachtaí poiblí eile, idir seo agus 2030 tá géarghá le modúil éigeantacha de shaghas éigin a chur i bhfeidhm nó ní tharlóidh sé. Níl a fhios againn fiú cé mhéad ball foirne le Gaeilge atá i ngach comhlacht. Níl cliú dá laghad againn.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táimid ag críochnú ag leibhéal éadóchasach, ach is iad na finnéithe an dóchas i ndáiríre. Ní mór dom a rá go ndeachaigh na cuir i láthair inniu go mór i bhfeidhm orainn go léir. Bhí siad go hiontach. Déanaim comhghairdeas leis na finnéithe a thug ardú meanman dúinn. Bheadh sé an-éasca a bheith gan dóchas. Faraor géar, tá an chosúlacht ann nach mbeimid in ann na spriocanna ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Beimid mar pholaiteoirí ag cur brú damanta ar an Rialtas agus ag leanúint ar aghaidh. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, níl an plean gníomhaíochta foilsithe fós. Níl an Stát ag comhlíonadh na spriocanna dlíthiúla faoin Acht. Is cúis imní é sin.
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair inniu. Is cúis dóchais agus comhartha dóchais dúinne iad. Níl aon cheist fágtha agam. Bíonn neart ceisteanna agam i gcónaí, ach inniu tá na ceisteanna curtha. Tá gach rud ráite ag na finnéithe. Tá súil agam go gcoinneoidh siad a gcuid misneach. Leanfaimid ar aghaidh ag obair as lámha a chéile.
Gabhaim buíochas le Róisín Ní Chinnéide agus Cassie Ní Chatháin. Gabhaim buíochas le Ashling Kate Wall ó Chomhairle na nÓg, agus molaim í as iarracht a dhéanamh leis an nGaeilge. Tá súil agam go leanfaidh sí ar aghaidh leis an iarracht sin. Bhí sí thar cionn. Níl a fhios agam cén fáth ar stop sí ag caint Gaeilge, mar rinne sí é go breá. Gabhaim buíochas freisin le Rachel Áine Ní Mharascáil, Pádraig Mac Brádaigh agus Aoife Ní Bhriain.